Nuacht an Tuaiscirt: 7 Feabhra

Nuacht an Tuaiscirt: 7 Feabhra

Beidh an vótáil don olltoghchán ar siúl ar chúig hoileán i nDún na nGall inniu, is iad sin Árainn Mhór, Toraigh, Gabhla, Inis Bó Finne agus Inis Fraoich. Beidh dhá ionad in Árainn Mhór, Athphort agus Leadhb Gharbh, agus beidh deis ag daoine vóta a chaitheamh ón 10 a chlog ar maidin go dtí 7:30pm. In Inis Bo Finne agus i dToraigh beidh vótáil ar siúl ón 11am go dtí 3pm agus in Inis Fraoich beidh vótáil ó mheánlae go dtí 2pm.  Beidh vótáil ar Oileán Ghabhla ó 11am go dtí 3pm.

**************************************************************************

Léirigh An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte HIQA imní faoi roinnt gnéithe ag ionad do dhaoine le riachtanais speisialta i nDún na nGall. In ainneoin go raibh feabhas ar chúrsaí san ionad ó rinneadh cigireacht air i rith an tsamhraidh, léiríodh imní faoi eachtraí foréigneach i measc lucht cónaithe an ionaid i dTeach Ballytrim ar imeall Bhaile Leitir Ceanainn.  Léiríodh imní sa chéad iniúchadh a rinneadh sa tsamhradh faoi ionsaithe rialta i measc lucht cónaithe an ionaid agus in ainneoin go dtáinig laghdú ar an méid ionsaithe dúradh san iniúchadh seo go bhfuil imní go fóill faoi eachtraí foréigneach ó lucht cónaithe an ionaid i leith baill foirne.  Dúradh sa tuairisc ó HIQA nach bhfuil an t-ionad ag freastal mar ba chóir ar roinnt de na cónaitheoirí agus go bhfuil géarghá athruithe a chur i bhfeidhm le cinntiú nach mbíonn ionsaithe foréigneach ag tarlú go rialta ansin.

**************************************************************************

Dúirt Micheál Ó Frighil, Cathaoirleach Ghaeltacht Bheo Fhánada go bhfuil níos mo féidearthachtaí agus deiseanna sa pharóiste anois ó thaobh na Gaeilge de os rud é go bhfuil Oifigeach Pleanála Teanga ceaptha agus Plean Teanga á chur i bhfeidhm.  Dúirt sé go bhfuil dúshláin mhóra roimh an Choiste ach de réir a cheile go bhfuil cúrsaí ag bisiú.  Reáchtáladh Cruinniú Cinnbhliana Ghaeltacht Bheo Fhánada an tseachtain seo agus socraíodh nasc a chothú le coistí agus le grúpaí sa pharóiste le go mbeadh an Ghaeilge lárnach in imeachtaí a bhíonn a reáchtáil.

**************************************************************************

Tá comhlacht úr bunaithe i bhFanaid agus i nGleann Bharr dar teideal Comhar Fhánada agus Ghleann Bhairr.  Bunaíodh an Comhlacht le spriocanna forbartha do na ceantracha a chur chun cinn.  Tá ionadaíocht ag achan choiste sa cheantar ar an Chomhlacht agus beifear ag obair leis na coistí forbartha uilig le gníomhaíochta forbartha pobail a aontú agus a ullmhú.  Tá sé i gceist ag an Chomhlacht Oifigeach Forbartha a earcú le cuidiú le coistí forbartha an cheantair lena bpleananna agus a gclár oibre agus le tograí forbartha úra a aimsiú.

**************************************************************************

Tháinig méadú 4.5% ar chostais cíosa i nDún na nGall anuraidh, de réir na tuarascála is deireanaí ar chúrsaí cíosa do chuid Daft.ie.  Is é an méanchostas cíosa sa chontae faoi láthair ná €662, agus mhéadaigh costais chíosa 1.4% sa chontae sa ráithe dheireanach de 2019.  Ba €638 an meánchostas cíosa do theach trí sheomra leapa sa contae sa ráithe dheireanach de 2019, sin méadú 5.5% le bliain.  Bhí meánchostas de €698 sa mhí ar theach ceithre sheomra leapa, méadú 5.9% agus meánchostas de €793 sa mhí ar theach le cúig sheomra leapa, méadú de 3.8% le bliain.  Tá costais chíosa sa chontae 36% níos daoire anois ná mar a bhí le linn an chulú eacnamaíochta.

*************************************************************************

Tá 82 páiste ar liostaí feithimh do chúram leighis in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair.  De réir an eolais atá curtha ar fáil d'urlabhraí sláinte Shinn Féin, Louise O'Reilly, tá 82 duine óg faoi ocht mbliana déag d'aois ar liostaí feithimh mar othair chónaitheacha agus othair lae in Otharlann Leitir Ceanainn. Bhí 42 duine óg ar liosta feithimh le trí mhí, de réir an eolais is deireanaí atá ar fáil, ag deireadh mhí na Samhna. Tá triúr déag ar liostaí feithimh le idir sé mhí agus naoi mí, agus tá ceathrar ar liostaí feithimh san otharlann le idir cúig mhí dhéag agus ocht mí dhéag.  Go náisiúnta, bhí 7,084 páiste ar liostaí feithimh in otharlanna na tíre ag deireadh mhí na Samhna anuraidh.

**************************************************************************

Tá drochbhail fágtha ar phíosaí bealaí ag Ceann Mhálainne, áit a raibh oibreacha ar bun ag Uisce Éireann, a deir an Comhairleoir Contae Martin McDermott.  Dúirt sé ag cruinniú na seachtaine seo de Chomhairle Contae Dhún na nGall go gcaithfear iarraidh ar Uisce Éireann na bóithre a fhágáil sa riocht ina raibh siad, sula raibh obair ar bun acu sa cheantar.  Is ábhar náire an dóigh ar fágadh na bóithre agus píopaí úra leagtha sa cheantar, a dúirt an Comhairleoir McDermott.  Caithfidh an Chomhairle Contae tabhairt orthu an bealach a chóiriú chomh luath agus is féidir, a dúirt sé.

Beo

Scoth na Céadaoine

Scoth na Céadaoine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Pádraig Tyers;a fuair bás 10 mbliana a dtaca seo.

Pádraig Tyers;a fuair bás 10 mbliana a dtaca seo.

 
Colm Ó Nialláin,Tomás Ó hAiniféin,agus Páidí Pháid;comhfhoireann mionúir

Colm Ó Nialláin,Tomás Ó hAiniféin,agus Páidí Pháid;comhfhoireann mionúir

 
Páid Ó Gairbhí; An ceol

Páid Ó Gairbhí; An ceol

 
Diarmaid Ó Dálaigh; Tithe altranais

Diarmaid Ó Dálaigh; Tithe altranais

 
An Saol ó Dheas 19ú Feabhra 2020

An Saol ó Dheas 19ú Feabhra 2020

 
Gaeil na Gaillimhe, Cumann de chuid CLG.

Gaeil na Gaillimhe, Cumann de chuid CLG.

 
Jackie Mac Donncha & Máire Holmes, Filí.

Jackie Mac Donncha & Máire Holmes, Filí.

 
Micheál Ó hIarnáin, Tuairisceoir.

Micheál Ó hIarnáin, Tuairisceoir.

 
Lisa Nic an Bhreithimh, Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn.

Lisa Nic an Bhreithimh, Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn.

 
Iris Aniar: Dé Céadaoin 19 Feabhra 2020.

Iris Aniar: Dé Céadaoin 19 Feabhra 2020.

 
Fionnán Fitzgerald, comhairleoir condae, Ciarraí.

Fionnán Fitzgerald, comhairleoir condae, Ciarraí.

 
Micheál Ó Tonnaigh, Oifig Fiontair Áitiúil, Dún na nGall.

Micheál Ó Tonnaigh, Oifig Fiontair Áitiúil, Dún na nGall.

 
Pádraig a' Táilliúra Ó Conghaile, Glór na Tuaithe.

Pádraig a' Táilliúra Ó Conghaile, Glór na Tuaithe.

 
An t-Iar Fheisire Eorpach Seán Ó Neachtain.

An t-Iar Fheisire Eorpach Seán Ó Neachtain.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Piaras Ó Dochartaigh, T.D. Sinn Féin.

Piaras Ó Dochartaigh, T.D. Sinn Féin.

 
Harry McGee, comhfhreagraí polaitíochta, Irish Times.

Harry McGee, comhfhreagraí polaitíochta, Irish Times.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Cuan Ó Seireadáin - Mír na Meáin idirnáisiúnta

Cuan Ó Seireadáin - Mír na Meáin idirnáisiúnta

 
, Príomhfheidhmeannach Gréasán Náisiúnta Ionad Géarchéim Éignithe

, Príomhfheidhmeannach Gréasán Náisiúnta Ionad Géarchéim Éignithe

 
Dr. Ian Malcolm, tráchtaire;  Niall Ó Donnghaile, Sinn Féin

Dr. Ian Malcolm, tráchtaire; Niall Ó Donnghaile, Sinn Féin

 
Sorcha Ní Riada, eagraí polaitiúil Nuacht RTÉ/TG

Sorcha Ní Riada, eagraí polaitiúil Nuacht RTÉ/TG

 
Aodhán Ó Riardáin, Páirtí an Lucht Oibre

Aodhán Ó Riardáin, Páirtí an Lucht Oibre

 
Plé maidir le bunú Rialtais

Plé maidir le bunú Rialtais

 
Diarmaid Ó Drisceoil;Comóradh ar Thraolach Mac Suibhne agus ar Thomás Mac Curtáin.

Diarmaid Ó Drisceoil;Comóradh ar Thraolach Mac Suibhne agus ar Thomás Mac Curtáin.

 
Viktor Bayda; Bliain in Uíbh Ráthach

Viktor Bayda; Bliain in Uíbh Ráthach

 
Emmet Ryan; Grúpa Chiarrai

Emmet Ryan; Grúpa Chiarrai

 
Micheál Ó Móráin; Comharchumann Uan

Micheál Ó Móráin; Comharchumann Uan

 
An Saol ó Dheas ó Dheas 18ú Feabhra 2020

An Saol ó Dheas ó Dheas 18ú Feabhra 2020

 
An Dlíodóir Antóin Delap.

An Dlíodóir Antóin Delap.

 
Paddy Browne.

Paddy Browne.

 
An Garda Thomas Joseph Mac Giolla Bhríde.

An Garda Thomas Joseph Mac Giolla Bhríde.

 
Cathal Mac Suibhne.

Cathal Mac Suibhne.

 
Máirín Uí Fhearraigh.

Máirín Uí Fhearraigh.

 
Aodh Máirtin Ó Fearraigh.

Aodh Máirtin Ó Fearraigh.

 
Barrscéalta: Dé Máirt 18 Feabhra 2020.

Barrscéalta: Dé Máirt 18 Feabhra 2020.

 
Margaret Ó Riada, Gluaiseacht Lucht Siúil na Gaillimhe.

Margaret Ó Riada, Gluaiseacht Lucht Siúil na Gaillimhe.

 
Tríona Uí Mhurchú, Príomhoide Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal.

Tríona Uí Mhurchú, Príomhoide Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal.

 
Marcus Mac Conghail, Tuairisceoir.

Marcus Mac Conghail, Tuairisceoir.

 
Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

 
Iris Aniar: Dé Máirt 18 Feabhra 2020.

Iris Aniar: Dé Máirt 18 Feabhra 2020.

 
Liam Mac A’ Mhaoir, Tuairisceoir.

Liam Mac A’ Mhaoir, Tuairisceoir.

 
Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

 
Seán Ó Daimhín, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Seán Ó Daimhín, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
An Dr. Ciarán Ó Donnabháin, Dochtúr Teaghlaigh.

An Dr. Ciarán Ó Donnabháin, Dochtúr Teaghlaigh.

 
Seán Ó Cadhain, Tráchtaire, Newcastle Upon Tyne.

Seán Ó Cadhain, Tráchtaire, Newcastle Upon Tyne.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Iris Aniar

Iris Aniar

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís