Nuacht an Tuaiscirt: 6 Feabhra

Nuacht an Tuaiscirt: 6 Feabhra

Oideachas

Bhí sé ina achrann idir an tAire Oideachais Joe McHugh agus na Teachtaí Dála Pat the Cope Ó Gallachóir agus Piaras  Ó Dochartaigh ar Bharrscéalta inniu faoin infheistíocht i gcúrsaí oideachais i gcontae Dhún na nGall.

Luaigh an tAire Oideachais an infheistíocht ar fad atá déanta faoin stiúr féin mar Aire Oideachais agus dúirt sé nach mbeadh sé ar a chumas na fadhbanna uilig a réiteach in am ghairid.

Toraigh

Dúirt an tAire Oideachais Joe McHugh go bhfuil sé féin cráite de bharr an easpa dul chun cinn maidir le bád farantóirachta úr do oileán Thoraí.

Dúirt sé ar Bharrscéalta inniu gur dearnadh botúin sa phróiseas.

Dhearbhaigh sé arís inniu go bhfuil bád farantóireachta úr do Thoraigh agus céibh Mhachaire Rabhartaigh i bPlean Caipitil an Rialtais.

DEIS

Tá na fírící ar fad ar fáil do Roinn an Oideachais le cinneadh a dhéánamh faoi scéim DEIS, a dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh.

Dúirt sé i ndíospóireacht leis an Aire Oideachais Joe McHugh ar Bharrscéalta inniu nach bhfuil fáth ar bith go mbeadh moill scoileanna i nDún na nGall a chur san áireamh i scéim DEIS.

Dúirt an tAire McHugh inniu go bhfuil an athbhreithniú  maidir le Scéim DEIS chor a bheith críochnaithe.

Otharlann Leitir Ceanainn


Cúig othar agus fiche atá ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn inniu agus iad ag fanacht ar leapacha san otharlann. Trí othar atá ar thralaithe san Aonad Timpiste agus Éigeandála agus dhá othar is fiche sna bardaí. Cúig othar déag atá ar thralaithe in otharlann Shligigh inniu.

Bádchlós

Tá obair ar bun ag Comhairle Condae Dhún na nGall le haiseanna breise a fhorbairt ag Bádchlós an Mhíobhaigh sna Dúnaibh.

Deir an Chomhairle contae go bhfuil gá le roinnt áiseanna a sholáthar ag an láthair seo le éileamh an phobal a shásamh, go háirithe san earnáil turasóireachta agus caitheamh aimsire.

Tá Bádchlós an Mhíobhaigh faoi bhainistíocht Údarás na Gaeltachta agus thug an Chomhairle Condae le fios go bhfuil comhairleoirí ceaptha le tabhairt faoin obair seo.

Pobalbhreith

De réir pobalbhreithe a rinne an Nuachtán Tirconaill Tribune, tá sé ionann is cinnte go bhfaighidh páirtí Shinn Féin dhá shuíochán san olltoghchán.  

De réir na pobalbhreithe gheobhaidh Piaras Ó Dochartaigh 32% den bhota, Joe Mc Hugh 11.1%, Charlie Mc Conologue  10.8%, Pat the Cope Ó Gallchóir 10%, Pádraig Mac Lochlainn 10%, John O' Donnell 5.2%, Martin Harley 4.4%, Mary T Sweeney 3.9%, Peter Casey 2.1%, Michael White 1.8%, Niall Mc Connell 0.9% agus  Arthur Mc Guinness 0.2%

De réir na pobalbhreithe gheobhaidh Sinn Féin 42.8% den vóta, Fianna Fáil 20.8%, Fine Gael 15.5%, Neamhspleách 15.2%, Aontú 3.9% Comhaontas Glas 1.8%

Ghlac 1,400 duine páirt sa phobalbhreith a rinneadh idir 24 agus 31 Eanáir in 60 láthair éagsúla ar fud na an chontae.

Otharlann Leitir Ceanainn

Caithfidh an Rialtas úr agus an tAire Sláinte úr deireadh a chur leis an éagóir atá déanta le blianta ar Otharlann Leitir Ceanainn, a dúirt an Comhairleoir Contae Albert Doherty.

Bhí 1,000 duine páirteach in agóid taobh amuigh de Otharlann Leitir Ceanainn inné, le haird a tharraingt ar easpa aonad stróc san otharlann.

Caithfear Aonad Stróc a chur ar fáil gan mórán moille, caithfear folúntais a líonadh agus caithfear maoiniú mar is ceart a chur ar fáil le go mbeidh na seirbhísí céanna ar fáil in Otharlann Leitir Ceanainn, mar atá in otharlanna eile sa tír, a dúirt an Comhairleoir Doherty.

Glacadh d'aonghuth le rún uaidh ag cruinniú Chomhairle Contae Dhún na nGall le gairid, iarraidh ar an chéad Rialtas eile Aonad Stróc a chur ar fáil agus cur leis na seirbhísí san otharlann.

Díolachán eallaigh

Táthar ag dréim le níos mó ná 1,000 feirmeoir agus lucht ceannaithe stoic in Inis Eoghain ó inniu ar aghaidh áit a bhfuil an díolachán is mó san Eoraip maidir le heallach déiríochta ag tarlú.

Beidh an díolachán, a mhairfeas trí lá, ag tarlú ar Eastáit an Ghrianáin i mBeart, an feirm orgánach is mó sa tír, ag toiseacht inniu. Beidh suas le 2,000 bó bainne ar díol thar an trí lá.

Táthar ag dréim le feirmeoirí agus lucht ceannaithe stoic as achan chearn den tír seo chomh maith leis an Ríocht Aontaithe agus an Eoraip.

Meastar gur fiú níos mó ná €1.5m an t-eallach atá le díol. Tá sé tugtha le fios ag an Chomhairle Contae go mbeidh córas tráchta i bhfeidhm le linn na hócáide seo.

Thomas Pringle

Deir Thomas Pringle iarrthóir neamhspleách san Olltoghchán go bhfuil géar ghá íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh a ardú.  

Dúirt se go bhfuil Dun na nGall ar an Chondae ina bhfuil an céatadán is airde den daonra sa tír ag fail íocaíochta Leasa Shóisialaigh agus dúirt se an costais maireachtála ag ardú agus go bhfuil go leor  i nDún na nGall ag streachailt.  

Dúirt se go bhfuil an ráta is airde bochtaineachta i nDún na nGall mar gheall ar an uimhir aird daoine atá dífhostaithe  agus gur   cheart fosta  deireadh a chur le scéim Jobpath.

Árainn Mhór

Beidh próiseas chomhairliúcháin an Rialtais ar siúl ar Oileán Árainn Mhór ar an Déardaoin an 13ú lá de mhí Feabhra.  

Bhéarfar deis do phobal Árainn Mhór cur síos a dhéanamh ar na dúshláin atá bainteach le cónaí ar oileán le cois na riachtanais atá acu mar phobal oileáin agus dhéanfar aiseolas a fháil uathu faoi riachtanais an oileáin.

Bhí an ócáid seo le bheith ar siúl i mí Eanáir, ach cuireadh siar é.

Deir Bainisteoir Chomharchumann Oileán Árainn Mhór, Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, gur deis iontach é seo do phobal an oileáin lena dtuairimí a chur os comhar Roinn na Gaeltachta.

Beo

Scoth na Céadaoine

Scoth na Céadaoine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Pádraig Tyers;a fuair bás 10 mbliana a dtaca seo.

Pádraig Tyers;a fuair bás 10 mbliana a dtaca seo.

 
Colm Ó Nialláin,Tomás Ó hAiniféin,agus Páidí Pháid;comhfhoireann mionúir

Colm Ó Nialláin,Tomás Ó hAiniféin,agus Páidí Pháid;comhfhoireann mionúir

 
Páid Ó Gairbhí; An ceol

Páid Ó Gairbhí; An ceol

 
Diarmaid Ó Dálaigh; Tithe altranais

Diarmaid Ó Dálaigh; Tithe altranais

 
An Saol ó Dheas 19ú Feabhra 2020

An Saol ó Dheas 19ú Feabhra 2020

 
Gaeil na Gaillimhe, Cumann de chuid CLG.

Gaeil na Gaillimhe, Cumann de chuid CLG.

 
Jackie Mac Donncha & Máire Holmes, Filí.

Jackie Mac Donncha & Máire Holmes, Filí.

 
Micheál Ó hIarnáin, Tuairisceoir.

Micheál Ó hIarnáin, Tuairisceoir.

 
Lisa Nic an Bhreithimh, Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn.

Lisa Nic an Bhreithimh, Gluaiseacht na hEorpa in Éirinn.

 
Iris Aniar: Dé Céadaoin 19 Feabhra 2020.

Iris Aniar: Dé Céadaoin 19 Feabhra 2020.

 
Fionnán Fitzgerald, comhairleoir condae, Ciarraí.

Fionnán Fitzgerald, comhairleoir condae, Ciarraí.

 
Micheál Ó Tonnaigh, Oifig Fiontair Áitiúil, Dún na nGall.

Micheál Ó Tonnaigh, Oifig Fiontair Áitiúil, Dún na nGall.

 
Pádraig a' Táilliúra Ó Conghaile, Glór na Tuaithe.

Pádraig a' Táilliúra Ó Conghaile, Glór na Tuaithe.

 
An t-Iar Fheisire Eorpach Seán Ó Neachtain.

An t-Iar Fheisire Eorpach Seán Ó Neachtain.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Piaras Ó Dochartaigh, T.D. Sinn Féin.

Piaras Ó Dochartaigh, T.D. Sinn Féin.

 
Harry McGee, comhfhreagraí polaitíochta, Irish Times.

Harry McGee, comhfhreagraí polaitíochta, Irish Times.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Cuan Ó Seireadáin - Mír na Meáin idirnáisiúnta

Cuan Ó Seireadáin - Mír na Meáin idirnáisiúnta

 
, Príomhfheidhmeannach Gréasán Náisiúnta Ionad Géarchéim Éignithe

, Príomhfheidhmeannach Gréasán Náisiúnta Ionad Géarchéim Éignithe

 
Dr. Ian Malcolm, tráchtaire;  Niall Ó Donnghaile, Sinn Féin

Dr. Ian Malcolm, tráchtaire; Niall Ó Donnghaile, Sinn Féin

 
Sorcha Ní Riada, eagraí polaitiúil Nuacht RTÉ/TG

Sorcha Ní Riada, eagraí polaitiúil Nuacht RTÉ/TG

 
Aodhán Ó Riardáin, Páirtí an Lucht Oibre

Aodhán Ó Riardáin, Páirtí an Lucht Oibre

 
Plé maidir le bunú Rialtais

Plé maidir le bunú Rialtais

 
Diarmaid Ó Drisceoil;Comóradh ar Thraolach Mac Suibhne agus ar Thomás Mac Curtáin.

Diarmaid Ó Drisceoil;Comóradh ar Thraolach Mac Suibhne agus ar Thomás Mac Curtáin.

 
Viktor Bayda; Bliain in Uíbh Ráthach

Viktor Bayda; Bliain in Uíbh Ráthach

 
Emmet Ryan; Grúpa Chiarrai

Emmet Ryan; Grúpa Chiarrai

 
Micheál Ó Móráin; Comharchumann Uan

Micheál Ó Móráin; Comharchumann Uan

 
An Saol ó Dheas ó Dheas 18ú Feabhra 2020

An Saol ó Dheas ó Dheas 18ú Feabhra 2020

 
An Dlíodóir Antóin Delap.

An Dlíodóir Antóin Delap.

 
Paddy Browne.

Paddy Browne.

 
An Garda Thomas Joseph Mac Giolla Bhríde.

An Garda Thomas Joseph Mac Giolla Bhríde.

 
Cathal Mac Suibhne.

Cathal Mac Suibhne.

 
Máirín Uí Fhearraigh.

Máirín Uí Fhearraigh.

 
Aodh Máirtin Ó Fearraigh.

Aodh Máirtin Ó Fearraigh.

 
Barrscéalta: Dé Máirt 18 Feabhra 2020.

Barrscéalta: Dé Máirt 18 Feabhra 2020.

 
Margaret Ó Riada, Gluaiseacht Lucht Siúil na Gaillimhe.

Margaret Ó Riada, Gluaiseacht Lucht Siúil na Gaillimhe.

 
Tríona Uí Mhurchú, Príomhoide Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal.

Tríona Uí Mhurchú, Príomhoide Choláiste Chroí Mhuire sa Spidéal.

 
Marcus Mac Conghail, Tuairisceoir.

Marcus Mac Conghail, Tuairisceoir.

 
Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

 
Iris Aniar: Dé Máirt 18 Feabhra 2020.

Iris Aniar: Dé Máirt 18 Feabhra 2020.

 
Liam Mac A’ Mhaoir, Tuairisceoir.

Liam Mac A’ Mhaoir, Tuairisceoir.

 
Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Condae.

 
Seán Ó Daimhín, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Seán Ó Daimhín, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
An Dr. Ciarán Ó Donnabháin, Dochtúr Teaghlaigh.

An Dr. Ciarán Ó Donnabháin, Dochtúr Teaghlaigh.

 
Seán Ó Cadhain, Tráchtaire, Newcastle Upon Tyne.

Seán Ó Cadhain, Tráchtaire, Newcastle Upon Tyne.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

Iris Aniar

Iris Aniar

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís