Nuacht an Tuaiscirt: 4 Feabhra

Nuacht an Tuaiscirt: 4 Feabhra

Múinteoirí

Cháin Séamus Ó Fearraigh, iar bhall Choiste Lárnach Aontas Múinteoirí Éireann, an tAire Oideachais Joe Mc Hugh go láidir inniu, mar go ndeir sé nár choinnigh sé na geallúintí a thug sé don TUI i mí Aibreán na bliana anuraidh maidir le comhionannas páighe do mhúinteoirí óga.

Dúirt sé go bhfuil leithcheal iomlán déanta ag an rialtas ar na múinteoirí óga ó 2011.  

Thug Séamus Ó Fearraigh le fios go bhfuil míshásamh mór ar mhúinteoirí áit a bhfuil 800 ball den cheardchumann i mbun stailce inniu i nDún na nGall agus go mbeidh an míshásamh sin a léiriú ag na baill sin nuair a théann siad chuig na bótháin vótála De Satharn.

Otharlann Leitir Ceanainn

Meastar go raibh moill ar thorthaí scrúduithe ailse beirt bhan déag in Otharlann Leitir Ceanainn, de réir eolais atá tagtha chun cinn.

Tá athbhreithniú a dhéanamh faoi láthair ar sheirbhísí gínéiceolaíochta na hotharlainne mar gheall ar na líomhaintí atá déanta go raibh torthaí scrúduithe ailse áirithe san otharlann míchruinn.  

Deir an Dochtúir Margaret Mc Mahon as Dún na nGall ó dhúchas a chaill a deirfiúr a raibh ailse inmheitriam uirthi go bhfuil teagmháil déanta ag teaghlaigh eile léi agus go meastar go bhféadfadh go mbeadh ar a laghad deich gcás eile maidir le mná a raibh moill lena gcuid torthaí maidir le scrúduithe ailse.  

Tá sí ag iarraidh ar dhuine ar bith eile a bhfuil amhras orthu faoi tástálacha a rinneadh in Otharlann Leitir Ceanainn labhairt amach.

Gadaíocht

Tá Gardaí Dhún na nGall ag iarraidh ar an phobal a bheith ar a n-airdeall agus gan ábhair luachmhar nó airgead a fhágáil ina gcuid carranna.

Briseadh isteach i dhá charr taobh amuigh de Theach Pobail Dhún na Lúb in Oirthear Dhún na nGall maidin De Domhnaigh le linn do dhaoine a bheith ar an Aifreann.  

Goideadh sparáin ó na carrannaí le linn na heachtra agus fuarthas ceann do na sparáin ar an bhealach i dtreo Chaisleán na Deirge.

Tá na Gardaí ag iarraidh labhairt le duine ar bith a bhí ag taistil ar an bhealach sin agus a bhfuil ceamraí ina gcuid carrannaí acu.

Agus tá Gardaí an Fháil Charraigh i mbun fiosruithe faoi eachtra gadaíochta a tharla ar an bhaile De hAoine is a chuaigh thart.  D'éirigh le gadaí airgead a ghoid ó fhear a bhí ina shuí ar chathaoir i lár an bhaile.

Theith an fear a ghoid an t-airgead i veán dearg den déanamh Volkswagen agus thiomáin sé i dtreo Leitir Ceanainn.  Iarrtar ar dhuine ar bith a chonaic aon rud teagmháil a dhéanamh leo.

Thomas Pringle

Deir an t-iarrthóir neamhspleách san olltoghchán, an Teachta Dála Thomas Pringle, go mbeidh sé ag cur riachtanais daoine le néaltrú agus a dteaghlaigh go mór chun tosaigh má éiríonn leis san olltoghchán.

Dúirt sé go bhfuil géarghá cur leis na seirbhísí agus na tacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine le Néaltrú agus a dteaghlaigh i nDún na nGall.

Tá 1,929 duine a bhfuil néaltrú orthu sa chontae seo faoi láthair de réir na bhfigiúirí is deireanaí, a dúirt an Teachta Pringle, agus tá géarchéim sna seirbhísí a chuirtear ar fáil le tacú le teaghlaigh sa chontae seo a dúirt sé.

Olltogchán

Measann an t-iarThánaiste Máire Ní Chochlainn go mbeidh dhá shuíochán ag Sinn Féin, dhá shuíochán ag Fianna Fáil agus suíochán amháin ag Fine Gael i ndáilcheantar Dhún na nGall san olltoghchán.  

Beidh sé iontach deacair Rialtas a chur le chéile i ndiaidh an toghcháin, a dúirt sí.  Deir sí go n-aontaíonn sí go hiomlán le cinneadh Ceannaire Fhianna Fáil, Micheal Martin, a dhul i gcomhrialtas le Sinn Féin.

Dúirt an t-iar Aire Stáit Donnchadh Mac Fhionnghaile gur seo an chéad Olltoghán le blianta fada, gur deacair a thuar cé a bheas tofa i nDáilcheantar Dhún na nGall.

Dúirt sé fosta go bhfuil seans maith nach mbeidh na páirtithe in ann Rialtas a chur ar bun agus go mbeidh gá le olltoghchán eile sula gcuirfear Rialtas úr ar bun.  

Measann sé go mbeidh dhá shuíochán ag Sinn Féin i nDún na nGall, dhá shuíochán ag Fianna Fáil agus suíochán ag Fine Gael.

Timpiste bóthair

Ba é John Patton, 34 bliain d'aois as Doire ó dhúchas, an fear a maraíodh i dtaisme bóthar in Inis Eoghain luath maidin inné.

Maraíodh John Patton nuair a chuaigh a charr den déanamh Volkswagen Golf don bhealach ag Ard an Chrainn ar an phríomhbhealach idir Máigh agus Roinn Uí Choigligh i dtrátha an 4 a chlog maidin inné.  

Tá Gardaí Bhun Crannacha ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu faoin taisme, go háirithe daoine a bhí ag taistil ar an bhealach seo idir trí a chlog agus 4.30 maidin inné, teagmháil a dhéanamh leo.  

Tá an bealach foscailte arís do thrácht inniu.

Iascairí

Tá fáilte curtha ag Cumann Iascairí na gCealla Beaga roimh dhréacht phlean Aontas na hEorpa maidir le cainteanna trádála a bhaineann le himeacht na Breataine ón Aontas Eorpach.  

Tá ábhar dóchais anois do earnáil na hiascaireachta sa tír seo, a dúirt príomhfheidhmeannach Chumann Iascairí na gCealla Beaga, Seán O Donoghue.  

Sé'n dréacht atá aontaithe ná go bhfágfaí rudaí mar atá ó thaobh cearta iascaireachta, agus nach gcuirfidh isteach ar iascairí na hEorpa a bhí ag iascaireacht i bhfarraigí na Breataine go dtí seo, a deir an KFO.  

Dúirt Seán O'Donoghue gur fiú €1.25 billiún earnáil iascaigh na tíre seo anuraidh, agus go raibh 14,300 fostaithe san earnáil anuraidh.

Muna mbeidh socrú faoi chearta iascaireacht, beidh tionchar diúltach aige sin ar iascairí na tíre seo, a dúirt sé.

Joe McHugh

Deir iarrthóir Fhine Gael san olltoghchán, an tAire Oideachais Joe Mc Hugh go mbeidh páirtí Fhine Gael ag díriú ar na ceisteanna móra maidir le páighe na múinteoirí má éiríonn leo san olltoghchán.  

Dúirt sé go bhfuil comhráití beartaithe le hiarracht a theacht ar shocrú agus go mbeidh Fine Gael ag díriú ar réiteach a shásóidh achan duine sna cainteanna sin.  

Thug an tAire Mc Hugh le fios go bhfuil €2bill curtha ar leathtaobh le déileáil leis an cheist seo agus go mbeadh an socrú úr a chur i bhfeidhm ag Fine Gael ag tús na bliana seo chugainn má éiríonn leo a bheith sa rialtas arís.  

Tá múinteoirí ó Cheardchumann an TUI i nDún na nGall i mbun stailce inniu agus go leor de scoltacha dara leibhéal na contae druidte inniu de bharr na stailce.

Piaras Ó Dochartaigh

Deir iarrthóir Shinn Féin san olltoghchán, an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh, nár cheart go mbeadh ar dhaoine íoc as an Tástáil Náisiúnta Gluaisteán nó an NCT faoi láthair nuair nach bhfuil na hionaid in ann tástáil cruinn a dhéanamh ar na carranna.  

Tá deacrachtaí maidir le gné áirithe den tástáil sna hionaid tástála faoi láthair mar nach bhfuil an trealamh ceart ar fáil le carranna a scrúdú rud a fhágann go dteipeann ar an ghluaisteán sa scrúdú NCT.  

Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh go bhfuil daoine ag íoc as an scrúdú, ag tógáil am saor óna gcuid oibre lena gcuid carranna a thabhairt chuig an ionad NCT ach go bhfuil ag teip ar a gcarranna sa scrúdú mar gheall ar an deacracht áirithe seo.  

Níor cheart go mbeadh an pobal buailte mar gheall ar dheacrachtaí trealaimh sna hionaid agus níor cheart go mbeadh ar dhaoine íoc as an scrúdú NCT nuair atá sé soiléir go dteipfidh ar an fheithicil sa scrúdú, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.

Niall Mc Connell

Tá sé tugtha le fios ag an iarrthóir neamhspleách san olltoghchán Niall Mc Connell go bhfuil a nuachtán féin á fhoilsiú aige.  

Síol na hÉireann teideal an nuachtáin úr  ó Niall Mc Connell agus deir sé go bhfuil an t-eagrán seo ag díriú ar a chuid polasaithe olltoghcháin.  

Tá píosaí san nuachtán dírithe ar ábhair macasamhail cúrsaí inimirce, reifreann an ghinmhillte a athrú, an tAontas Eorpach a fhágáil agus deireadh a chur leis an cháin charbóin.

GTeic Ghaoth Dobhair

Beidh ócáid líonraithe do ghnóanna áitiúla ar siúl inniu in GTeic Ghaoth Dobhair ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ón mheán lae ar aghaidh.  

Beidh cur i láthair gairid a dhéanamh ag comhlacht áitiúil faoi scéal an chomhlachta sin, éachtaí agus dúshláin ó bunaíodh an comhlacht.  

Cuirfear na comhlachtaí in aithne ansin, agus beidh cur i láthair gairid uathu uilig, agus léargas a thabhairt acu ar na dúshláin agus na fadhbanna is mó a bhí acu le mí anuas.  

Beidh seisiún ansin le heolas a mhalartú agus eolas a roinnt eatarthu. 

Beo

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta

 
Tús Áite: Scéalta Spóirt

Tús Áite: Scéalta Spóirt

 
Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Bille na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 22/1/21

Tús Áite: 22/1/21

 
Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

Mairéad Ní Neachtain : Gael Linn

 
Daire Ó Faogáin : Strong Saol

Daire Ó Faogáin : Strong Saol

 
Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

Orlaith Ní Chearra : Yoga agus aisteoireacht

 
James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

James Mahon : Craoltóir agus iriseoir

 
Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

Aoibhe Ní Leathlobhair : Ceoltóir óg as Cill Dara

 
Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

Ógie Ó Céilleachair : Na deá-scéalta

 
Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

Bladhaire: Aoine Clár Iomlán

 
Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

Jamie Coistín;ómós do Jerry Kiernan.

 
Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

Dan Ó Céilleachair agus Leah Ní Dhonnchú;Tograí dian ghlasála

 
Darrán O Droma;Céim ar chéim

Darrán O Droma;Céim ar chéim

 
Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

Liam Ó Loingsigh; Oileán Dairbhre

 
An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

An Comh. Breandán Mac Gearailt;Co.Co. Chiarrai

 
An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

An Saol ó Dheas 22ú Eanair 2021

 
Mary Aggie.

Mary Aggie.

 
Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

Fear na Ríomhairí Andy Caomhanach.

 
Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

Roise Mhic Laifeartaigh, Comhairle Contae Dhún na nGall.

 
Joe Ó Gallchóir as Teileann.

Joe Ó Gallchóir as Teileann.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

Barrscéalta, Clár iomlán, 22102021

 
Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Seamas Chosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

Julianne Ní Chonchubhair, tuismitheoir.

 
Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta.

 
Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

Marc De Faoite, Stiúrthóir Fiontraiochta Údarás na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin,  tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

Seán Kelly, Feisire Eorpach.

 
John Downing,  Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

Adhmhaidin: Dé hAoine 22 Eanáir 2021.

 
Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

Tús Áite: Mír na Meán Áitiúil

 
Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

Tús Áite: Forbairt drugaí do Covid-19

 
Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

Tús Áite: Cásanna cúirte don oideachas

 
Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

Tús Áite: Acht na dTeangacha Oifigiúla

 
Tús Áite: Brú ar ospidéil

Tús Áite: Brú ar ospidéil

 
Tús Áite: Polaitíocht an Lae

Tús Áite: Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite: 21/1/21

Tús Áite: 21/1/21

 
Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

Cumann Mhic Reachtain : Daithí Mac Uait

 
Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

Diarmuid Ó Mathúna : Mo Food Blog

 
Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

Dara Mac Gearailt : Cóitseáil saoil

 
Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

Aoi sa Chathaoir: Fiachna Ó Braonáin

 
Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

Bladhaire : Clár Iomlán Déardaoin 21/1/21

 
Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

Mick Ó Brien;Dlúth chéirnín nua ar cheol Goodman

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Cartlann Bhóthar na Léinsí

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Coláiste Bhríde, Rann na Feirste

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Bladhaire

Bladhaire

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís