Nuacht an Tuaiscirt: 14 Eanáir

Nuacht an Tuaiscirt: 14 Eanáir

Piaras Ó Dochartaigh

Cheap Uachtarán Shinn Féin, Mary Lou McDonald an Teachta Dála Piaras O Dochartaigh mar stiúrthóir Toghchánaíochta do pháirtí Shinn Féin don olltoghchán.  

Dúirt an Teachta Piaras Ó Dochartaigh go mbeidh plean oibre ag Sinn Féin le cur os comhar an phobail dírithe ar chúrsaí sláinte agus an dóigh go mbeidh siad ag iarraidh faoiseamh a thabhairt do dhaoine atá ag obair agus dá dteaghlaigh go háirithe.

Drochaimsir

Tá ceathadacha clocha sneachta, sneachta agus flithshneachta ag fágáil bóithre ar fud na contae sleamhain inniu agus tharla cúpla taisme sa chondae luath ar maidin.

Chuaigh carr don bhealach i mbaile na gCarraigíní luath ar maidin inniu. Ní raibh ach carr amháin sa taisme agus thug na Gardaí le fios go raibh an bealach iontach sleamhain ag an am.

Bhí tiománaí agus triúr paisinéir sa charr ach tuigtear nach bhfuil siad gortaithe go dona.

Bhí an bealach idir Bun na hAbhann agus an Mhaigh druidte ar feadh tamall ar maidin inniu mar gheall ar thaisme bóthair.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar thiománaithe a bheith cúramach agus iad ag tiomáint ar bhóithre atá fliuch agus a bhfuil siocán orthu.

Aonad Do Dhaoine Fásta le Míchumas

Rinne an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, HIQA, cigireacht gan choinne i mí Dheireadh Fómhair ar Aonad Do Dhaoine Fásta le Míchumas ar an Chlochán Liath, agus foilsíodh an tuarascáil sin inniu.

Theip ar an ionad maidir le dhá théama as cúig cinn déag de théamaí ar dearnadh cigireacht orthu, sin rialachais agus bainistíocht, os rud é nach raibh go raibh spáis agus príobhaideachais ar fáil san ionad dona cónaitheoirí, agus de bharr nach raibh aon phleananna curtha le chéile le déileáil le seo.

Theip ar an chigireacht ar an fhoirgneamh féin, de bharr an easpa spáis comónta agus an easpa príobhaideachais do na cónaitheoirí.

Dúradh gur comlíonadh go docht daingean na rialacha agus na caighdeáin atá riachtanach maidir le leibhéal foirne a bheith ar fáil ansin agus traenáil agus forbairt foirne.

Is áit cónaitheach an t-ionad seo do dheichniúr duine fásta a bhfuil míchumas orthu, idir fir agus mná.

Dúirt ball teaghlaigh duine dena cónaitheoirí a labhair na cigirí leo, go raibh cúram d'ard chaighdeán a sholáthar san ionad, agus go raibh na cónaitheoirí sona sásta ansin, agus go raibh saol shóisialta maith acu ansin.

Feachtas Gardaí

Tá feachtas darbh ainm Operation Soteria ar bun ag an Gharda Síochána dírithe ar dhaoine a mbíonn sceana ar iompar acu, agus iad ag díriú ar ceantair ina mbíonn mí iompar shóisialta ar bun.

Is scéim úr nua é seo agus beidh patróil rialta ar bun ag Gardaí sna ceantair ina mbíonn eachtraí mí iompair go rialta, faoi Operation Soteria.

Tá sé ag éirí níos coitianta go mbíonn sceana ar iompar ag daoine anois, a dúirt an Sergeant John Joe Mac Laifeartaigh ar Bharrscéalta inniu. 

Ba cheart do thuismitheoirí labhairt le páistí faoin dóigh le déileáil le strainséirí, a dúirt an Sergeant Mac Laifeartaigh agus é ag tagairt de eachtra a tharla ar phríomh shráid na nGleanntach ar 3.30 tráthnóna Dé Domhnaigh.

Deirtear go ndearna fear iarracht gasúr 10 mbliana d'aois a mhealladh isteach ina charr, agus go ndearna sé iarracht greim a fháil ar an pháiste.

Scoil Mhuire Bhun Cranncha

Tá maoiniú ceadaithe inniu le hacmhainní breise a chur ar fáil ag Scoil Mhuire Bhun Cranncha.

Chuir an tAire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh in iúl go bhfuil deontas ceadaithe le seomraí eolaíochta, seomraí ranga breise, seomraí do pháistí faoi mhí-chumas, seomra eacnamaíocht bhaile agus seomra grafaic dheartha agus chumarsáide a fhorbairt ag an scoil.

Dúirt an tAire McHugh go mbeidh an fhorbairt seo ina bhuntáiste mhór don scoil agus go bhfuil sé tábhachtach áiseanna a fheabhsú sa scoil.
 

Cumhacht aibhléise

Fágadh na céadta custaiméir gan cumhacht aibhléise i nDún na nGall le linn na hoíche aréir mar gheall ar an stoirm.

Tá Bord Soláthair an Leictreachais ag obair leis na deacrachtaí a réiteach agus tá an leictreachas ag teacht agus ag imeacht i gceantair áirithe san iarthuaiscirt faoi láthair.

Tá 68 custaiméir go fóill gan cumhacht aibhléise sna Doirí Beaga agus 16 custaiméir i Leitir Ceanainn gan cumhacht aibhléise faoi láthair. Meastar go mbeidh sé an cúig a chlog tráthnóna ar a luaithe sula mbeidh na fadhbanna ar fad réitithe.

Bhí oíche ghnóitheach ag oibrithe Bhord Soláthar an Leichtreachais agus oibrithe na Comhairle Condae ar fud na condae i rith na hoiche agus ar maidin ag déileáil le heachtraí éagsúla.

Thit crainn, linte guthain agus aibhleise i gcuid mhaith aiteacha sa chondae , ina measc Leitir Ceanainn, Gaoth Dobhair na Rosann agus an Chlochán Liath.

Chuaigh leoraí don bhealach i mBaile na Finne agus bhí an bealach druidte ar feadh tamall ach tá sé oscailte arís anois.

Bhí cé Bhaile Dhún na nGall agus cé Ailt an Chorráin faoi uisce aréir mar gheall ar an lán mhara ard.

Táthar ag moladh do thiománaithe a bheith faichilleach ar bhóithre na condae ar maidin inniu mar go bhfuil flichshneachta ag titim i gceantracha áirithe sa chondae agus tá go leor uisce ina luí ar dhromchla na mbóithre. 

Iarrthóirí olltoghcháin

Beidh ar a laghad deichniúr iarrthóir san iomaíocht san olltoghchán i ndáilcheantar Dhún an nGall.

Beidh fógra a dhéanamh ag an Chomhairleoir Contae Neamhspleách John O'Donnell, maidir le an mbeidh nó nach mbeidh sé mar iarrthóir, ar an Déardaoin, i ndiaidh dó an cheist a phlé lena lucht tacaíochta.

Toghadh an Comhairleoir O'Donnell ar an chéad chuntas agus 25% den vóta aige i gceantar bardais Bhaile na nGallóglach anuraidh.

Tá cosúlacht láidir nach mbeidh iarrthóir ag Páirtí an Lucht Oibre i nDún na nGall, agus gan suim léirithe ag baill a dhul chun tosaigh, a deir foinsí sa pháirtí.

Beirt iarrthóirí a bheas ag Fianna Fáil, Fine Gael agus Sinn Féin.

Beidh an tAire Joe McHugh agus an Comhairleoir Martin Harley san iomaíocht ag Fine Gael, beidh na Teachtaí Pat the Cope Ó Gallachóir agus Charlie McConalogue ina n-iarrthóirí ag Fianna Fáil agus an Teachta Piaras Ó Dochartaigh agus an Seanadóir Pádraig Mac Lochlainn mar iarrthóirí ag Sinn Féin.

Beidh an Teachta Dála Neamhspleách Thomas Pringle san iomaíocht arís lena shuíochán a choinneáil.

Lena chois sin beidh Mary T Sweeney mar iarrthóir ag Aontú, beidh Michael White mar iarrthóir ag an Chomhaontas Glas agus beidh Peter Casey mar iarrthóir neamhspleách.

Báigh Bhaile an Easa

Deir Coiste Sábháil Báigh Bhaile an Easa go bhfuil aighneacht curtha ag an Choiste chuig an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara in éadan na gceadúnas ar Fheirmeacha Sliogéisc a tugadh ag Báigh Bhaile an Easa agus Mhachaire Rabhartaigh.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Sean O Connacháin gur chosain na haighneachtaí  níos mo nó €3,000 agus go bhfuil aighneachtaí curtha chomh maith ag Coistí, Grúpaí  agus daoine aonartha sa cheantar  huig an Roinn  in éadan na gceadúnas.

Cheadaigh an Roinn 4 ceann déag d'iarratais ar Fheirmeacha Sliogéisc  ag tús na míosa s'chuaigh thart agus  tugadh 4 seachtainí do ghrúpaí aighneachtaí a chuir chuig an Roinn.

Dúirt Sean O Connacháin go mbeidh siad ag lorg dearcadh na n-iarrthóirí a bhéas san iomaíocht san olltoghchán  ar an fhorbairt ata beartaithe , go hairithe an tAire Oideachais Joe Mc Hugh.

Tugadh le fios go bhfuil súil go mbeidh eolas acu ar chinneadh na Roinne i gceann 4 mhí.

Bialanna

Tugadh ordú ceithre cinn de bhialanna i nDún na nGall a dhruid le linn na bliana anuraidh, de bharr rialacha sláinte a bheith a sárú acu, do réir Údarás Sábháilteacht Bídh na hÉireann.

Tugadh ordú 124 bialann sa tír a dhruid ar feadh tréimhse anuraidh,  agus ba sin méadú de 13% ón bhliain roimhe sin.

Bhí sé chontae sa tír nár druideadh bialann ar bith de bharr rialacha sláinte a bheith a mbriseadh acu anuraidh. Tugadh ordú 42 bialann a dhruid i mBaile Átha Cliath anuraidh, dhá cheann déag i gcontae na Mí agus aon cheann déag i gCorcaigh.

Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Ceol na Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Sylvester Mac uidhir.

Sylvester Mac uidhir.

 
Andy Caomhánach.

Andy Caomhánach.

 
Pól Ó Gallachóir.

Pól Ó Gallachóir.

 
Diane Ní Chanainn.

Diane Ní Chanainn.

 
Dónall Mac A Bhaird.

Dónall Mac A Bhaird.

 
Máire Uí Chomhaill.

Máire Uí Chomhaill.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta Dé Luain 24-02-2020.

Barrscéalta Dé Luain 24-02-2020.

 
Maria Schäler

Maria Schäler

 
Emmet Ryan

Emmet Ryan

 
Gráinne Ní Aodha, The Journal & Seosamh Ó Cuaig, Iar Chomhairleoir Condae, tráchtaire agus colúnaí le Tuairisc.ie

Gráinne Ní Aodha, The Journal & Seosamh Ó Cuaig, Iar Chomhairleoir Condae, tráchtaire agus colúnaí le Tuairisc.ie

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

 
Donnchadh Ó Laoghaire, TD Shinn Féin & Fergus Ó Dowd, TD Fine Gael

Donnchadh Ó Laoghaire, TD Shinn Féin & Fergus Ó Dowd, TD Fine Gael

 
Éamon Mallie, iriseoir

Éamon Mallie, iriseoir

 
Tús Áite

Tús Áite

 
Gradam Ceoil Tg4: Doireann Ní Ghlacáin

Gradam Ceoil Tg4: Doireann Ní Ghlacáin

 
Seannós na Fearsaide : Daithí Mac Uaid

Seannós na Fearsaide : Daithí Mac Uaid

 
Mír ceoil : Emma Ní Chearúil

Mír ceoil : Emma Ní Chearúil

 
Ted Fest : Máirtín Ó Gríofa

Ted Fest : Máirtín Ó Gríofa

 
Ruairí Ó Dúlaing : Páirceanna poiblí

Ruairí Ó Dúlaing : Páirceanna poiblí

 
Ceol beo : Niamh McElduff agus Jack Warnock

Ceol beo : Niamh McElduff agus Jack Warnock

 
Na deá-scéalta le Colm Mac Gearailt

Na deá-scéalta le Colm Mac Gearailt

 
Bladhaire : Clár iomlán Dé hAoine 21/02/20

Bladhaire : Clár iomlán Dé hAoine 21/02/20

 
Mark Harte & Damien Ó Domhnaill.

Mark Harte & Damien Ó Domhnaill.

 
Danny & Mary Collins.

Danny & Mary Collins.

 
Caoimhín Mac Aoidh.

Caoimhín Mac Aoidh.

 
An Cllr. Anthony Molloy.

An Cllr. Anthony Molloy.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine 21-02-2020.

Barrscéalta Dé hAoine 21-02-2020.

 
Julian de Spáinn, Ardrúnaí, Conradh na Gaeilge.

Julian de Spáinn, Ardrúnaí, Conradh na Gaeilge.

 
Albert Doherty, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Albert Doherty, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Mícheál Ó hEidhin, Ollamh Emeritus le Ceimic, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Mícheál Ó hEidhin, Ollamh Emeritus le Ceimic, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

 
Aoife Ní Shúilleabháin, oifigeach tionsclaíoch, SIPTU.

Aoife Ní Shúilleabháin, oifigeach tionsclaíoch, SIPTU.

 
Mícheál Ó Conchubhair, Coiste an Réigiún, An Bhruiséil.

Mícheál Ó Conchubhair, Coiste an Réigiún, An Bhruiséil.

 
An t-Ollamh  Martin Cormican, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

An t-Ollamh Martin Cormican, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

 
Eimear McGovern

Eimear McGovern

 
Bláthnaid Ní Ghréacháin & Muireann Ní Mhóráin

Bláthnaid Ní Ghréacháin & Muireann Ní Mhóráin

 
Teachtaí Dála

Teachtaí Dála

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

 
33ú Dáil ag teacht le chéile

33ú Dáil ag teacht le chéile

 
Tús Áite

Tús Áite

 
Branar: Marc Mac Lochlainn

Branar: Marc Mac Lochlainn

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bladhaire

Bladhaire

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís