Nuacht an Tuaiscirt: 13 Eanáir

Nuacht an Tuaiscirt: 13 Eanáir

Foláireamh tugtha go mhuintir Dhún na nGall maidir le Stoirm Bhreandáin
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus na Gardaí ag iarraidh ar an phobal a bheith ar a n-airdeall inniu mar gheall ar an foláirimh aimsire gaoithe stádas oráiste atá bhfeidhm ó luath maidin inniu. Táthar ag dréim le galaí gaoithe suas le 80 ciliméadar san uair chomh maith le séideáin ghaoithe idir 110 agus 130 km san uair. Iarrtar ar an phobal gan a bheith ag siúl i gceantracha cois cósta áit a bhfuil baol tuilte ann agus borradh stoirme a d'fhéadfadh a bheith iontach contúirteach. Tá an foláirimh aimsire i bhfeidhm go dtí'n 9 a chlog anocht.

"Olltoghchán ar 7 Feabhra" – Pat the Cope Ó Gallchóir
Deir an Leas Cheann Comhairle, an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir, go bhfuil sé den bharúil go mbeidh olltoghchán againn ar an 7ú lá de mhí Feabhra ach léirigh sé imní gur an tsean chlár vótála a bheas in úsáid in áit an ceann úr. Dúirt sé nach mbeidh an clár úr vótála réidh go dtí'n ceathrú lá déag de mhí Feabhra rud a fhágfas go mbeidh deacrachtaí vótála ag cuid mhór daoine óga. Is féidir foirmeacha a líonadh isteach le cinntiú go mbeidh cead vótála agat, ach dúirt an Teachta Ó Gallachóir, nach bhfuil mórán ama leis seo a dhéanamh nuair a chaithfidh Garda an fhoirm a shíniú i gcontae a bhfuil go leor dona stáisiúin Gardaí druidte. Ba cheart don Taoiseach fanacht seachtain eile don olltoghchán go mbeidh an clár úr vótála i bhfeidhm, a dúirt an Teachta Ó Gallachóir.

"Bóithre réigiúnacha Dhún na nGall i measc na mbóithre is measa sa tír"
Tá bóithre réigiúnacha Dhún na nGall i measc na mbóithre is measa sa tír de réir tuairisc atá foilsithe ag an Roinn Iompar. Rinneadh staidéar ar chaighdeán na mbóithre réigiúnacha sa tír sa dara ráithe de 2018 agus fuarthas gur bóithre réigiúnacha Dhún na nGall, Maigh Eo, An Chlár, Condae Chorcaigh agus Cathair Chorcaigh na bóithre is measa sa tír le taisteal orthu. Léiríonn an tuairisc go bhfuil gá le obair dheisiúcháin ar chor a bheith 30% de bhóithre réigiúnacha i nDún na nGall agus go bhfuil gá aththógail iomlán a dhéanamh ar 2.4% de bhóithre réigiúnacha na Condae, i gcomparáid leis an mheán náisiúnta de 0.5%. Bá i gcontaetha Dhún na nGall, Liatrom, Sligeach, Ros Comáin agus Gaillimh a bhí na bóithre leis an dromchla is fearr, sin dé réir na tuairisce chomh maith.

Iarrthóir olltoghcháin ag Comhaontas Glas i nDún na nGall
Beidh iarrthóir ag an Chomhaontas Glas i nDún na nGall san olltoghchán, agus tá obair ar bun ag an pháirtí sa chontae faoi láthair le hiarrthóir a roghnú. Dúirt urlabhraí Gaeilge an Chomhaontais Ghlais, An Comhairleoir Peadar Ó Caomhánaigh go dteastaíonn ón pháirtí rogha eile a thabhairt do phobal Dhún na nGall feasta. Dúirt sé gur dúshlán é don pháirtí suíochán a fháil i nDún na nGall, ach caithfear eolas a chur ar fáil do phobail tuaithe go mbeidh tionchar ag athrú aeráide ar achan phobal sa tír, a deir sé. Is i Leitir Ceanainn a bheas Comhdháil Bhliantúil an Chomhaontais Ghlais i mí Mheitheamh i mbliana, agus táthar ag dréim le 600 toscaire ó achan chearn den tír ag an chomhdháil. Mairfidh an Chomhdháil ar feadh trí lá, agus beidh go leor deiseanna ag an phobal freastal ar imeachtaí agus ócáidí lena linn, a dúirt an Comhairleoir Peadar Ó Caomhánaigh.

Scoileanna i nDún na nGall le leas a bhaint as infheistíocht de €50m
Bainfidh gach scoil i nDún na nGall tairbhe as an infheistíocht de €50m in infrastructúr teicneolaíochta i gcúrsaí oideachais atá fógraithe inniu, a dúirt an tAire Oideachais Joe Mc Hugh. Tá an t-airgead ceadaithe do bhunscoltacha agus do mheán scoltacha le caitheamh ar chúrsaí teicneolaíochta macasamhail ríomhairí, teilgeoirí agus bogearraí.

Dúirt an tAire Mc Hugh go bhfuil cúrsaí teicneolaíochta thar a bheith tábhachtach sa chóras oideachais agus go gcuideoidh an deontas seo do scoltacha na contae an infheistíocht cheart a dhéanamh leis an teicneolaíocht a chur chun cinn ar churaclam na scoile. Beidh suas le €5000 ar fáil do bhunscoltacha ina bhfuil 100 dalta agus suas le €18,000 do bhunscoltacha le 500 dalta. Sna meánscoltacha gheobhaidh scoil le 500 dalta €22,000 agus meán scoil ina bhfuil suas le míle dalta beidh deontas €41,000 ar fáil


Beo

An Taobh Tuathail

An Taobh Tuathail

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Scoth na Céadaoine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Eiibhlín Ní Chuireáin.

Eiibhlín Ní Chuireáin.

 
Deirdre Ní Bhraonáin.

Deirdre Ní Bhraonáin.

 
Darach Ó Tuama.

Darach Ó Tuama.

 
Eoghan Bharney Ó Fearraigh.

Eoghan Bharney Ó Fearraigh.

 
An Cope in Anagaire.

An Cope in Anagaire.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 29 Eanáir 2020.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 29 Eanáir 2020.

 
Pádraig Ó Laoithe, An Daingean.

Pádraig Ó Laoithe, An Daingean.

 
Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Cóilín Ó Neachtain, tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Sorcha De Brún, Ollscoil Luimnigh.

Sorcha De Brún, Ollscoil Luimnigh.

 
Áine Ní Chiaráin, tráchtaire polaitíochta.

Áine Ní Chiaráin, tráchtaire polaitíochta.

 
Máire T Ní Mhadaoin, Nuacht RTE/TG4.

Máire T Ní Mhadaoin, Nuacht RTE/TG4.

 
An Tuairisc  Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé Céadaoin 29 Eanáir 2020.

Adhmhaidin: Dé Céadaoin 29 Eanáir 2020.

 
Mary O'Toole, as Cill Chiaráin.

Mary O'Toole, as Cill Chiaráin.

 
Pádraic Ó Gionnáin, as Cill Ghallagáin, i gCo. Mhaigh Eo.

Pádraic Ó Gionnáin, as Cill Ghallagáin, i gCo. Mhaigh Eo.

 
Ardtráthnóna: Dé Máirt 28 Eanáir 2020.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 28 Eanáir 2020.

 
Diarmaid Lyng;CLG Pól Ó Loingsigh;Buantalmhaíocht.

Diarmaid Lyng;CLG Pól Ó Loingsigh;Buantalmhaíocht.

 
Sarah Ní Dhubháin;Shanghai.

Sarah Ní Dhubháin;Shanghai.

 
An Máinlia súl Páidí Ó Domhnaill, liostaí.

An Máinlia súl Páidí Ó Domhnaill, liostaí.

 
An Saol ó Dheas: Dé Máirt 28 Eanáir 2020.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 28 Eanáir 2020.

 
An garda  Éamonn Ó Gallachóir.

An garda Éamonn Ó Gallachóir.

 
Doiminic Ó Brolacháin.

Doiminic Ó Brolacháin.

 
Eilín Uí Bhaoill & Micheál Mac Aoidh.

Eilín Uí Bhaoill & Micheál Mac Aoidh.

 
Pacáiste ó 'Fóram Gnímh'  sa Chrannóg.

Pacáiste ó 'Fóram Gnímh' sa Chrannóg.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

 
Barrscéalta Dé Máirt. 28-01-2020.

Barrscéalta Dé Máirt. 28-01-2020.

 
Angela Bourke, Ollamh Emerita Léann na Gaeilge, UCD.

Angela Bourke, Ollamh Emerita Léann na Gaeilge, UCD.

 
Marc Mac Lochlainn, Branar.

Marc Mac Lochlainn, Branar.

 
Darach Ó Tuairisg, Fíbín

Darach Ó Tuairisg, Fíbín

 
Fergus Mac Suibhne, An Fód Dubh.

Fergus Mac Suibhne, An Fód Dubh.

 
Iris Aniar: Dé Máirt 28 Eanáir 2020.

Iris Aniar: Dé Máirt 28 Eanáir 2020.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Jeaicí Mac Gearailt, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Jeaicí Mac Gearailt, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Mairéad Farrell, Sinn Féin, Gaillimh Thiar.

Mairéad Farrell, Sinn Féin, Gaillimh Thiar.

 
Donncha Ó hÉallaithe, tráchtaire polaitíochta & matamaticeoir.

Donncha Ó hÉallaithe, tráchtaire polaitíochta & matamaticeoir.

 
Liam Mac a’Mhaoir, iriseoir, Corcaigh.

Liam Mac a’Mhaoir, iriseoir, Corcaigh.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé Máirt 28 Eanáir 2020.

Adhmhaidin: Dé Máirt 28 Eanáir 2020.

 
Annie Uí Chadhain, as Doirín Glas, Leitir Móir.

Annie Uí Chadhain, as Doirín Glas, Leitir Móir.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Malairt Poirt le Muireann

Malairt Poirt le Muireann

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís