Nuacht an Tuaiscirt: 10 Eanáir

Nuacht an Tuaiscirt: 10 Eanáir

Leabhar scoile

Deir Príomhoidí trí scoil náisiúnta in iarthuaisceart Dhún na nGall go bhfuil siad go mór in ísle brí mar nach mbeidh siad in ann tairbhe a bhaint as ciste ar fiú milliún euro é le leabharthaí úra a cheannacht a d'fhógair an tAire Oideachais Joe Mc Hugh.  

Níl Scoil Náisiúnta Rann na Feirste, Mhín Tine De nó Gort an Choirce i scéim Deis, rud a fhágann nach bhfuil siad in ann tairbhe a bhaint as scéimeanna a chuireann tacaíochtaí airgid ar fáil do scoltacha atá i gceantair atá faoi mhíbhuntáiste.

Deir na príomhoidí go bhfuil deacrachtaí móra airgid acu sna scoltacha agus nach bhfuil sé ceart nó cothrom nach bhfuil aitheantas DEIS faighte acu go fóill.

Níl cothromaíocht ar bith i scéim ar bith de chuid na Roinne Oideachais nó an Stáit, dar le Príomh Oide Scoil Náisiúnta Mhín Tine na Dé in Ard an Ratha, Áine Nic Giolla Bhríde.

Dúirt sí nach bhfuil sé ceart go bhfuil a scoil féin fágtha ar lár arís maidir le tacaíocht airgid de.  

Dúirt Príomh Oide Scoil Náisiúnta Ghort an Choirce, Patricia Uí Earlaigh go raibh pobal na scoile iontach briste inné nuair a fuair siad eolas gur fágadh an scoil ar lár arís.  

Tá feachtas ar bun le fada ag údaráis na scoile le stádas DEIS a fháil, agus dúirt sí gur ábhar díoma iad a bheith fágtha ar lár arís.

Otharlann Leitir Ceanainn

123 othair a chaith tréimhsí ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn an tseachtain seo de réir figiúirí ó Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann.  

Thit líon na ndaoine a bhí ar thralaithe de réir mar a bhí an tseachtain ag gabháil thart.

Bhí 47 ar thralaithe san otharlann De Máirt, seachtar atá ar thralaithe inniu.  

3,143 othair a bhí ar thralaithe an tseachtain seo in otharlanna na tíre. 

Luas

Tá Gardaí Dhún na nGall ag tabhairt rabhadh do thiománaithe gan a bheith ag tiomáint róghasta agus ag sárú na teorainneacha luais.  

Deir Gardaí gur cláraíodh carr ag tiomáint ag luas 157km san uair ar dhé bhealach Leitir Ceanainn aréir le linn do bhóithre a bheith fliuch.  

Níl leithscéal ar bith ag tiománaithe a bheith ag tiomáint ar an luas ard seo a deir na Gardaí agus d'impigh siad ar thiománaithe cloí leis na teorainneacha luais ar mhaithe le beatha daoine a chosaint.

Rúnaithe scoile

Beidh rúnaithe scoile i nDún na nGall i measc na rúnaithe a bheas ag dul i mbun stailce inniu, ina n-iarrachtaí deireadh a chur leis an chóras reatha, ina bhfuil dhá chineál chóras pá agus coinníollacha oibre do rúnaithe i scoileanna.  

Deir an ceardchumann Fórsa go bhfuil comhráití ar siúl ó mhí Dheireadh Fómhair, agus gur masla an tairiscint a rinneadh daofa méadú pá de 1.5% a thairiscint, agus nach raibh an dara rogha acu ach a dhul i mbun stailce inniu le haird a dhíriú ar an fhadhb.  

Caithfear comhionannas pá agus coinníollacha oibre níos fearr a thabhairt do Rúnaithe Scoileanna, a dúirt Kathleen O'Doherty, Rúnaí Scoile i Leitir Ceanainn, agus ball de cheardchumann Fórsa.

Dúirt Kathleen O'Donnell go bhfuil ar go leor dena rúnaithe íocaíochtaí leasa shóisialaigh a lorg i rith an tsamhraidh, agus go bhfuil go leor ag maireachtáil ar thuarastail de dhá mhíle dhéag euro sa bhliain.

Íoctar pá níos airde leis na rúnaithe scoile atá fostaithe go díreach ag an Roinn Oideachais agus Scileanna, i gcomparáid leis na rúnaithe atá fostaithe ag na scoileanna iad féin.

Clós súgartha

Tá clós súgartha Naomh Muire i Srath na Corcra i nGaoth Dobhair druidte ag Comhairle Contae Dhún na nGall faoi láthair, de bharr imní faoi chúrsaí sláinte agus sábháilteachta.  

Dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na háiseanna ag an chaighdeán atá riachtanach chomh luath agus is féidir.  

Deir sé go bhfuil úsáid fhorleathan a bhaint as an chlós súgartha seo, ag cónaitheoirí in eastáit Chlós Naomh Muire, chomh maith le baill den phobal agus naíonra na Crannóige atá béal dorais de.  

Tá sé ag iarraidh ar an Chomhairle Contae áit trasnaithe do choisithe a chur ar fáil ar an phríomh bhealach in aice an chlóis súgartha, le deis a thabhairt do pháistí ón naíonra agus baill den phobal an bealach a thrasnú go sábháilte. 

Scéim Sparánachta

Deir Réamann Ó Ciaráin, Bainisteoir Réigiúnach Chúige Uladh de Ghael Linn go bhfuil tábhacht mhór le Scéim Sparánachta Líofa Ghaeltachta ata foscailte anois.  

Tá an Scéim dírithe ar dhaltaí óna 6 Chondae ar mhaith leo freastal ar Choláistí Gaeilge i dTír Chonaill agus tá 9 gColáiste Gaeilge i dTír Chonaill páirteach sa scéim.  

Dúirt sé go bhfuil an Scéim dírithe ar dhaoine atá ar ioncaim íseal, seo daoine   nach mbeadh sé d'acmhainn acu freastal ar Choláiste Samhraidh agus gur fiú £55,000 an scéim.

Rinne níos no mo 2,000 duine iarratas ar Scéim Líofa o bunaíodh an scéim sa bhliain 2012 agus ceadaíodh sparánacht do 756 duine.

Gardaí

Chaill cúigear ball den Gharda Síochána i nDún na nGall ar a laghad lá amháin oibre anuraidh mar gheall ar ionsaithe a rinneadh orthu le linn daofa a bheith i mbun dualgaisí.  

162 Garda ar fud na tíre a chaill lá oibre agus chaill 52 baill, ar a laghad, mí amháin oibre, mar gheall ar ionsaithe a rinneadh orthu.

Deir Cumann Ionadaí na nGardaí go bhfuil géarghá go mbeadh ceamraí slándála a n-iompar ag Gardaí ar a gcorp lena gcosaint agus iad i mbun a gcuid oibre.

Seirbhísí dóiteáin

Dhéanfar breis agus €7.2m a chaitheamh ar sheirbhísí dóiteáin Dhún na nGall le linn na bliana seo.  

Tá 147 duine sa tseirbhís ag plé le seirbhísí dóiteáin, i gcúig cinn déag de stáisiúin dóiteáin sa chontae chomh maith le dhá bhriogáid dóiteáin deonach.  

Tá chor a bheith €4m a chur ar fáil ag an Chomhairle Contae do chostais foirne don bhliain agus milliún euro eile d'fhoirgnimh agus do threalamh agus feithicil.  

Lena chois sin tá €200,000 a chur ar fáil do chláir traenála do bhaill na seirbhíse le linn 2020.

Sábháilteacht


Duine amháin a maraíodh ar an láthair oibre i nDún na nGall le linn na bliana anuraidh, de réir figiúirí atá eisithe ag an Údarás Sláinte agus Sábháilteachta.  

Léiríonn figiúirí náisiúnta gur earnáil na feirmeoireachta an earnáil is contúirtí, áit ar maraíodh ochtar déag go náisiúnta anuraidh.  

Deir an HSA go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí eolas ar fáil go rialta maidir le cúrsaí sábháilteachta ar an láthair oibre.

Corn an Dr Mhic Cionnaith

Tá cinneadh déanta ag Cumann Lúthchleas Gael Dhún na nGall tarraingt amach as Comórtas Chorn an Dr Mhic Cionnaith.  

Bhí Dún na nGall le castáil ar Mhuineacháin sa chluiche leathcheannais De Domhnaigh ar Pháirc Bhrewster agus deir siad gur leas na n-imreoirí an fáth a bhfuil an cinneadh seo déanta.  

Deir CLG Dhún na nGall go bhfuil deacrachtaí acu painéal a chur le chéile don chluiche mar gheall ar ghortaithe, tinneas, agus triúr déag dá n-imreoirí a bheith ag imirt i gcomórtas Sigerson ag an deireadh seachtaine.

Thug siad le fios fosta go bhfuil foireann faoi 20 na contae ag imirt in éadan Ros Comáin De Satharn agus nach dtiocfaí úsáid a bhaint astú sin ach oiread.  

Rinne Bainisteoir fhoireann sinsear na contae cáineadh le gairid ar dhátaí imeartha Chomórtas Chorn an Dr Mhic Cionnaith as siocar go mbíonn comórtais eile, macasamhail Sigerson, ar siúl ag an am chéanna.

Beo

Scoth an Déardaoin

Scoth an Déardaoin

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Caitlín Ní Chualáin;Tair an Ghaillimh

Caitlín Ní Chualáin;Tair an Ghaillimh

 
Doireann Ní Ghlacáin agus Brian O Loughlin; caint agus ceol

Doireann Ní Ghlacáin agus Brian O Loughlin; caint agus ceol

 
Cárthach Mac Craith;Athchúrsáil ar bheoir!

Cárthach Mac Craith;Athchúrsáil ar bheoir!

 
An Saol ó Dheas 13ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 13ú Lúnasa 2020

 
Deirdre Ni Bhraonáin, ó Chluain na dTor.

Deirdre Ni Bhraonáin, ó Chluain na dTor.

 
Bríd Connor as Bun Dobhráin.

Bríd Connor as Bun Dobhráin.

 
Micheál Ó Duibhir ón GTeic ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair.

Micheál Ó Duibhir ón GTeic ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair.

 
An Dr. Eamonn Coyle, Dochtúir Teaghlaigh i Leitir Ceanainn.

An Dr. Eamonn Coyle, Dochtúir Teaghlaigh i Leitir Ceanainn.

 
Joseph Molloy ó Ollmhargadh Molloys, sna Doirí Beaga agus Eddie Mac Pháidín, ó Ollmhargadh Centra ar an Fhál Carrach.

Joseph Molloy ó Ollmhargadh Molloys, sna Doirí Beaga agus Eddie Mac Pháidín, ó Ollmhargadh Centra ar an Fhál Carrach.

 
Frances Nic Geadaigh ó seomra na Nuachta.

Frances Nic Geadaigh ó seomra na Nuachta.

 
Barrscéalta, Clár Iomlán, 13/08/2020.

Barrscéalta, Clár Iomlán, 13/08/2020.

 
Póilín Ní Chiaráin, Iriseoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, Iriseoir, Béal Feirste.

 
Nuala Ní Chonghaile, Tuairisceoir RTÉ Raidió na Gealtachta.

Nuala Ní Chonghaile, Tuairisceoir RTÉ Raidió na Gealtachta.

 
Frances Nic Géadaigh, Tuairisceoir RnaG, & Shane Smyth, Oifigeach Turasóireachta Bhun Dobhráin.

Frances Nic Géadaigh, Tuairisceoir RnaG, & Shane Smyth, Oifigeach Turasóireachta Bhun Dobhráin.

 
An Dr. Paul Morrison, Dochtúir Teaghlaigh.

An Dr. Paul Morrison, Dochtúir Teaghlaigh.

 
An tOllamh Breandán Mac Suibhne, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

An tOllamh Breandán Mac Suibhne, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge.

 
Irial Ó Ceallaigh, Déiseach i mBéal Feirste.

Irial Ó Ceallaigh, Déiseach i mBéal Feirste.

 
Daithí Ó Cualáin, Comhairleoir Contae.

Daithí Ó Cualáin, Comhairleoir Contae.

 
Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmaidin: Déardaoin 13 Lúnasa 2020.

Adhmaidin: Déardaoin 13 Lúnasa 2020.

 
Seán Ó Ceallaigh; Ómós don dTeachta Dála PJ Sheahan atá ar lár

Seán Ó Ceallaigh; Ómós don dTeachta Dála PJ Sheahan atá ar lár

 
Risteard Ó Fuaráin;Cros i mBaile Uí Thaidhg

Risteard Ó Fuaráin;Cros i mBaile Uí Thaidhg

 
Seán Óg Ó Duinín;Prappáil d'oscailt na scoile

Seán Óg Ó Duinín;Prappáil d'oscailt na scoile

 
Tuairisc ar imeachtaí 1920 i gCorcaigh.

Tuairisc ar imeachtaí 1920 i gCorcaigh.

 
Aoife Grainbhéil;Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne.

Aoife Grainbhéil;Ionad Cultúrtha Bhaile Mhúirne.

 
An Saol ó Dheas 12ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 12ú Lúnasa 2020

 
Margaret Doohan, ó Lóistín na Seamróige ar an Fhál Carrach

Margaret Doohan, ó Lóistín na Seamróige ar an Fhál Carrach

 
Paddy Browne, comhairleoir talmhaíochta le Teagasc.

Paddy Browne, comhairleoir talmhaíochta le Teagasc.

 
Seán Ó Daimhín, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Seán Ó Daimhín, Oifigeach Gaeilge, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Seán Ó Conacháin, as an Fhál Carrach.

Seán Ó Conacháin, as an Fhál Carrach.

 
Áine Ní Bhreisleáin, sheomra na nuachta.

Áine Ní Bhreisleáin, sheomra na nuachta.

 
Barrscéalta, Clár iomlán, 12/08/2020

Barrscéalta, Clár iomlán, 12/08/2020

 
Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhóir

Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh, Bainisteoir Chomharchumann Árainn Mhóir

 
Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Contae.

Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Contae.

 
Breandán Ó Dufaigh, Príomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán.

Breandán Ó Dufaigh, Príomhoide Choláiste Oiriall i Muineachán.

 
Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga.

Rónán Ó Domhnaill, Coimisinéir Teanga.

 
Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae.

Pádraig Mac an Iomaire, Comhairleoir Condae.

 
Majella Uí Ghallachóir, Acaill.

Majella Uí Ghallachóir, Acaill.

 
Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

Áine Ní Chiaráin, Tráchtaire Polaitíochta.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé Céadaoin 12 Lúnasa 2020.

Adhmhaidin: Dé Céadaoin 12 Lúnasa 2020.

 
An Saol ó Dheas 11ú Lúnasa 2020

An Saol ó Dheas 11ú Lúnasa 2020

 
Sonia Nic Giolla Easpaig ó Choiste 'Bád Eddie'.

Sonia Nic Giolla Easpaig ó Choiste 'Bád Eddie'.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís