Nuacht an Tuaiscirt: 9 Eanáir

Nuacht an Tuaiscirt: 9 Eanáir

Leabhair scoile

Tá sé fógartha inniu ag an Aire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh go mbeidh 20 bunscoil i nDún na nGall ag baint tairbhe as ciste ar fiú milliún euro é le leabhraí úra a chéannacht.

I measc na scoileanna, tá trí scoil i nGort a Choirce, Scoil Fhionáin, ar an Fhál Carrach, Scoil Naisiúnta Loch an Iúir, Scoil Náisiúnta Árainn Mhór, Scoil Náisiúnta na nDuchoraidh, Scoil Naomh Cholmcille, Toraí, Scoil Bhríghde, Mín a Chladaigh, Scoil Naomh Dubhthach, Machaire Uí Rabhartaigh agus Scoil Náisiúnta Chill Taobhóige, An Clochán.

Seo airgead breise atá a chur ar fáil faoi chlár DEIS le cur leis an airgead atá ceadaithe chéanna féin ag an Roinn.

Dúirt an tAire McHugh go mbainfidh níos mó ná 1,000 páiste i nDún na nGall tairbhe as an mhaoiniú seo.

Leapacha breise

Deir an Seanadóir Pádraig Mac Lochlainn nach ndéanfaidh na deich cinn de leapacha breise a fosclaíodh in Otharlann Leitir Ceanainn le gairid, go leor le dhul i  ngleic leis an ghéarchéim maidir le plódú san otharlann.

Tá brú leanúnach ar Otharlann Leitir Ceanainn de bharr easpa leapacha ó thús na bliana, agus tá daoine ag fulaingt dá bharr, a dúirt an Seanadóir Pádraig Mac Lochlainn.

Cé gur cuireadh deich cinn d'leapacha breise ar fáil ní leor seo go hairithe nuair nach mbeidh na leapacha seo ar fáil ach go dtí Mí Mhárta na bliana seo, a dúirt an Seanadóir Mac Lochlainn.

Tá an Seanadóir Pádraig Mac Lochlainn ag iarraidh ar an Aire Sláinte, Simon Harris soiléiriú a dhéanamh ar cé'n uair a bheidh an bharda ghearrthréimhseach a ath-oscailt go hiomlán le brú a bhaint de leapacha san otharlann.

Gheall an Rialtas go mbeadh an bharda ghearrthréimhseach foscailte go hiomlán cúig mhí dhéag o shoin ach níl ach leath dena naoi cinn déag de leapacha foscailte go dtí seo, a dúirt an Seanadóir Mac Lochlainn.

Daoine faoi mhíchumas
Deir Roseleen Mhic Gairbheith as Gaoth Dobhair atá i gCathaoir Rotha, nach bhfuil foirgnimh phoiblí ag cloí le rialacha atá leagtha sios do dhaoine faoi mhíchumas.

Dúirt sí nach bhfuil go leor monatóireachta a dhéanamh ag Oifigigh Pleanála le cinntiú go bhfuil foirgnimh ag cloí leis an rialacha mar atá a dhéanamh ag Oifigigh Dóiteáin.

Dúirt sí fosta nach bhfuil go leor aiteacha parcála i Leitir Ceanainn go dhaoine le mi chumas.

Árainn Mhór

Beidh Aire Stáit na Gaeltachta, an Teachta Dála Seán Kyne agus feidhmeannaigh ó Roinn na Gaeltachta ag castáil le pobal oileán Árainn Mhór an tseachtain seo chugainn le haiseolas a fháil uathu faoi riachtanais an oileáin.

Tabharfar deis do phobal Árainn Mhór cur síos a dhéanamh ar na dúshláin atá bainteach le cónaí ar oileán le cois na riachtanais atá acu mar phobal oileáin.

Deir Bainisteoir Chomharchumann Oileán Árainn Mhór, Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh, gur  deis iontach é seo do phobal an oileáin lena dtuairimí a chur os comhar Roinn na Gaeltachta.

Is ar an Mháirt seo chugainn a bheas an ócáid seo ar siúl, in Ionad Pobail Árainn Mhór ar 1.30.

Toghadh Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh as Árainn Mhór mar bhall de Bhord Chomhar na nOileán le gairid. Tá sí ar dhuine de ionadaithe oileáin Dhún na nGall ar Bhord Chomhar na nOileán.

Cuireann Bord Chomhar na nOileán Scéim Leader na nOileán i bhfeidhm.

Deir Nóirín Uí Mhaoldomhnaigh go bhfuil sé iontach tábhachtach go bhfuil pobal na n-oileán ar an eolas faoin chiste seo.

Eolaí Óg na Bliana

Tá 23 togra ó mheánscoileanna i nDún na nGall páirteach i gcomórtas  Eolaí Óg na Bliana ata ar siúl faoi láthair san RDS .

Tá sé cinn de thograí ó Choláiste Ailigh i Leitir Ceanainn i measc na dtograí ó scoileanna Dhún na nGall atá páirteach sa chomórtas.

Tá 4 thogra ó Phobalscoil Ghaoth Dobhair agus trí thogra ó Ghairmscoil na Mainistreach, Baile Dhún na nGall, Coláiste Mhagh Éne, Bun Dobhráin agus Scoil Mhuire, Bun Cranncha agus tograí fosta o Choláiste na Maolruaidh  Baile na nGallóglach agus Coláiste Naomh Adhmhnáin Leitir Ceanainn.

I measc na dtograí, tá staidéar déanta ag Coláiste Pobail Loreto i mBaile na nGallóglach ar thruailliú soilse in iarthar Dhún na nGall agus tograí ag Coláiste Magh Ene ar Thionchar na Breatimeachta ar fheirmeoirí o thuaidh agus theas. Fógrófar buaiteoirí an chomórtais tráthnóna amárach. 

Beidh an clár Bladhaire a chraoladh beo on Chomórtas inniu idir 3 agus 5.

Rátaí gnó

Ní féidir, de réir na reachtaíochta a bhaineann le rátaí gnó, faoiseamh nó lascaine i rátaí gnó a thabhairt do lucht gnó a raibh tionchar ag oibreacha bóthair ina gceantair ar a ngnó, de réir Stiúrthóir Rannóg Airgeadais Chomhairle Contae Dhún na nGall, Richard Gibson.

Dúirt sé é sin agus é ag tagairt de rún ón Chomhairleoir Contae Dónal Coyle, a lorg faoisimh i rátaí gnó do lucht gnó i Leitir Ceanainn, áit ar dhúirt sé go raibh tionchar mór ar oibreacha bóthair ar a dteacht isteach i mbliana.  

I gcás oibreacha bóthair a bhíonn faoi chúram na Comhairle Contae, déanann an Chomhairle achan iarracht i gcónaí gan cur isteach, oiread is féidir ar lucht gnó, a dúirt an Stiúrthóir Airgeadais.

Dúirt sé fosta go bhfuil an Chomhairle i gcónaí lán sásta a bheith ag plé le lucht gnó maidir le dóigheanna le rátaí gnó a íoc, agus mhol sé do lucht gnó teagmháil a dhéanamh leis an Chomhairle má bhíonn aon fhadhb acu maidir le híoc rátaí gnó.

Rátáil fuinnimh

Tá €4m caite ag Comhairle Contae Dhún na nGall go dáta le feabhas a chur ar rátáil fuinnimh i dtithe cónaithe.  

Go dtí seo rinneadh uasghrádú ar rátáil fuinnimh 2,500 teach cónaithe sa chontae faoin scéim seo.

Beidh iarratas eile ar mhaoiniú le leanstan den obair seo a dhéanamh ag an Chomhairle le go mbeidh sé ar a gcumas leanstan den obair seo le linn 2020.  

Is ar thithe atá i seilbh na Comhairle féin atá an scéim seo dírithe air.

Beo

Ceol na Maidine

Ceol na Maidine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tuairisc Spóirt

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Méabh Ní Bheaglaoích

Méabh Ní Bheaglaoích

 
Sylvester Mac uidhir.

Sylvester Mac uidhir.

 
Andy Caomhánach.

Andy Caomhánach.

 
Pól Ó Gallachóir.

Pól Ó Gallachóir.

 
Diane Ní Chanainn.

Diane Ní Chanainn.

 
Dónall Mac A Bhaird.

Dónall Mac A Bhaird.

 
Máire Uí Chomhaill.

Máire Uí Chomhaill.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta Dé Luain 24-02-2020.

Barrscéalta Dé Luain 24-02-2020.

 
Seán Bán Breathnach, tráchtaire spóirt.

Seán Bán Breathnach, tráchtaire spóirt.

 
Micheál Ó Gliasáin, Comhairle Condae, Ciarraí.

Micheál Ó Gliasáin, Comhairle Condae, Ciarraí.

 
Daithí Ó Cualáin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Daithí Ó Cualáin, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Pacáiste tuillte, Caitlín Ní Chualáin.

Pacáiste tuillte, Caitlín Ní Chualáin.

 
Oisín Montanari, mac léinn, An Iodáil.

Oisín Montanari, mac léinn, An Iodáil.

 
Dinny Mc Ginley, iar-aire stáit & Seán Ó Neachtain, feisire Eorpach.

Dinny Mc Ginley, iar-aire stáit & Seán Ó Neachtain, feisire Eorpach.

 
Máire Ní Chochláin, iarthánaiste.

Máire Ní Chochláin, iarthánaiste.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé Luain 24 Feabhra 2020.

Adhmhaidin: Dé Luain 24 Feabhra 2020.

 
Maria Schäler

Maria Schäler

 
Emmet Ryan

Emmet Ryan

 
Gráinne Ní Aodha, The Journal & Seosamh Ó Cuaig, Iar Chomhairleoir Condae, tráchtaire agus colúnaí le Tuairisc.ie

Gráinne Ní Aodha, The Journal & Seosamh Ó Cuaig, Iar Chomhairleoir Condae, tráchtaire agus colúnaí le Tuairisc.ie

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

 
Donnchadh Ó Laoghaire, TD Shinn Féin & Fergus Ó Dowd, TD Fine Gael

Donnchadh Ó Laoghaire, TD Shinn Féin & Fergus Ó Dowd, TD Fine Gael

 
Éamon Mallie, iriseoir

Éamon Mallie, iriseoir

 
Tús Áite

Tús Áite

 
Gradam Ceoil Tg4: Doireann Ní Ghlacáin

Gradam Ceoil Tg4: Doireann Ní Ghlacáin

 
Seannós na Fearsaide : Daithí Mac Uaid

Seannós na Fearsaide : Daithí Mac Uaid

 
Mír ceoil : Emma Ní Chearúil

Mír ceoil : Emma Ní Chearúil

 
Ted Fest : Máirtín Ó Gríofa

Ted Fest : Máirtín Ó Gríofa

 
Ruairí Ó Dúlaing : Páirceanna poiblí

Ruairí Ó Dúlaing : Páirceanna poiblí

 
Ceol beo : Niamh McElduff agus Jack Warnock

Ceol beo : Niamh McElduff agus Jack Warnock

 
Na deá-scéalta le Colm Mac Gearailt

Na deá-scéalta le Colm Mac Gearailt

 
Bladhaire : Clár iomlán Dé hAoine 21/02/20

Bladhaire : Clár iomlán Dé hAoine 21/02/20

 
Mark Harte & Damien Ó Domhnaill.

Mark Harte & Damien Ó Domhnaill.

 
Danny & Mary Collins.

Danny & Mary Collins.

 
Caoimhín Mac Aoidh.

Caoimhín Mac Aoidh.

 
An Cllr. Anthony Molloy.

An Cllr. Anthony Molloy.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine 21-02-2020.

Barrscéalta Dé hAoine 21-02-2020.

 
Julian de Spáinn, Ardrúnaí, Conradh na Gaeilge.

Julian de Spáinn, Ardrúnaí, Conradh na Gaeilge.

 
Albert Doherty, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Albert Doherty, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Mícheál Ó hEidhin, Ollamh Emeritus le Ceimic, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Mícheál Ó hEidhin, Ollamh Emeritus le Ceimic, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

 
Aoife Ní Shúilleabháin, oifigeach tionsclaíoch, SIPTU.

Aoife Ní Shúilleabháin, oifigeach tionsclaíoch, SIPTU.

 
Mícheál Ó Conchubhair, Coiste an Réigiún, An Bhruiséil.

Mícheál Ó Conchubhair, Coiste an Réigiún, An Bhruiséil.

 
An t-Ollamh  Martin Cormican, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

An t-Ollamh Martin Cormican, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bladhaire

Bladhaire

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís