Nuacht an Tuaiscirt: 8 Eanáir

Nuacht an Tuaiscirt: 8 Eanáir

Conspóid faoin RIC

Deir Cathaoirleach Fhine Gael i nDún na nGall, Harold Ó Dochartaigh go ndearna páirtí Fhine Gael botún san chomóradh a bhí a eagrú acu don RIC agus Póilíní ó Mhórchathair Bhaile Átha Cliath.

Tá ceachtanna le foghlaim ag Fine Gael ó seo, agus caithfear éisteacht le fearg an phobail faoin cheist, a dúirt sé, in agallamh ar  Bharrscéalta inniu.

Ba cheart don Rialtas a bheith níos soiléire faoi cén cineál comóradh nó ócáid a bhí beartaithe acu a eagrú, a dúirt an Dr Maebha Ní Bhaoill.

Dúirt sí gur bhfearr aitheantas a thabhairt sa chás seo seachas comóradh a dhéanamh.

Thug páirtí Fhine Gael deis do phobal na tíre ionsaí a dhéanamh orthu lena gcinneadh gan chéill comóradh dá mhacasamhail seo a eagrú, a deir an Leas Cheann Comhairle, An Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir.

Dúirt sé ar Bharrscéalta inniu gur mhuscail an phlé agus an díospóireacht ar fad faoin chonspóid a chruthaigh Fine Gael, suim i measc an aois óig, san tréimhse sin i stair na tíre.

Cé go bhfuil fáilte curtha ag an Chomhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh ó Shinn Féin roimh an fhógra go bhfuil an comóradh a bhí beartaithe curtha ar athló, caithfear a chur ar ceal go hiomlán, a dúirt sé.

Dúirt sé gur ábhar náire don Rialtas comóradh mar seo a chur ar bun, agus nár cheart a leithid a eagrú.

Otharlann Leitir Ceanainn

Fiche othar atá ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn inniu.

Sin laghdú de sheacht n-othar agus fiche ar líon na n-othar a bhí ar thralaithe inné.

621 othair atá ar thralaithe in otharlanna na tíre inniu agus iad ag fanacht ar leapacha.

Conspóid faoin RIC

Dúirt 36 Comhairleoir as 37 Comhairleoir Contae i nDún na nGall, i suirbhé a rinne Nuacht an Tuaiscirt,  nár cheart do Chomhairle Contae Dhún na nGall a bheith páirteach i gcomóradh ar an RIC agus Póilíní ó Mhórchathair Bhaile Átha Cliath, a bhí beartaithe don seachtú lá déag den mhí, agus atá curtha ar athló anois.

Dúirt na Comhairleoirí Martin Harley agus Jimmy Kavanagh ó Fhine Gael gur cheart an ócáid a chur ar ceal, agus athbhreithniú a dhéanamh ar mar a shocraítear ócáidí mar seo.

Is iarracht an comóradh seo chun aird a dhíriú ar shiúl ón ghéarchéim sláinte agus tithíochta, ag am go bhfuil níos mó othair na riamh ar thralaithe, a deir Príomh Aoire Fhianna Fáil, An Comhairleoir Ciarán Brogan.

Dúirt an Comhairleoir Bernard McGuinness ó Fhine Gael nach bhfuil fadhb aige leis an chomóradh agus nach mbeadh sé i gcoinne ionadaí ón Chomhairle a bheith i láthair.

Dúirt Cathaoirleach na Comhairle, an Comhairleoir Nicholas Crossan, go raibh cuireadh faighte aige, ach nach mbeadh sé in ann freastal de bharr imeacht eile an lá céanna, ach ní aontaíonn sé gur cheart ionadaíocht a bheith ag an Chomhairle ag an ócáid.

Tá daoine iontach tógtha agus feargach faoin imeacht seo a bheith ar siúl, agus níor cheart aon bhaint a bheith ag an Chomhairle leis an imeacht, a dúirt an Leas Chathaoirleach, Niamh Kennedy.

Dúirt Príomh Aoire Shinn Féin sa Chomhairle, An Comhairleoir Marie Therese Ní Ghallachóir gur cinnte go ndéanfaidh an ócáid seo damáiste do Fhine Gael agus go bhfuil céad chodán mór den phobal glan i gcoinne an chomórtha.

Conspóid faoin RIC

Chuir an Seanadóir Pádraig MacLochlainn fáilte roimh chinneadh an rialtais an Chomóradh a chur ar athló, ach dúirt sé nach leor é seo agus gur cheart don rialtas an ócáid a chur ar ceal go hiomlán.

Dúirt sé go raibh sé náireach go raibh an rialtas ag eagrú na hócáide seo sa chéad áit agus go raibh daoine tógtha agus feargach faoin ócáid seo a bheith ar siúl.

Céim chun tosaigh atá anseo anois gur shocair an Rialtas an chomóradh a chur ar athló ach caithfear a chinntiú anois go mbeidh sé curtha ar ceall agus caithfidh an rialtas admháil go bhfuil ceachtanna foghlamtha acu anois dá bharr, a dúirt an Seanadóir MacLochlainn.

Conspóid faoin RIC

Mhol Príomh Aoire Shinn Féin sa Chomhairle an Comhairleoir Marie Therese Ní Ghallachóir an chinneadh a rinne Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Comhairleoir Nicholas Crossan gan freastal a dhéanamh ar an chomóradh.

Dúirt an Comhairleoir Ní Ghallachóir go gcuireann sí fáilte roimh an chinneadh nach mbeadh ionadaí de chuid na Comhairle Condae ag freastal ar an ócáid go hoifigiúil agus thréaslaigh sí leis an Chathaoirleach Nicholas Crossan as an obair a rinne sé le cupla lá anuas ar an ábhar.

In ainneoin gur chur an Rialtas an ócáid seo ar athló, tá sé fíor thábhachtach anois go ndéanfar taifead phoiblí ar an seasamh atá ag Comhairle Condae Dhún na nGall ar an ábhar seo agus go bhfuil pobal na Condae .curtha ar an eolas maidir leis an cheist, a dúirt sí.

Dúirt an Comhairleoir Ní Ghallachóir gur scríobh sí chuig Cathaoirleach na Comhairle Condae ag iarraidh go ndéanfar an t-ábhar a phlé ag cruinniú na Comhairle Condae ar an mhí seo ionas gur féidir le baill den Chomhairle a dtuairimí fhéin ar an ábhar a chur i n-iúl go poiblí.

Bord Fiontar

Tá Ceannasaí Bhord Fiontar Dhún na nGall, Micheál Ó Tonnaigh ag moladh do Ghnóanna Bia i nDún na nGall Clárú leis an Ghréasan Cósta Bia.

Dúirt sé go bhfuil cliú ar Dhún na nGall ó thaobh caighdeán bia de agus go bhfuil an earnáil fíor thábhachtach d'eacnamaíocht na Contae agus deiseanna móra fostaíochta.  

Dúirt sé go bhfuil cuid mhór Comhlachtaí Bi sa Chontae agus tá sé ag moladh do tháirgeoirí agus do shóláthróirí clárú leis an Ghnéasan Bi le  tairbhe agus le tacaíocht a fháil ón Ghréasán agus eolas a fháil ó Chomhlachtaí eile.  

Glacadh d'aon ghuth le rún ón Chomhairleoir Contae Albert Doherty ag cruinniú de Chomhairle Contae Dhún na nGall le gairid, scríobh chuig an Rialtas faoi imní an choiste maidir leis an Breatain a bheith ag tarraingt siar ó Chonbhinsiún Iascaigh Londain.  

Dúirt an Comhairleoir Albert Doherty go bhféadfaí tionchar diúltach a bheith ag an chinneadh seo ar an earnáil iascaireachta in Inis Eoghain.  

D'iarr sé ar an Rialtas fosta a dhul i mbun comhráití le Rialtas na Breataine faoin úinéireacht a measann siad atá acusan ar Loch Feabhail, agus a theacht ar réiteach ar an cheist sin.

Caithfear achan iarracht a dhéanamh cosaint agus caomhnú a dhéanamh ar earnáil na hiascaireachta i Loch Feabhail, a dúirt an Comhairleoir Doherty.

Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Ceol na Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Sylvester Mac uidhir.

Sylvester Mac uidhir.

 
Andy Caomhánach.

Andy Caomhánach.

 
Pól Ó Gallachóir.

Pól Ó Gallachóir.

 
Diane Ní Chanainn.

Diane Ní Chanainn.

 
Dónall Mac A Bhaird.

Dónall Mac A Bhaird.

 
Máire Uí Chomhaill.

Máire Uí Chomhaill.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta Dé Luain 24-02-2020.

Barrscéalta Dé Luain 24-02-2020.

 
Maria Schäler

Maria Schäler

 
Emmet Ryan

Emmet Ryan

 
Gráinne Ní Aodha, The Journal & Seosamh Ó Cuaig, Iar Chomhairleoir Condae, tráchtaire agus colúnaí le Tuairisc.ie

Gráinne Ní Aodha, The Journal & Seosamh Ó Cuaig, Iar Chomhairleoir Condae, tráchtaire agus colúnaí le Tuairisc.ie

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

 
Donnchadh Ó Laoghaire, TD Shinn Féin & Fergus Ó Dowd, TD Fine Gael

Donnchadh Ó Laoghaire, TD Shinn Féin & Fergus Ó Dowd, TD Fine Gael

 
Éamon Mallie, iriseoir

Éamon Mallie, iriseoir

 
Tús Áite

Tús Áite

 
Gradam Ceoil Tg4: Doireann Ní Ghlacáin

Gradam Ceoil Tg4: Doireann Ní Ghlacáin

 
Seannós na Fearsaide : Daithí Mac Uaid

Seannós na Fearsaide : Daithí Mac Uaid

 
Mír ceoil : Emma Ní Chearúil

Mír ceoil : Emma Ní Chearúil

 
Ted Fest : Máirtín Ó Gríofa

Ted Fest : Máirtín Ó Gríofa

 
Ruairí Ó Dúlaing : Páirceanna poiblí

Ruairí Ó Dúlaing : Páirceanna poiblí

 
Ceol beo : Niamh McElduff agus Jack Warnock

Ceol beo : Niamh McElduff agus Jack Warnock

 
Na deá-scéalta le Colm Mac Gearailt

Na deá-scéalta le Colm Mac Gearailt

 
Bladhaire : Clár iomlán Dé hAoine 21/02/20

Bladhaire : Clár iomlán Dé hAoine 21/02/20

 
Mark Harte & Damien Ó Domhnaill.

Mark Harte & Damien Ó Domhnaill.

 
Danny & Mary Collins.

Danny & Mary Collins.

 
Caoimhín Mac Aoidh.

Caoimhín Mac Aoidh.

 
An Cllr. Anthony Molloy.

An Cllr. Anthony Molloy.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine 21-02-2020.

Barrscéalta Dé hAoine 21-02-2020.

 
Julian de Spáinn, Ardrúnaí, Conradh na Gaeilge.

Julian de Spáinn, Ardrúnaí, Conradh na Gaeilge.

 
Albert Doherty, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Albert Doherty, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Mícheál Ó hEidhin, Ollamh Emeritus le Ceimic, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Mícheál Ó hEidhin, Ollamh Emeritus le Ceimic, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

 
Aoife Ní Shúilleabháin, oifigeach tionsclaíoch, SIPTU.

Aoife Ní Shúilleabháin, oifigeach tionsclaíoch, SIPTU.

 
Mícheál Ó Conchubhair, Coiste an Réigiún, An Bhruiséil.

Mícheál Ó Conchubhair, Coiste an Réigiún, An Bhruiséil.

 
An t-Ollamh  Martin Cormican, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

An t-Ollamh Martin Cormican, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

 
Eimear McGovern

Eimear McGovern

 
Bláthnaid Ní Ghréacháin & Muireann Ní Mhóráin

Bláthnaid Ní Ghréacháin & Muireann Ní Mhóráin

 
Teachtaí Dála

Teachtaí Dála

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

 
33ú Dáil ag teacht le chéile

33ú Dáil ag teacht le chéile

 
Tús Áite

Tús Áite

 
Branar: Marc Mac Lochlainn

Branar: Marc Mac Lochlainn

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bladhaire

Bladhaire

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís