Nuacht an Tuaiscirt: 2 Nollaig

Nuacht an Tuaiscirt: 2 Nollaig

Gardaí Leitir Ceanainn

Ghabh Aonad Tráchta Ghardaí Leitir Ceanainn dhá tiománaí thar an deireadh seachtaine de bharr amhras a bheith orthu go raibh siad ag tiomáint faoi thionchar drugaí.

Stop na Gardaí carr i gceantar Bhaile an Raithin agus i ndiaidh tástáil drugaí a dhéanamh ar an tiománaí fuarthas go raibh an druga cannabas agus cocaine glactha aige.

Ghabh na Gardaí tiománaí i gceantar Chill Fhéich thar agus fuarthas go raibh an tiománaí ag tiomaint faoi thionchar cannabas.

Deir na Gardaí go bhfuil contúirt faoi leith ag baint le bheith ag tiomáint faoi thionchar drugaí agus nár cheart do thiománaithe a bheith ag tiomáint faoi thionchar aon drugaí. 

Otharlann Leitir Ceanainn

Leanann na deacrachtaí le plódú ar aghaidh in Otharlann Leitir Ceanainn inniu áit a raibh 42  othar ar thralaithe agus iad ag fanacht ar leapacha.  

Bhí otharlann Leitir Ceanainn ar an tríú otharlann a ba ghnothaí sa tír inniu áit a raibh 9 n-othar ar thralaithe agus iad ag fanacht ar leapacha san aonad timpiste agus éigeandála agus 33 othar sna bardaí, de réir figiúirí ó Chumann na nAltraí agus na mBan Chabhrach.

Tá Bainisteoir ginearálta na hotharlainne Seán Murphy ag cur i gcuimhne arís inniu do dhaoine go bhfuil cosc cuairt a thabhairt ar othair san otharlann de bharr an mhéadú a bhí ar líon na ndaoine le slaghdán a thug cuairt ar an otharlann le seachtain.

Tá an cosc i bhfeidhm san otharlann le hothair atá go dona tinn a chosaint.

Dúirt Seán Murphy nár cheart ach teaghlaigh na n-othar amháin cuairt a thabhairt ar an otharlann agus nach bhfuil cead isteach ach ag beirt in aon am amháin. 

Dóiteán

Rinneadh damáiste mhór do theach cónaithe i dtine i gceantar Inis Eoghain Theas aréir. Cuireadh fios ar na seirbhísí éigeandála i dtrátha an 7 a chlog aréir nuair a tugadh an tine faoi deara ag teach cónaithe i gceantair na Machaire Bige i mBun na hAbhainn.

Níor gortaíodh duine ar bith sa tine ach tuairiscítear go bhfuil damáiste mhór déanta don teach.

Tá scrúduithe ar bun anois le cúis na tine a aimsiú.

Charlie McConalogue

Léirigh an Teachta Dála Charlie McConalogue imní inniu maidir leis an mhoill atá le tús a chur le hoibreacha le cosc a chuir ar thuillte sa chondae.

Dúirt an Teachta McConalogue in ainneoin go gcuireann sé fáilte roimh an mhaoiniú a d'fhogair an tAire Kevin Boxer Moran nuair a thug sé cuairt ar an chondae ar an tseachtain is chuaigh thart, dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach anois go gcuirfear tús leis an bpróiseas níos gaiste ná mar atá faoi láthair.

Dúirt sé go bhfuil daoine sa chondae ag fulaingt mar gheall ar na dtuillte agus go gcaithfear tús a chur leis na hoibreacha seo ar bhun práinne.
 

Otharlann Leitir Ceanainn

Dúirt Príomhfheidhmeannach Saolta Tony Canavan go bhfuil se mar aidhm acu i gcónaí an barda 20 leaba in Otharlann Leitir Ceanainn a  oscailt.

Níl ach 10 leabaí den bharda foscailte faoi láthair mar gheall ar easpa airgid a dúirt sé ach tá súil aige go mbeidh níos mo airgid ar fáil don Otharlann ar an bhliain seo chugainn agus go mbeidh na 20 leaba foscailte.

Dúirt sé fosta go mbeidh siad ag díriú ar bhliain seo chugainn le níos mo seirbhísí a chur ar fail sa phobal leis an bhrú a bhaint  d'Otharlann Leitir Ceanainn.

Colm Cille 

Gheall Príomhfheidhmeannach  na Comhairle Condae Seamus Neely don Chomhairleoir Micheal Mc Bride go mbeadh maoiniú ar fail do chomóradh cúig chéad déag bliain Naomh Colm Cille i 2021.

Léirigh an Comhairleoir Mc Bride imní nach raibh ullmhúcháin ar bith ar siúl go fóill don chomóradh agus go raibh baint ag Colmcille le cuid mhór aiteacha sa chondae.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach go bhfuil €220,000 curtha i leathaobh ó Chiste Forbartha agus Caipiteal na Comhairle agus go bhfuil se i gceist duine a fhostú go lán aimseartha leis an chomóradh agus an ceiliúradh a reáchtáil.

Dúirt se go bhfuil súil aige go gcuirfear tús leis na hullmhúcháin taobh istigh de 3 mhí. Thug se le fios go bhfuil comhráití ar siúl ag an Chomhairle leis na heaglaisí ar na dóigheanna is fearr leis an ócáid a chomóradh.

Tuilte

Deir an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh  go bhfuil se tábhachtach go mbeadh níos mo comhoibriú idir Bord na nOibreacha Poiblí  agus  an Comhairle Condae sa dóigh is gur féidir an seal ama a ghlacann sé le hoibreacha  dírithe ar chosc ar thuilte a ghiorriú.

Dúirt sé go nglacann an próiseas  suas le 4 bliana   rud ata ag cur isteach ar an phobail i mBaile Dhún na nGall, Bealach Féich/ Srath an Urláir agus Inis Eoghain.

D'fhógair an tAire Kevin Boxer Moran allúntas ar fiú €12.5m le cosc a chuir ar thuilte in aiteacha airithe sa Chondae nuair a thug se cuairt ar an Chondae De hAoine.

Tithe folmha

Tá ceithre theach dhéag de chuid na Comhairle Contae folamh i gceantar bardais na nGleanntach i láthair na huaire.

Tá obair a dhéanamh nó le déanamh ar na tithe sin ar fad, agus dá bharr, níl teach ar bith atá folamh de chuid na Comhairle Contae sa cheantar bardais, réidh le ligean amach ar cíos le tionónaithe úra i láthair na huaire.

Is sna Rosa is mó a bhfuil tithe de chuid na Comhairle ina luí folamh faoi láthair, áit a bhfuil trí theach folamh in Ailt an Chorráin, teach amháin folamh ar an Dubhchorraidh, agus trí theach folamh ar an Chlochán Liath.

Beo

Scoth na Seachtaine

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Teach na Gaeilge UCD: Jamie Ó Flannúra

Teach na Gaeilge UCD: Jamie Ó Flannúra

 
Féile Nasc : Cormac Chambers

Féile Nasc : Cormac Chambers

 
Bleast Eolaíochta ESB : John Sharpson

Bleast Eolaíochta ESB : John Sharpson

 
Aoi sa Chathaoir : Peadar Ó Riada

Aoi sa Chathaoir : Peadar Ó Riada

 
Aifreann Gaeilge Bhéal Feirste : Séamus Mac Seáin

Aifreann Gaeilge Bhéal Feirste : Séamus Mac Seáin

 
Cócaireacht : Diarmuid Ó Mathúna

Cócaireacht : Diarmuid Ó Mathúna

 
Deirdre Walker: Ag filleadh ar chúrsaí oideachais

Deirdre Walker: Ag filleadh ar chúrsaí oideachais

 
Deá-scéalta na seachtaine : Eoghan Ó Loideáin

Deá-scéalta na seachtaine : Eoghan Ó Loideáin

 
Bladhaire Clár iomlán Aoine 17/01/20

Bladhaire Clár iomlán Aoine 17/01/20

 
Athrú aeráide i súile na muintire

Athrú aeráide i súile na muintire

 
Lorcán Ó Cinnéide; Ionad an Bhlascaoid

Lorcán Ó Cinnéide; Ionad an Bhlascaoid

 
An Saol ó Dheas 17ú Eanair 2020

An Saol ó Dheas 17ú Eanair 2020

 
Tomhas an Lae.

Tomhas an Lae.

 
Damien Ó Domhnaill & Caitlín Ní Chearrailláin.

Damien Ó Domhnaill & Caitlín Ní Chearrailláin.

 
Hugh Mac Ruairí.

Hugh Mac Ruairí.

 
Pól Mac Aoidh.

Pól Mac Aoidh.

 
Myleas Mac Suibhne

Myleas Mac Suibhne

 
Stephen Ann Ó Domhnaill.

Stephen Ann Ó Domhnaill.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta De hAoine 17-01-2020

Barrscéalta De hAoine 17-01-2020

 
Séamus Martin, iriseoir & Ruairí ó hEithir , mac le Breandán Ó hEithir.

Séamus Martin, iriseoir & Ruairí ó hEithir , mac le Breandán Ó hEithir.

 
Rónán Mistéil, tráchtaire.

Rónán Mistéil, tráchtaire.

 
Seán Ó Coisdealbha, príomhfheidhmeannach Muintearas,

Seán Ó Coisdealbha, príomhfheidhmeannach Muintearas,

 
Peadar Tóibín, T.D. ceannaire  Aontú.

Peadar Tóibín, T.D. ceannaire Aontú.

 
Pat the Cope Ó Gallachóir, Fianna Fáil.

Pat the Cope Ó Gallachóir, Fianna Fáil.

 
Diarmuid Ó Dálaigh, úinéara tigh altranais.

Diarmuid Ó Dálaigh, úinéara tigh altranais.

 
Áine Ní Chiaráin, tráchraire polaitíochta.

Áine Ní Chiaráin, tráchraire polaitíochta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Tate Donnelly : an tiarrthóir is óige san olltoghchán go dtí seo

Tate Donnelly : an tiarrthóir is óige san olltoghchán go dtí seo

 
Máirín Hurndall : Cúrsa Breatnaise

Máirín Hurndall : Cúrsa Breatnaise

 
Gradaim Nós : Tomaí Rua Ó Conghaile

Gradaim Nós : Tomaí Rua Ó Conghaile

 
Bríd Higgins Ní Chinnéide : Clár úr ar Tg4

Bríd Higgins Ní Chinnéide : Clár úr ar Tg4

 
Finn Ní Fhaoláin : An timpeallacht agus bia folláin

Finn Ní Fhaoláin : An timpeallacht agus bia folláin

 
Ceol beo sa stiudeó : Dónal O'Connor, Anxo Lorenzo, Jack Talty agus Jim Murray

Ceol beo sa stiudeó : Dónal O'Connor, Anxo Lorenzo, Jack Talty agus Jim Murray

 
Bladhaire : Clár iomlán Déardaoin 16/1/20

Bladhaire : Clár iomlán Déardaoin 16/1/20

 
Pádraig Ó Sé; Comórtas peile Pháidí Uí Shé

Pádraig Ó Sé; Comórtas peile Pháidí Uí Shé

 
Joe Kelly agus Peadar Ó Riada;Taispeántas ealaíne le Joe

Joe Kelly agus Peadar Ó Riada;Taispeántas ealaíne le Joe

 
Dairena Ní Chinneide;Ceardlann scríobhnóireachta.

Dairena Ní Chinneide;Ceardlann scríobhnóireachta.

 
Robert Ashe;Siúl 5k na h-aon lá .

Robert Ashe;Siúl 5k na h-aon lá .

 
An Saol ó Dheas 16ú EANAIR 2020

An Saol ó Dheas 16ú EANAIR 2020

 
Deirdre Ní Bhraonáin.

Deirdre Ní Bhraonáin.

 
Darach Ó Tuama.

Darach Ó Tuama.

 
Aodh Mac Ruairí.

Aodh Mac Ruairí.

 
Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh.

Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh.

 
Marjorie Uí Chearúil.

Marjorie Uí Chearúil.

 
Michelle Nic Grianna.

Michelle Nic Grianna.

 
Barrscéalta Déardaoin 16-01-2020.

Barrscéalta Déardaoin 16-01-2020.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Iris Aniar

Iris Aniar

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Malairt Poirt le Muireann

Malairt Poirt le Muireann

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís