Nuacht an Tuaiscirt: 26 Samhain

Nuacht an Tuaiscirt: 26 Samhain

Otharlann Leitir Ceanainn

Cúig othar agus fiche atá ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn inniu.

De réir figiúirí ó Chumann Altraí agus Ban Chabhrach na hÉireann triúr atá ar thralaithe san aonad timpiste agus éigeandála agus dhá othar is fiche atá ar thralaithe sna bardaí.

660 othar atá ar thralaithe in otharlanna na tíre inniu.

Plean teanga

Fógraíodh aréir gur Clíona Ní Ghallachóir as Mín an Chladaigh i nGaoth Dobhair atá ceaptha mar amabasadóir do phlean teanga an Iarthuaiscirt ag seoladh na hoíche aréir.

Dúirt sí gur onóir mhór a ceapachán mar ambasadóir ar an phlean agus go mbeidh sí ag díriú ar an óige.

Tá Clíona i mbun táithí oibre bliana in oifig mheitheal pleanála teanga an Iarthuaiscirt chomh maith agus is mac léinn í in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

Goid

Goideadh bosca carthanachta a bhí suite taobh amuigh de theach ar an Cheathrú Chaol inné. Tharla an eachtra idir leath i ndiaidh a 3 tráthnóna inné agus a leath i ndiaidh a 10 aréir.

Tá an teach seo aitheanta mar theach a mbíonn maisiúcháin agus soilse Nollag ann achan bhlaian agus bhí an bosca carthanachta fágtha in aice le mainsear ag an teach.

Dúirt na Gardaí go bhfuil úinéirí an tí ag fágáilt an bhocsa carthanachta taobh amuigh dá dteach le linn tréimhse na Nollag le sé bliana déag agus gur seo an chéad uair a tharla a léithéid.

Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhfuil eolas acu teagmháil a dhéanamh leo.

Ealaín na Gaeltachta

Tá €1.275m ceadaithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne leis na healaíona dúchasacha a chur chun cinn i nGaeltachtaí na tíre.  

Chuir Ealaín na Gaeltachta a bplean faoi bhráid an Aire Kyne le linn a chuairte ar Ghaoth Dobhair inné.

I measc na dtograí sa chondae seo a bheas ag fáil airgid faoin chlár, tá Scoil Cheoil na Crannóige, i nGaoth Dobhair chomh maith le suas le 5 bhunscoil Ghaeltachta sa chondae.

Níl na scoltacha roghnaithe go fóill mar go bhfuil sé a phlé leis an Roinn go fóill.

Chuir Cathal Goan, Ball de Choiste Stiúrtha Ealaín na Gaeltachta fáilte roimh an mhaoiniú ag rá go mbeidh foireann agus struchtúr oiriúnach acu anois chomh maith le breis airgid le deiseanna a thabhairt do dhaoine óga sa Ghaeltacht na healaíona dúchasacha a shealbhú.

Ag labhairt don cheoltóir Mairead Ní Mhaonaigh ag an ócáid i nGaoth Dobhair inné, dúirt sí go gciallaíonn an scéim seo go mbeidh na healaíona traidisiúnta a dtabhairt ó ghlún go glún rud atá tábhachtach.Seo an chéad uair go bhfuil clár maoinithe thar tréimhse trí bliana ceadaithe do Ealaín na Gaeltachta

Plean teanga

D'fhreastail scaifte mór ar sheoladh an phlean teanga do cheantar an Iarthuaiscirt a bhí ar siúl in Amharclann Ghaoth Dobhair aréir . Bhí an tAire Stáit Gaeltachta Seán Kyne agus an tAire Oideachais Joe McHugh i láthair chomh maith le Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Micheál Ó hÉanaigh.

Dúirt an tAire Stáit Gaeltachta, Seán Kyne, go raibh gach ceantar gaeltachta difrúil agus gur sin fáth a dteastaíonn plean difrúil do chuile cheantar.

Thug sé moladh mór don obair atá déanta ag na coistí deonacha áitiúla a bheas ag cur na bpleananna seo i bhfeidhm.

Dúirt an tOifigeach Pleanála teanga Dónall Ó Cnáimhsí go bhfuil sé dóchasach go mbeidh comhoibriú maith idir na grúpaí pobail, an pobal agus na háisíneachtaí stáit leis an phlean a chur i bhfeidhm.

Rinneadh cur i láthair ó ionadaithe ó na réimsí éagsúla a bhain leis an phlean agus taispeánadh físeán a rinne cur síos ar Ghaoth Dobhair, Loch an Iúir , Rann Na feirste agus Anagaire.

Dúirt Micheael Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údaras na Gaeltachta gurb é an rud is fearr agus is dearfaí faoi seo ná an úinireacht atá glactha ag na pobail éagsúla ar an phróiseas pleanála teanga agus go bhfuil sé thar a bheith dearfach an cur chun cinn atá le forbairt pobail, ní amháin ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta, sóisialta ach go háirithe i dtaobh cúrsaí cultúrtha agus teanga.

Parentstop 

Tá sé deimhnithe ag an Leas-Cheann Comhairle, An Teachta Dála Pat The Cope Ó Gallachóir, go mbeidh an cruinniú faoi thodhchaí an tseribhís charanachta, Parentstop leis an Aire Leanaí Catherine Zappone ar siúl inniu ag a 4 a chlog i nDáil Éireann.

Dúirt an Teachta Ó Gallachóir go bhfuil 60 milliúin euro de airgead nár chaith an rialtas agus gur chóir an t-airgead a chur isteach i seirbhisí ar nós Parentstop.

Muna gcuireann an rialtas airgead ar fáil don tseirbhís riachtanach seo, seribhís atá iontach tábhachtach do go leor túismitheoirí, ní bheidh an dara rogha ag an charanacht ach druid roimh dheireadh na bliana seo a dúirt an Teachta Ó Gallachóir.

Cúiteamh

Tá socrú ardchúirte de €80,000 déanta ag cailín óg as an Chlochán Liath a gortaíodh nuair a thit sí ag aonach siamsaíochta ar an Chlochán Liath.

Bhí Leah Bonner deich mbliana d'aois nuair a tharla an timpiste dhá bhliain ó shin. Gortaíodh a glúin go holc agus chaith sí cúig lá san otharlann agus roinnt seachtainí ar chraisiní.

Thug a hathair, Keith Bonner as Bóthar Ghaoth Dobhair, An Clochán Liath cás in éadan comhlacht siamsaíochta McGurks as Co Aontrama agus David Thompson as Glaschú, úinéir an trealaimh siamsaíochta an Waltzer.

Ag ceadú an socrú airgid, dúirt an Breitheamh Garrett Simons gur mhór an trua gur tharla an eachtra ag an aonach siamsaíochta agus go bhfuil cailín óg fágtha le marc sé orlaigh ar a glúin.

Beo

Scoth na Seachtaine

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Teach na Gaeilge UCD: Jamie Ó Flannúra

Teach na Gaeilge UCD: Jamie Ó Flannúra

 
Féile Nasc : Cormac Chambers

Féile Nasc : Cormac Chambers

 
Bleast Eolaíochta ESB : John Sharpson

Bleast Eolaíochta ESB : John Sharpson

 
Aoi sa Chathaoir : Peadar Ó Riada

Aoi sa Chathaoir : Peadar Ó Riada

 
Aifreann Gaeilge Bhéal Feirste : Séamus Mac Seáin

Aifreann Gaeilge Bhéal Feirste : Séamus Mac Seáin

 
Cócaireacht : Diarmuid Ó Mathúna

Cócaireacht : Diarmuid Ó Mathúna

 
Deirdre Walker: Ag filleadh ar chúrsaí oideachais

Deirdre Walker: Ag filleadh ar chúrsaí oideachais

 
Deá-scéalta na seachtaine : Eoghan Ó Loideáin

Deá-scéalta na seachtaine : Eoghan Ó Loideáin

 
Bladhaire Clár iomlán Aoine 17/01/20

Bladhaire Clár iomlán Aoine 17/01/20

 
Athrú aeráide i súile na muintire

Athrú aeráide i súile na muintire

 
Lorcán Ó Cinnéide; Ionad an Bhlascaoid

Lorcán Ó Cinnéide; Ionad an Bhlascaoid

 
An Saol ó Dheas 17ú Eanair 2020

An Saol ó Dheas 17ú Eanair 2020

 
Tomhas an Lae.

Tomhas an Lae.

 
Damien Ó Domhnaill & Caitlín Ní Chearrailláin.

Damien Ó Domhnaill & Caitlín Ní Chearrailláin.

 
Hugh Mac Ruairí.

Hugh Mac Ruairí.

 
Pól Mac Aoidh.

Pól Mac Aoidh.

 
Myleas Mac Suibhne

Myleas Mac Suibhne

 
Stephen Ann Ó Domhnaill.

Stephen Ann Ó Domhnaill.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta De hAoine 17-01-2020

Barrscéalta De hAoine 17-01-2020

 
Séamus Martin, iriseoir & Ruairí ó hEithir , mac le Breandán Ó hEithir.

Séamus Martin, iriseoir & Ruairí ó hEithir , mac le Breandán Ó hEithir.

 
Rónán Mistéil, tráchtaire.

Rónán Mistéil, tráchtaire.

 
Seán Ó Coisdealbha, príomhfheidhmeannach Muintearas,

Seán Ó Coisdealbha, príomhfheidhmeannach Muintearas,

 
Peadar Tóibín, T.D. ceannaire  Aontú.

Peadar Tóibín, T.D. ceannaire Aontú.

 
Pat the Cope Ó Gallachóir, Fianna Fáil.

Pat the Cope Ó Gallachóir, Fianna Fáil.

 
Diarmuid Ó Dálaigh, úinéara tigh altranais.

Diarmuid Ó Dálaigh, úinéara tigh altranais.

 
Áine Ní Chiaráin, tráchraire polaitíochta.

Áine Ní Chiaráin, tráchraire polaitíochta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Tate Donnelly : an tiarrthóir is óige san olltoghchán go dtí seo

Tate Donnelly : an tiarrthóir is óige san olltoghchán go dtí seo

 
Máirín Hurndall : Cúrsa Breatnaise

Máirín Hurndall : Cúrsa Breatnaise

 
Gradaim Nós : Tomaí Rua Ó Conghaile

Gradaim Nós : Tomaí Rua Ó Conghaile

 
Bríd Higgins Ní Chinnéide : Clár úr ar Tg4

Bríd Higgins Ní Chinnéide : Clár úr ar Tg4

 
Finn Ní Fhaoláin : An timpeallacht agus bia folláin

Finn Ní Fhaoláin : An timpeallacht agus bia folláin

 
Ceol beo sa stiudeó : Dónal O'Connor, Anxo Lorenzo, Jack Talty agus Jim Murray

Ceol beo sa stiudeó : Dónal O'Connor, Anxo Lorenzo, Jack Talty agus Jim Murray

 
Bladhaire : Clár iomlán Déardaoin 16/1/20

Bladhaire : Clár iomlán Déardaoin 16/1/20

 
Pádraig Ó Sé; Comórtas peile Pháidí Uí Shé

Pádraig Ó Sé; Comórtas peile Pháidí Uí Shé

 
Joe Kelly agus Peadar Ó Riada;Taispeántas ealaíne le Joe

Joe Kelly agus Peadar Ó Riada;Taispeántas ealaíne le Joe

 
Dairena Ní Chinneide;Ceardlann scríobhnóireachta.

Dairena Ní Chinneide;Ceardlann scríobhnóireachta.

 
Robert Ashe;Siúl 5k na h-aon lá .

Robert Ashe;Siúl 5k na h-aon lá .

 
An Saol ó Dheas 16ú EANAIR 2020

An Saol ó Dheas 16ú EANAIR 2020

 
Deirdre Ní Bhraonáin.

Deirdre Ní Bhraonáin.

 
Darach Ó Tuama.

Darach Ó Tuama.

 
Aodh Mac Ruairí.

Aodh Mac Ruairí.

 
Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh.

Nóirín Ní Mhaoldomhnaigh.

 
Marjorie Uí Chearúil.

Marjorie Uí Chearúil.

 
Michelle Nic Grianna.

Michelle Nic Grianna.

 
Barrscéalta Déardaoin 16-01-2020.

Barrscéalta Déardaoin 16-01-2020.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Iris Aniar

Iris Aniar

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Malairt Poirt le Muireann

Malairt Poirt le Muireann

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís