Nuacht an Tuaiscirt:25ú Samhain
Buiséad Chomhairle Contae Dhún na nGall
Dúirt Micheal Mac Gairbheith, Stiúrthóir Timpeallachta Chomhairle Condae Dhún na nGall go bhfuil an buiséad a glacadh leis De hAoine, féaráilte agus cothrom.
Dúirt sé gur chuidigh sé go mór nár cuireadh ardú ar na rataí gnó agus go gcuideoidh an teacht isteach breise ar an cháin mhaoine go mór le forbairtí sa Chontae.
Dúirt Micheal Mac Gairbheith go bhfuil se tábhachtach Branda Dhún na nGall a chur os comhair an phobail agus go bhfuil siad i gcónaí ag iarraidh comhlachtaí a mhealladh le lonnú sa Chondae agus postanna a chruthú.
Dúirt se go bhfuil se tábhachtach fostaíocht a aimsiú le daoine óga a choinneailt sa bhaile.
30% de otharchairr i gCo.Dhún na nGall laistigh de theora ama an HSE
Léiríonn figiuirí a foilsíodh inniu nár éirigh ach le 30% de otharchairr i gCo.Dhún na nGall a dturais a dhéanamh taobh istigh den teora ama atá leaghta síos ag Feidhmeannacht na Seirbhisí Sláinte (HSE) le dhá bhliain anuas.
De réir na bhfigiúirí, cuireadh moill leathuaire ar dhá thríán de na hotharcharanna sa teora ama atá leagtha síos, rud a chiallaíonn nach bhfuil siad ar fáil le freastal ar ghlaochanna éigeandála eile.
Scéim na n-Oibreacha Samhraidh
Tá 24 scoil i nDún na nGall i measc 405 scoil ar fud na tíre a bhfuil maoiniú ceadaithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh faoina gcoinne, faoi Scéim na n-Oibreacha Samhraidh.
Dúirt an tAire go mbeidh infheistíocht de bhreis agus €30m a dhéanamh sna scoileanna a bhfuil maoiniú a cheadú aige faoina gcoinne.
I measc na scoileanna tá Scoil Náisiúnta Rann na Feirste; Scoil Cholmcille, An Tearmainn; Scoil Náisiúnta an Bhreacaigh, Ard a' Ratha; Scoil Naomh Cholmcille, Carn Domhnach; Scoil Náisiúnta Mhuire Gan Smál, Leifear; Scoil Naomh Adhamhnáin, An Lathaigh; Scoil Mhuire Rath Mealtáin; agus Scoil Náisiúnta Bhaile Raighin, Leitir Ceanainn.
San áireamh fosta tá Coláiste Cranna, Bun Crannacha; Coláiste Deele, Rath Bhotha; agus Coláiste na Carraige ar an Charraig.
Dónal Kelly ag glacadh a shuíochán sa gComhairle Contae
Ghlac Dónal Kelly as Gleann Súilí a shuíochán don chéad uair i gComhairle Condae Dhún na nGall inniu, áit a raibh cruinniú míosúil na Comhairle ar siúl.
Tá sé ag teacht i gcomharbhacht ar a mhac, Manus Kelly, a fuair bás go tragóideach i Rally Idirnáisiúnta Dhún na nGall an samhradh seo.
Ba é An Comhairleoir Contae Ciarán Brogan a mhol é agus chuir an Comhairleoir Dónal Coyle leis an mholadh.
Plean teanga le seoladh i nGaoth Dobhair
Dhéanfaidh Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Seán Kyne , an Plean Teanga don Iar Thuaisceart a sheoladh go hoifigiúil tráthnóna inniu i nGaoth Dobhair .
Clúdaíonn an Limistéar Pleanála Teanga Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir.
Is é atá i gceist le plean teanga ná sraith gníomhartha a d'fhéadfadh seasamh na Gaeilge sa phobal a neartú agus a bhuanú.
Tá an plean bunaithe ar mhianta agus ar dhearcadh an phobail féin i leith na Gaeilge.
Beidh an seoladh in Amharclann Ghaoth Dobhair anocht ag 7 i.n.
Obair chóirithe ar stáisiúin gardaí i nDún na nGall
Tá obair chóirithe déanta ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar aon cheann déag de stáisiúin gardaí i nDún na nGall ó thús 2018 go dáta, de réir an eolais atá curtha ar fáil i gceist Dála le gairid ag an Aire Kevin 'Boxer' Moran don Teachta Dála Michael Fitzmaurice.
Seo conarthaí oibre de €5,000 nó níos mó, agus a chlúdaigh oibreacha ar nós uasghrádú ar leithris, córais teasa, uasghrádú ar chistin, síniú breise leis an fhoirgneamh, obair leictreach le cois uasghrádú ar chillíní ag na stáisiúin.
Rinneadh oibreacha le dhá bhliain ag stáisiúin Gardaí Bhun Dobhráin, Bhun na hAbhann, Ailt an Chorráin, Na Carraigíní, Baile Dhún na nGall, An Fál Carrach, Na Cealla Beaga, Leitir Ceanainn, Baile na nGallóglach, Bun an Phobail agus Rath Bhotha.
Cuireadh tús anuraidh le obair uasghrádaithe ar chillíní do phríosúnaithe ag Stáisiún Gardaí Bhaile na nGallóglach, agus bhí an obair sin ag leanstan ar aghaidh i mbliana, do réir an eolais a cuireadh ar fáil don Teachta Michael Fitzmaurice.