Nuacht an Iarthair: 5 Samhain

Nuacht an Iarthair: 5 Samhain

Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh


Tugadh le fios ag cruinniú a bhí i nGaillimh aréir go mbíonn ar othair atá ag fáil cúram leighis le haghaidh ailse,  suí ar an urlár nó ar an staighre in áiteacha in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.

Thug an Teachta Dála Catherine Connolly le fios go bhfuil ceathrar dochtúirí comhairleacha théis labhairt amach faoi chomh dona agus atá cúrsaí cúraim ailse san ospidéal, agus é ráite nach féidir leo cúram sláinte ar ardchaighdeán a chur ar fáil do na hothair a bhíonn ag freastal ar an ionad cúram lae ansin. 

Dúirt an Teachta, gur bhreathnaigh sé ón méid a dúirt beirt de na dochtúirí comhairleacha a bhí ag an gcruinniú aréir, go bhfuil an chluais bhodhar dhá thabhairt ag lucht bainistíochta an ospidéil, don imní atá orthu.  

Cé go bhfuil an-cháil ar chúram ailse raiditeiripe san Ospidéal a deir an Teachta ar an gclár Adhmhaidin inniu, ní amhlaidh atá an cás, chomh fada agus a bhaineann sé leo siúd a thagann le cúram lae a fháil. 

Sliogéisc

Tá imní léirithe ag Comharchumann Sliogéisc Chonamara go bhfuil muiríní dhá n-iascach go mí-dhleathach i gCuan Chill Chiaráin.

Chuir an bainisteoir scéala ag baill an Chomharchumann inné ag iarradh orthu súil ghéar a choinneal ar an gCuan don iascach mhí-dhleathach seo.

Dúirt an Bainisteoir Eoin Ó Niadh go bhfuil sé in aghaidh an dlí muiríní atá tógtha mar seo a cheannacht.
   
Níl siad cinnte fós a deir an bainisteoir an mbeidh cead a bheith ag iascaireacht oisrí i gCuan Chill Chiaráin i mbliana mar go bhfuil suirbhé tar éis a bheith déanta an tseachtain seo caite ar an stoc oisrí atá sa gcuan agus tá siad ag fanacht le scéala oifigiúil ó Institiúid na Mara faoi leibhéal an stoc ansin.

Tá tús a chuir le suirbhé ar lion stoc muiríní i gCuan na Beirtrí Buí inniu agus beidh sé ar bun i gcuan Chaisín agus Chill Chiaráin an tseachtain seo chugainn. 

Scannán nua


Beidh criú scannánaíochta i gceantar Dhúiche Sheoigeach as seo go ceann chúig seachtainí agus iad ag taifead an scannáin nua Foscadh a scríobh agus atá dhá stiúradh ag Seán Breathnach as Leitir Mealláin. 

Is iad an comhlacht TUA Films as na Forbacha atá ina bhun  agus beidh siad lonnaithe in aonad le Údarás na Gaeltachta i gCorr na Móna agus is thimpeall an cheantair sin  féin, i mBaile an Róba, sa Mám agus in Áth Cinn a bheidh siad ag déanamh an scannáin. 

Is iad na haisteoirí as an taobh seo tíre atá páirteach ann ná Macdara Ó Fátharta, Fionnuala Ní Fhlatharta, Dónal Ó hÉalaí agus Máire Ní Mháille. 

Déantar cur síos sa scannán ar mhac atá 'théis a shaol a chaitheamh ag cónaí lena mhuintir agus ag féiliméireacht sa mbaile  ach nuair a thagann an bás ar leic an dorais acu  faigheann an príomhcharachtar a dhóthain le déanamh a fháil amach cé is féidir leis a thrust.  

Bheadh sé i gceist an  scannán Foscadh a bheith sna pictiúrlanna i dtús an tsamhraidh agus go speáinfaí ar an teilifís é lá níos faide anonn. 

Aonad Dianchúraim

Níl fanta anois san Aonad Dianchúraim in Ospidéal na hOllscoile Gaillimh, ach naoi gcinn de leapracha  de bharr gur dúnadh ceann acu ag deireadh na míosa seo caite.     

Easpa foirne is cúis leis seo, a deir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, i bhfreagra atá tugthaí acu do RTE Raidió na Gaeltachta, go bhfuil an leaba sin dúnta le mí.

Tá siad ag déanamh chuile iarracht, a dúirt an tOspidéal i theacht ar bhreis foirne.

Caithfidh siad cead a fháil ag leibhéal náisiúnta aon fholúntas atá acu a líonadh le chinntiú go bhfanfaidh siad taobh istigh den bhuiséad atá curtha ar fáil dhoibh.

Tá laghdú suntasach déanta acu ar an líon foirne ó áisíneachtaí fostaíochta atá in úsáid ar fud an ospidéil.

Páirc Spraoi an Spidéil

Tá súil ag Coiste Pháirc Spraoi an Spidéil go dtosófar ar an obair ar an bpáirc san Earrach seo chugainn agus go mbeidh an obair  uilig críochnaithe sa samhradh.

Tá an pháirc spraoi le tógáil ag suíomh atá ag Coláiste Chonnacht agus ceaptar go gcoinseoidh sé 120 míle euro .

Tá 75 % den chostas a bhaineann leis ceadaithe faoin gclár Leader agus beidh ar an gCoiste thart ar 20 míle euro eile  a bhailiú.

Fuair siad aon mhíle dhéag euro uaidh Pháirc Gaoithe na Gaillimhe agus tá oíche rásaí capall le bheith sa gCruiscín Lán sa Spidéal ag a hocht Dé Sathairn seo chugainn le níos mó airgid a bhailiú.

Beo

Scoth an Luain

Scoth an Luain

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Óráid i nGaeilge ag captaen Chuala

Óráid i nGaeilge ag captaen Chuala

 
Scannail Airgeadais

Scannail Airgeadais

 
Cóisir i mbloc árasáin

Cóisir i mbloc árasáin

 
Tithe Tábhairne fliucha

Tithe Tábhairne fliucha

 
Tús Áite 21/9/20

Tús Áite 21/9/20

 
Micheál Ó Scanail;Tábhairne ag oscailt tráthnona

Micheál Ó Scanail;Tábhairne ag oscailt tráthnona

 
Aodh Ó Coileáin; An scannán The Field 30 bliain.

Aodh Ó Coileáin; An scannán The Field 30 bliain.

 
Breandán Ó Ruairc;Ráiseanna Liostuathail.

Breandán Ó Ruairc;Ráiseanna Liostuathail.

 
Aindriú de Paor;Gaisce Sam Bennet sa Tour de France.

Aindriú de Paor;Gaisce Sam Bennet sa Tour de France.

 
Máirín uí Fhainín;Baile Ghib agus Corca Dhuibhne.

Máirín uí Fhainín;Baile Ghib agus Corca Dhuibhne.

 
Jeaicí Mac Gearailt;Tuairisc ó agóid Thodhchaí na Tuaithe.

Jeaicí Mac Gearailt;Tuairisc ó agóid Thodhchaí na Tuaithe.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 21 Meán Fhómhair 2020.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 21 Meán Fhómhair 2020.

 
Breandán Mac Gearailt, comhairleoir Fianna Fáil, An Daingean.

Breandán Mac Gearailt, comhairleoir Fianna Fáil, An Daingean.

 
Moira Leyden, ardrúnaí cúnta, ASTI.

Moira Leyden, ardrúnaí cúnta, ASTI.

 
Piaras Ó Dochartaigh, T.D.

Piaras Ó Dochartaigh, T.D.

 
Seán Ó Cadhain, Newcastle-upon-Tyne.

Seán Ó Cadhain, Newcastle-upon-Tyne.

 
Aodán Ó Sé, Tigh Sé, An Cheathrú Rua.

Aodán Ó Sé, Tigh Sé, An Cheathrú Rua.

 
Rónán Ó Dálaigh, Na Gaeil Óga.

Rónán Ó Dálaigh, Na Gaeil Óga.

 
Micheál Ó Cinnéide, comhairleoir don chomhlacht Lawpro.

Micheál Ó Cinnéide, comhairleoir don chomhlacht Lawpro.

 
Rónán Ó Dálaigh, Na Gaeil Óga.

Rónán Ó Dálaigh, Na Gaeil Óga.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Dé Luain 21 Meán Fómhair 2020.

Adhmhaidin: Dé Luain 21 Meán Fómhair 2020.

 
Donncha Shéamais Ó Drisceoil

Donncha Shéamais Ó Drisceoil

 
Máire Ní Shé, cainteoir dúchais deireanach Dhairbhre

Máire Ní Shé, cainteoir dúchais deireanach Dhairbhre

 
Cearnaigh an Bhlascaoid

Cearnaigh an Bhlascaoid

 
Cartlann Bhóthar na Léinsí 20/09/2020

Cartlann Bhóthar na Léinsí 20/09/2020

 
Mír na Siamsaíochta

Mír na Siamsaíochta

 
Súil Siar na Seachtaine

Súil Siar na Seachtaine

 
Géarchéim na mBialanna

Géarchéim na mBialanna

 
Srianta nua i mBaile Átha Cliath

Srianta nua i mBaile Átha Cliath

 
Polaitíocht an Lae

Polaitíocht an Lae

 
Tús Áite 18/09/20

Tús Áite 18/09/20

 
Don ó Donnacháin : léachtóir ollscoile

Don ó Donnacháin : léachtóir ollscoile

 
Natalie Britton : Aisteoir

Natalie Britton : Aisteoir

 
Róisín Seoighe : Cumar

Róisín Seoighe : Cumar

 
Micheál Ó Ciaraidh : Láithreoir agus léiritheoir

Micheál Ó Ciaraidh : Láithreoir agus léiritheoir

 
Ceol beo - Ye Vagabonds agus Cormac Begley

Ceol beo - Ye Vagabonds agus Cormac Begley

 
Na deá-scéalta le Hugh Carr

Na deá-scéalta le Hugh Carr

 
Bladhaire : clár Iomlán Aoine

Bladhaire : clár Iomlán Aoine

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 18 Meán Fhómhair 2020.

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 18 Meán Fhómhair 2020.

 
Daithí Mac Roibeard agus Colm Breathnach.

Daithí Mac Roibeard agus Colm Breathnach.

 
Alan Ó Baoill, Cisteoir Bhord na Condae ag caint le Damien Ó Dónaill.

Alan Ó Baoill, Cisteoir Bhord na Condae ag caint le Damien Ó Dónaill.

 
Conor Ó Gallchóir ó chumann CLG Chloich Cheann Fhaola.

Conor Ó Gallchóir ó chumann CLG Chloich Cheann Fhaola.

 
Aisling Ni Churraighin, Oifigeach Pleanáil Teanga Gleann Cholm Cille, Cill Chartha agus Ard an Rátha.

Aisling Ni Churraighin, Oifigeach Pleanáil Teanga Gleann Cholm Cille, Cill Chartha agus Ard an Rátha.

 
Eithne Nic Lochlainn, Bainisteoir Lárionad Acmhainní Nádúrtha i gCill Ulta.

Eithne Nic Lochlainn, Bainisteoir Lárionad Acmhainní Nádúrtha i gCill Ulta.

 
Réamann Ó Ciaráin, as Ard Mhacha.

Réamann Ó Ciaráin, as Ard Mhacha.

 
Aodh Máirtín Ó fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

Aodh Máirtín Ó fearraigh, ó Sheomra na Nuachta.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Barrscéalta

Barrscéalta

Tús Áite

Tús Áite

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís