Nuacht an Tuaiscirt: 8 Deireadh Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 8 Deireadh Fómhair

Conspóid faoi oileáin Dhún na nGall

Bhagair Cathaoirleach Choiste na nOileán i gComhairle Contae Dhun na nGall, An Comhairleoir John Sheamuis Ó Fearraigh, cruinniú ceann bliana an choiste a chur ar athló ar maidin inniu de bharr chomh míshásta agus ata sé nach bhfuil airgead ar bith ceadaithe go dtí seo i mbliana ag Roinn na Gaeltachta do oileáin Dhun na nGall.

Dúirt se gur chuir an Coiste comhfhreagras chuig an Aire Gaeltachta ar an 10 Iúil ag lorg cruinnithe leis an Aire faoin cheist, ach nach bhfuil dul chun cinn ar bith déanta.

Toghadh in athuair an Comhairleoir John Sheamuis Ó Fearraigh mar Chathaoirleach ar Choiste na na nOileán inniu agus toghadh an Comhairleoir Noreen Nic Gairbheith mar Leas-Chathaoirleach.

Dúirt an Ó Fearraigh go bhfuil géarghá le cruinniú leis an Aire agus nach bhfuil sé maith go leor go bhfuil muid ag druidim ar dheireadh na bliana agus nach bhfuil airgead ar bith caite go dtí seo i mbliana ar na hoileáin.

Gnóanna gan árachas

Tá sé deimhnithe ag an Aire Oideachais agus scileanna Joe McHugh inniu go bhfuil ciste speisialta airgid ar fáil anois do ghnóanna nach bhfuil árachas ar bith acu agus a ndearna Stoirm Lorenza damáiste daofa i mBaile Dhún na nGall ar an tseachtain seo chuaigh thart.

Dúirt an tAire McHugh go dtuigeann sé go bhfuil deacrachtaí ag úinéirí tí agus ag lucht gnó atá lonnaithe i gceantracha atá i mbaol tuilte, árachas a fháil agus go bhfuil sé fhéin agus an Rialtas ag obair le réiteach a fhail ar na deacractaí sin.

Ach dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach faoi láthair tacaíocht a chur ar fáil don lucht gnó a ndearna na tuilte damáiste daofa ar an tseachtain seo chuaigh thart.

Faoin chiste seo beidh deis ag lucht gnó nach bhfuil árachas ar bith acu íocaíocht aon uaire de suas le €20,000 euro a fháil le hobair cóirithe a dhéanamh ar a ngnó.

Othair ar thralaithe

Tá otharlann Leitir Ceanainn ar an cheathrú otharlann is gnoithí sa tír inniu arís áit a bhfuil 33 othar  ar thralaithe agus iad ag fanacht ar leapacha. 9 n-othar atá ar thralaithe san aonad timpiste agus éigeandála agus 24 sna bardaí de réir figiúirí ó Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann.

501 othar atá ar thralaithe in otharlanna na tíre inniu.

Seachtain sábháílteachta

Tá seachtain shábháilteachta dóiteáin ar siúl an tseachtain seo ón 6 go 12 lá den mhí seo.

'Níos sábháilte le chéile' é téama na bliana seo.

Dúirt Eoin Mac Giolla Easpaig Príomh-Oifigeach Stáisiún Dóiteán Ghaoth Dobhair go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go gcinnteoidh daoine go bhfuil aláram dóiteáin acu sa teach agus go bhfuil sé ag obair mar is ceart.

Tá na Gardaí i mbun fiosrúchán maidir le tine a tharla i dteach i nDún Mór Uachtarach ar an Fhál Carrach ar an tseachtain seo chuaigh thart idir an 3 agus an 4 Deireadh Fómhair.

Ní raibh duine ar bith sa teach ag an am agus dódh an teach go talamh.

Tá scrúdú teicniúil déanta ar an láthair ach níl na Gardaí ábalta a rá céard bá chúis leis an tine mar go bhfuil siad go fóill i mbun fiosruithe.

Infheistíocht gnó

Tá 3 fhiosrúcháin déanta ó Stáit Aontaithe Mheiriceá faoi infheistíocht gnó a dhéanamh i nDún na nGall ag eascairt ó imeachtaí Nasc Dhún na nGall, a tháinig chun críche Dé Domhnaigh.

Dúirt Mícheál Ó Tonnaigh, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall, go bhfuil sé dóchasach go mbeidh infheistíocht amháin, ar a laghad, mar thoradh ar na fiosrúcháin sin, go dáta.  

D'fhreastal 12,500 duine ar an 70 imeacht a bhí mar pháirt de Nasc Dhún na nGall thar thréimhse 10 lá. Bhí béim ar thurasóirí agus infheisteoirí a mhealladh go Dún na nGall mar pháirt den fheachtas.

Bhí teagmháil le 63 milliún duine ar fud na cruinne i bhfeachtais dhigiteach Nasc Dhún na nGall san tréimhse deich lá ina raibh sé ar siúl, agus bolscaireacht, margaíocht agus fógraíocht a dhéanamh ar an chontae mar láthair oibre, láthair saoire agus áit le hinfheistíocht a dhéanamh.

Stoirm Lorenzo

Bhí suas le 2,000 teach san iarthuaiscirt  gan cumhacht aibhléise ar feadh tamall tráthnóna inné.

Thit fearthainn throm agus bhí toirneach agus tintreach i dtrátha leath i ndiaidh a sé agus fágadh tithe gan leictreachas dá bharr.

Bhí an chumhacht aibhléise arais taobh istigh de uair a chloig.

Tá polasaí úr maidir le cuairteoirí ag Aonad Máithreachais Otharlann Leitir Ceanainn, agus laghdú a dhéanamh ar líon na gcuairteoirí a bheas ceadaithe go dtí na bardaí máithreachais san otharlann feasta.

Dúirt bainistíocht na hotharlainne gur de bharr suirbhé a rinneadh i measc máithreacha san aonad le tamall a glacadh an cinneadh, srianta níos déine a chur ar chuairteoirí.

Beidh cead ag na páirtnéirí cuairt a thabhairt idir a 11.00 ar maidin agus a 8.30 san oíche.

Feasta, ní bheidh cead ach ag garthuismitheoirí libh, agus deartháireacha nó deirfiúracha na libh nua bhreithe, cuairt a thabhairt ar an aonad, idir 6.30 agus 8.30 sa tráthnóna.

Dúirt Stiúrthóir Altrachta san Aonad Máithreachais, Evelyn Smith, go raibh teachtaireacht láidir a fháil acu le tamall, go raibh i bhfad barraíocht daoine ar cuairt san aonad, agus gur beag am a bhí ag na máithreacha lena leanbh úr dá bharr. 


Fáilte Éireann


Beidh ceardlann a reáchtáil ag Fáilte Éireann i Leitir Ceanainn inniu, dírithe ar chomhoibriú a láidriú agus a neartú idir na dreamanna atá ag plé le cúrsaí turasóireachta i nDún na nGall.

Clár Saineolaithe Áitiúla atá mar theideal ar an seimineár seo, agus go dtí seo tá 380 rannpháirtí páirteach sa chlár, agus aird ar chaidreamh a chothú idir na rannpháirtithe, agus dearbháin agus lascainí a thairiscint dá chéile san earnáil.

Dúirt Amanda Boyle, Comhairleoir le Fáilte Éireann, gur clár tairbheach é seo dona daoine atá ag plé le hearnáil na turasóireachta, agus gur bhain na dreamanna a bhí páirteach sa chlár go dtí seo, buntáiste mór as.

Is in Ostán Clanree i Leitir Ceanainn atá ceardlann an lae inniu ar siúl.

Dhá sheisiún ar fad atá ar siúl inniu, ó 9.30 go 12.30 agus ó 3.30 go 6.30.

Bhí comhdháil eile dá mhacasamhail céanna ar siúl ar an mhí s'chuaigh thart i mBaile Dhún na nGall. 

Beo

Spórt an Lae

Spórt an Lae

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Ceol an Tráthnóna

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Gradam Ceoil Tg4: Doireann Ní Ghlacáin

Gradam Ceoil Tg4: Doireann Ní Ghlacáin

 
Seannós na Fearsaide : Daithí Mac Uaid

Seannós na Fearsaide : Daithí Mac Uaid

 
Mír ceoil : Emma Ní Chearúil

Mír ceoil : Emma Ní Chearúil

 
Ted Fest : Máirtín Ó Gríofa

Ted Fest : Máirtín Ó Gríofa

 
Ruairí Ó Dúlaing : Páirceanna poiblí

Ruairí Ó Dúlaing : Páirceanna poiblí

 
Ceol beo : Niamh McElduff agus Jack Warnock

Ceol beo : Niamh McElduff agus Jack Warnock

 
Na deá-scéalta le Colm Mac Gearailt

Na deá-scéalta le Colm Mac Gearailt

 
Bladhaire : Clár iomlán Dé hAoine 21/02/20

Bladhaire : Clár iomlán Dé hAoine 21/02/20

 
Mark Harte & Damien Ó Domhnaill.

Mark Harte & Damien Ó Domhnaill.

 
Danny & Mary Collins.

Danny & Mary Collins.

 
Caoimhín Mac Aoidh.

Caoimhín Mac Aoidh.

 
An Cllr. Anthony Molloy.

An Cllr. Anthony Molloy.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine 21-02-2020.

Barrscéalta Dé hAoine 21-02-2020.

 
Julian de Spáinn, Ardrúnaí, Conradh na Gaeilge.

Julian de Spáinn, Ardrúnaí, Conradh na Gaeilge.

 
Albert Doherty, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Albert Doherty, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Mícheál Ó hEidhin, Ollamh Emeritus le Ceimic, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Mícheál Ó hEidhin, Ollamh Emeritus le Ceimic, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

 
Aoife Ní Shúilleabháin, oifigeach tionsclaíoch, SIPTU.

Aoife Ní Shúilleabháin, oifigeach tionsclaíoch, SIPTU.

 
Mícheál Ó Conchubhair, Coiste an Réigiún, An Bhruiséil.

Mícheál Ó Conchubhair, Coiste an Réigiún, An Bhruiséil.

 
An t-Ollamh  Martin Cormican, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

An t-Ollamh Martin Cormican, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

 
Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

 
Eimear McGovern

Eimear McGovern

 
Bláthnaid Ní Ghréacháin & Muireann Ní Mhóráin

Bláthnaid Ní Ghréacháin & Muireann Ní Mhóráin

 
Teachtaí Dála

Teachtaí Dála

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

Mícheál Ó Leidhin, eagraí polaitiúil RTÉ RnaG

 
33ú Dáil ag teacht le chéile

33ú Dáil ag teacht le chéile

 
Tús Áite

Tús Áite

 
Branar: Marc Mac Lochlainn

Branar: Marc Mac Lochlainn

 
Gráinne McElwain : Seachtain na Gaeilge

Gráinne McElwain : Seachtain na Gaeilge

 
An Dr Eoin Mac Donncha - aip sláinte

An Dr Eoin Mac Donncha - aip sláinte

 
Ciarán Mac Fheilimidh : Ceoltóir cuid a 2

Ciarán Mac Fheilimidh : Ceoltóir cuid a 2

 
Fergus Mac Aoidh : A shaol agus a shaothar

Fergus Mac Aoidh : A shaol agus a shaothar

 
Ciarán Mac Fheilimidh : ceoltóir

Ciarán Mac Fheilimidh : ceoltóir

 
Bladhaire : Clár iomlán Déardaoin20/02/20

Bladhaire : Clár iomlán Déardaoin20/02/20

 
An Saol ó Dheas 20ú Feabhra 2020

An Saol ó Dheas 20ú Feabhra 2020

 
Diane Ní Chanainn.

Diane Ní Chanainn.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
An Dr. Tony Delap.

An Dr. Tony Delap.

 
Dónal Mac A Bhaird.

Dónal Mac A Bhaird.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta Déardaoin 20-02-2020.

Barrscéalta Déardaoin 20-02-2020.

 
Mairéad Ní Fhlatharta, Eagraí IronMeáin.

Mairéad Ní Fhlatharta, Eagraí IronMeáin.

 
Seán Mac Giontaigh, Scríbhneoir.

Seán Mac Giontaigh, Scríbhneoir.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bladhaire

Bladhaire

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís