Nuacht an Tuaiscirt: 7 Deireadh Fomhair

Nuacht an Tuaiscirt: 7 Deireadh Fomhair

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá Otharlann Leitir Ceanainn ar an cheathrú otharlann is gnóthaí sa tír inniu áit a bhfuil sé othar déag agus fiche ar thralaithe agus iad ag fanacht ar leapacha.

Ocht n-othar atá ar thralaithe san aonad timpiste agus éigeandála agus ochtar agus fiche sna bardaí de réir figiúirí ó Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann.

Otharlann Luimnigh is gnóthaí sa tír inniu áit a bhfuil 68 othair ar thralaithe. 488 othair atá ar thralaithe in otharlanna na tíre inniu.

Séamus Ó Grianna

Tá lámhscríbhinní de shaothair neamhfhoilsithe éagsúla le Séamus Ó Grianna nó Máire bronnta ag iníon Bhreandáin Uí Mhiacháin, Anne Gibney ar Áislann Rann na Feirste.

Beidh comóradh leath chéad bliain ar shaol agus ar shaothar Mháire ar siúl i Rann na Feirste ón chúigiú lá fichead go dtí'n seachtú lá fichead de Dheireadh Fómhair agus mar pháirt don chomóradh beidh taispeántas de na lámhscríbhinní in Áislann Rann na Feirste agus dhéanfaidh an tOllamh Nollaig Mac Congáil cur síos ar an chnuasach agus ar an tábhacht atá leis.

Dúirt urlabhraí ó choiste eagraithe na Féile go bhfuil níos mó ná 500 leathanach sa chnuasach idir scríbhneoireacht i nGaeilge agus i mBéarla agus go mbeidh sé uilig ar fáil don phobal nuair a bheas sé curtha in eagar agus in oiriúint.

Dífhostaíocht

Tá laghdú de 8% le mí tagtha ar líon na ndaoine dífhostaithe i gcontae Dhún na nGall le mí, do réir an eolais is deireanaí ar chúrsaí fostaíochta ón Lár Oifig Staidrimh.

Le dhá mhí dhéag, tá laghdú de 11% ar líon na ndaoine atá dífhostaithe i nDún na nGall.

Tháinig laghdú de 776 ar líon na ndaoine cláraithe le malartáin fostaíochta Dhún na nGall idir deireadh Lúnasa agus deireadh mí Mheán Fómhair i mbliana.

Bhí 10,241 duine dífhostaithe sa chontae ag deireadh mí Lúnasa i mbliana, agus laghdaigh sé sin go 9,465 ag deireadh mí Mheán Fómhair.

Bhí laghdú le mí i líon na ndaoine a bhí cláraithe le achan mhalartán fostaíochta sa chontae, an laghdú a ba mhó i Leitir Ceanainn, laghdú de 285 le mí, áit a raibh 2,861 duine cláraithe ag deireadh na míosa s'chuaigh thart.

Bhí 1,353 duine cláraithe i malartán Bhealach Féich, laghdú de 72 le mí, bhí laghdú de 36 le mí i mBeál Áth Seanaigh, áit a raibh 899 duine cláraithe, bhí laghdú 134 le mí i mBun Crannacha, áit a raibh 1,639  duine cláraithe.

Bhí 587 duine cláraithe i malartán Bhaile Dhún na nGall, 608 a bhí cláraithe i nDún Fionnchaidh, laghdú de 55 le mí, agus 532 a bhí cláraithe sna Cealla Beaga ag deireadh mí Mheán Fómhair.

Tithe le ceannacht

Tá sé mar sprioc ag Comhairle Contae Dhún na nGall leathchéad teach cónaithe a chéannacht i mbliana, le cur leis an stoc tithíocht shóisialta atá acu sa chontae.

Thug Stiúrthóir Rannóg Tithíochta na Comhairle, Joe Peoples, an t-eolas sin don Chomhairleoir Contae Paul Canning, ag cruinniú na Comhairle Contae le gairid.

Dúirt an Stiúrthóir Tithíochta go bhfuil an Chomhairle ag iarraidh tithe a cheannacht sna ceantair is mó sa chontae a bhfuil éileamh ar thithíocht shóisialta.

Bóthar an N56

Osclófar go hoifigiúil inniu Scéim Bóthair an N56 ón Chúl Buí go gCill Mhic Réanáin.

Is é an tAire Oideachais, Joe McHugh, agus Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Nicholas Crossan, a dhéanfaidh an oscailt oifigiúil ag a 2.00 inniu.

Rinneadh cóiriú iomlán ar 3km de bhealach ó Chill Mhic Réanain go Cúl Buí i dtreo Leitir Ceanainn ar chostas de €18.7m.

Tá raon rothaíochta mar pháirt den obair a rinneadh sa cheantar.

Lena chois sin cuireadh píopaí uisce úra faoin bhealach, agus an obair seo a dhéanamh.

B'iad BAM Construction a bhí i mbun na hoibre.

Comhaontú Aoine an Chéasta

Ábhar iontais agus díomá don Chomhairleoir Contae Terry Crossan ó Shinn Féin an leasú a mhol comhairleoir ó Fhianna Fáil ar rún dá chuid ag cruinniú Chomhairle Contae Dhún na nGall le gairid.

Chuir sé rún os comhair an chruinnithe go n-athdhearbhódh an Chomhairle a dtacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus go n-iarrfaí ar an Rialtas ullmhúchán a dhéanamh do Reifreann ar Athaontú na Tíre.

D'iarr an Comhairleoir Liam Blaney ó Fhianna Fáil leasú ar an rún, go bhfágfaí an mhír faoin reifreann as an áireamh, mar nach seo an t-am lena leithid a phlé.

Dhiúltaigh an Comhairleoir Crossan leasú a dhéanamh ar an rún, agus glacadh lena rún, ar vóta de seachtar déag ar a shon agus naonúr ina éadan.

Ábhar mór iontais gur chuir an Comhairleoir Liam Blaney ina choinne seo, bíodh is go bhfuil cúlra chomh láidir poblachtánach aige agus ag a theaghlach, a dúirt an Comhairleoir Terry Crossan.

Údarás na Gaeltachta

Dúirt an Leas Cheann Comhairle An Teachta Dála Pat The Cope Ó Gallachóir go gcaithfidh an rialtas cothrom na Féinne a thabhairt do Údarás na Gaeltachta sa cháinaisnéis a bheas á fhogairt an tseachtain seo.

Dúirt sé go bhfuil na ciorruithe a rinneadh ar an Údarás le deich mbliana scannalach agus nach mbeidh an tÚdarás in ann fostaíocht a chrúthú sna Gaeltachtaí agus a ndualgaisí a chomhlíonadh san am atá le teacht muna bhfuil an rialtas sásta an maoiniú céanna a chur ar fáil don Údarás atá gníomhaireachtaí fiontraíochta eile ag fáil ar nós an IDA agus Fiontar Éireann.

Dúirt an Teachta Ó Gallachóir gur gearradh buiséad caipitil Údáras na Gaeltachta chomh maith le buiséad reatha Údarás na Gaeltachta ina leath ó 39.4 milliúin euro go 19.6 milliúin euro ina iomláinne ó 2009.

Ba chóir do mhaoiniú Údarás na Gaeltachta a bheith ag teacht díreach ón Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta ar nós gníomhaireachtaí fiontraíochta eile a dúirt an Teachta Ó Gallachóir chomh maith.

Mica

Níl sé ceart nó cóir ar úinéirí na díthe atá buailte ag Mica i gContae Dhún na nGall, méadú 15% a chur ar an cháin mhaoine a deir an Seanadóir Pádraig Mac Lochlainn.

Dúirt sé go bhfuil teaghlaigh ar fud na Condae ag streachailt faoi láthair, go háirithe teaghlaigh a bhfuil brící lochtacha mica ina gcuid tithe agus nach gcuideoidh an cinneadh a rinneadh ag cruinniú na Comhairle Condae ar an tseachtain is chuaigh thart an cháin mhaoine a mhéadú.

Tá sé scannalach go bhfuiltear ag dréim leis na teaghlaigh seo an cháin mhaoine a íoc sa chéad áit gan labhairt ar an mhoill leanúnach agus an easpa dul chun cinn faoi chás na mbrící lochtacha Mica i nDún na nGall a dúirt an Seanadóir Mac Lochlainn.

Dífhostaíocht

Bhí 9,645 duine dífhostaithe i gContae Dhún na nGall i mí Mheán Fómhair i gcompráid le mí Lúnasa nuair a bhí 10 míle dhá chéad 41 duine dífhostaithe sa chontae de réir figiúirí ón Lár Oifig Staidrimh.

Ba i Leitir Ceanainn a bhí an lion is airde disfhostaíochta i mí Mheán Fómhair don dara mí as a chéile le dhá mhíle ocht gcéad 61 duine dífhostaithe sa cheantar, laghdú de 285 i mí Lúnasa.

Ba i mBun Cranncha a bhí an dara ráta is airde dífhostaíochta i Meán Fómhair le mile sé chéad nócha trí duine dífhostaithe lághdú de 134 ó Mhí Lúnasa.

Beo

Spórt an tSathairn

Spórt an tSathairn

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nuacht a Sé

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Dr. Fiachra Ó Corragáin; ceol na cláirsí agus Edward Bunting

Dr. Fiachra Ó Corragáin; ceol na cláirsí agus Edward Bunting

 
Laethanta oscailte i gColáste Íde

Laethanta oscailte i gColáste Íde

 
Seachbhóthar Mhaghchromtha

Seachbhóthar Mhaghchromtha

 
Dáithí de Mordha;Bealach Glas Uíbh Ráthaigh.

Dáithí de Mordha;Bealach Glas Uíbh Ráthaigh.

 
An Saol ó Dheas 18ú Deireadh Fómhair 2019

An Saol ó Dheas 18ú Deireadh Fómhair 2019

 
Corn Mhic Uidhir.

Corn Mhic Uidhir.

 
Daithi Alcorn.

Daithi Alcorn.

 
Máirtín Ó Mainín.

Máirtín Ó Mainín.

 
Marjorie Uí Chearúil.

Marjorie Uí Chearúil.

 
Barra Ó Caoimh.

Barra Ó Caoimh.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine 18-10-19.

Barrscéalta Dé hAoine 18-10-19.

 
Cian de Buitléir, tráchtaire rugbaí.

Cian de Buitléir, tráchtaire rugbaí.

 
Seán Kelly, feisire i bpairlimint na hEorpa.

Seán Kelly, feisire i bpairlimint na hEorpa.

 
Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Mairéad Mac Con Iomaire agus Ray Mac Pháidín, Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Mairéad Mac Con Iomaire agus Ray Mac Pháidín, Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

 
Cathal Ó Gallachóir, Bainisteoir, Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.

Cathal Ó Gallachóir, Bainisteoir, Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.

 
Bertie Ó Flatharta, ceannaitheoir éisc.

Bertie Ó Flatharta, ceannaitheoir éisc.

 
Dónal Ó Céilleachair, Coláiste na nGael, Londain.

Dónal Ó Céilleachair, Coláiste na nGael, Londain.

 
Tomás Ó Muirigh, Pobail in aghaidh an Bhreatimeachta.

Tomás Ó Muirigh, Pobail in aghaidh an Bhreatimeachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raiidó na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raiidó na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nioclás Ó Gríofáin;Báid a briseadh ar chósta Phort Láirge

Nioclás Ó Gríofáin;Báid a briseadh ar chósta Phort Láirge

 
Micheál Ó Slatara;Forbairt tithíochta sa Daingean

Micheál Ó Slatara;Forbairt tithíochta sa Daingean

 
Dáithí de Mordha;Bealach Glas Uibh Ráthaigh

Dáithí de Mordha;Bealach Glas Uibh Ráthaigh

 
An Saol ó Dheas ó Dheas 17ú Deireadh Fómhair 2019

An Saol ó Dheas ó Dheas 17ú Deireadh Fómhair 2019

 
Mairéad Uí Fhuaruisce.

Mairéad Uí Fhuaruisce.

 
Deirdre Ní Bhraonáin.

Deirdre Ní Bhraonáin.

 
Diane Ní Channáin.

Diane Ní Channáin.

 
An Dr. Tony Delap.

An Dr. Tony Delap.

 
Thomas Ó Muircheadaigh.

Thomas Ó Muircheadaigh.

 
Anthony Molloy, Comhairleoir Condae.

Anthony Molloy, Comhairleoir Condae.

 
Piaras Ó Dochartaigh, Teachta Dála.

Piaras Ó Dochartaigh, Teachta Dála.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta: Déardaoin 17 Deire Fómhair 2019.

Barrscéalta: Déardaoin 17 Deire Fómhair 2019.

 
Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

 
Pacáiste, Cruinniú Poiblí le Comhairleoirí Chonamara, Cois Fharraige.

Pacáiste, Cruinniú Poiblí le Comhairleoirí Chonamara, Cois Fharraige.

 
Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaetlachta, Baile na nGall.

Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaetlachta, Baile na nGall.

 
Liam Mac a Mhaoir, iriseoir.

Liam Mac a Mhaoir, iriseoir.

 
Eoin Ó Murchú, tráchtaire polaitíochta.

Eoin Ó Murchú, tráchtaire polaitíochta.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, An Bhreatain.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, An Bhreatain.

 
Éamonn Mallie, tráchtaire, Tuaisceart Éireann.

Éamonn Mallie, tráchtaire, Tuaisceart Éireann.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaelteachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaelteachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Load More...
Bladhaire

Bladhaire

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Tús Áite

Tús Áite

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís