Nuacht an Deiscirt: 4 Deireadh Fómhair

Nuacht an Deiscirt: 4 Deireadh Fómhair

Saotharlann Croí Phort Lairge

Tar éis dó bualadh le hionadaithe Oireachtais ós na Déise inné, d'fhógair an tAire Sláinte Simon Harris, go mbeidh iarratas pleanála don dara saotharlann croí  in Ospidéal na hOllscoile  Port Láirge á chur isteach roimh dheireadh na míosa seo. 

Ní fheidhmíonn an tsaotharlann croí atá san ospidéal fé láthair  ach 5 lá  sa tseachtain  óna 9.00 go dtína 17.00  Luan go hAoine.

Tosnaíodh ar athbhreithniú náisiúnta a dheanmah  ar sheirbhísí  curaim croí  i mí Eanáir anuraidh, tar éis  d'ionadaithe  Oireachtais na nDéise raic a dheanamh  maidir leis an  easpa seirbhísí iomlán cúraim croí a bhí  in Oir-Dheisceart na tíre.

Dhearbhaigh an tAire Harris inné, go mbeidh an t-athbhreithniú san ag teacht chun críche roimh dheireadh na bliana seo. 

Comóradh ar Emma

Tabharfar Emma Mhic Mhathúna  a cailleadh bliain um a dtaca seo  agus máthair cúigear clainne a tharraing aird an phobail  ar fad uirthi fein agus an 200 bean eile a fuair na torthaí míchearta ar thástálacha Cervical Check a deineadh orthu, chun cuimhne ag ocáid a bheidh  i mBaile na nGall i gCorcha Dhuibhne  amárach.

Is ar an mbaile seo a bhí sí ag  maireachtaint  go gcailleadh í in aois  a 37 mbliana. Beidh searmanas príobháideach ag a fear céile  Colin agus a triúr mac di sa tigh cónaithe i mBaile na nGall  amárach agus ar a 3 a chlog tráthóna amárach siúlóidh siad ar fad síos cé Bhaile na nGall mar a bhfágfaidh siad bláthanna agus léifidh Colin ráiteas gairid na dhiaidh seo.  

Tháinig scéal Emma Mhic Mhathúna  chun solais ar dtúis i mí Bealtaine  na bliana anuraidh ach a labhair sí ar a  hailse agus an tslí a caitheadh leí ar an gclár an Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidio na Gaeltachta.

Bhí sí caillte  beagán le cois 5 mhí na dhiaidh san... 

Fóram d'fheirmeoirí

Cuirfidh  Fóram d'fheirmeóirí tús le Fhéile Bídh agus Dí an Daingin  na bliana seo tráthnóna inniu sa Díseart sa Daingean ar a 8 a chlog.

Is é téama  an Fhóraim, An Fheirmeoireacht: Slí i dtreo Todhchaí Inmharthana.

Deanfar plé ar  na deiseanna atá ar leithinis Chorca Dhuibhne  d' fhuinneamh inmharthana, agus páirteach anseo, beidh beirt  fheirmeóirí ón gceantar Dinny Ó Gealbháin ó Lios Póil, agus Noelie Malone, ós na Gorta Dubha, atá mar rannpháirithe i  dtionscnaimh fuinnimh le cabhair ó Deirdre De Bhaillís, bainisteoir Mhol Teic an Daingin.

Beidh  taispeáintaisí cócaireachta leis an gcocaire aitheanta Neven Maguire  agus lena chois beidh an cócaire Brian McDermott ó Dhún na nGall san Ollphobal ar Lána an Úllóird sa Daingean ar a 6.30 tráthóna.

Beidh 80 áit ar fuaid an bhaile inar féidir le daoine a bheith ag blaistínteacht bídh agus dí, agus sráideanna an bhaile dúnta, cuid acu ó thráthnóna inniu, agus roinnt eile acu amárach, ina measc an tSráid Mhór don gcéad uair riamh.

An Bord Pleanála

Dúirt an Teachta Dála Alan Kelly ón Lucht Oibre  sa Dáil tráthóna inné, go leiríonn cad a tharla  maidir le  mórfhorbairt phleanála  d'ostán  i mBaile an Sceillig i gceantar Gaeltachta Uibh Ráthaigh le deanaí, go bhfuil  athbhreithniú  ar bhonn práinne ag teastáil  ar chúramaí an Bhoird Phleanála trí chéile maidir le bheith cothrom agus trédhearcach.

Leirigh sé  ina chuid aragóna sa Dáil  ós comhair ionadaithe ón mBord Pleanála  go rialaigh an Bord i gcoinne an Ostáin a bhí le tógaint i mBaile an Sceillig ar bhonn dhá achainí a tháinigh go dtí an mBord i gcoinne na forbartha, ach ná féidir le héinne a dhéanamh amach ná a aithint  ce a chuir ceann dos na hachainí sin isteach.

Seo togra a dúirt  Alan Kelly go bhfuil ceangal pósta leis an gceantar aige a bhí ríthabhachtach do cheantar Bhaile an Sceilig agus a cuireadh de dhroim seoil go cailíseach  is cosiúil.

Beo

Spórt an tSathairn

Spórt an tSathairn

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nuacht a Sé

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Dr. Fiachra Ó Corragáin; ceol na cláirsí agus Edward Bunting

Dr. Fiachra Ó Corragáin; ceol na cláirsí agus Edward Bunting

 
Laethanta oscailte i gColáste Íde

Laethanta oscailte i gColáste Íde

 
Seachbhóthar Mhaghchromtha

Seachbhóthar Mhaghchromtha

 
Dáithí de Mordha;Bealach Glas Uíbh Ráthaigh.

Dáithí de Mordha;Bealach Glas Uíbh Ráthaigh.

 
An Saol ó Dheas 18ú Deireadh Fómhair 2019

An Saol ó Dheas 18ú Deireadh Fómhair 2019

 
Corn Mhic Uidhir.

Corn Mhic Uidhir.

 
Daithi Alcorn.

Daithi Alcorn.

 
Máirtín Ó Mainín.

Máirtín Ó Mainín.

 
Marjorie Uí Chearúil.

Marjorie Uí Chearúil.

 
Barra Ó Caoimh.

Barra Ó Caoimh.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine 18-10-19.

Barrscéalta Dé hAoine 18-10-19.

 
Cian de Buitléir, tráchtaire rugbaí.

Cian de Buitléir, tráchtaire rugbaí.

 
Seán Kelly, feisire i bpairlimint na hEorpa.

Seán Kelly, feisire i bpairlimint na hEorpa.

 
Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Mairéad Mac Con Iomaire agus Ray Mac Pháidín, Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Mairéad Mac Con Iomaire agus Ray Mac Pháidín, Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

 
Cathal Ó Gallachóir, Bainisteoir, Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.

Cathal Ó Gallachóir, Bainisteoir, Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.

 
Bertie Ó Flatharta, ceannaitheoir éisc.

Bertie Ó Flatharta, ceannaitheoir éisc.

 
Dónal Ó Céilleachair, Coláiste na nGael, Londain.

Dónal Ó Céilleachair, Coláiste na nGael, Londain.

 
Tomás Ó Muirigh, Pobail in aghaidh an Bhreatimeachta.

Tomás Ó Muirigh, Pobail in aghaidh an Bhreatimeachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raiidó na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raiidó na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nioclás Ó Gríofáin;Báid a briseadh ar chósta Phort Láirge

Nioclás Ó Gríofáin;Báid a briseadh ar chósta Phort Láirge

 
Micheál Ó Slatara;Forbairt tithíochta sa Daingean

Micheál Ó Slatara;Forbairt tithíochta sa Daingean

 
Dáithí de Mordha;Bealach Glas Uibh Ráthaigh

Dáithí de Mordha;Bealach Glas Uibh Ráthaigh

 
An Saol ó Dheas ó Dheas 17ú Deireadh Fómhair 2019

An Saol ó Dheas ó Dheas 17ú Deireadh Fómhair 2019

 
Mairéad Uí Fhuaruisce.

Mairéad Uí Fhuaruisce.

 
Deirdre Ní Bhraonáin.

Deirdre Ní Bhraonáin.

 
Diane Ní Channáin.

Diane Ní Channáin.

 
An Dr. Tony Delap.

An Dr. Tony Delap.

 
Thomas Ó Muircheadaigh.

Thomas Ó Muircheadaigh.

 
Anthony Molloy, Comhairleoir Condae.

Anthony Molloy, Comhairleoir Condae.

 
Piaras Ó Dochartaigh, Teachta Dála.

Piaras Ó Dochartaigh, Teachta Dála.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta: Déardaoin 17 Deire Fómhair 2019.

Barrscéalta: Déardaoin 17 Deire Fómhair 2019.

 
Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

 
Pacáiste, Cruinniú Poiblí le Comhairleoirí Chonamara, Cois Fharraige.

Pacáiste, Cruinniú Poiblí le Comhairleoirí Chonamara, Cois Fharraige.

 
Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaetlachta, Baile na nGall.

Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaetlachta, Baile na nGall.

 
Liam Mac a Mhaoir, iriseoir.

Liam Mac a Mhaoir, iriseoir.

 
Eoin Ó Murchú, tráchtaire polaitíochta.

Eoin Ó Murchú, tráchtaire polaitíochta.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, An Bhreatain.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, An Bhreatain.

 
Éamonn Mallie, tráchtaire, Tuaisceart Éireann.

Éamonn Mallie, tráchtaire, Tuaisceart Éireann.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaelteachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaelteachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Load More...
Bladhaire

Bladhaire

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Tús Áite

Tús Áite

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís