Nuacht an Deiscirt: 20 Meán Fómhair

Nuacht an Deiscirt: 20 Meán Fómhair

Ionsaí i Má Chromtha

Tá Gardaí Mhá Chromtha ag lorg cúnaimh ón bpobal in athuair inniu maidir le heachtra a tharla ar an mbaile Dé Máirt inar ionsaíodh bean deich mbliana is cheithre fichead. 

Bhí an bhean, agus a cara trí fichead bliain, ag ligint a scith ar bhinse páirce ar fhaiche an chaisleáin i Má Chromtha, ach a dtug beirt fhear óg fúthu.

Tarraingíodh an bheirt bhan anuas den mbinse le linn an eachtra agus thug an bheirt ógfhear fés na bonnaibh ansan le mála a bhí ag duine acu. 

Caitheadh an bhean ba sinne acu a thabhairt go hospidéal tar éis an eachtra, agus í suaite go maith ina dhiaidh. 

Ag labhairt do ag Stáisiún Gardaí Mhá Chromtha inniu, dúirt an Ceannfort Joseph Moore go mbeidíst ana-bhuíoch dá raghaidh éinne a bhí ar fhaiche an chaisleáin, ar ghalfchúrsa Mhá Chromtha nó sa tSlíbhín Uachtarach an lá úd dul i dteagmháil leo. 

Cathair Dónall

Méadaíonn daonra Chathair Dónall agus an ceantar máguaird 200% i gcaitheamh a tsamhraidh, agus níl an córas séarachais in ann déileáil le seo.

Sin é a chuir toscaireacht a tháinig os cóir chruinniú sa  Neidín ar maidin in iúil.
Dúradar gur fadhb sláinte  poiblí atá sa bhfadhb seo anois, le séarachas ag sceitheadh isteach I mBá Dhoire Fhionáin, agus tránna go bhfuil brait gorma acu sa cheantar.

Dúirt Colm Mangan innealtóir le Comhairle Contae Chiarraí cé go raibh fhios go maith ag Comhairle Contae Chiarraí fé fhadhb séarachais Chathair Dónall, céim a bhí ar bharr an liosta 30 bliain ó shin, is i lámha Uisce Éireann atá na scéimeanna san anois agus níl an scéim seo ar an liosta infheistíochta atá ann I láthair na huaire.

Tránna glana

Tosnóidh grúpaí ó cheann ceann na nDéise ag glanadh na dtránna an deireadh seachtaine seo mar pháirt den gclár náisiúnta 'Clean Coasts'. 

Ina measc tá tráigh an Choinigéir go Baile na nGall agus tráigh na hAirde Móire. 

Táthar ag tuar go mbeidh os cionn 300 oibrí deonach i bPort Láirge i mbun glantacháin ag tosnú inniu agus ag leanúint go dtí an Domhnach.

Jim Daly

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit Jim Daly, atá ina Theachta Dála i gCorcaigh Thiar Theas le sé bliana déag, nach mbeidh sé san iomaíocht sa chéad olltoghchán eile. 

Tá sé chun an pholaitíocht a fhágaint ina dhiaidh ar fad, chun breis ama a chaitheamh lena chúigear clainne a deir sé.

Deir sé go bhfuil sé ana-dheacair do trí nó cúig lá sa tseachtain a chaitheamh i mBaile Átha Cliath, agus a theaghlach aige baile i gCloch na Coillte.  

Tá Jim Daly ina Aire Stáit do Mheabharshláinte Shláinte agus d'Aosaigh le dhá bhliain anuas. 
 

100 post nua

Tá 100 post nua fógartha i gcathair Chorcaí inniu.

Cruthófar na post nua sa chomhlacht MMD Construction, in oifigí nua an chomhlacht ar pháirc gnó Aerfort Chorcaí. 

Chosain na hoifigí nua 6 mhilliún euro, agus osclóidh an Tánaiste Simon Coveney an fhoirgneamh go hoifigiúil maidin inniu. 

Ionad Cúram Príomhúil

Tá sé curtha in iúil ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa Deisceart don gComhairleoir Norma Moriarty F.F go bhfuil Ionad Cúram Príomhúil Chathair Saidhbhín i measc cheithre cinn ar fhichid atá beartaithe a chur i bhfearas i gCiarraí agus an bhliain seo romhainn.

Cuireadh an méid san in iúil di ag cruinniú d'Fhóram Sláinte an Deiscirt i gCorcaigh inné. 

Dúirt an Comhairleoir Norma Moriarty, go bhfuil pobal Uíbh Ráthaigh ag lorg a leithéid le cúig bliana anuas, mar ná fuil ach triúr dochtúir ag freastal ar dhaonra do cheithre mhíle duine ar Leithinis Uíbh Ráthaigh.

Beo

An Taobh Tuathail

An Taobh Tuathail

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Scoth na hAoine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An mír deireanach de 2019/2020.

An mír deireanach de 2019/2020.

 
Anne Marie Baird, as Dhoibhlinn  in aice le páirc náisiúnta Ghleann Bheatha, i gContae Dhún na nGall.

Anne Marie Baird, as Dhoibhlinn in aice le páirc náisiúnta Ghleann Bheatha, i gContae Dhún na nGall.

 
Rísteard Hennessy, Síceolaí oideachais atá ina chónaí i Singapore.

Rísteard Hennessy, Síceolaí oideachais atá ina chónaí i Singapore.

 
Emma Ní Chearúil, ó Raidió na Life.

Emma Ní Chearúil, ó Raidió na Life.

 
Póilín Nic Geidigh, as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce.

Póilín Nic Geidigh, as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce.

 
An Grúpa Ceoil The High Seas, Caitlín Nic Gabhainn, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Banjo Ó Cuirreáin.

An Grúpa Ceoil The High Seas, Caitlín Nic Gabhainn, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Banjo Ó Cuirreáin.

 
Mary Aggie, as an Pholl Dóite, áit éigin i Rann na Feirste.

Mary Aggie, as an Pholl Dóite, áit éigin i Rann na Feirste.

 
Bladhaire, Clár iomlán, 290520.

Bladhaire, Clár iomlán, 290520.

 
Darach Ó Murchú;an mbeimíd ag ithe chnathacha fós agus an mbeimíd sásta díol astu?

Darach Ó Murchú;an mbeimíd ag ithe chnathacha fós agus an mbeimíd sásta díol astu?

 
Áine Ní Bheoláin;Bás Barry Clifford

Áine Ní Bheoláin;Bás Barry Clifford

 
Doireann Ní Dhubhda;duais liteartha buaite aici

Doireann Ní Dhubhda;duais liteartha buaite aici

 
Tacaíocht airgid do Choláistí Samhraidh ón Stát.

Tacaíocht airgid do Choláistí Samhraidh ón Stát.

 
An Dr. Síle Creedon; galair tógálacha

An Dr. Síle Creedon; galair tógálacha

 
An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

 
Caoimhe Ní Chathail.

Caoimhe Ní Chathail.

 
Tanya Nic Gairbheith.

Tanya Nic Gairbheith.

 
Edel Ní Chuireáin & Majella Nic Pháidín.

Edel Ní Chuireáin & Majella Nic Pháidín.

 
Séamus Ó Gallachóir & Mary O Brien.

Séamus Ó Gallachóir & Mary O Brien.

 
An tAire Joe Mc Hugh.

An tAire Joe Mc Hugh.

 
Frank Ó Maoláin. CONCUS.

Frank Ó Maoláin. CONCUS.

 
Michelle Nic Grianna.

Michelle Nic Grianna.

 
Barrscéalta Dé hAoine.

Barrscéalta Dé hAoine.

 
Niamh Ní Charra, Cartlannaí Tionscadail ar ábhar Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

Niamh Ní Charra, Cartlannaí Tionscadail ar ábhar Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

 
An t-ollamh Nollaig Mac Congáil. Aoi sa Chathaoir.

An t-ollamh Nollaig Mac Congáil. Aoi sa Chathaoir.

 
An cocaire Diarmuid Ó Mathúna, ó Mo Food Blog.

An cocaire Diarmuid Ó Mathúna, ó Mo Food Blog.

 
An Dr Ciaran Kearney, síceolaí spóirt as Béal Feirste.

An Dr Ciaran Kearney, síceolaí spóirt as Béal Feirste.

 
John O Ríordáin, as Cathair Chorcaigh.

John O Ríordáin, as Cathair Chorcaigh.

 
Bladhaire, Clár Iomlán 28/05/2020.

Bladhaire, Clár Iomlán 28/05/2020.

 
Clutharú; cé h-iad do thriúr?

Clutharú; cé h-iad do thriúr?

 
Séamus O Drisceoil; An saol i gCléire

Séamus O Drisceoil; An saol i gCléire

 
Seanachán Mac Carthaigh;Ceannasaí teicneolaíochta CIT

Seanachán Mac Carthaigh;Ceannasaí teicneolaíochta CIT

 
Cárthach Ó Faoláin,Muireann Ní Shé,agus Helen Ní Rócháin-

Cárthach Ó Faoláin,Muireann Ní Shé,agus Helen Ní Rócháin-

 
An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

 
Deirdre Ní Bhraonáin.

Deirdre Ní Bhraonáin.

 
Máirtín Enwright. Cairde Éanlaith Éireann

Máirtín Enwright. Cairde Éanlaith Éireann

 
Máirín Nic Fhionghuin & Mairéad Nic Suibhne.

Máirín Nic Fhionghuin & Mairéad Nic Suibhne.

 
Manus Early,Anna Uí Ghallachóir & Caitlín

Manus Early,Anna Uí Ghallachóir & Caitlín

 
An Dr. Tony Delap.

An Dr. Tony Delap.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta Déardaoin 28-05-2020.

Barrscéalta Déardaoin 28-05-2020.

 
Cliodhna Mhic Giolla Choda;Meitheal Trá na Rinne.

Cliodhna Mhic Giolla Choda;Meitheal Trá na Rinne.

 
Bráthair Ben Cusack;Bráthair Críostaí

Bráthair Ben Cusack;Bráthair Críostaí

 
John Joe Mac Gearailt;Tóin titithe as phraghas olann

John Joe Mac Gearailt;Tóin titithe as phraghas olann

 
Dr. Barra Ó Conchúir;Có nascadh IT Chiarraí is Chorcaí

Dr. Barra Ó Conchúir;Có nascadh IT Chiarraí is Chorcaí

 
Micheál Ó Cinnéide;Bainisteoir Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne

Micheál Ó Cinnéide;Bainisteoir Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne

 
An Saol ó Dheas 27ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 27ú Bealtaine 2020

 
Ian Lee, RTÉ.

Ian Lee, RTÉ.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde.

Hughie Mac Giolla Bhríde.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 27 Bealtaine 2020.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 27 Bealtaine 2020.

 
John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

 
Cróna Ní Ghallchóir, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Cróna Ní Ghallchóir, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís