Nuacht an Tuaiscirt: 20 Meán Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 20 Meán Fómhair

Ionsaí ar chailín

Tháinig fear os comhair na cúirte i Leitir Ceanainn inniu cúisithe as ionsaí a dhéanamh ar chailín ocht mbliana déag i gCearnóg an Mhargaidh i Leitir Ceanainn i mí Dheireadh Fómhair 2017.

Rinneadh ionsaí ar Shanan Reid McDaid a bhí ocht mbliana déag ag an am agus í ag fanacht le tacsaí i gCearnóg an Mhargaidh i ndiaidh oíche amuigh i Leitir Ceanainn i mí Dheireadh Fómhair 2017.

Tugadh breith sa chúiirt go gcaithfidh an fear, nach dtig a ainmniú, a phas a ghéilleadh agus freastal ar stáisiúin Gardaí Leitir Ceanainn dhá uair sa tseachtain.

Tiocfaidh an cás os comhair na cúirte arís ar an 4ú lá de mhí na Samhna.

An tAthair Micheál Mac Suibhne

Bhronn Cumann Sacair na hÉireann gradam aitheantais ar Iar-Shagart Paróiste Ghaoth Dobhair, An tAthair Micheál Mac Suibhne, ag ócáid i Leitir Ceanainn aréir.

Bronnadh an gradam 'Laoch Áitiúil' ar an Athair Mac Suibhne aréir as a chuid oibre mar bhainisteoir ar fhoirne sacair sa chontae thar na mblianta.

I measc a chuid éachtaí mar bhainisteoir, d'éirigh le 5 fhoireann faoina bhainstíocht coirn náisiúnta a bhaint idir na blianta 1978 agus 1988.

D'éirigh lena fhoireann áitiúil Fánaid Aontaithe corn óige Chumann Sacair na hÉireann a bhaint amach in 1979 agus d'éirigh leo an corn idirmheánach a bhaint amach sa bhliain 1988.

Otharlann Leitir Ceanainn 

Beidh comhfhiontar idir Otharlann Leitir Ceanainn agus Otharlann Shligigh agus Ionaid Cúraim Príomhúil le tacú le daoine le míchumas intleachta agus iad faoi chúram in otharlann, le cuidiú leo teagmháil mhaith a bheith idir iad agus an fhoireann leighis.

Beidh trí cinn de sheirbhísí úra a mbunú dírithe ar chúram súl.

San áireamh, beidh seirbhís feasta in Otharlann Naomh Conaill i Leitir Ceanainn le instealladh a thabhairt do dhaoine sna súile, seachas taisteal go dtí'n aonad i Sligeach, mar atá faoi láthair.

Lena chois sin beidh seirbhísí breise ag Ionad Súl Otharlann Naomh Conaill do dhaoine a bhfuil glaucoma orthu.

Togra Ascent


Rachaidh an obair atá déanta agus atá á dhéanamh faoi thogra Ascent ag an Earagail chun tairbhe go mór do cheantar Dhún Lúiche agus don cheantar iomlán, a dúirt an Comhairleoir Contae Nóirín Nic Gairbheith.

Tá sé iontach tábhachtach anois maoiniú a aimsiú roimh i bhfad le tabhairt faoin chéad chuid eile den togra seo, a dúirt sí.

Tugadh le fios ag cur i láthair a rinneadh ar Thogra Ascent an tseachtain seo ag Coiste Cheantar Bardais na nGleanntach den Chomhairle Contae go ndearna 15,000 duine an Earagail a dhreapadh anuraidh, agus de réir suirbhé a rinneadh gur €59 an meán a chaitheann cuairteoirí a thagann leis an Earagail a dhreapadh sa cheantar agus iad ar cuairt don lá.

Tá féidearthachtaí móra ó thaobh na turasóireachta ag baint leis an Earagail agus Dún Lúiche, agus beidh an togra seo, nuair a bheas sé críocnaithe ina iomláine, ina bhuntáiste mór don phobal ar fad, a dúirt an Comhairleoir Nic Gairbheith.

Pleanáil Teanga

Dúirt Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola Micheál Mac Aoidh gur tús atá sa Chomhdháil a reáchtáileadh ar an Fhál Carrach inné le lucht gnó a mhealladh le níos mo Gaeilge a úsáid.

Dúirt sé gur próiseas fadtéarmach atá anseo ach go bhfuil se dóchasach gur féidir tógáil ar an méid a pléadh inné. 

Dúirt sé gur tugadh eolas a bhí luachmhar ag comhdháil an lae inné chomh maith le heolas ar thacaíocht atá ar fáil do lucht gnó. 

Dúirt Micheal Mac Aoidh go bhfuil súil aige go mbeidh siad in ann Gradam Gnó le Gaeilge a reachtáil amach anseo nuair a bheas na Limistéir Pleanála Teanga ar fad sa chontae i mbun oibre agus tá sé beartaithe ag Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola fosta gradam fostaí na bliana a reáchtáil .

Feirmeacha oisrí

Rinne toscaireacht ó Ghrúpa Gníomhaíochta Bháighe Bhaile an Easa achainí ar Chomhairleoirí Contae Cheantar Bardais na nGleanntach an tseachtain seo cuidiú leo ina n-iarrachtaí cur i gcoinne pleananna feirmeacha oisrí a lonnú thar 100 acra i gCloich Cheann Fhaola.

Léiríodh fearg agus míshástacht faoin easpa eolais do phobal na háite faoina pleananna seo, agus faoin easpa deiseanna a dúirt siad a tugadh do bhunadh na háite leis na pleananna a scrdúdú.

Dúirt Seán Ó Conacháin, a bhí ar an toscaireacht, go bhfuil 235 duine i gceantar Chloich Cheann Fhaola fostaithe in earnáil na turasóireachta agus go bhféadfaí deireadh a chur le turasóireacht sa cheantar, má  cheadaítear na forbairtí seo.

Ní raibh pobal Chloich Cheann Fhaola chomh aonaithe ar aon cheist riamh roimh seo, mar atá anois i gcoinne na bpleananna seo, a dúirt sé.

Thug Comhairleoirí Contae tacaíocht daofa ina gcuid iarrachtaí agus mhol siad iad as a gcuid oibre go dtí seo.

Oíche Chultúir

Beidh leathchéad imeacht ar siúl i nDún na nGall anocht in 27 ionad sa chontae mar pháirt de Oíche Chultúir 2019.

I measc na n-imeachtaí tá taispeántas ealaíona, drámaíochta, damhsa agus tinte ealaíona  faoin aer i bPáirc Baile Leitir Ceanainn ón 8.00 go dtí'n 10.00 anocht.

Beidh Ceoltóirí Conwal agus aoicheoltóirí i mbun comhcheoil in Ard Eaglais Naomh Adhamhnáin ó 8.30 go dtí an 10.00 anocht, agus beidh taispeántas ealaíona  faoin aer ag Plein Air ag Ceathrún na hArd Eaglaise i Leitir Ceanainn anocht fosta.

Tá oíche filíochta i seanteach cúirte Leifear anocht ó 7.30

Beo

Scoth na hAoine

Scoth na hAoine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Dr. Fiachra Ó Corragáin; ceol na cláirsí agus Edward Bunting

Dr. Fiachra Ó Corragáin; ceol na cláirsí agus Edward Bunting

 
Laethanta oscailte i gColáste Íde

Laethanta oscailte i gColáste Íde

 
Seachbhóthar Mhaghchromtha

Seachbhóthar Mhaghchromtha

 
Dáithí de Mordha;Bealach Glas Uíbh Ráthaigh.

Dáithí de Mordha;Bealach Glas Uíbh Ráthaigh.

 
An Saol ó Dheas 18ú Deireadh Fómhair 2019

An Saol ó Dheas 18ú Deireadh Fómhair 2019

 
Corn Mhic Uidhir.

Corn Mhic Uidhir.

 
Daithi Alcorn.

Daithi Alcorn.

 
Máirtín Ó Mainín.

Máirtín Ó Mainín.

 
Marjorie Uí Chearúil.

Marjorie Uí Chearúil.

 
Barra Ó Caoimh.

Barra Ó Caoimh.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

 
Barrscéalta Dé hAoine 18-10-19.

Barrscéalta Dé hAoine 18-10-19.

 
Cian de Buitléir, tráchtaire rugbaí.

Cian de Buitléir, tráchtaire rugbaí.

 
Seán Kelly, feisire i bpairlimint na hEorpa.

Seán Kelly, feisire i bpairlimint na hEorpa.

 
Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Mairéad Mac Con Iomaire agus Ray Mac Pháidín, Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

Mairéad Mac Con Iomaire agus Ray Mac Pháidín, Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

 
Cathal Ó Gallachóir, Bainisteoir, Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.

Cathal Ó Gallachóir, Bainisteoir, Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair.

 
Bertie Ó Flatharta, ceannaitheoir éisc.

Bertie Ó Flatharta, ceannaitheoir éisc.

 
Dónal Ó Céilleachair, Coláiste na nGael, Londain.

Dónal Ó Céilleachair, Coláiste na nGael, Londain.

 
Tomás Ó Muirigh, Pobail in aghaidh an Bhreatimeachta.

Tomás Ó Muirigh, Pobail in aghaidh an Bhreatimeachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raiidó na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raiidó na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nioclás Ó Gríofáin;Báid a briseadh ar chósta Phort Láirge

Nioclás Ó Gríofáin;Báid a briseadh ar chósta Phort Láirge

 
Micheál Ó Slatara;Forbairt tithíochta sa Daingean

Micheál Ó Slatara;Forbairt tithíochta sa Daingean

 
Dáithí de Mordha;Bealach Glas Uibh Ráthaigh

Dáithí de Mordha;Bealach Glas Uibh Ráthaigh

 
An Saol ó Dheas ó Dheas 17ú Deireadh Fómhair 2019

An Saol ó Dheas ó Dheas 17ú Deireadh Fómhair 2019

 
Mairéad Uí Fhuaruisce.

Mairéad Uí Fhuaruisce.

 
Deirdre Ní Bhraonáin.

Deirdre Ní Bhraonáin.

 
Diane Ní Channáin.

Diane Ní Channáin.

 
An Dr. Tony Delap.

An Dr. Tony Delap.

 
Thomas Ó Muircheadaigh.

Thomas Ó Muircheadaigh.

 
Anthony Molloy, Comhairleoir Condae.

Anthony Molloy, Comhairleoir Condae.

 
Piaras Ó Dochartaigh, Teachta Dála.

Piaras Ó Dochartaigh, Teachta Dála.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta: Déardaoin 17 Deire Fómhair 2019.

Barrscéalta: Déardaoin 17 Deire Fómhair 2019.

 
Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir, Dún na nGall.

 
Pacáiste, Cruinniú Poiblí le Comhairleoirí Chonamara, Cois Fharraige.

Pacáiste, Cruinniú Poiblí le Comhairleoirí Chonamara, Cois Fharraige.

 
Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaetlachta, Baile na nGall.

Daithí de Mórdha, RTÉ Raidió na Gaetlachta, Baile na nGall.

 
Liam Mac a Mhaoir, iriseoir.

Liam Mac a Mhaoir, iriseoir.

 
Eoin Ó Murchú, tráchtaire polaitíochta.

Eoin Ó Murchú, tráchtaire polaitíochta.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, An Bhreatain.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, An Bhreatain.

 
Éamonn Mallie, tráchtaire, Tuaisceart Éireann.

Éamonn Mallie, tráchtaire, Tuaisceart Éireann.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaelteachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaelteachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

Bladhaire

Bladhaire

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Tús Áite

Tús Áite

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís