Nuacht an Tuaiscirt: 18 Meán Fómhair

Nuacht an Tuaiscirt: 18 Meán Fómhair

Oileáin

Thóg an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh ceist sa Dáil inné maidir leis an neamhaird a deir sé atá an Rialtas a dhéanamh de na hoileáin amach ó chósta Dhún na nGall. 

Tá an Teachta Ó Dochartaigh ag iarraidh go dtabharfaí aitheantas d'oidhreacht agus do chultúr na nOileán go háirithe ó thaobh teanga de agus go ndéanfar na hoileáin a chosaint agus a fhorbairt.

Dúirt sé go bhfuil neamhaird a dhéanamh do na hoileáin amach o chósta Dhún na nGall le fada, ina measc Aráinn Mhór, Toraigh, Gabhla, Inis Fraoich agus Inis Bó Finne, de bharr easpa infheistíochta, easpa seirbhísí agus easpa fostaíochta.

Tá an Teachta Ó Dochartaigh ag iarraidh ar na heagraíochtaí éagsúla có-oibriú le chéile agus achan tacaíocht a thabhairt do phobail na nOileáin.

Feirmeoirí

Beidh rún a chur os comhair na Dála tráthnóna inniu ag urlabhraí talmhaíochta Fhianna Fáil an Teachta Dála Charlie McConalogue, maidir leis an aighneas atá ar siúl ag feirmeoirí mairteola de bharr an luach íseal atá ar mhairteoil faoi láthair.

Dúirt sé go bhfuil feirmeoirí i mbun agóide, go bhfuil monarchana mairteola druidte agus oibrithe ag cailleadh postanna le tamall anuas de bharr an titim suntasach atá tagtha ar luach mairteola sa chontae.

Dúirt sé fosta in ainneoin go raibh socrú déanta ag an deireadh seachtaine maidir leis an fhadhb seo go bhfuil sé tábhachtach anois go gcuirfear na socruithe seo i bhfeidhm.

Dúirt an Teachta McConalogue go raibh gá an rún seo a phlé sa Dáil mar go raibh feirmeoirí ag fulaingt go mór.

Cumann Naomh Uinseann de Pól

Tá ardú 20% ar líon na nglaochanna gutháin a fuair Cumann Naomh Uinseann de Pól le bliain,  dar le hUachtarán Iar Thuaiscirt an Chumainn Rosa Glackin.

Dúirt sí go bhfuil brú mór ar Thuismitheoirí , go háirithe agus páistí ar ais ar an scoil gan trácht ar an bhrú ata ar thuismitheoirí daltaí 3u leibhéil. 

Tá an Cumann ag iarraidh ar an Rialtas níos mo airgid a cheadú sa Bhuiséad don Chóras Oideachais na tire.

Máistir Cuain

Tá post mar Mháistir Cuain fógraithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall do chalafort an Chaisleáin Nua in Inis Eoghain.

Lena chois sin, tá painéal a chur le chéile ag an Chomhairle Contae le obair máistir cuain a dhéanamh ó am go ham nuair a bhíonn gá leis agus nuair a bhíonn folúntas ann.

Sé Rannóg Mara na Comhairle Contae atá freagrach as riaradh na gcalafoirt sa chontae, seachas calafort na gCealla Beaga, atá faoi chúram Roinn na Mara.

Glacfaidh an Chomhairle Contae le hiarratais dona postanna seo go dtí'n 30ú lá den mhí seo.

Feirmeoirí 

Dúirt Shaunie Ó Baoill, ball de Fheidhmeannas Náisiúnta Chumann Feirmeoirí Cnoic agus Natura na hÉireann, go bhfuil an t-aighneas ata ar siúl ag na Feirmeoirí Mairteola ag cur isteach ar fheirmeoirí eile fosta.

Dúirt sé go bhfuil feirmeoirí eile buailte ag an aighneas, go háirithe feirmeoirí caorach ata ag iarraidh a gcuid ainmhithe a thabhairt go dtí na monarchana.

Dúirt Shaunie Ó Baoill nach bhfuil na feirmeoirí seo ag iarraidh an picéad a thrasnú ach go bhfuil siadsan fosta go mór faoi bhrú agus billí arda orthu.

Dúirt se go dtuigeann se cás na bhfeirmeoirí mairteola  ach ag an am cheanna go bhfuil feirmeoirí eile nach bhfuil bainteach leis an chás buailte ag an aighneas.

Cnioglann

Tógfar ainmhithe atá marbh i bhfeirmeacha sa Chondae inniu agus beifear a dtabhairt go dtí'n Cnioglann nó an gcnioglann i gCondae an Chabháin.

Ábhar faoisimh a deir feirmeoirí i nDún na nGall gur socraíodh an t-aighneas a bhí ar siúl idir oibrithe na cnioglanna agus an Roinn Talmhaíochta  tráthnóna inne.

Dúirt na feirmeoirí go raibh siad go mór faoi bhrú agus nach raibh sé ceart go raibh  ainmhithe ina luí marbh ar feadh seachtaine agus nach raibh cead á gcur.

Dúirt siad gur cheart don Roinn Talmhaíochta cead a thabhairt daofa na hainmhithe a chur ar a gcuid talamh féin nuair ata éigeandáil i gceist.

Ag fáiltiú roimh an scéala dúirt an Leas-Cheann Comhairle an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir gur ardaigh sé na ceiste seo sa Dáil inné agus go raibh sé sásta anois go bhfuil na seirbhísí ar ais ar bhonn sealadach agus táthar ag súil go mbeidh siad arais go buan go luath.

Plean teanga

Beidh cruinniú poiblí a eagrú ag Líonra Leitir Ceanainn tráthnóna inniu, le plé a dhéanamh ar phlean teanga do bhaile Leitir Ceanainn. Cuirfear moltaí os comhair an phobail agus dhéanfar tuairimí agus moltaí a lorg ón phobal fosta faoi caide go díreach a ba cheart a bheith san áireamh i bplean teanga don bhaile.

Tá achainí déanta ar lucht gnó, cumainn, eagraíochtaí agus an phobal i gcoitinne a bheith i láthair. Tá bailte Leitir Ceanainn aitheanta mar bhaile Seirbhíse Gaeltachta, agus ról ag an bhaile i gcur chun cinn na Gaeilge.

Is in Óstán Dillons ar phríomh shráid Leitir Ceanainn a bheas an cruinniú ar a 7.00 tráthnóna. 

Píopa uisce

Dea-scéal, a deir an Comhairleoir Contae Micheal Cholm Mac Giolla Easpaig, go bhfuil socruithe déanta ag Uisce Éireann maidir le bille ollmhór a fuair teaghlach le píopa uisce a thabhairt go dtí na dteach úr a I bPort Uí Churrain Gaoth Dobhair.

Fuair an teaghlach bille de €66,700 le 280 troigh de phíopa uisce a thabhairt go dtí'n teach.

Dúirt an teaghlach ag an am nach raibh dóigh ar bith go mbeadh siad ábalta an bille sin a íoc.

Dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil se ráite anois ag Uisce Éireann gur €3,000 de bhille ata ar an teaghlach le ceangal leis an chóras.  

Dúirt se go bhfuil lúcháir air gur throid siad an cás agus gur éirigh leo.

Beo

Béal Maidine

Béal Maidine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Glórtha an Údaráis

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Neasán agus Aonghus Mac Suibhne; Rothaíocht sli an Atlantaigh Fhiain.

Neasán agus Aonghus Mac Suibhne; Rothaíocht sli an Atlantaigh Fhiain.

 
Emma de Preindibhéal; Dearthóir graifice.

Emma de Preindibhéal; Dearthóir graifice.

 
Gearóid Ó Duinín; ceol agus ealaín

Gearóid Ó Duinín; ceol agus ealaín

 
Eddie Hutch; Ní bheidh aon Regatta i gCorca Dhuibhne i mbliana.

Eddie Hutch; Ní bheidh aon Regatta i gCorca Dhuibhne i mbliana.

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 10 Iúil 2020.

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 10 Iúil 2020.

 
Craobh Peile CLG Dhún na nGall na bliana seo.

Craobh Peile CLG Dhún na nGall na bliana seo.

 
Caoimhín Mac Aoidh.

Caoimhín Mac Aoidh.

 
Sinéad Ní Dhomhnaill.

Sinéad Ní Dhomhnaill.

 
Caoimhín Mac Aoidh.

Caoimhín Mac Aoidh.

 
An tAthair Brian Ó Fearraigh.

An tAthair Brian Ó Fearraigh.

 
Aodh Máirtín  Ó Fearraigh.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh.

 
Barrscéalta: Dé hAoine 10 Iúil 2020.

Barrscéalta: Dé hAoine 10 Iúil 2020.

 
Louise de Cantalún;Tair dtí Luimneach.

Louise de Cantalún;Tair dtí Luimneach.

 
Edel Ní Bhraonáin; 'teach le chéile'.

Edel Ní Bhraonáin; 'teach le chéile'.

 
Micheál Ó Cadhain; ag oscailt amáireach.

Micheál Ó Cadhain; ag oscailt amáireach.

 
Máire Treasa Uí Shé-Mara Beo gnóthach.

Máire Treasa Uí Shé-Mara Beo gnóthach.

 
Siobhán de Paor-dán an víorais.

Siobhán de Paor-dán an víorais.

 
Pat Barrett; Abhcóide trácht ar chás Ollscoil Chorcaí agus BSL.

Pat Barrett; Abhcóide trácht ar chás Ollscoil Chorcaí agus BSL.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 09 Iúil 2020.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 09 Iúil 2020.

 
Dillon Ó Canainn.

Dillon Ó Canainn.

 
Hughie Mac Giolla Easpaig agus Colm Toland.

Hughie Mac Giolla Easpaig agus Colm Toland.

 
Anne Marie Nic Ruairí.

Anne Marie Nic Ruairí.

 
Brendan Mac Cormaic.

Brendan Mac Cormaic.

 
Antaine Ó Fearghaill.

Antaine Ó Fearghaill.

 
Traolach Ó Fionnán.

Traolach Ó Fionnán.

 
Dónal Ó Cnáimhsí & Cllr Micheal Cholm.

Dónal Ó Cnáimhsí & Cllr Micheal Cholm.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta: Déardaoin 09 Iúil 2020.

Barrscéalta: Déardaoin 09 Iúil 2020.

 
Catherine Connolly, T.D.

Catherine Connolly, T.D.

 
Dónall Ó Buachalla, Príomhoide Choláiste Mhuire.

Dónall Ó Buachalla, Príomhoide Choláiste Mhuire.

 
Breanndán Ó Béaglaíoch, Baile na bPoc.

Breanndán Ó Béaglaíoch, Baile na bPoc.

 
Seán Ó Gallachóir, Teach JohnJoe, Béal a Mhuirthead.

Seán Ó Gallachóir, Teach JohnJoe, Béal a Mhuirthead.

 
Séamus Ó Briain, Machaire Rabhartaigh.

Séamus Ó Briain, Machaire Rabhartaigh.

 
An tOllamh Cathal Seoighe, Roinn Bithfháisnéisíocht.

An tOllamh Cathal Seoighe, Roinn Bithfháisnéisíocht.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin: Déardaoin 09 Iúil 2020.

Adhmhaidin: Déardaoin 09 Iúil 2020.

 
Séamus Mac Gearailt agus Máire Oakes.

Séamus Mac Gearailt agus Máire Oakes.

 
Aoileann Ní Chonchúir; Altra in Ospidéal Thamhlachta.

Aoileann Ní Chonchúir; Altra in Ospidéal Thamhlachta.

 
Seán Ó Cuill; Cumann FF Chúil Aodha.

Seán Ó Cuill; Cumann FF Chúil Aodha.

 
Risteard Mac Eoin; Féile Liospóil.

Risteard Mac Eoin; Féile Liospóil.

 
An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 08 Iúil 2020.

An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 08 Iúil 2020.

 
Diane Cannon.

Diane Cannon.

 
Josephine Uí Cheallaigh.

Josephine Uí Cheallaigh.

 
Maria Rushe agus Deirdre Nic Eamharcaigh.

Maria Rushe agus Deirdre Nic Eamharcaigh.

 
Sinéad Nic Aoidh.

Sinéad Nic Aoidh.

 
Rosa Glackin.

Rosa Glackin.

 
Pól Mac Cumhaill.

Pól Mac Cumhaill.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Spórt an tSathairn

Spórt an tSathairn

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís