Nuacht an Iarthair: 10 Meán Fómhair

Nuacht an Iarthair: 10 Meán Fómhair

Agóid faoi mhianadóireacht

Bhí thart ar scór duine ag agóidíocht taobh amuigh do Halla na Cathrach i nGaillimh inniu  agus iad ag cur in aghaidh an cheadúnais atá comhlachtaí as Ceanada ag iarraidh a fháil ón Rialtas  le dhul ar thóir mianraí i gConamara.

Tá an Comhlacht MOAG ag iarraidh ceadúnas taiscéalaíochta a fháil i gceantar Bhaile na hInse , Chloch na Rón agus Bhaile Conaola agus tá an comhlacht BTU METALS ag iarraidh ceadúnas le dhul ar thóir mianraí i gceantar Dhúiche Sheoigheach.

Tá an Comhairleoir Alastair Mc Kinstry ón gComhaontas Glas ag iarraidh nach dtabharfaí cead ar bith do chomhlachtaí a dhul ag mianadóireacht miotal i gConamara.

Tá sé i gceist ag an gComhairleoir Mc Kinstry rún a chur ós comhair na Comhairle Condae faoin gcás.

Tá Cathaoirleach nua ceaptha ar Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Camáin , sin é an Comhairleoir Michael (Mogie)  Maher as Baile Locha Riach i nGaillimh.

Tá an Comhairleoir Kathleen Shanagher as Ros Comáin ceaptha ina leas Chathaoirleach ar an mBord.

Dúirt an  Comhairleoir Maher  go bhfuil obair mhór ar bun ag an mbord agus go bhfuil go leor daoine ag brath ar an obair a dhéanann siad.

Tá dhá mhíle fhichead scoláire faoi chúram an bhoird agus tá dhá mhíle duine fostaithe acu. Tá os  cionn 100 milliún  euro do bhuiséad  le caitheamh  acu sa dá  scoil agus fiche agus sa dhá scór ionad oiliúna atá faoina gcúram.
 

Micheal Ring

Tá an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail Micheal Ring  cáinte aríst ag an Teachta Dála Éamon ó Cuív, ó tharla nach bhfuil ag  éirí leis an Roinn , adúirt sé, an t-airgead atá acu a chaitheamh i gceantair tuaithe.

Dúirt an Teachta Ó Cuív go raibh 139 milliúin euro ceadaithe don Roinn i mbliana le caitheamh ar thograí caipitil, agus nach raibh ach 33% don airgead sin , nó 47 milliúin euro  caite ag deire na míosa seo caite.

Tá chuile chosúlacht ar an scéal anois , adúirt ó Cúiv nach mbeidh an t-airgead atá ceadaithe don Roinn , caite acu roimh dheire na bliana. 

Paul Mullen

Tá fear as Árainn roghnaithe le bheith ag imirt  d'fhoireann náisiúnta rugbaí Mheiriceá , i gCorn Rugbaí an Domhain a bhéas sa tSeapáin an mhí seo. 

Sin é Paul Mullen mac le Michael agus le Elizabeth Mullen, as  Trá na bhFrancach in Inis Mór

Thosaigh Paul ag imirt rugbaí  nuair a d'fhreastail sé ar scoil i Mainistir Ghleann Stail agus i Scoil Ospidéal an Rí i mBleá Cliath.

Bhí sé ar fhoirne faoi aois  Chúige Mumhan sular thug sé aghaidh ar Texas Mheiriceá, áit a ndearna sé céim in Innealtóireacht Mhara agus Máistreacht ina dhiaidh sin, i mBainistíocht Acmhainní Mara.

Tá rugbaí imrithe aige le foirne  difriúla i Meiriceá ag leibhéal an chlub agus d'imir sé do fhoireann na Stáit Aontaithe don chéad uair in aghaidh na Rúise anuraidh.

Cáin mhaoine

Shocraigh Comhairle Cathrach na Gaillimhe aréir gan aon ardú a chur ar an gcáin mhaoine an chéad bhliain eile.

Mhol Feidhmeannaigh na Comhairle gur cheart ardú 7.5% a chur ar an gcáin mhaoine an bhliain seo chugainn ionnas go mbeadh maoiniú breise ag an gComhairle.

Bhí siad ag iarraidh  an t-airgead breise a chaitheamh ar chúrsaí turasóireachta , ar thograí a bhfuil baint acu le tuillte agus le costas soilse poiblí a íoc.

Tá súil ag an gComhairle Cathrach níos mó ná 8.2 milliúin euro a do cháin mhaoine a bhailiú an chéad bhliain eile.

Coinnítear  6.5 milliúin euro den airgead sin i nGaillimh agus caitheann siad an 1.6 milliúin eile a chur go Bleá Cliath don chiste cothromaíochta atá sa tír.
 

Tithe sóisialta

Dúirt an Comhairleoir Catharach John Connolly gur cheart do cheannaire Fhianna Fáil Michéal Martin tacaíocht an pháirtí a tharraingt  siar ón Rialtas mar gheall ar chomh dona agus atá cás na dtithe sóisialta sa tír seo.

Dúirt an Comhairleoir Connolly nach dtuigeann an Rialtas  na deacrachtaí atá ag daoine ó thaobh cúrsaí tithíochta dhi.

Ba cheart do cheannaire Fhianna Fáil adúirt sé , seasamh a thógáil ar mhaithe leis an dream  atá fágtha gan dídean sa tír seo.

Scéim Aclaíochta

Tá sé deimhnithe ag Príomh Aoire an Rialtais, Aire Stáit na Gaeltachta Sean Kyne go mbeidh maoiniú dhá cheadú don Scéim Aclaíochta Spórt a bhíonn i scoileanna Gaeltachta roimh dheireadh na seachtaine seo.

Bhí sé ráite ag Príomh Fheidhmeannach Mhuintearas Seán Ó Coisdealbha an tseachtain seo caite go raibh scoileanna i dteagmháil leo ag iarraidh fáil amach an raibh an scéim ag leanacht ar aghaidh i mbliana.

Dheimhnigh an tAire Stáit Kyne freisin go mbeadh an scéim Oiliúna Peile agus Iomána a bhíonn i scoileanna Gaeltachta ag leannacht ar aghaidh agus go mbeadh maoiniú dhá ceadú aige don scéim sin go luath.

Tá an-tábhacht ag baint leis na scéimeanna seo ó thaobh teanga agus spórt a dúirt Sean Kyne .

Beo

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Colm de Buitléir, imreoir rugbaí le foireann Chonnachta.

Colm de Buitléir, imreoir rugbaí le foireann Chonnachta.

 
Sinéad Crowley, Eagraí Ealaíona & Cumarsáide.

Sinéad Crowley, Eagraí Ealaíona & Cumarsáide.

 
Áine Uí Laoithe, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Áine Uí Laoithe, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Kate Ní Artaigh, Macléinn, Coláiste Mhuire, Inis.

Kate Ní Artaigh, Macléinn, Coláiste Mhuire, Inis.

 
Micheál Mac Aoidh, Oifigeach Pleanála Teanga, Cloich Chrannfhaola.

Micheál Mac Aoidh, Oifigeach Pleanála Teanga, Cloich Chrannfhaola.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Cathal Ó Conchubhair, iar chomhairleoir Shinn Féin.

Cathal Ó Conchubhair, iar chomhairleoir Shinn Féin.

 
Dara Ó Maoilchiaráin, Cathaoirleach Choiste Pleanála Teanga Chonamara Láir.

Dara Ó Maoilchiaráin, Cathaoirleach Choiste Pleanála Teanga Chonamara Láir.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

Seán Kelly, Feisire Eorpach.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Tuairisc na Nuachtán.

Tuairisc na Nuachtán.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Monsignor Willie Diver as Achaill.

An Monsignor Willie Diver as Achaill.

 
John Beag Ó Flatharta.

John Beag Ó Flatharta.

 
Ardtráthnóna: Déardaoin 19 Meán Fómhair 2019.

Ardtráthnóna: Déardaoin 19 Meán Fómhair 2019.

 
MIcheál Ó Máirtín & Micléinn.

MIcheál Ó Máirtín & Micléinn.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Breandan Ó Dufaigh.

Breandan Ó Dufaigh.

 
Féile Treabhadóireachta ,Ceatharlach.

Féile Treabhadóireachta ,Ceatharlach.

 
Micléinn ó Choláiste Ollscoil Mhuire.

Micléinn ó Choláiste Ollscoil Mhuire.

 
An Dochtúr Tony Delap.

An Dochtúr Tony Delap.

 
Mairéad Uí Anluain.

Mairéad Uí Anluain.

 
Barrscéalta Déardaoin 19-09-19

Barrscéalta Déardaoin 19-09-19

 
Finbarr Bradley, Bord Stiúrtha, Gaillimh 2020.

Finbarr Bradley, Bord Stiúrtha, Gaillimh 2020.

 
Ríonach Ní Néill, Marc Mac Lochlainn agus Darach Mac Con Iomaire.

Ríonach Ní Néill, Marc Mac Lochlainn agus Darach Mac Con Iomaire.

 
Cabrini de Barra, Glór na nGael & Coiste Pleanála Teanga Dhún Garbháin.

Cabrini de Barra, Glór na nGael & Coiste Pleanála Teanga Dhún Garbháin.

 
Fergus O’Dowd. T.D. & ball de choiste tithíochta an Oireachtais.

Fergus O’Dowd. T.D. & ball de choiste tithíochta an Oireachtais.

 
Anthony Molloy, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Anthony Molloy, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Máirtín Ó Cáthain, iriseoir.

Máirtín Ó Cáthain, iriseoir.

 
Eoin Póil Man of Aran Fudge, Dónal Mac Suibhne Rathlin Knitwear, Máire de Sheoirse, Cheetah Fencing.

Eoin Póil Man of Aran Fudge, Dónal Mac Suibhne Rathlin Knitwear, Máire de Sheoirse, Cheetah Fencing.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt

Príomhscéalta an Deiscirt

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Mír na Cartlainne.

Mír na Cartlainne.

 
Liam Ó Cuinneagáin.

Liam Ó Cuinneagáin.

 
Ann Marie Duggan.

Ann Marie Duggan.

 
Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair 2019.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair 2019.

 
Sruth na Maoile @25

Sruth na Maoile @25

 
Barney Ó Gallachóir.

Barney Ó Gallachóir.

 
Diane Ní Chanáinn.

Diane Ní Chanáinn.

 
Frank Mac Suibhne.

Frank Mac Suibhne.

 
Rosa Glackin

Rosa Glackin

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair 2019.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair 2019.

 
Load More...
Iris Aniar

Iris Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Spórt an Lae

Spórt an Lae

Barrscéalta

Barrscéalta

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís