Nuacht an Tuaiscirt: Damáiste de bharr tuilte

Nuacht an Tuaiscirt: Damáiste de bharr tuilte

Damáiste de bharr tuilte

Tá míshástacht léirithe ag an Leas Cheann Comhairle an Teachta Dála Pat the Cope O Gallachóir maidir leis an neamhaird a deir sé atá an rialtas a dhéanamh le dhul i nglic leis an damáiste a rinne tuilte in iarthar Dhún na nGall le gairid. Rinne tuilte damáiste mhór do bhóithre agus do dhroichid in iarthar Dhún na nGall, go háirithe i gceantar chois cláidigh i nGaoth Dobhair. Tá sé ag impí ar an Aire Stáit Gaeltachta Sean Kyne agus go hairithe na hairí sna rannóga atá freagach as tacaíocht a chur ar fáil i gcas tubáistí, tacaíocht a chur ar fáil láithreach do dhaoine atá ag fulaingt mar gheall ar na dtuilte. Dúirt sé go bhfuil sé de cheart ag daoine in iarthar Dhún na nGall an tacaíocht ceanna a fháil agus a fuair aiteacha eile sa tír a bhí buailte ag tuilte, ach níor tharla seo a dúirt sé.

Héileacaptar tarrthála

Cuireadh fios ar héileacaptar tarrthála an Gharda Cósta tráthnóna inné ag an 6 a chlog, le tarrtháil a thabhairt ar thumadóir a bhí ag tumadóireacht ó bhád amach o chósta na nDúnaibh. Thuirling an héileacaptar tarrthála ar pháirc Chumann Lúthchleas Gael na nDúnaibh agus haistríodh an fear gurbh as an Bheilg do ó dhúchas, go hOtharlann na hOllscoile i nGaillimh le haghaidh cóir leighis.

Staid bóithre

Tá gearáin a ndéanamh go rialta ag pobail Oileáin Dhún na nGall faoi staid na mbóithre ar na hOileáin. Níor cheadaigh Roinn na Gaeltachta  airgead ar bith le bóithre a choiriú ar na hOileáin go fóill i mbliana agus  tá imní ar bhunadh na nOileán go mbeidh se ró-mhall sa bhliain sula gceadófar aon airgead. Dúirt Anne Ni Gallchóir, tiománaí bus ar Oileán Árainn Mhór  go bhfuil na príomh bhóithre  maith go leor ach go bhfuil na cuil bhóithre go dona. Dúirt sí gur cheart don Chomhairle Condae plean a chur le cheile le cuid dena bóithre a choiriú.

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá Aonad Timpiste agus Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn faoi bhrú mór inniu arís agus 36 othair ar thralaithe ansin faoi láthair, de réir figiúirí ó Chumann Altraí agus Ban Chabhrach na hEireann.  Tá seisear ar thralaithe san aonad timpiste agus éigeandála agus 30 othar atá ar thralaithe sna bardaí. Tá otharlann Leitir Ceanainn ar an cheathrú otharlann is gnoithí sa tír inniu.

Oileán Thoraí

Dúirt Bainisteoir Chomharchumann Oileán Thoraí Marjarie Ui Chearúil go bhfuil na príomh bhóithre ar an Oileán  maith go leor ach aris go bhfuil na cuil bhóithre i ndroch staid, go hairithe  bóithre  ina mbaineann turasóirí úsaid astu.  Dúirt sí go bhfuil an bealach go dtí'n Teach Solais go holc agus tá imní uirthi go mbeidh se ró-mhall i mbliana le hobair ar bith a dhéanamh ar na bóithre.

Gadaíocht

Tá Gardaí Leitir Ceanainn ag fiosrú eachtra gadaíochta a tharla i mBaile Shuingeáin inné. Bhris gadaithe isteach i dteach cónaithe ar Bhóthair an Iarnróid, maidin Dé Domhnaigh idir ceathrú go dtí'n 11 agus ceathrú i ndiaidh an 12 inné nuair a bhí úinéir an tí, bean ina cuid 80aidí ar an Aifreann. Goideadh airgead agus seodraí, a raibh luach mór pearsanta bainteach leo san eachtra agus rinneadh damáiste istigh sa teach agus taobh amuigh den teach. Tá na Gardaí ag iarraidh ar dhuine ar bith a bhí sa cheantar san am agus a chonaic rud éigin a bhfuil amhras orthu faoi, nó duine ar bith a bhfuil eolas acu faoin eachtra teagmháil a dhéanamh leo.
 

Oibreacha Uisce

Cuirfidh Uisce Éireann i gcomhair le Comhairle Condae Dhún na nGall tús leis an obair fheabhsúcháin ar na deacrachtaí atá leis an soláthar uisce ar an Fhal Carrach agus Gort a’ Choirce maidin inniu.

Ta deacrachtaí móra sa cheantar seo le roinnt míonna áit a mbíonn gnónna agus tithe fágtha gan uisce go minic mar gheall ar phíopaí uisce ag réabadh. Beidh an obair á dhéanamh i dhá staid, tá tús á chur leis an obair  inniu i nGort a’ Choirce agus cuirfear tus leis an obair  ar an Fhal Carrach ar an mhí seo chugainn.

Idir an dá linn, deir Josie Ó Gallchóir, úinéir thabhairne Flynns ar an Fhal Charrach, nach leor an obair atá a dhéanamh ag Uisce Éireann i gceantar Chloich Cheann Fhaol. Deir sé nach bhfuil ach thart fa dhá mhíle de phíopaí le leagain, nuair atá gá le thart fa 30 míle de phíopaí úra.  Dúirt sé gur cheart píopaí úra uisce a leagaint ar fud na paróiste agus go gcuirfear brú ar na háiteacha ina bhfuil na sean phíopaí nuair a leagfar na píopaí úra.

Stailc Rúnaithe Scoile

Rachaidh rúnaithe scoile i mbun stailce ar feadh roinnt uaireanta an chloig ag tús an lae, ag toiseacht ar an 20 Meán Fómhair le haird a dhíriú ar a gcuid coinníollacha oibre. Bhí agóid ag rúnaithe scoile ag oifig an Aire Oideachais agus Scileanna, Joe McHugh, ar phríomhshráid Leitir Ceanainn Dé Sathairn. Is é craobh an iarthuaiscirt den cheardchumann Fórsa, atá ag eagrú na hagóide seo.

Cé na gCealla Beaga

Tá an Comhairleoir Condae Micheal Naughton ag iarraidh ar Choiste Cheantair Bardais Dhún na nGall den  Chomhairle Condae  cruinniú a eagrú leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara  Michael Creed le Cé na gCealla Beaga a phlé. Tá an Comhairleoir Naughton ag iarraidh go mbeadh baill ó Ghrúpa Forbartha Cé na gCealla Beaga i láthair ag an chruinniú chomh maith. Tá an Comhairleoir Naughton ag iarraidh maoiniú a aimsiú  le forbairt a dhéanamh ag an Ché. Dúirt an Comhairleoir Naughton go bhfuil deiseanna móra forbartha sa cheantar ach go bhfuil sé tábhachtach  castáil leis an Aire Creed le tuilleadh maoinithe  a aimsiú don ché. 

Aighneachtaí Pleanála Cosáin Siúil

Is é an Luan seo chugainn an 16 Meán Fómhair an dáta deireanach le gur féidir leis an phobal moltaí nó aighneachtaí chur chuig Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall faoina pleananna forbairt a dhéanamh ar 7km de chosán siúil ar an seanbhóthar iarainn ar Bhealach na Mucaise. Baineann an píosa seo oibre le síniú a chur leis an chasán siúil ar sheanbhóthar iarainn na Mucaise. Tá an fhorbairt seo mar pháirt den obair atá ar bun chun cosán siúil agus rothaíochta a fhorbairt ar an seanbhóthar iarrainn ó Ailt an Chorráin go Leitir Ceanainn.

Traenáil ar ghnónna

Beidh clár traenála dírithe ar ghnónna beaga i nDún na nGall, le cuidiú leo le cuntais gnó, a reáchtáil thar thréimhse deich seachtainí ón lá inniu ar aghaidh. Sé Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall atá i mbun an chúrsa seo, agus é dírithe ar úinéirí gnóanna beaga sa chontae, le cuidiú leo tuiscint mar is ceart a fháil ar na riachtanais ar fad a bhaineann le cuntais gnó. Dúirt Mícheál Ó Tonnaigh, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall gur cheart do lucht gnó nach bhfuil tuiscint mhaith acu ar chúrsaí cuntasíochta, tairbhe a bhaint as an chúrsa seo, agus deir sé go rachaidh sé go mór chun sochar daofa.

Oibreacha bóthair

Cuirfear tús ar maidin inniu leis an obair ar an bhealach ó Loch na nDeorán go Rann na Feirste. Tá €50,000 curtha ar fáil leis an obair seo a dhéanamh ar an bhealach agus tá Coiste Forbartha Rann na Feirste dóchasach leis an airgead seo go n-éireoidh leo an obair ar an bhealach a chríochnú. Beidh moill ar thrácht sa cheantar fhad agus a bheith an obair seo ar siúl.

Beo

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Colm de Buitléir, imreoir rugbaí le foireann Chonnachta.

Colm de Buitléir, imreoir rugbaí le foireann Chonnachta.

 
Sinéad Crowley, Eagraí Ealaíona & Cumarsáide.

Sinéad Crowley, Eagraí Ealaíona & Cumarsáide.

 
Áine Uí Laoithe, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Áine Uí Laoithe, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Kate Ní Artaigh, Macléinn, Coláiste Mhuire, Inis.

Kate Ní Artaigh, Macléinn, Coláiste Mhuire, Inis.

 
Micheál Mac Aoidh, Oifigeach Pleanála Teanga, Cloich Chrannfhaola.

Micheál Mac Aoidh, Oifigeach Pleanála Teanga, Cloich Chrannfhaola.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
Cathal Ó Conchubhair, iar chomhairleoir Shinn Féin.

Cathal Ó Conchubhair, iar chomhairleoir Shinn Féin.

 
Dara Ó Maoilchiaráin, Cathaoirleach Choiste Pleanála Teanga Chonamara Láir.

Dara Ó Maoilchiaráin, Cathaoirleach Choiste Pleanála Teanga Chonamara Láir.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

Seán Kelly, Feisire Eorpach.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Tuairisc na Nuachtán.

Tuairisc na Nuachtán.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Monsignor Willie Diver as Achaill.

An Monsignor Willie Diver as Achaill.

 
John Beag Ó Flatharta.

John Beag Ó Flatharta.

 
Ardtráthnóna: Déardaoin 19 Meán Fómhair 2019.

Ardtráthnóna: Déardaoin 19 Meán Fómhair 2019.

 
MIcheál Ó Máirtín & Micléinn.

MIcheál Ó Máirtín & Micléinn.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Breandan Ó Dufaigh.

Breandan Ó Dufaigh.

 
Féile Treabhadóireachta ,Ceatharlach.

Féile Treabhadóireachta ,Ceatharlach.

 
Micléinn ó Choláiste Ollscoil Mhuire.

Micléinn ó Choláiste Ollscoil Mhuire.

 
An Dochtúr Tony Delap.

An Dochtúr Tony Delap.

 
Mairéad Uí Anluain.

Mairéad Uí Anluain.

 
Barrscéalta Déardaoin 19-09-19

Barrscéalta Déardaoin 19-09-19

 
Finbarr Bradley, Bord Stiúrtha, Gaillimh 2020.

Finbarr Bradley, Bord Stiúrtha, Gaillimh 2020.

 
Ríonach Ní Néill, Marc Mac Lochlainn agus Darach Mac Con Iomaire.

Ríonach Ní Néill, Marc Mac Lochlainn agus Darach Mac Con Iomaire.

 
Cabrini de Barra, Glór na nGael & Coiste Pleanála Teanga Dhún Garbháin.

Cabrini de Barra, Glór na nGael & Coiste Pleanála Teanga Dhún Garbháin.

 
Fergus O’Dowd. T.D. & ball de choiste tithíochta an Oireachtais.

Fergus O’Dowd. T.D. & ball de choiste tithíochta an Oireachtais.

 
Anthony Molloy, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Anthony Molloy, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Máirtín Ó Cáthain, iriseoir.

Máirtín Ó Cáthain, iriseoir.

 
Eoin Póil Man of Aran Fudge, Dónal Mac Suibhne Rathlin Knitwear, Máire de Sheoirse, Cheetah Fencing.

Eoin Póil Man of Aran Fudge, Dónal Mac Suibhne Rathlin Knitwear, Máire de Sheoirse, Cheetah Fencing.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt

Príomhscéalta an Deiscirt

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Mír na Cartlainne.

Mír na Cartlainne.

 
Liam Ó Cuinneagáin.

Liam Ó Cuinneagáin.

 
Ann Marie Duggan.

Ann Marie Duggan.

 
Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair 2019.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair 2019.

 
Sruth na Maoile @25

Sruth na Maoile @25

 
Barney Ó Gallachóir.

Barney Ó Gallachóir.

 
Diane Ní Chanáinn.

Diane Ní Chanáinn.

 
Frank Mac Suibhne.

Frank Mac Suibhne.

 
Rosa Glackin

Rosa Glackin

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair 2019.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair 2019.

 
Load More...
Iris Aniar

Iris Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Spórt an Lae

Spórt an Lae

Barrscéalta

Barrscéalta

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís