Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Otharlann Leitir Ceanainn

Meastar go mbeidh an barda gearrthréimhseach in Otharlann Leitir Ceanainn ag oscailt arís fa cheann míosa. Dúradh le ball de Fhóram Sláinte an Iarthair, an Chomhairleoir Contae Gerry MacMonagail ag cruinniú den Fhóram inné, go mbeidh idir dhá altra dhéag agus cúig altra dhéag a n-earcú ar an mhí seo chugainn, le gur féidir an barda a oscailt. Beidh na haltraí seo ag obair in aonad úr stróc na hotharlainne fosta. Fógraíodh anuraidh go ndéanfaidh deich leaba a chur ar fáil sa bharda gearr thréimhseach, ach níor tharla sé sin, mar gur dúradh go raibh moill ar altraí a earcú, de réir Fóram Sláinte an Iarthair.

Bochtaineacht

Léiríonn staidéar de chuid an Phríomh-Oifig Staidrimh go bhfuil  mó bochtaineachta i gceantar na teorann ná aon cheantar eile sa tír. Deirtear go raibh 25.7% de phobal Dhún na nGall, An Cabhán, Mhuineachán, Shligigh agus Liatroma ag streachailt le cúrsaí airgid i 2017. I measc na mí bhuntáistí i mó a bhain le saol i gceantar na teorann, do réir an staidéir, bhí an easpa leathanbhanda ard luais, ioncam níos ísle, agus tithe ina luí folamh. Deirtear go raibh 27.4% de thithe cónaithe i nDún na nGall folamh i 2017.

Dhá láthair seandálaíochta

Tá dhá láthair seandálaíochta aimsithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall le linn a gcuid oibre ar bhealach an N56 ón Chlochán Liath go Cloch Bhuile agus idir Leitir Illidh agus Cill Riain sna Gleanntaí. Rinneadh an tástáil le seiceáil an raibh láithreacha seandálaíochta úra ar bith, ar threo an bhealaigh úir, agus aimsíodh dhá shuíomh. Fuarthas clocha agus adhmad dóite, ag láthair amháin, agus meastar gur láthair réamhstairiúil cócaireachta a bhí ann. Tá roinnt carn san suíomh eile, agus dhéanfar obair thochailte ag an dá láthair,  an tseachtain seo, nó ag tús na seachtaine seo chugainn.

Breatimeacht

Tá dhá scór comhlacht i nGaeltacht Thír Chonaill, a bhfuil níos mó na deichniúr fostaithe iontu, agus líon suntasach acusan ag easpórtáil go dtí an Bhreatain, agus tá bharr, tá imní ar go leor comhlachtaí faoi thionchar imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, ar a ngnó, dar le Bainisteoir Réigiún Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill Micheál Mac Giolla Easpaig. Measann sé go mbeidh tionchar níos mó ag imeacht na Breataine ar Dhún na nGall, de bharr an chontae a bheith buailte ar an teorann.    Tá  250 cliant ag an Údarás i dTír Chonaill,   agus tá seans go mbeidh tionchar diúltach ag imeacht na Breataine orthu siúd atá ag iompórtáil earraí agus bun ábhair, a dúirt Micheál Mac Giolla Easpaig.

Loganair

Cuirfidh aerlíne Loganair tús leis an tseirbhís eitiltí idir Aerfort Chathair Dhoire agus Stansted i Londain inniu. Ghlac Loganair an tseirbhís seo, i ndiaidh do Fly BMI a fhógairt coicís ó shin, go raibh siad ag tarraingt amach as an Aerfort agus as aerfoirt eile sa Bhreatain, mar gheall ar imní atá orthu faoi thionchar imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach. Dúirt urlabhraí ó Aerfort Chathair Dhoire gur dearnadh 300 eitilt a chur in áirithe taobh istigh de leathuair a chloig de Loganair a fhógairt gur iad a bheadh i mbun na seirbhíse. Beidh dhá eitilt sa lá acu idir Doire agus Stansted, seachas ar an tSathairn, nuair a bheas aon eitilt amháin. 

Beo

Barrscéalta

Barrscéalta

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Mícheál Ó Gliosáin, Méara Chill Áirne.

Mícheál Ó Gliosáin, Méara Chill Áirne.

 
Máirtín Ó Conghaile, Doire an Fhéich, Conamara.

Máirtín Ó Conghaile, Doire an Fhéich, Conamara.

 
Piaras Ó Dochartaigh, T.D.

Piaras Ó Dochartaigh, T.D.

 
Colmán Ó Raghallaigh, tráchtaire, forbairt tuaithe.

Colmán Ó Raghallaigh, tráchtaire, forbairt tuaithe.

 
Judy Ní Chonghaile, Finisterre, An Bhriotáin.

Judy Ní Chonghaile, Finisterre, An Bhriotáin.

 
Conor White, Queens, Nua Eabhrach.

Conor White, Queens, Nua Eabhrach.

 
Fergus O’ Dowd, T.D., Coiste Oireachtais Covid 19.

Fergus O’ Dowd, T.D., Coiste Oireachtais Covid 19.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Adhmhaidin.

Adhmhaidin.

 
An Saol ó Dheas: Dé Máirt  02 Meitheamh 2020.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 02 Meitheamh 2020.

 
Andy Caomhánach.

Andy Caomhánach.

 
Dáithí Alcorn.

Dáithí Alcorn.

 
Brian Feda Ó Domhnaill.

Brian Feda Ó Domhnaill.

 
An Dlíodóir, Antóin Delap.

An Dlíodóir, Antóin Delap.

 
Danielle Nic Pháidín.

Danielle Nic Pháidín.

 
An Sáirsaint John Joe Mac Claifeartaigh.

An Sáirsaint John Joe Mac Claifeartaigh.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta: Dé Máirt 02 Meitheamh 2020.

Barrscéalta: Dé Máirt 02 Meitheamh 2020.

 
John Downing, comhfhreagrai polaitíocht, IrIrish Independenta.

John Downing, comhfhreagrai polaitíocht, IrIrish Independenta.

 
Seán De Buitléir, Páirtnéireacht Forbartha Chiarraí Theas.

Seán De Buitléir, Páirtnéireacht Forbartha Chiarraí Theas.

 
Éamon Ó Cuív, T.D.

Éamon Ó Cuív, T.D.

 
Éilis Ní Dhochartaigh, Aerfort Dhún na nGall.

Éilis Ní Dhochartaigh, Aerfort Dhún na nGall.

 
Seán Ó hArgáin, Gaelscoil Osraí, Cill Chainnigh.

Seán Ó hArgáin, Gaelscoil Osraí, Cill Chainnigh.

 
Stella O' Malley, siceteiripeoir.

Stella O' Malley, siceteiripeoir.

 
Jim O' Neill, iar-ionadaí Sábhailteacht Uisce Éireann.

Jim O' Neill, iar-ionadaí Sábhailteacht Uisce Éireann.

 
Niall Ó Muilleoir, tráchtaire, Los Angeles.

Niall Ó Muilleoir, tráchtaire, Los Angeles.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 01 Meitheamh 2020.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 01 Meitheamh 2020.

 
Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir Condae.

Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir Condae.

 
Gobnait Ní Mhuimhneacháin, Comhairleoir Condae.

Gobnait Ní Mhuimhneacháin, Comhairleoir Condae.

 
Bóthar Dhoire Fhearta - Pacáiste le Cóilín Ó Neachtain, Tuairisceoir RTÉ RnaG, Casla.

Bóthar Dhoire Fhearta - Pacáiste le Cóilín Ó Neachtain, Tuairisceoir RTÉ RnaG, Casla.

 
An tAthair Seán Ó Conghaile, An Chóiré Theas.

An tAthair Seán Ó Conghaile, An Chóiré Theas.

 
Ciana Ní Churraoin, Mankato, Minnesota Mheiricéa.

Ciana Ní Churraoin, Mankato, Minnesota Mheiricéa.

 
Phil Ní Shéaghadha, Árd-Rúnaí Chumann na nAltraí agus na mBancabhrach, an INMO.

Phil Ní Shéaghadha, Árd-Rúnaí Chumann na nAltraí agus na mBancabhrach, an INMO.

 
Na Páipéir Nuachta.

Na Páipéir Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An mír deireanach de 2019/2020.

An mír deireanach de 2019/2020.

 
Anne Marie Baird, as Dhoibhlinn  in aice le páirc náisiúnta Ghleann Bheatha, i gContae Dhún na nGall.

Anne Marie Baird, as Dhoibhlinn in aice le páirc náisiúnta Ghleann Bheatha, i gContae Dhún na nGall.

 
Rísteard Hennessy, Síceolaí oideachais atá ina chónaí i Singapore.

Rísteard Hennessy, Síceolaí oideachais atá ina chónaí i Singapore.

 
Emma Ní Chearúil, ó Raidió na Life.

Emma Ní Chearúil, ó Raidió na Life.

 
Póilín Nic Geidigh, as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce.

Póilín Nic Geidigh, as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bladhaire

Bladhaire

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís