Nuacht an Deiscirt: Gin an Daingin is fearr ar domhan

Nuacht an Deiscirt: Gin an Daingin is fearr ar domhan

Gin an Daingin is fearr ar Domhan

Sé Gin an Daingin an gin is fearr ar thalamh a' domhain, agus an gradam sin buaite ag Drioglann a' Daingin ag Gradaim Gin an Domhain a bronnadh i Londain Shasana aréir. 

Bhuadar an gradam don London Dry Gin ab fhearr, agus an buaic-ghradam don Gin is fearr ar fad acu, ag ócáid na hoíche aréir. 

Dúirt urlabhraí ón nDrioglann le Nuacht a' Deiscirt ar maidin, go bhfuilid Ana-bhródúil, mar gurb é seo an chéad uair go bhfuil duais idirnáisiúnta buaite acu.

D'fheadfadh breis éilimh bheith ar a dtáirgí de bharra an aitheantais seo, adeir sé, agus má bhíonn, beidh breis fostaíochta sa drioglann dá réir. 

Bunaíodh Drioglann a' Daingin i 2012, agus tá Gin, Vodca agus Fuiscí á dhéanamh ann ó shin. Tá ceathrar déag ag obair sa drioglann. 

Agóid cúram croí ar athló

Tá máirseáil agóide do chúram croí 24 uaire san Oir-dheisceart, a bhí beartaithe do Chathair Átha Cliath an mhí seo chugainn curtha ar athló. 

Tá máirseáil eile ar mhaithe iad siúd gan dídean beartaithe don la céanna, agus is dá bharra sin a deineadh an cinneadh. 

Dúirt urlabhraí ó Ghrúpa Tacaíochta Othair an Oir-Dheiscirt go reachtáilfear an agóid amach anseo agus nach raibh sé curtha ar ceal. 

Ta se ráite chomh maith ag Cathaoirleach an Ghrúpa, Hilary O'Neill, nach dteastaíonn uathu go mbeidh aon pholaiteoirí áitiúla ag baint úsáide as an bhfeachtas ar mhaithe leo féin agus na toghcháin áitiúla ag teacht I Mí Bealtaine.

Mac Laoch na Ríochta ag seasamh do Fhianna Fáil

Tá sé fógartha ag Mikey Óg Sheehy go mbeidh sé ag seasamh do Fhianna Fáil i dtoghcheantar Thrá Lí sna toghcháin áitiúla. 

Mac é do Mhikey Sheehy, a bhuaigh ocht gcinn de bhoinn uile-Éireann le Ciarraí sna 70í agus na h80í.
Tá sé ina rúnaí parlaiminte ag an dTeachta Dála John Brassil fé láthair.  

Deir sé gur mór an onóir do bheith ainmnithe ag an bpáirtí, agus go bhfuil sé chun feachtas ana-dhearfach a rith. 

29 gafa ag Gardaí i gCorcaigh

Ghabh na Gardaí 29 i gcathair Chorcaí tráthnóna inné, mar pháirt de lá gnímh i gcoinne coiriúlacht eagraithe. 

Cúisíodh triúr is fiche acusan as cúiseanna a bhain le mangaireacht drugaí agus le gadaíocht. 

Cuardaíodh 5 áitreabh sa chathair mar pháirt den lá gnímh, agus fuarthas luach dhá mhíle dhéag euro de dhrugaí. 

Bhí roinnt pointí seiceála ag na Gardaí, agus oifigigh os na seirbhísí inimirce agus ón Roinn Coimirce Sóisialaí sa chathair chomh maith inné, agus roinnt fiosruithe ar bun dá mbarra.

Cruinniú poiblí faoi chúiteamh mairteola

Beidh cruinniú poiblí ar bun i marglann an Daingin anocht ag an ngluaiseacht a thugann 'An Plean Mairteola' orthu féin.

Gluaiseacht é seo d'fheirmeoirí, atá d'iarraidh praghsanna níos fearr ar a gcuid mairteola agus coinníollacha níos fearr os na monarchana. 

Beidh siad ag teacht le chéile i Marglann a' Daingin ar a leathuair tar éis a seacht anocht, agus i marglann Uíbh Ráthaigh i gCathair Saidhbhín, Dé Luain seo chughainn ar a leathuair tar éis a seacht chomh maith. 

€80,000 bailithe ag Cumann Rothaíochta an Daingin

Tá €80,000, bronnta ag Club Rothaíochta an Daingin ar Phobal Champhill i nDún Síon, as a n-imeachtaí éagsúla ó bunaíodh an Club, cheithre mbliana déag ó shin.

Siad Pobal Champhill chomh maith, a bhainfidh tairbhe as an rothaíocht is déanaí, go bhfuil  Ride Dingle baistithe air, a bheidh ar siúl i gCorca Dhuibhne ar an Satharn an 27ú la d'Aibreán.

Tugadh le fios ag tráthnóna eolais in Óstán Bhenners sa Daingean aréir, go bhfuil trí chead déag rothaí cláraithe cheanna féin don rothaíocht san, as an sprioc do dhá mhíle rothaí.

Siad Elite Management ó Chill Áirne, i gcomhpháirtíocht le Club Rothaíochta an Daingin atá ina bhun, ar mhaithe le margaíocht agus bolscaireacht a dhéanamh ar Leithinis Chorca Dhuibhne ina iomláine, mar bhuaic phointe rothaíochta. 

Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Ceol na Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
MIcheál Ó Máirtín & Micléinn.

MIcheál Ó Máirtín & Micléinn.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Breandan Ó Dufaigh.

Breandan Ó Dufaigh.

 
Féile Treabhadóireachta ,Ceatharlach.

Féile Treabhadóireachta ,Ceatharlach.

 
Micléinn ó Choláiste Ollscoil Mhuire.

Micléinn ó Choláiste Ollscoil Mhuire.

 
An Dochtúr Tony Delap.

An Dochtúr Tony Delap.

 
Mairéad Uí Anluain.

Mairéad Uí Anluain.

 
Barrscéalta Déardaoin 19-09-19

Barrscéalta Déardaoin 19-09-19

 
Finbarr Bradley, Bord Stiúrtha, Gaillimh 2020.

Finbarr Bradley, Bord Stiúrtha, Gaillimh 2020.

 
Ríonach Ní Néill, Marc Mac Lochlainn agus Darach Mac Con Iomaire.

Ríonach Ní Néill, Marc Mac Lochlainn agus Darach Mac Con Iomaire.

 
Cabrini de Barra, Glór na nGael & Coiste Pleanála Teanga Dhún Garbháin.

Cabrini de Barra, Glór na nGael & Coiste Pleanála Teanga Dhún Garbháin.

 
Fergus O’Dowd. T.D. & ball de choiste tithíochta an Oireachtais.

Fergus O’Dowd. T.D. & ball de choiste tithíochta an Oireachtais.

 
Anthony Molloy, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Anthony Molloy, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Máirtín Ó Cáthain, iriseoir.

Máirtín Ó Cáthain, iriseoir.

 
Eoin Póil Man of Aran Fudge, Dónal Mac Suibhne Rathlin Knitwear, Máire de Sheoirse, Cheetah Fencing.

Eoin Póil Man of Aran Fudge, Dónal Mac Suibhne Rathlin Knitwear, Máire de Sheoirse, Cheetah Fencing.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt

Príomhscéalta an Deiscirt

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Mír na Cartlainne.

Mír na Cartlainne.

 
Liam Ó Cuinneagáin.

Liam Ó Cuinneagáin.

 
Ann Marie Duggan.

Ann Marie Duggan.

 
Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair 2019.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair 2019.

 
Sruth na Maoile @25

Sruth na Maoile @25

 
Barney Ó Gallachóir.

Barney Ó Gallachóir.

 
Diane Ní Chanáinn.

Diane Ní Chanáinn.

 
Frank Mac Suibhne.

Frank Mac Suibhne.

 
Rosa Glackin

Rosa Glackin

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair 2019.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 18 Meán Fómhair 2019.

 
Peter Rigney, Oifigeach Tionsclaíoch, ICTU.

Peter Rigney, Oifigeach Tionsclaíoch, ICTU.

 
Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, An Daingean.

Breandán Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, An Daingean.

 
Catherine Connolly, T.D. Gaillimh Thiar.

Catherine Connolly, T.D. Gaillimh Thiar.

 
Antoin Ó Lachtnáin, Cearta Digiteacha na hÉireann.

Antoin Ó Lachtnáin, Cearta Digiteacha na hÉireann.

 
Shaunie Ó Baoill, ball d’ Fheidhmeannas Náisiúnta Chumann Feirmeoirí Cnoic agus Natura na hÉireann.

Shaunie Ó Baoill, ball d’ Fheidhmeannas Náisiúnta Chumann Feirmeoirí Cnoic agus Natura na hÉireann.

 
Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta.

Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta.

 
An tUachtarán, Mícheál D Ó hUigínn.

An tUachtarán, Mícheál D Ó hUigínn.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTE Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
An Dlíodóir, Antoin Delap.

An Dlíodóir, Antoin Delap.

 
Anna Ní Bhraonáin. LYIT.

Anna Ní Bhraonáin. LYIT.

 
An garda Thomas Joseph Mac Giolla Bhríde.

An garda Thomas Joseph Mac Giolla Bhríde.

 
John Boyle INTO. & Patricia Uí Earlaigh.

John Boyle INTO. & Patricia Uí Earlaigh.

 
Load More...
Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Tús Áite

Tús Áite

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Spórt an Lae

Spórt an Lae

Barrscéalta

Barrscéalta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís