Nuacht an Tuaiscirt: Imní ar mhúinteoirí Thuaidh & Theas

Nuacht an Tuaiscirt: Imní ar mhúinteoirí Thuaidh & Theas

Imní faoi thionchar an Bhreatimeachta ar mhúinteoirí agus oideachas

Tá imní léirithe ag Cumann Múinteoirí Éireann Thuaidh agus Theas faoin tionchar a bhéas ag imeacht na Breataine ó Aontas na hEorpa ar mhúinteoirí bunscoile, go háirithe sna condaetha cois teorann.

Dúirt Uachtarán an Chumainn John Boyle  go raibh cruinniú ar siúl sa Bhruiséal inné le plé a dhéanamh ar na deacrachtaí a chruthódh teorainn chruaidh do mhúinteoirí a mbeadh orthu bheith ag taisteal don obair.

Tá os cionn leath chéad pointe trasnaithe ó Chondae Dhún na nGall thar teorainn a dúirt John Boyle agus tá imní ar mhúinteoirí nach mbeidh siad cáilithe le bheith ag obair sa dá dhlínse níos mó.

Rabhadh faoi théacsáil agus tiomáint

Tá grúpa Sábháilteacht bóthair Dhún na nGall agus na gardaí ag iarraidh ar dhaoine gan a bheith ag téacsáil no ag glacadh glaochanna ar ghutháin póca nuair atá siad ag tiomaint.

Dúirt Brian Ó Dónaill Oifigeach Sábháilteachta Boithre Dhún na nGall go dtógann gutháin póca aird na dtiománaithe ón bhealach agus go dtig le taismigh tarlú go gasta.

Cuireadh 29 míle finéal ar thiománaithe go náisiúnta anuraidh as a bheith ag úsáid guthán póca le linn daofa a bheith ag tiomaint.

31 othar ar thralaithe

Othar is tríocha atá ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn inniu. Dé réir figúirí ó Chumann Altraí agus Ban Chabhrach na hÉireann tá seacht n-othar ar thralaithe san aonad timpiste agus éigeandála agus ceathrar agus fiche ar thralaithe sna bardaí. 474 othair atá ar thralaithe in otharlanna na tíre inniu.

Damáiste do dhífhibrileoir

Tá imní léirithe ag pobal Rath Mealtáin gur dearnadh damáiste don dífhibrileoir atá suite taobh amuigh do shiopa ceimiceora ar an bhaile.  

Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí maidir leis an damáiste mhailíseach a rinneadh.

Dúirt Tom Murray úinéir an cheimiceora gur chur pobal na h-áite saothar orthu fhéin ag cruinniú airgid don dífhibrileoir agus chain sé go mór an dochar atá déanta.

Dúirt sé ar Bharrscealta inniu go bhfuil dochar déanta den bhosca agus nach féidir é a úsáid.

Timpiste bhóthair

Bhí na seirbhísí éigeandála i láthair ag taisme bóthar ar an phríomh bhealach idir Croichshlí agus Loch an Iúir ar maidin inniu.

Ní raibh ach carr amháin sa taisme agus thug na Gardaí le fios nach bhfuil duine ar bith gortaithe go dona.

Bhí trácht á chur ar malairt slí ach thug na Gardaí le fios go bhfuil an bealach foscailte arís.

Táillí bearta bád

Tá imní léirithe ag baill de Choiste na nOileán, do Chomhairle Condae Dhún na nGall faoi na táillí ata beartaithe a ghearradh ar úinéirí báid ag céibheanna na condae.

Dúirt William Ó Baoill as Oileán Uaighe ó dhúchas go bhfuil tithe ag bunadh na noileán go fóill ar na hoileáin agus go dteastaíonn bádaí le cuairt a thabhairt ar na hoileáin bheaga nach bhfuil seirbhís rialta farantóireachta fhad leo.

Thacaigh Eddie Mac Aoidh as Oileán Ghabhla agus John O'Brien as Inis Bó Finne leis ag rá go bhfuil eagla orthu go mbrisfidh an ceangal idir oileánaithe agus na hoileáin má tharlaíonn sé go néireoidh na táillí seo roard agus nach dtig iad a íoc.

Airgead bréige

Tá rabhadh á thabhairt don phobal, go háirithe lucht gnó, a bheith ar a n-airdeall mar go bhfuil tuairiscí faighte go bhfuil nótaí airgid bréige in úsáid i Leitir Ceanainn faoi láthair.

Dúirt Cumann Tráchtála Leitir Ceanainn go bhfuil eolas faighte acu go bhfuil nótaí €50 atá bréagach faighte sa cheantar.

Táthar ag iarraidh ar lucht gnó Leitir Ceanainn súil ghéar a choinneáil ar aon airgead tirim a thugtar trasna ina n-ionaid gnó.

Gnóanna fillte i mbun oibre i mBun Cranncha

Tugadh cead do chuid de na daoine a cuireadh amach as a gcuid tithe nó a gcuid gnónna mar gheall ar an tine mór ar Phríomh Shráid Bhun Cranncha coicís ó shin ar ais ina gcuid tithe ó bhí trathnóna inné ann.

Tharla damáiste mhór do Shiopa Éadaí John Barr, do ionad siamsaíochta an Plaza agus do thabhairní nuair a tharla tine ansin ag tús na míosa. 

Géarchéim tithíochta

Níl an Rialtas ag gabháil i ngleic leis an ghéarchéim tithíochta i nDún na nGall a dúirt an Seanadóir Pádraig Mac Lochlainn, mar nach bhfuil siad ag ceannacht nó ag tógáil go leor tithe.

Níor comhlíonadh ach 6% de éileamh tithíochta na condae anuraidh i nDún na nGall a dúirt sé, nuair a chuir an Chomhairle Condae agus grúpaí tithíochta 153 teach ar fáil.

Tógadh 74 teach agus ceannaíodh 79 teach , le húsáid mar thithíocht shóisialta.

Leithris riachtanais speisialta

Tá leithris a bheidh foirsteánach do dhaoine le riachtanaisí speisialta le cur gar don chéibh ar Oileán Árainn Mhór a dúirt an Comhairleoir Condae Micheál Cholm Mac Giolla Easpuig.

Ba cheart go mbeadh fáil ar áiseanna ag an chéibh chomh maith, agus ag tránna eile sa chondae, do dhaoine le cith a ghlacadh a dúirt sé, mar go bhfuil go leor daoine atá i mbun spórt farraige anois a bhainfeadh úsáid astu.

Seachtain na Gaeilge

Seolfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall Seachtain na Gaeilge in Amharclann an Ghrianáin i Leitir Ceanainn ar an chéad lá de Mhí Mhárta.

Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón chéad lá go dtí an 17ú lá de Mhí Mhárta.

Dhéanfar leabhrán ar a himeachtaí uillig a bhéas ar siúl a fhoilsiú agus beidh sé sin ar fáil  roimh dheireadh na míosa.
 

Beo

Scoth na Seachtaine

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Saol ó Dheas 19ú Iúil 2019

An Saol ó Dheas 19ú Iúil 2019

 
John Shéamuis Ó Fearraigh, comhairleoir condae, Dún na nGall.

John Shéamuis Ó Fearraigh, comhairleoir condae, Dún na nGall.

 
Sorcha Ní Cheilleachair, ceannasaí, Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Sorcha Ní Cheilleachair, ceannasaí, Tuismitheoirí na Gaeltachta.

 
Poilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Poilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Kevin O Hara, Sinn Féin.

Kevin O Hara, Sinn Féin.

 
Ciarán de Nuinseann, eacnamaí, Institiúid Eacnamúil Nevin.

Ciarán de Nuinseann, eacnamaí, Institiúid Eacnamúil Nevin.

 
Dr. Colm Henry, príomhoifigeach cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Dr. Colm Henry, príomhoifigeach cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

 
Micheal O Leidhin, Eagraí Polaitiochta, RTE Raidió na Gaeltachta.

Micheal O Leidhin, Eagraí Polaitiochta, RTE Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta  Náisiúnta & Idirnáisiúnta,

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta,

 
Rachel Holstead;Ealaín na Gaeltachta.

Rachel Holstead;Ealaín na Gaeltachta.

 
Helen de Gordún;Feachtas na mbailte slachtmhara i gCúil Aodha

Helen de Gordún;Feachtas na mbailte slachtmhara i gCúil Aodha

 
Derry Ó Murchú;Taispeántas Talmhaiochta Chiarrai Thiar

Derry Ó Murchú;Taispeántas Talmhaiochta Chiarrai Thiar

 
Donal Ó Conail;Taispeantas earrai seanda an Choireáin.

Donal Ó Conail;Taispeantas earrai seanda an Choireáin.

 
Lorcán Ó Cinnéide;Ionad an Bhlascaoid agus gabhaltaisí an oileáin.

Lorcán Ó Cinnéide;Ionad an Bhlascaoid agus gabhaltaisí an oileáin.

 
An Saol ó Dheas 18ú Iuil 2019

An Saol ó Dheas 18ú Iuil 2019

 
Seamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Seamus Cosaí Mac Gearailt, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
An Seanadóir Pádraig O Céidigh, bann de choiste Iompair, Spóirt & Turasóireachta an Oireachtais.

An Seanadóir Pádraig O Céidigh, bann de choiste Iompair, Spóirt & Turasóireachta an Oireachtais.

 
Eilís Ní Lochnáin, cathaoirleach Chomhairle Ceantar na nOileán.

Eilís Ní Lochnáin, cathaoirleach Chomhairle Ceantar na nOileán.

 
Anthony Molloy, comhairleoir condae, Dún na nGall.

Anthony Molloy, comhairleoir condae, Dún na nGall.

 
Richie Ó hEadhra, Bainisteoir réigiúnach cumarsáide Uisce Éireann.

Richie Ó hEadhra, Bainisteoir réigiúnach cumarsáide Uisce Éireann.

 
Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

 
Micheal O Leidhin Eagraí Polaitiochta, rTE Raidió na Gaeltachta.

Micheal O Leidhin Eagraí Polaitiochta, rTE Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt

Príomhscéalta an Deiscirt

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Deirdre Ní Choistín- Bainisteoir Cumarsáide nua TG4

Deirdre Ní Choistín- Bainisteoir Cumarsáide nua TG4

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Tomás Ó Ceallacháin agus Breandán Ó Ruairc;Ráiseanna an Daingin agus Chíll Áirne

Tomás Ó Ceallacháin agus Breandán Ó Ruairc;Ráiseanna an Daingin agus Chíll Áirne

 
Fachtna ó Nua Eabhrach, agus Dr. Piaras Mac Einrí; Imircigh Stáit Aontaithe Mheiricea

Fachtna ó Nua Eabhrach, agus Dr. Piaras Mac Einrí; Imircigh Stáit Aontaithe Mheiricea

 
Darrán Ó Droma, Saoire in Éirinn agus snámh Heilbhic.

Darrán Ó Droma, Saoire in Éirinn agus snámh Heilbhic.

 
An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 17 Iúil 2019.

An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 17 Iúil 2019.

 
Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta & Dara Ó Maoildhia, Comharchumann Fuinnimh Oileáin Árann.

Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta & Dara Ó Maoildhia, Comharchumann Fuinnimh Oileáin Árann.

 
Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhalrleoir Condae.

Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhalrleoir Condae.

 
Breandán Seoige, Cumann Feilméaraí Cnoc & Natura na hÉireann.

Breandán Seoige, Cumann Feilméaraí Cnoc & Natura na hÉireann.

 
Eoghan Ó Neachtain – preasrunaí an Rialtais ó 2000-2007.

Eoghan Ó Neachtain – preasrunaí an Rialtais ó 2000-2007.

 
Eoin Ó Cáthain, tráchtaire ar ghnóthaí na hEorpa.

Eoin Ó Cáthain, tráchtaire ar ghnóthaí na hEorpa.

 
Marc Ó Cathasaigh, Comhairleoir Áitiúil, Páirtí Glas.

Marc Ó Cathasaigh, Comhairleoir Áitiúil, Páirtí Glas.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitiochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitiochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Load More...
Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Barrscéalta

Barrscéalta

Tús Áite

Tús Áite

Meascra

Meascra

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís