Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Otharlann Leitir Ceanainn

Leanann na deacrachtaí le plódú ar aghaidh in Otharlann Leitir Ceanainn inniu áit a bhfuil daichead sa dó othar ar thralaithe agus iad ag fanacht ar leapacha. Tá otharlann Leitir Ceanainn ar an tríú otharlann is gnoithí sa tír inniu áit a bhfuil naoi n-othar ar thralaithe agus iad ag fanacht ar leapacha san aonad timpiste agus éigeandála agus 33 othar sna bardaí de réir figiúirí ó Chumann Altraí agus Ban Chabhrach na hÉireann. Táthar ag iarraidh ar dhaoine dhul ag a ndochtúirí teaghlaigh nó Seirbhís Nowdoc in áit dhul chuig Aonad Éigeandála Otharlann Leitir Ceanainn.

Otharlanna Pobail

Measann  an Leas Cheann Comhairle an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir go bhfuil na pleananna d' Otharlanna Pobail Naomh Iosaf i Srath an Urláir  agus  Rath Mealtáin i mbaol mar gheall ar na deacrachtaí airgid atá ag an Roinn Sláinte de bharr costais   Otharlann úr  na bpáistí i mBaile Átha Cliath. Thóg an Teachta Ó Gallachóir ceist maidir le hOtharlanna Pobail Dhún na nGall leis an Aire Sláinte i mí na Samhna agus haontaíodh ag an am ar phlean le maoiniú a aimsiú dona hotharlanna , ach dúirt an Teachta O Gallchóir   go bhfuil eolas faighte aige anois  nach mbeidh maoiniú breise  a chur ar fáil  faoin chiste a gealladh,  agus go    gcaithfidh  an maoiniú a aimsiú on gnáth  Chiste Caipiteal. Dúirt  an Teachta O Gallchóir  go bhfuil imní air anois faoi staid agus todhchaí na nOtharlanna seo agus ta se ag impí ar an Rialtas  ciste airgid a aimsiú le obair dheisiuchain a dhéanamh ar na hOtharlanna seo agus iad a thabhairt suas go caighdeán.

Leathanbhanda
 
Tá sé beartaithe ag Comhlacht SIRO greasán leathanbhanda snathoptaice a leathnú go 6 bhaile i nDún na nGall Siad na bailte ata i gceist no, Bun Cranncha, Baile Dhún na nGall, Bealach Féith, Srath an Urlair, Béal Átha Seanaidh agus Bun Dobhráin  Seo comhfhiontar idir Vodafone agus Bord Solathar an Leictreachais. Sheol SIRO an togra seo i Leitir Ceanainn dhá bhliain go leith o shin agus tá 11,000 teach ceangailte leis an choras  i Leitir Ceanainn. Tá tús curtha leis an obair cheanna fein i mBun Cranacha agus tá 1,600 teach ceangailte leis an chorás agus tá obair ullmhúcháin ar siúl sna bailte eile. Tá siad ag siúl go mbeidh an obair ar fad críochnaithe roimh dheireadh na bliana.

Tine

Measann na Gardaí nar tosaíodh an tine a rinne scrios mór de thrí fhoirgneamh i mBun Cranncha d'aonturas. Tharla an tine ar an Phríomh Shráid i mBun Crannacha Dé Luain is chuaigh thart agus rinneadh damáiste mhór do thrí fhoirgneamh ar an bhaile. Dúirt an Ceannfort Eugene McGovern go bhfuil na Gardaí go fóill i mbun fiosrúcháin maidir leis an tine agus go raibh siad ag déanamh scrúdú ar cheamaraí slándála ag an láthair, ach ag an phointe seo nach raibh leide ar bith gur tosaíodh an tine d'aonturas. Chur sé i n-iúl go raibh na Gardaí go fóill ag fanacht le torthaí ón fhoireann fóirinseach a rinne scrúdú ar an láthair an tseachtain 's chuaigh thart agus go raibh an láthair go fóill a chaomhnú mar gheall ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta.

Deontas

Tá maoiniú de €12,000 fógraithe ag an Aire Oideachais agus Scileanna Joe McHugh inniu do Chumann Gailf Ghaoth Dobhair. Seo an dara deontas a cheadaigh sé don Chumann le mí anuas.  Cheadaigh sé trí mhíle dhéag i mí Eanáir le obair choirithe a dhéanamh ar fhoirgneamh an chumainn. Dúirt an tAire McHugh to gcuideodh an maoiniú breise seo leis an Chumann leanstán leis an dea obair atá ar siúl acu ag cur chun cinn na Gaeilge i measc na mball agus na gcuairteoirí.

Áislann Rann na Feirste

 Dúirt Hughie Mac Ruairi, Bainisteoir Áislann Rann na Feirste a bhain  príomh-dhuais  Ghlór na nGael  in Óstan an Ghlasáin i gCondae na hIarmhí ag an deireadh seachtaine, gur  tábhacht mhór daofa an duais agus gur onóir  daofa an t-aitheantas seo a fhail o Ghlór na nGael. Bronnadh Trófaí Ghlór na nGael urraithe ag Foras na Gaeilge agus seic €20,000 urraithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta ar Aislann Rann na Feirste. Dúirt Hughie Mac Ruairi go bhfuil moladh ar leith tuillte ag an Choiste ar fad agus ag pobal Rann na Feirste

Bás fir

Fuair an fear a thóg na seirbhísí éigeandála as an uisce in abhainn na hÉirne i mBéal Átha Seanaidh inné, bás aréir in Otharlann Shligigh. Cuireadh glaoch ar na seirbhísí éigeandála i dtrátha an mheán lae inné nuair a chonacthas an fear san uisce. Tugadh an fear ar ingearán go Otharlann Shligigh ach fuair sé bás ansin aréir. Níl an fear ainmnigh ag na Gardaí go fóill.

Carranna

Ceannaíodh níos mó carranna den déanamh Audi agus BMW dara láimh i nDún na nGall i mí Eanáir, na mar a ceannaíodh de charranna úra den déanamh sin. Bhí 87% dena carranna den déanamh Audi agus BMW a cláraíodh i nDún na nGall i mí Eanáir ina gcarranna dara láimh. Rinneadh 40 Audi a chlárú i nDún na nGall i mí Eanáir , 8 gcinn a bhí úr nua, agus 32 carr dara láimh. 

Lucht gnó

Tá barraíocht constaicí roimh dhaoine atá ag iarraidh gnó a chur ar bun i nDún na nGall faoi láthair, agus níl go leor a dhéanamh ag an Chomhairle Contae le fiontair úra a spreagadh, a dúirt Cathaoirleach na Comhairle Contae, An Comhairleoir Séamus Ó Domhnaill. Deir sé go bhfuil i bhfad barraíocht rialacha agus coinníollacha le comhlíonadh le gnó úr a chur ar bun sa chontae faoi láthair.

Capaill ar strae

Cuirtear chun báis níos mó ná leath de na capaill a thógtar i gcontae Dhún na nGall. Tógann an Chomhairle Contae capaill a bhíonn ar strae sa chontae agus nach mbíonn fáil ar a n-úinéirí. Do réir an eolais is deireanaí ón Roinn Talmhaíochta don bhliain 2017, thóg an Chomhairle Contae trí cinn déag de chapaill. Fuaireas 
baile úr do shé cinn acusan, ach cuireadh seachtar acu chun báis.

Comharchumann Thoraí

Beidh Cruinniú Ginearálta Speisialta ar siúl inniu ag Comharchumann Thoraí i dToraigh. Is ar a 1 a chlog inniu san Ionad lae a bhéas an cruinniú seo, atá do scairshealbhóirí an Chomharchumainn amháin agus tatahr ag iarraidh orthu ar fad a bheith i lathair inniu.

Beo

Spórt an Lae

Spórt an Lae

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nuacht a Sé

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Fiontar tiomsaithe airgid á sheoladh ag Club an Chonradh

Fiontar tiomsaithe airgid á sheoladh ag Club an Chonradh

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 15 Feabhra 2019.

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 15 Feabhra 2019.

 
Eoghan Ó Loideáin.

Eoghan Ó Loideáin.

 
An tAthair Clement Mac Mánuis.

An tAthair Clement Mac Mánuis.

 
Niamh Ní Chonaill, Oibrí Deonach leis an Eagraíocht Gaillimh 2020.

Niamh Ní Chonaill, Oibrí Deonach leis an Eagraíocht Gaillimh 2020.

 
Edel Ní Churraoin, Laurence Ó Conghaile, Róisín Ní Chatháin & Pádraig Ó hIarnáin.

Edel Ní Churraoin, Laurence Ó Conghaile, Róisín Ní Chatháin & Pádraig Ó hIarnáin.

 
Seán Ó Gabháin, ón gcomhlacht 'Seaspray' & Noel Ó Laoi ón gComhlacht 'Organic Seaweed Company'.

Seán Ó Gabháin, ón gcomhlacht 'Seaspray' & Noel Ó Laoi ón gComhlacht 'Organic Seaweed Company'.

 
Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Cormac Ó Murchú, An Spidéal.

Cormac Ó Murchú, An Spidéal.

 
Micheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Seán Ó Cuirreáin, iar-choimisinéir teanga.

Seán Ó Cuirreáin, iar-choimisinéir teanga.

 
Seán Pól Ó Conchúir, An Daingean.

Seán Pól Ó Conchúir, An Daingean.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, Sasana.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, Sasana.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta  an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta  an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta  an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Mír na Nuachtan Áitiúla

Mír na Nuachtan Áitiúla

 
Gradam Ghlór na nGael Bronnta ar an gCumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide don 5ú Bliain as a chéile

Gradam Ghlór na nGael Bronnta ar an gCumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide don 5ú Bliain as a chéile

 
Trí Ghlúin de Theaghlach Gaeilgeoirí Cathrach ag caint faoi tógáil pháistí le Gaeilge

Trí Ghlúin de Theaghlach Gaeilgeoirí Cathrach ag caint faoi tógáil pháistí le Gaeilge

 
Cad a shíleann cosmhuintir Fhianna Fáil faoin socrú le Fine Gael

Cad a shíleann cosmhuintir Fhianna Fáil faoin socrú le Fine Gael

 
Polaitíocht an Lae

Polaitíocht an Lae

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 14 Feabhra 2019.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 14 Feabhra 2019.

 
Eibhlín Ní Chatháin, ár dtuairisceoir.

Eibhlín Ní Chatháin, ár dtuairisceoir.

 
Anne Marie Ní Thuathail, Eagarthóir an chórais roghnúcháin ó lárionad Rós na Gaillimhe.

Anne Marie Ní Thuathail, Eagarthóir an chórais roghnúcháin ó lárionad Rós na Gaillimhe.

 
Colette Nic Aodha, File.

Colette Nic Aodha, File.

 
Edel Ní Bhraonáin, Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh.

Edel Ní Bhraonáin, Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh.

 
Aindrias Ó Muineacháin, T.D. Fianna Fáil.

Aindrias Ó Muineacháin, T.D. Fianna Fáil.

 
Máirín Uí Fhearraigh, Comharchumann na nOileán Bheaga.

Máirín Uí Fhearraigh, Comharchumann na nOileán Bheaga.

 
Eithne Nic Dhonnchadha, Bord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin.

Eithne Nic Dhonnchadha, Bord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Dr. Colm Henry,  Príomhoifigeach Cliniciúil , Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil , Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta  an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Mír na Meán

Mír na Meán

 
Declan Rice le himirt ar son Shasana

Declan Rice le himirt ar son Shasana

 
Níl fórmór múinteoirí bunscoile ábalta comhrá a dhéanamh i nGaeilge a deir Éamon Ó Cuiv

Níl fórmór múinteoirí bunscoile ábalta comhrá a dhéanamh i nGaeilge a deir Éamon Ó Cuiv

 
Breatimeacht

Breatimeacht

 
Polaitíocht an Lae

Polaitíocht an Lae

 
Áine Ní Chearúil agus daltaí ó Choláiste Íde.

Áine Ní Chearúil agus daltaí ó Choláiste Íde.

 
Brian Ó Donnchadha agus Hannah Ní Shearcaigh; Cúrsa san aistriúchán i gCorcaigh.

Brian Ó Donnchadha agus Hannah Ní Shearcaigh; Cúrsa san aistriúchán i gCorcaigh.

 
Joe Ó Siochrú; Seamróga Bhaile an Sceilig.

Joe Ó Siochrú; Seamróga Bhaile an Sceilig.

 
Frances agus Seáinín Mac Eoin, Prátaí luatha.

Frances agus Seáinín Mac Eoin, Prátaí luatha.

 
An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 13 Feabhra 2019.

An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 13 Feabhra 2019.

 
Barry Ó Coisdealbha, Bainisteoir Cúnta Thearmann Éanna.

Barry Ó Coisdealbha, Bainisteoir Cúnta Thearmann Éanna.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

Tús Áite

Tús Áite

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Cuireadh Chun Ceoil

Cuireadh Chun Ceoil

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís