Nuacht an Tuaiscirt: Tionóisc bhóthair

Nuacht an Tuaiscirt: Tionóisc bhóthair

Tionóisc bhóthair

Maraíodh bean ina cuid tríochaidí i dtimpiste nuair a leag carr í ag Bóthar an tSéipéil ar an Chlochán Liath tráthnóna inné, agus gortaíodh girseach sé bliana d'aois sa timpiste fosta. Ba ar 6.30 tráthnóna inné a tharla an timpiste seo. Níor gortaíodh an té a bhí sa charr. Tugadh corp an té a maraíodh go hOtharlann Leitir Ceanainn mall aréir le haghaidh scrúdaithe iar bháis, agus tá comhar leighis a chur ansin ar an ghirseach sé bliana d'aois a gortaíodh sa timpiste. Tá scrúdaithe dlí eolaíochta le déanamh ag Gardaí ar láthair na timpiste ar maidin inniu. De bharr na tragóide, beidh Pobalscoil Na Rosann ar an Chlochán Liath druidte inniu. Níl ainm an té a maraíodh tugtha go hoifigiúil ag Gardaí go fóill, ach ba as ceantar na Rosann an té a maraíodh agus bhí aithne mhaith uirthi féin agus ar a teaghlach sa cheantar.

Eoghan Murphy

Bhéarfaidh an tAire Tithíochta, Pleanála agus Rialtas Áitiúil Eoghan Murphy a chead chuairt oifigiúil ar  Dhún na nGall inniu. Dhéanfaidh sé ceithre cinn de scéimeanna úra tithíochta a oscailt go hoifigiúil le linn a chuairte inniu, i Srath an Urláir, Baile Úr Uí Chuinneagáin agus i Leitir Ceanainn. Ar 9.30 ar maidin, osclóidh sé go hoifigiúil Scéim Tithíochta úr Gleann na Gréine i Srath an Urláir. Ag an mheán lae inniu, osclóidh sé scéim úr tithíochta i mBaile Úr Uí Chuinneagáin, agus osclóidh sé scéim úr eile i mBaile Úr Uí Chuinneagáin ar a 1.00 inniu. Ar a 2.00 inniu osclóidh sé cuid a haon de scéim úr tithíochta Leitir Beag i Leitir Ceanainn. Dhéanfaidh an tAire Murphy an chéad fhód a thiontú ar a 3.00 inniu ar scéim úr tithíochta atá le tógáil ag an Lána Fada, Leitir Ceanainn.

Tithíocht

Tá Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall Séamus Ó Domhnaill dóchasach go gcasfaidh an tAire Eoghan Murphy le toscaireacht tras teorainn i Leitir Ceanainn inniu  le cúrsaí tithíochta sa Chontae a phlé. Tá an Comhairleoir Ó Domhnaill ag iarraidh ar an Aire cead a thabhairt níos mó tithe aonaracha a cheadú, agus maolú a dhéanamh ar   rialacha le gur féidir le  daoine atá i dtithe Comhairle Contae ar feadh blianta fada, na tithe a cheannacht. Dúirt sé go bhfuil deacrachtaí móra tithíochta i nDún na nGall,  agus go bhfuil an fhadhb ag eirí níos measa do réir a chéile.

Seirbhísí pleanála

Caithfear achan iarracht a dhéanamh forbairt a dhéanamh ar na seirbhísí pleanála atá ar fáil i gceantar bardais na nGleanntach, a deir an Comhairleoir Contae Éanna Ó Cnáimhsí.  Dúirt sé gur dearnadh dul chun cinn le tamall maidir leis an fhreastal atá a dhéanamh ar phobal an cheantair, ach go gcaithfear foireann pleanála a lonnú sa cheantar go buan.  Is ábhar díomá nach mbíonn fáil ar fhoireann pleanála na Comhairle Contae le cuairteanna a thabhairt ar láithreacha a bhfuil daoine chun iarratas pleanála a dhéanamh, a dúirt sé.  D'iarr sé ar bhainistíocht na Comhairle Contae go mbeadh cuairteanna suíomh ar fáil don phobal arís, mar go mbeadh an tseirbhís sin ina bhuntáiste ollmhór ag daoine atá ag iarraidh tithe a thógáil, dar leis.

Comharchumann Inis Caoil

Druidfear an t-aon siopa i mBaile na Finne sa Ghaeltacht Láir inniu. Seo siopa atá ag Comharchumann Inis Caoil Teoranta agus atá ann ar feadh blianta fada. Tá Paddy Mac Monagail ina bhun le chor a bheith leathchéad bliain, ach éireoidh seisean as a chúraimí tráthnóna. Dúirt urlabhraí ó cheantálaithe Brennan sna Gleanntaí go bhfuil suim mhór léirithe ag daoine an siopa seo a ghlacadh idir lámha agus tá siad dóchasach go n-éireoidh leo úinéir a  aimsiú  leis an siopa a reáchtáil.  Tá Aontas na gcomharchumann ag ligean an fhoirgnimh ar cíos agus ag lorg tionónta a bhéas sásta a ghlacadh ar feadh dhá bhliain. 

Griotáil

Ba cheart achan iarracht a dhéanamh griotáil a dhéanamh ar bhóithre fhad le scoileanna tuaithe, a dúirt an Comhairleoir Contae James Pat McDaid.  D'iarr sé ar an Chomhairle Contae iniúchadh a dhéanamh ar an trealamh agus ar fhoireann griotála atá ar fáil daofa, le go bhféadfaí grean a chur ar bhóithre tuaithe fhad le scoileanna.  Dúirt Stiúrthóir Rannóg Bóthair na Comhairle Contae, John McLaughlin gur dearnadh iniúchadh níos luaithe i mbliana, agus nach bhfuil aon deis ag an phointe seo cur leis an chlár griotála.  Dúirt sé go bhfuil 200 scoil sa contae, ach go bhfuil go leor dena scoileanna sin ar bhóithre atá ar an chlár griotála faoi láthair. Bhí trí cinn de chruinnithe ag an Chomhairle Contae i mbliana maidir le Clár Griotála an Gheimhridh seo, a dúirt John McLaughlin.  Bheadh infheistíocht bhreise de dhíth ar an Chomhairle Contae le cur leis na bóithre atá ar an chlár reatha, a dúirt sé leis an Chomhairleoir James Pat McDaid.

Easpag Ráth Bhotha

Beidh Easpag Ráth Bhotha, an Dr Alan Mac Eochagáin ar dhuine de sheacht gcinn déag d'easpaig a bhéas ag tabhairt cuairte inniu ar an Talamh Naofa, le tacú le Críostaithe sa Phalaistín agus in Iosrael. Rachaidh an chuairt ar aghaidh go dtí'n 17ú Eanáir agus beidh Easpaig ann as an Eoraip, Meiriceá agus an Afraic Theas agus rachaidh said ar cuairt go otharlanna, scoileanna agus bailte éagsúla. Tá an tEaspag Mac Eochagáin mar chathaoirleach ar Chomhairle Síochána na nEaspag in Éirinn.

Táillí don dara teach

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag dréim go mbeidh ioncam de €1.4m acu ó tháillí don dara teach cónaithe, le linn 2019.   Deir an Chomhairle Contae gur foinse iontach tábhachtach maoinithe é seo don Chomhairle Contae, ó cuireadh tús leis an táille don chéad uair sa bhliain 2009.  Thig an táille seo a íoc ar shuíomh idirlíon Chomhairle Contae Dhún na nGall. Dúirt an Chomhairle Contae go bhfuil go leor fiosrúcháin faighte acu le tamall faoin táille seo don dara teach cónaithe.  Tá líne gutháin speisialta ar fáil le ceisteanna a fhreagairt faoin táille agus é oscailte ó Luan go Aoine ón 09.00 ar maidin go dtí 12.30, ag an uimhir 074 91 53900.

Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tuairisc Spóirt

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tine chnáimh sa Teampall Geal;Edel Ní Loibhéad i measc na ndaoine

Tine chnáimh sa Teampall Geal;Edel Ní Loibhéad i measc na ndaoine

 
Breandán Ó Cíobháin;Teampall Mhóire

Breandán Ó Cíobháin;Teampall Mhóire

 
Aodh Mac Craith agus Máire Ní Chíobháin;Bunscoil na Rinne

Aodh Mac Craith agus Máire Ní Chíobháin;Bunscoil na Rinne

 
Micheál Ó Muircheartaigh; Cluichí an deireadh seachtaine

Micheál Ó Muircheartaigh; Cluichí an deireadh seachtaine

 
An Saol ó Dheas 24ú Meitheamh 2019

An Saol ó Dheas 24ú Meitheamh 2019

 
Siúlach Scéalach   230619

Siúlach Scéalach 230619

 
Siúlach Scéalach  230619

Siúlach Scéalach 230619

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas 21ú Meitheamh 2019

An Saol ó Dheas 21ú Meitheamh 2019

 
Fearghas Mac Lochlainn, príomhoide, Scoil Sailearna, Indreabhán.

Fearghas Mac Lochlainn, príomhoide, Scoil Sailearna, Indreabhán.

 
Pádraig Mac Pháidín, Garda.

Pádraig Mac Pháidín, Garda.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Malachy Ó Ruairc, tráchtaire, An Bhruiséil.

Malachy Ó Ruairc, tráchtaire, An Bhruiséil.

 
Áine Ní Bheoláin, Comhchoiste Ghaeltachta Uíbh Ráthaigh.

Áine Ní Bheoláin, Comhchoiste Ghaeltachta Uíbh Ráthaigh.

 
Micheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Frank Reidy, ceannfort airm.

Frank Reidy, ceannfort airm.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnaisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnaisiúnta.

 
Tomás Ó Sé;cluichí ceannais peile na Mumhan.

Tomás Ó Sé;cluichí ceannais peile na Mumhan.

 
Liam Aghas;gluaisteáin bugatti

Liam Aghas;gluaisteáin bugatti

 
Cathal Ó Riada; Dul ar a phinsean

Cathal Ó Riada; Dul ar a phinsean

 
Liam Ó Laodhcha;Ironman in Eochaill

Liam Ó Laodhcha;Ironman in Eochaill

 
Padraig de Buis;Éigse na Gréine

Padraig de Buis;Éigse na Gréine

 
An Saol ó Dheas 20ú Meitheamh 2019

An Saol ó Dheas 20ú Meitheamh 2019

 
An t-imreoir Contae Frank Mac Fhloinn ag caint le Damien Ó Dónaill.

An t-imreoir Contae Frank Mac Fhloinn ag caint le Damien Ó Dónaill.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, An Bhreatain.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, An Bhreatain.

 
Séamus Cosaí Mac Gearailt.

Séamus Cosaí Mac Gearailt.

 
Piaras Ó Dochartaigh, T.D.

Piaras Ó Dochartaigh, T.D.

 
Tom Brabazon, leas ardmhéara Chomhairle Átha Cliath.

Tom Brabazon, leas ardmhéara Chomhairle Átha Cliath.

 
Antoin Ó Lachtnáin, Cearta Digiteach Árann.

Antoin Ó Lachtnáin, Cearta Digiteach Árann.

 
Dara Ó Maoildhia, Cathaoirleach Chomharchumann Fuinnimh Árann.

Dara Ó Maoildhia, Cathaoirleach Chomharchumann Fuinnimh Árann.

 
Mícheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaisceart.

Príomhscéalta an Tuaisceart.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Ar chóir eagraíocht ar leith a bhunú chun na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta a chur chun cinn?

Ar chóir eagraíocht ar leith a bhunú chun na healaíona Gaeilge agus Gaeltachta a chur chun cinn?

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Load More...
Tús Áite

Tús Áite

Meascra

Meascra

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

Rónán Beo

Rónán Beo

Barrscéalta

Barrscéalta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís