Nuacht an Tuaiscirt: Feirmeoirí Mairteola

Nuacht an Tuaiscirt: Feirmeoirí Mairteola

Feirmeoirí Mairteola

D'fhreastail suas le 400 duine ar an chruinniú a bhí ar siúl i Leitir Ceanainn aréir dírithe ar Fheirmeoirí Mairteola i nDún na nGall, Thír Eoghain agus Doire. Pléadh na himpleachtaí a bhéas ag imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach ar chúrsaí feirmeoireachta tras teorainn. Pléadh fosta Plean do fheirmeoirí Mairteola  le luach níos fearr a fhail ar eallach. Dúirt Eamonn Corley , Cathaoirleach na  Eagraíochta i nDún na nGall go bhfuil  tionscail na mairfheola ar a nglúine agus ta bhfuil se tábhachtach go dtiocfadh na feirmeoirí le cheile le brú a chur ar an Rialtas níos mo tacaíochta  a thabhairt daofa. Tugadh le fios  go bhfuil 20% de  laghdú  anois  ar   theacht isteach  na bhfeirmeoirí  i gcomparáid  leis an  sa bhliain 2004. Socraíodh Coiste Condae a bhunú ag an chruinniú aréir.

Truailliú mara

Caithfear achan iarracht a dhéanamh cosc a chur ar thruailliú mara a deir Innealtóir Mara Chomhairle Condae Dhún na nGall Cathal Mac Suibhne. Dúirt sé go bhfuil  fadhb mhór le bruscar ag Céidheanna sa Chondae  agus tá se tábhachtach áiseanna a chur ar fail  le daeláil leis an fhadhb,  ach níos tábhachtaí arís, dúirt sé go bhfuil sé tábhachtach go mbainfeadh an pobal an  úsáid cheart  as na háiseanna agus gan mí-úsáid a bhaint astu. Thug Cathal Mac Suibhne le fios go bhfuil plean bainistiú bruscair críochnaithe acu agus tuarascáil  curtha chuig an Roinn Iompar. In sa tuarascáil bhéarfar eolas  faoin méid ábhar a bhíonn ina luich ag na Ceidheanna  mar eangacha, gléasanna, trealamh agus bruscair   a thig o bhadai ata ag baint úsáide as na ceidheanna. Dúirt sé go bhfuil níos mo nó 100 Ceidh sa Chondae agus go bhfuil  súil aige go gcuirfear aiseanna bruscair ar fail ag 20 Céidh sa Chondae ar a laghad  aiseanna mar scipeanna, tancanna ola, bocsai bruscair agus bocsaí athchúrsála.

Fine Gael

Tá an Coinbhinsiún a bhí le bheith ar siúl ag Páirtí Fhine Gael i mBaile na nGallóglach anocht do thoghcháin na Comhairle Condae curtha siar. Bhí an Coinbhinsiún le hiarrthóir a roghnú do thoghchán na Comhairle Condae le bheith ar siúl anocht ach tá sé curtha siar anois roinnt seachtainí mar nach bhfuil sé ar a gcumas ag daoine áirithe a bheith i láthair. Dhá ainm a bhéas os comhair an Choinbhinsiún,  sé sin an t-Iar Chomhairleoir Condae Noel Mc Bride agus Aaron Sweeney as Creamhairt atá ina bhall d'ógra Fhine Gael. Meastar go roghnófar ainm amháin. Beidh coinbhinsiún ag an Pháirtí i gceantar Leitir Ceanainn Déardaoin seo chugainn 17ú in Óstán Radisson. Is é an ainm an Chomhairleora Jimmy Kavanagh an t-aon ainm a bheas os comhair an Choinbhinsiún ach meastar go gcuirfear ainm eile ar na ticéid níos deise den toghchán.

Sinn Féin

Beidh Coinbhinsiún ag Páirtí Shinn Féin i gCeantar Bardais na nGleanntach  ar an mhí seo chugainn  le iarrthóirí a roghnú do na toghcháin áitiúla a bhéas ar siúl i mbliana. Dhá shuíochán atá ag comhairleoirí Shinn Féin faoi láthair i gCeantar Bardais na nGleanntach, áit a bhfuil 6 shuíochán. Ag an phointe seo tuigtear gur triúr a bhéas san iomaíocht don phairtí sa cheantar bardais, siad sin na Comhairleoirí reatha Marie Therese Ní Ghallchóir as an Chlochán Liath agus John Shéamuis Ó Fearraigh as Gaoth Dobhair agus Brian Carr, gníomhaí pobail  as ceantar na nGleanntach. Is ar an Aoine an 24ú Bealtaine a bhéas na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ar siúl. 

Seirbhís Dóiteáin

Tá buiséad de €6.9m ar fáil do Sheirbhís Dóiteáin Dhún na nGall don bhliain 2019.  Tá 147 ball foirne san tseirbhís dóiteáin sa chontae, agus iad lonnaithe i gcúig cinn déag de Stáisiúin Dóiteáin agus in dhá sheirbhís dheonach sa chontae. Beidh suim airgid de €395,000 le híoc ag an Chomhairle le Lárionad Ceannais Réigiúnach le glaonna na seirbhíse a reáchtáil.   Tá suim de bhreis agus milliún euro curtha ar leath taobh ag an Chomhairle i 2019 le cothabháil a dhéanamh ar bhriogáidí dóiteáin agus ar stáisiúin dóiteáin atá faoina gcúram. Deir an Chomhairle go leanfar den obair ag déanamh athnuachan ar threalamh agus ar bhriogáidí dóiteáin, le cois go mbeidh iarrachtaí ar bun taincéir uisce a aimsiú don tseirbhís dóiteáin le cois feithicil ina mbeidh deis comhoirniú a dhéanamh ann, ar eachtraí faoi leith.

Roadstone Teoranta

Tá cead pleanála a lorg ag comhlacht Roadstone Teoranta le ionad tairgíochta coincréide a fhorbairt ag láthair oibre atá acu i mBaile na Carraige in aice le Baile an tSrátha i nDeisceart na Condae . San iarratas pleanála a chuir siad chuig Comhairle Condae Dhún na nGall dúirt Roadstone go mbeadh úsáid a bhaint as an ionad úr seo le coincréid a thairgiú ar laethanta a thiteann taobh amuigh de ghnáth laethanta oibre. Ní bheidh seo ag tarlú ach ar uasmhéid 30 lá sa bhliain a thug an comhlacht le fios agus beidh cinneadh a dhéanamh ag an Chomhairle Condae ar an 26ú Feabhra.
 

Beo

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Pádraig Ó Mathúna naionra do Bheanntraí.

Pádraig Ó Mathúna naionra do Bheanntraí.

 
Tomas Mac a tSaoir agus Séamus Ó Gráda;Caint ó Zambia

Tomas Mac a tSaoir agus Séamus Ó Gráda;Caint ó Zambia

 
Seoirse Ó Luasa; 40 bliain sa Daingean

Seoirse Ó Luasa; 40 bliain sa Daingean

 
Micheál Ó Leidhinn; Muintir Spring

Micheál Ó Leidhinn; Muintir Spring

 
An Saol ó Dheas 23ú Márta 2019

An Saol ó Dheas 23ú Márta 2019

 
Eoin Ó Loideáin, as an gCeathrú Rua.

Eoin Ó Loideáin, as an gCeathrú Rua.

 
Liam Ó Maolaodh, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.

Liam Ó Maolaodh, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.

 
Dr. Niall Ó Cléirigh, Dochtúir Teaghlaigh.

Dr. Niall Ó Cléirigh, Dochtúir Teaghlaigh.

 
Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

 
Máire Áine Gardiner, Fáilte Éireann.

Máire Áine Gardiner, Fáilte Éireann.

 
Mícheál Ó Cinnéide, bainisteoir, Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne.

Mícheál Ó Cinnéide, bainisteoir, Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne.

 
Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Máire Ní Fhéinne, An Spidéal.

Máire Ní Fhéinne, An Spidéal.

 
Seán Ó Neachtain, Feisire, Parlaimint na nEorpa.

Seán Ó Neachtain, Feisire, Parlaimint na nEorpa.

 
Liadh Ní Riada, Feisire Eorpach, Sinn Féin.

Liadh Ní Riada, Feisire Eorpach, Sinn Féin.

 
Mícheál Ó Leidhin, RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, RTE Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Mír na Nuachtán Áitiúla

Mír na Nuachtán Áitiúla

 
Léirmheas ar an Leabhar Childless Voices

Léirmheas ar an Leabhar Childless Voices

 
Cuirtear plean chun ionad do theifigh a lonnú i Tigh Ósta i gCo Liatroma ar ceal

Cuirtear plean chun ionad do theifigh a lonnú i Tigh Ósta i gCo Liatroma ar ceal

 
Plé faoin mBreatimeacht

Plé faoin mBreatimeacht

 
Breatimeacht:  Cruinniú Mullaigh sa Bhruiséil

Breatimeacht: Cruinniú Mullaigh sa Bhruiséil

 
Síle Denvir agus Barry Kerr

Síle Denvir agus Barry Kerr

 
Ardtráthnóna: Déardaoin 21 Márta 2019.

Ardtráthnóna: Déardaoin 21 Márta 2019.

 
Criostóir Ó Faoláin; Comhlucht Forbartha na nDéise

Criostóir Ó Faoláin; Comhlucht Forbartha na nDéise

 
Eibhlís Ní Lúing ; Turasóireacht

Eibhlís Ní Lúing ; Turasóireacht

 
Rósie Níc Chárthaigh ;Pleanálaí Teanga

Rósie Níc Chárthaigh ;Pleanálaí Teanga

 
Máire Uí Chonail ; Lá lus an chromchínn

Máire Uí Chonail ; Lá lus an chromchínn

 
An Saol ó Dheas 21ú Márta 2019

An Saol ó Dheas 21ú Márta 2019

 
Caoimhe Ní Chiardha, choiste eagraithe na siúlóide Darkness into Light.

Caoimhe Ní Chiardha, choiste eagraithe na siúlóide Darkness into Light.

 
Freda Nic Giolla Chatháin, as Contae Mhaigh Eo.

Freda Nic Giolla Chatháin, as Contae Mhaigh Eo.

 
Séamus Mac Gearailt, ball den Grúpa Lucht Faire Míolta Móra agus Deilfeanna.

Séamus Mac Gearailt, ball den Grúpa Lucht Faire Míolta Móra agus Deilfeanna.

 
Kevin O'Hara, iarrthóir Shinn Féin sna toghchán áitiúla i gConamara Theas.

Kevin O'Hara, iarrthóir Shinn Féin sna toghchán áitiúla i gConamara Theas.

 
Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

 
Seán Ó Gallchóir, Srath an Urláir, Coiste 'Sábháil Otharlann Namh Iosef'.

Seán Ó Gallchóir, Srath an Urláir, Coiste 'Sábháil Otharlann Namh Iosef'.

 
Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta.

Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Dr. Comhairleach Connall Dennedy, Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe.

Dr. Comhairleach Connall Dennedy, Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe.

 
Jeaicí Mac Gearailt, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Jeaicí Mac Gearailt, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
John Downing, comhfhreagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

John Downing, comhfhreagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Load More...
Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Iris Aniar

Iris Aniar

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Tús Áite

Tús Áite

Rónán Beo

Rónán Beo

Barrscéalta

Barrscéalta

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís