Nuacht an Tuaiscirt: Beirt cúisithe

Nuacht an Tuaiscirt: Beirt cúisithe

Beirt cúisithe

Cúisíodh beirt fhear as Dún na nGall as fear 66 bliain d'aois a dhúnmharú san Astráil. Cúisíodh an bheirt fhear cheana féin as ionsaí a dhéanamh ar an fhear i Sydney ar  29 Nollaig. B'iad Christopher McLaughlin, 24  bliain d'aois as Málainn, agus Nathan Kelly, 21 bliain d'aois, as Gleann Gad, an bheirt fhear a cúisíodh. Fuair an fear a gortaíodh bás in Otharlann i Sydney inné. Tá an bheirt fhear a gcoinneáil faoi láthair, agus tiocfaidh siad os comhair cúirte arís amárach i Sydney. Thaisteal an bheirt, Christopher McLaughlin agus Nathan Kelly chun na hAstráile cúpla mí ó shin. Níl ainm an fhir a fuair bás tugtha go fóill, ach fuaireas é ina luí ar thaobh an bhealaigh agus é gortaithe go dona, roimh an mheán oíche ar an 29ú Nollaig.

Meabhairshláinte

Is náireach ar fad an scéal go bhfuil páistí san iar thuaisceart ag fanacht breis agus bliain le measúnú meabhair shláinte, a deir an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh. Léiríonn eolas a foilsíodh le gairid, go bhfuil liosta feithimh cúig mhí dhéag san iar thuaisceart ag daoine óga le tairbhe a bhaint as seirbhísí meabhair shláinte, sin i ndiaidh atreorú óna ndochtúir teaghlaigh. Bhí 240 páiste san iar thuaisceart ag fanacht le coinne meabhair shláinte ag deireadh mí Deireadh Fómhair, agus ochtar acu sin ar an liosta le breis agus bliain. Tá an liosta feithimh i bhfad níos lú i bpáirteanna eile den tír, agus seo sampla eile arís den leatrom a dhéantar ar dhaoine, bunaithe ar cá háit sa tír a bhfuil cónaí ar dhuine, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh. Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh go bhfuil ag teip arís ar an Rialtas sa chás seo, seirbhís mar is ceart leighis a chur ar fáil do dhaoine óga.

Ganntanas tréidlianna

Tá fadhbanna móra ag feirmeoirí i nDún na nGall mar gheall ar ghanntanas tréidlianna agus mar gheall ar rialacha úra a cuireadh i bhfeidhm ar an chéad la den mhí seo. Ní bheidh cead, faoina rialacha úra, ag feirmeoirí cógaisí a fháil le tabhairt d'ainmhithe atá tinn, muna raibh tréidlia ar cuairt ar an fheirm le 30 lá. Dúirt Seanie Ó Baoill, ó Chumann Feirmeoirí Cnoic agus Natura na hÉireann,  go bhfuil tréidlianna iontach gann sa Chontae  agus go gciallóidh sé go mbeidh  ar fheirmeoirí  ainmnithe atá i bpian a scaoileadh mar nach mbeidh sé ar a gcumas na hainmhithe  a thabhairt go dti'n ionad  tréidliachta is cóngaraí daofa i Leitir Ceanainn. Dúirt sé gur druideadh oifigí tréidliachta Ghaoth Dobhair agus Bhaile na nGallóglach le gairid. Caithfidh an Roinn Talmhaíochta rud éigin a dhéanamh go práinneach faoina deacrachtaí atá ag feirmeoirí Dhún na nGall, a duit Seanie Ó Baoill.

Ginmhilleadh

Níl seirbhís ginmhillte ar fáil in Otharlann Leitir Ceanainn go fóill agus níl eolas tugtha ag Feidhmeannach na Seirbhísí Sláinte ar cén uair a mbeidh ginmhilleadh ar fáil ansin. Níor chinntigh an Fheidhmeannacht líon na ndochtúirí as Dún na nGall a shínigh le seirbhís gin mhillte a chur ar fáil, ach dúirt  siad  go bhfuil siad sásta  go bhfuil go leor dochtúirí sa tír ar fáil, le  seirbhís  a bheadh sásúil a chur  ar fáil. Meastar gur shínigh ar a laghad 5 Dhochtúir teaghlaigh i nDún na nGall le seirbhís gin mhillte a chur ar fáil. 

Peadar Tóibín

Beidh cruinniú poiblí i Leitir Ceanainn anocht ag an Teachta Dála Peadar Tóibín maidir leis an pháirtí polaitíochta úr atá a chur ar bun aige. Tá scór cumann curtha ar bun ag an Teachta Toibín go dtí seo, agus súil aige cumann nó cumainn eile a bhunú i nDún na nGall ag eascairt ó chruinniú na hoíche anocht. D'fhág an Teachta Tóibín Sinn Féin anuraidh agus tá a pháirtí féin bunaithe aige. Níl ainm ar an pháirtí seo go fóill ach is ar bhonn uile-Éireann a bhéas an páirtí úr ag feidhmiú. Tá an Teachta Tóibín ag lorg tacaíochta roimh na dtoghcháin áitiúla i mí Bealtaine agus tá súil aige baill a chlárú i nDún na nGall agus iarrthóirí a aimsiú. Is in Óstán an Clanree a bhéas an cruinniú ar siúl ar a 8.00 anocht.

Turasóireacht

B'fhiú togra turasóireachta dírithe ar ghleanntáin Dhún na nGall a fhorbairt, a dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallachóir.   Dúirt sí cruinniú Choiste Polasaí Straitéiseach Pobail, Sóisialta agus Cultúir na Comhairle Contae le gairid gur cheart togra turasóireachta mar atá i ngleannta Aontroma a fhorbairt i nDún na nGall.   Tá ceantair ar nós Gleann Fhinne, Mín a Lábáin, Dún Lúiche agus go leor eile ina bhfuil gleannta a bhfuil féidearthachtaí mór iad a fhorbairt mar cheantair turasóireachta, a dúirt sí.  Bheadh gá forbairt a dhéanamh ar áiseanna ar nós ionaid páirceála agus áiseanna eile do thurasóirí leis an togra seo a fhorbairt, a dúirt an Comhairleoir Ní Ghallachóir.  B'fhiú go mór don Chomhairle Contae scrúdú a dhéanamh ar an mholadh seo, le tuilleadh turasóirí a mhealladh na contae, a dúirt sí.

Scoileanna DEIS

Tá barraíocht de mhoill maidir leis an athbhreithniú ar scoileanna nach bhfuil stádas DEIS acu, a deir an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig. Tá go leor scoileanna faoi mhíbhuntáiste mór de bharr nach bhfuil stádas DEIS acu, agus níl sé maith go leor go bhfuil moill chomh fada athbhreithniú a dhéanamh ar a gcás, a deir sé. Ba cheart go mbeadh scoileanna ar nós Scoil Náisiúnta Ghort an Choirce, Rann na Feirste, Mín Tine na Dé agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair san áireamh faoin scéim seo, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig. D'iarr sé ar an Aire Oideachais, Joe McHugh, cinneadh a dhéanamh go gasta agus na scoileanna seo a chur san áireamh faoi scéim DEIS.

Beo

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Pádraig Ó Mathúna naionra do Bheanntraí.

Pádraig Ó Mathúna naionra do Bheanntraí.

 
Tomas Mac a tSaoir agus Séamus Ó Gráda;Caint ó Zambia

Tomas Mac a tSaoir agus Séamus Ó Gráda;Caint ó Zambia

 
Seoirse Ó Luasa; 40 bliain sa Daingean

Seoirse Ó Luasa; 40 bliain sa Daingean

 
Micheál Ó Leidhinn; Muintir Spring

Micheál Ó Leidhinn; Muintir Spring

 
An Saol ó Dheas 23ú Márta 2019

An Saol ó Dheas 23ú Márta 2019

 
Eoin Ó Loideáin, as an gCeathrú Rua.

Eoin Ó Loideáin, as an gCeathrú Rua.

 
Liam Ó Maolaodh, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.

Liam Ó Maolaodh, Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge.

 
Dr. Niall Ó Cléirigh, Dochtúir Teaghlaigh.

Dr. Niall Ó Cléirigh, Dochtúir Teaghlaigh.

 
Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

Aodán Mac Donncha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil.

 
Máire Áine Gardiner, Fáilte Éireann.

Máire Áine Gardiner, Fáilte Éireann.

 
Mícheál Ó Cinnéide, bainisteoir, Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne.

Mícheál Ó Cinnéide, bainisteoir, Comhar Creidmheasa Chorca Dhuibhne.

 
Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Máire Ní Fhéinne, An Spidéal.

Máire Ní Fhéinne, An Spidéal.

 
Seán Ó Neachtain, Feisire, Parlaimint na nEorpa.

Seán Ó Neachtain, Feisire, Parlaimint na nEorpa.

 
Liadh Ní Riada, Feisire Eorpach, Sinn Féin.

Liadh Ní Riada, Feisire Eorpach, Sinn Féin.

 
Mícheál Ó Leidhin, RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, RTE Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht An Deiscirt.

Nuacht An Deiscirt.

 
Nuacht An Iarthair.

Nuacht An Iarthair.

 
Nuacht An Tuaiscirt.

Nuacht An Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Mír na Nuachtán Áitiúla

Mír na Nuachtán Áitiúla

 
Léirmheas ar an Leabhar Childless Voices

Léirmheas ar an Leabhar Childless Voices

 
Cuirtear plean chun ionad do theifigh a lonnú i Tigh Ósta i gCo Liatroma ar ceal

Cuirtear plean chun ionad do theifigh a lonnú i Tigh Ósta i gCo Liatroma ar ceal

 
Plé faoin mBreatimeacht

Plé faoin mBreatimeacht

 
Breatimeacht:  Cruinniú Mullaigh sa Bhruiséil

Breatimeacht: Cruinniú Mullaigh sa Bhruiséil

 
Síle Denvir agus Barry Kerr

Síle Denvir agus Barry Kerr

 
Ardtráthnóna: Déardaoin 21 Márta 2019.

Ardtráthnóna: Déardaoin 21 Márta 2019.

 
Criostóir Ó Faoláin; Comhlucht Forbartha na nDéise

Criostóir Ó Faoláin; Comhlucht Forbartha na nDéise

 
Eibhlís Ní Lúing ; Turasóireacht

Eibhlís Ní Lúing ; Turasóireacht

 
Rósie Níc Chárthaigh ;Pleanálaí Teanga

Rósie Níc Chárthaigh ;Pleanálaí Teanga

 
Máire Uí Chonail ; Lá lus an chromchínn

Máire Uí Chonail ; Lá lus an chromchínn

 
An Saol ó Dheas 21ú Márta 2019

An Saol ó Dheas 21ú Márta 2019

 
Caoimhe Ní Chiardha, choiste eagraithe na siúlóide Darkness into Light.

Caoimhe Ní Chiardha, choiste eagraithe na siúlóide Darkness into Light.

 
Freda Nic Giolla Chatháin, as Contae Mhaigh Eo.

Freda Nic Giolla Chatháin, as Contae Mhaigh Eo.

 
Séamus Mac Gearailt, ball den Grúpa Lucht Faire Míolta Móra agus Deilfeanna.

Séamus Mac Gearailt, ball den Grúpa Lucht Faire Míolta Móra agus Deilfeanna.

 
Kevin O'Hara, iarrthóir Shinn Féin sna toghchán áitiúla i gConamara Theas.

Kevin O'Hara, iarrthóir Shinn Féin sna toghchán áitiúla i gConamara Theas.

 
Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

Éamon Ó Cuív, Teachta Dála.

 
Seán Ó Gallchóir, Srath an Urláir, Coiste 'Sábháil Otharlann Namh Iosef'.

Seán Ó Gallchóir, Srath an Urláir, Coiste 'Sábháil Otharlann Namh Iosef'.

 
Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta.

Seán Kyne, Aire Stáit na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Dr. Comhairleach Connall Dennedy, Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe.

Dr. Comhairleach Connall Dennedy, Ospidéal Ollscoile na Gaillimhe.

 
Jeaicí Mac Gearailt, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Jeaicí Mac Gearailt, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
John Downing, comhfhreagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

John Downing, comhfhreagraí polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Load More...
Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Iris Aniar

Iris Aniar

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Tús Áite

Tús Áite

Rónán Beo

Rónán Beo

Barrscéalta

Barrscéalta

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís