Nuacht an Tuaiscirt: Tithíocht

Nuacht an Tuaiscirt: Tithíocht

Tithíocht

Caithfidh Comhairle Contae Dhún na nGall oibrithe breise a fhostú agus tús a chuir le clár tógála tithíochta dá gcuid féin, le cur lena stoc tithe , dar leis an Chomhairleoir Micheál Cholm Mac Giolla Easpuig. Dúirt sé nach n-aontaíonn sé leis an chóras atá in úsáid faoi láthair ag an Chomhairle, agus forabarthóirí ag tógáil na dtithe iad féin, gan oibrithe Comhairle Contae a earcú le cuidiú leo ag staid ar bith den phróiseas tógála. Tá easpa mór tithe i gceantar Bardais na nGleanntach, go háirithe i gCloich Cheann Fhaola, Gaoth Dobhair agus na Rosann, a dúirt An Comhairleoir Mac Giolla Easpuig, agus bheadh scéim tógála ar leith de chuid na Comhairle mar réiteach ar an fhadhb, dar leis. Dúirt sé gur cheart deis ar bith a thapadh cur le foireann na Comhairle Contae agus le fostaíocht sa bhreis a chruthú do phobal na contae, le cois an liosta feithimh tithíochta a laghdú.

Cosáin siúil

Tá Coillte ag obair i gcomhair le daoine i mBaile na Finne le cosáin siúil a fhorbairt sa cheantar, a dúirt an Comhairleoir Contae Martin Harley.  Dúirt sé, ag cruinniú de Choiste Polasaí Straitéiseach Cultúir na Comhairle Contae le gairid, go bhfuil féidearthachtaí móra i gceantar Bhaile na Finne maidir le siúlóidí a fhorbairt, agus deir sé go bhfuil súil aige go mbeidh toradh dearfach ar na comhráití atá ar siúl.  Chuideodh togra mar seo forbairt a dhéanamh ar cheantar Bhaile na Finne, dar leis an Chomhairleoir Harley.

Cosán siúil agus rothaíochta

Tá iarratas ar mhaoiniú do chosán siúil agus cosán rothaíochta idir Ailt an Chorráin agus Dún Lúiche déanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall.  Thug Stiúrthóir Seirbhísí na Comhairle Contae, Liam Mac an Bhaird le fios ag cruinniú Choiste Polasaí Straitéiseach Pobail, Sóisialta agus Cultúir na Comhairle Contae le gairid go ndearna an Chomhairle Contae iarratas do mhaoiniú dona cosáin seo le gairid.  Do réir coinníollacha na scéime le maoiniú a cheadú do thograí mar seo, tá gá go mbeadh ar a laghad 27km de chosán siúil nó siúlóide i gceist.  Dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallachóir gur dea scéala gur dearnadh iarratas ar mhaoiniú faoin scéim seo faoi dheireadh.

Árachas gluaisteáin

Tá fadhbanna móra ag go leor d'aos óg Dhún na nGall íoc as árachas gluaisteáin faoi láthair, de bharr costais árachais a bheith chomh hard, a deir an Comhairleoir Contae Adrian Glackin.  Dúirt sé go bhfuil go leor daoine óga nach bhfuil sé ar a gcumas na táillí arda seo a íoc, agus go bhfuil sé seo ag cur isteach go mór ar dhaoine óga i gceantair tuaithe go háirithe.  D'iarr an Comhairleoir Glackin ar Chomhairle Contae Dhún na nGall comhfhreagras a chur chuig an Roinn Comhshaoil, ag iarraidh orthu iarracht a dhéanamh córas níos fearr a chur i bhfeidhm le go mbeidh sé ar chumas daoine óga clúdach árachais a íoc dá ngluaisteáin.   Níl fianaise go bhfuil laghdú ar bith ar bhillí árachas gluaisteáin do dhaoine óga, a dúirt an Comhairleoir Glackin.

Rannóg Tithíochta

Tá Rannóg Tithíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall ag tuar go mbeidh ioncam de €12.7m acu i 2019 ó chíos ar thithe Comhairle Contae.  Tá 4,922 teach cónaithe ag an Chomhairle Contae faoi láthair. Tá súil ag an Chomhairle go mbeidh méadú de leath mhilliún euro i 2019 ar ioncam ó chíos tithe, i gcomparáid leis an ioncam a bhí acu i 2018.  Tá níos mó tithe i seilbh na Comhairle Contae le bliain, de bharr tithe a bheith a gceannacht ag an Chomhairle Contae dá gclár tithíocht shóisialta.

Bord Oideachais agus Oiliúna

Tá cuireadh a thabhairt ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall do bhaill Oireachtais na Contae chuig an chéad chruinniú eile den choiste.  Dúirt Cathaoirleach an Bhoird Oideachais, Martin Harley, go bhfuil sé tábhachtach cruinnithe rialta a bheith le baill Oireachtais na contae lena gcoinneáil ar an eolas faoina pleananna ar fad atá ag an bhord.  Tá tábhacht faoi leith leis na cruinnithe seo anois agus an oiread pleananna forbartha ar bun ag scoileanna agus ag ionaid atá faoi chúram an Bhoird Oideachais, a dúirt an Comhairleoir Harley.   Socraíodh gur ag ionad traenála Bhaile Raithín i Leitir Ceanainn a bheas an chéad chruinniú eile ag an Bhord.

Ionad Tacaíochta Dhún na nGall

Tá imní ar Stiúrthóir Ionad Tacaíochta Dhún na nGall daofa siúd ar tharla foréigean baile daofa, go mbeidh ró-éileamh ar a gcuid seirbhísí an mhí seo, agus go mbeidh go leor ban agus a bpáistí ag lorg lóistín éigeandála uathu i mí Eanáir. Dúirt Marie Haynesworth ón Ionad go raibh a gcuid ionaid lóistín ar fud sa chontae  lán, le linn na Nollag, agus go dtagann méadú go traidisiúnta ar chásanna foréigin baile idir an Nollaig agus an Bhliain Úr, rud a fhágfaidh éileamh ard ar sheirbhísí na heagraíochta an mhí seo. Tugadh cuidiú, agus cuireadh tacaíocht ar fáil do mhná shingilte agus do mhná a raibh paistí leo i lóistín ar fud Dhún na nGall ag an Nollaig a dúirt sí, ach bhí gá cuidiú a fháil ón Chomhairle Contae agus áisíneachtaí eile a chuireann tacaíocht ar fáil do mhná le cinntiú go raibh go leor lóistín ann. Tá rialacha úra a bhaineann le Foréigean Baile i bhfeidhm ón tseachtain seo agus tá seans go gcuirfidh sin le líon na mban a lorgaíonn tacaíocht ó Ionad Dhún na nGall maidir le ionsaithe nó foréigean óna bpáirtithe, a dúirt Marie Haynesworth.

Marie Therese Ní Ghallachóir

Níl go leor tithe cónaithe a dtógáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall, agus níl go leor a dhéanamh ag an Chomhairle le dul i ngleic le fadhb tithíochta na contae, a dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallachóir.  Caithfear díriú ar níos mó tithe cónaithe a thógáil le déileáil leis an liosta feithimh tithíochta sa chontae, a dúirt sí.   Tá bac a chur ar go leor conraitheoirí i nDún na nGall tairiscintí a dhéanamh le tithe a thógáil mar nach n-íoctar iad go mbeidh an obair ar fad críochnaithe, agus nach go leor conraitheoirí ábalta billí móra a sheasamh, agus gan íocaíocht a fhail go mbeidh an obair déanta, a dúirt sí.

Beo

Tequila Tíre

Tequila Tíre

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Susan Ní Laoire; Cathaoirleach Bhord Chiarrai Theas do CLG.

Susan Ní Laoire; Cathaoirleach Bhord Chiarrai Theas do CLG.

 
Rónán Ó Dubhghaill;Institiúid Bídh Ollscoil Chorcaí

Rónán Ó Dubhghaill;Institiúid Bídh Ollscoil Chorcaí

 
Micheál Ó Conchúir; Trácht ar an bhfeisire Eorpach Brian Crowley

Micheál Ó Conchúir; Trácht ar an bhfeisire Eorpach Brian Crowley

 
Liam Ó Rócháin; Cur síos ar obráid croi a bhí aige anuraidh.

Liam Ó Rócháin; Cur síos ar obráid croi a bhí aige anuraidh.

 
An Saol ó Dheas 18ú Eanair 2019

An Saol ó Dheas 18ú Eanair 2019

 
Eibhlín Ní Chatháin, as Inis Oírr.

Eibhlín Ní Chatháin, as Inis Oírr.

 
Mary John Tom, Fód Dubh, i gCo. Mhaigh Eo.

Mary John Tom, Fód Dubh, i gCo. Mhaigh Eo.

 
Ardtráthnóna: Déardaoin 17 Eanáir 2019.

Ardtráthnóna: Déardaoin 17 Eanáir 2019.

 
Pádraig Ó Mathúna; mír ón gCartlann.

Pádraig Ó Mathúna; mír ón gCartlann.

 
Jim Ó Donnabháin - Meitheal Mara Chorcaí.

Jim Ó Donnabháin - Meitheal Mara Chorcaí.

 
Daltaí Mheánscoil San Nioclás.

Daltaí Mheánscoil San Nioclás.

 
Eamonn Turraoin, Criostal na Rinne.

Eamonn Turraoin, Criostal na Rinne.

 
Risteard Mac Eoin, Coiste Pobail Liospóil.

Risteard Mac Eoin, Coiste Pobail Liospóil.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 17 Eanáir 2019.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 17 Eanáir 2019.

 
Barrscéalta Déardaoin  17-01-2019.

Barrscéalta Déardaoin 17-01-2019.

 
Aindriú De Paor, tuairisceoir Baile Átha Cliath.

Aindriú De Paor, tuairisceoir Baile Átha Cliath.

 
Cruinniú a reachtáil Peadar Tóibín i nGaillimh.

Cruinniú a reachtáil Peadar Tóibín i nGaillimh.

 
Máire Ní Fhearraigh, Oifigeach Turasóireachta Gaeltachta Dhún na nGall.

Máire Ní Fhearraigh, Oifigeach Turasóireachta Gaeltachta Dhún na nGall.

 
Páidí Ó Sé, Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé, Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

 
Alan Esslemont, Ard Stiúrthóir TG4.

Alan Esslemont, Ard Stiúrthóir TG4.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle-on-Tyne.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle-on-Tyne.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 16 Eanáir 2016.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 16 Eanáir 2016.

 
Liam Mac an Mhaoir, Oíche ómóis don dochtúir Con Ó Murchú.

Liam Mac an Mhaoir, Oíche ómóis don dochtúir Con Ó Murchú.

 
Róisín Ní Ghairbhí, An file Michael Hartnett.

Róisín Ní Ghairbhí, An file Michael Hartnett.

 
Cian Ó Ciobháin, Clubanna oíche.

Cian Ó Ciobháin, Clubanna oíche.

 
Pádraig Ó Sé, comórtas peile Pháidí Uí Shé 2019.

Pádraig Ó Sé, comórtas peile Pháidí Uí Shé 2019.

 
An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 16 Eanáir 2019.

An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 16 Eanáir 2019.

 
Paidí agus Sarah Mhic Aoidh.

Paidí agus Sarah Mhic Aoidh.

 
Éamonn Mac Aoidh.

Éamonn Mac Aoidh.

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
An TD Piaras Ó Dochartaigh.

An TD Piaras Ó Dochartaigh.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Barrscéalta Dé Céadaoin 16-01-2019

Barrscéalta Dé Céadaoin 16-01-2019

 
Síle Nic Chonaonaigh, John Chuimín Ó Flatharta, John Breathnach, Josie Ó Giobúin.

Síle Nic Chonaonaigh, John Chuimín Ó Flatharta, John Breathnach, Josie Ó Giobúin.

 
Mairéad Farrell, Comhairleoir Cathrach & Tomás Ó Dubhda - Cairde Choillte Mheirlinne.

Mairéad Farrell, Comhairleoir Cathrach & Tomás Ó Dubhda - Cairde Choillte Mheirlinne.

 
Siobhán Denvir, Gleann Mór Cuan Teoranta.

Siobhán Denvir, Gleann Mór Cuan Teoranta.

 
An Dr. Sinéad O'Beirn, Dochtúr Teaghlaigh.

An Dr. Sinéad O'Beirn, Dochtúr Teaghlaigh.

 
Gobnait Ní Mhuineacháin, comhairleoir condae, Magh Chromtha .

Gobnait Ní Mhuineacháin, comhairleoir condae, Magh Chromtha .

 
Bernie Whyte, bainisteeoir abhantracht aibhneacha faoi scáth chomhairle condae na Gaillimhe.

Bernie Whyte, bainisteeoir abhantracht aibhneacha faoi scáth chomhairle condae na Gaillimhe.

 
Séamus Ó Domhnaill, cathaoirleach Chomahirle Condae Dhún na nGall.

Séamus Ó Domhnaill, cathaoirleach Chomahirle Condae Dhún na nGall.

 
Seán Kyne, Príomhaoire agus Aire Stáit Gaeltachta.

Seán Kyne, Príomhaoire agus Aire Stáit Gaeltachta.

 
Dr. Ian Malcoolm., tráchtaire, aondachtóir.

Dr. Ian Malcoolm., tráchtaire, aondachtóir.

 
Mícheál Ó Conchubhair, Coiste na Réigiún

Mícheál Ó Conchubhair, Coiste na Réigiún

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Iris Aniar

Iris Aniar

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Beo ar Éigean

Beo ar Éigean

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Tús Áite

Tús Áite

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís