Nuacht an Tuaiscirt: Díospóireacht faoi Brexit

Nuacht an Tuaiscirt: Díospóireacht faoi Brexit

Reifreann eile, agus cinneadh fanacht san Aontas Eorpach, an toradh is fearr a d'fhéadfadh a bheith ar na díospóireachtaí faoi Imeacht na Breataine, a deir an Seanadóir Brian Ó Domhnaill.

Bheadh sé sin ina bhuntáiste d'achan dream a deir an Seanadóir agus go háirithe do lucht gnó na tíre seo.

Caillfear na mílte post sa tír má fhágann an Bhreatain an tAontas gan aon socrú, agus beidh tionchar thar a bheith diúltach aige ar Éirinn a deir sé. 

Dúirt sé fosta go bhfuil obair mhaith á déanamh ag Rialtas na hÉireann sna cainteanna atá ar bun idir an Bhreatain agus an tAontas Eorpach.

Seirbhísí Ginmhilleadh

Níl an t-infrastructúr ná na beartais chuí á gcur in áit le cúram ceart a thabhairt d'othair a mbeidh seirbhísí ginmhilleadh ag teastáil uatha óna gcuid dochtúirí teaghlaigh, a deir an Dochtúir Austin O'Kennedy a bhfuil íoclann aige i mBaile Dhún na nGall.

Dúirt an Dr. O'Kennedy le RTÉ RnaG nach bhfuil ach roinnt seachtainí ann go mbeidh an rialtas ag súil go mbeidh dochtúirí teaghlaigh ag soláthar na seirbhísí sin, agus gan na hullmhúcháin chuí déanta go fóill a dúirt sé.

"Níl treoir ar bith tugtha do dhochtúirí teaghlaigh maidir le ginmhilleadh de, níl tacaíochtaí síceolaíochta curtha i bhfeidhm mar a bhí geallta, agus níl na háiseanna ar fad atá ag teastáil ar fáil do dhochtúirí" a dúirt an Dochtúir.

Níor cheart go mbeadh ar dhochtúirí teaghlaigh na seirbhísí a sholáthar ina gcuid íoclanna a dúirt sé.

Ba cheart go mbeadh clinic faoi leith i Leitir Ceanainn agus i Sligeach d'othair a bhfuil ginmhilleadh ag teastáil uathu le cinntiú go bhfuil an cúram ceart agus na seirbhísí cearta curtha ar fáil dóibh, a dúirt an Dochtúir O' Kennedy.

Liostaí Feithimh Cúirteanna

Tá an liosta feithimh is faide sa tír i nDún na nGall le litir promhaidh a fháil ó Sheirbhís na gCúirteanna le gur féidir tiomnaí a phlé.

Thug an tAire Dlí agus Cirt Charlie Flanagan le fios sa Dáil go bhfuil liosta feithimh 20 seachtain i nDún na nGall faoi láthair, le litir promhaidh a fháil, le húdarás a thabhairt do dhuine ainmnithe déileáil le tiomna a rinne duine a fuair bás le gairid.

Is i gContae an Chabháin atá an mhoill is lú sa tír, - 4 seachtainí.

Beidh tús á chur gan mhoill le hobair leis an bpróiseas a dhéanamh ar an idirlíon. Deir an tAire Flanagan go mbeidh an próiseas i bhfad níos gaiste dá bharr.

Mainnitheoirí Cánach

D'íoc triúr as Dún na nGall €318,000 eatarthu leis na Coimisinéirí Ioncaim san tríú ráithe den bhliain, de bharr cáin nach raibh íoctha.

D'íoc comhlacht Shaun Gallagher Motorsport a sholáthraíonn ceachtanna tiomána i Leitir Ceanainn €144,761. Bhain €106,000 den airgead sin le cáin nár híocadh, le cois €7,000 de ús agus €31,500 de phionóis.

Ba comhlacht R & J Hay Teoranta le seoladh i mBaile Shuingeáin a d'íoc an dara suim is mó i nDún na nGall, €134,823. Táirgeann siad gléasra ceoil.

Tháinig comhlacht Ballyliffin Rock Crystal Spa Teoranta i gCarn Domhnach ar shocrú de chor a bheith €39,000 leis na coimisinéirí ioncaim san tríú ráithe den bhliain.

Bóithrí

Tá obair ag leanstan ar aghaidh le slí bealaigh a roghnú do 3 togra bóthair de chuid thogra TEN-T i nDún na nGall.

Beidh próiseas comhairleach ag tosnú an athuair mí Feabhra seo chugainn.

Is iad na tograí bóthair atá i gceist, píosa de bhealach an N13/N15 ag Srath an Urláir agus Bealach Féich,  píosa den N56/N13 ó Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin agus bealach an N14 ó Mhainéar Uí Chuinneagáin go Leifear.

Bhí próiseas chomhairleach leis an phobal cheana féin ar na tograí sin san Aibreán agus sa mBealtaine i mbliana agus tá obair ar bun ó shin ag foireann ó Oifig Deartha na mBóithre Náisiúnta ar na moltaí ar fad.

Dúirt an Chomhairle Contae i ráiteas go mbeadh gach iarracht á dhéanamh a gabháil i dteagmháil le húinéirí talún a mbeadh tionchar ag na tograí bóthair orthu, agus beidh deis acu é a phléigh go díreach leis an gComhairle sula mbeidh cruinnithe poiblí ar an ábhar.

Beo

Binneas Béil

Binneas Béil

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tús Áite

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Tomás Mac a' tSaoir; rothaí

Tomás Mac a' tSaoir; rothaí

 
Na toghcháin áitiúla ó Dheas

Na toghcháin áitiúla ó Dheas

 
Micheál Ó Muircheartaigh; CLG.

Micheál Ó Muircheartaigh; CLG.

 
An Saol ó Dheas 27ú Bealtaine 2019

An Saol ó Dheas 27ú Bealtaine 2019

 
Comhairleoirí nua thofa ar Chomhairle Contae na Gaillimhe.

Comhairleoirí nua thofa ar Chomhairle Contae na Gaillimhe.

 
Cóilín Ó Neachtain, ár dtuairisceoir.

Cóilín Ó Neachtain, ár dtuairisceoir.

 
Séamus Ó Fátharta, ón eagraíocht Camara Education Ireland.

Séamus Ó Fátharta, ón eagraíocht Camara Education Ireland.

 
Macdara Mac Donncha, tuairisceoir, An Rinn.

Macdara Mac Donncha, tuairisceoir, An Rinn.

 
Cóilín Ó Neachtain, tuairisceoir, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, tuairisceoir, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Jeaicí Mac Gearailt, tuairisceoir, RTÉ Raidió na Gaeltachta Baile na nGall.

Jeaicí Mac Gearailt, tuairisceoir, RTÉ Raidió na Gaeltachta Baile na nGall.

 
Frances Nic Géadaigh, tuairisceoir, Doirí Beaga.

Frances Nic Géadaigh, tuairisceoir, Doirí Beaga.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire.

 
Liam Mac a' Mhaoir, tuairisceoir, Corcaigh.

Liam Mac a' Mhaoir, tuairisceoir, Corcaigh.

 
Séamus Mac Donnacha, tuairisceoir, Caisleán a Bharraigh.

Séamus Mac Donnacha, tuairisceoir, Caisleán a Bharraigh.

 
Micheál Ó Leidhin, eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Súil siar ar na toghcháin áitiúla - agus chun cinn ar thoghcháin na hEorpa.

Súil siar ar na toghcháin áitiúla - agus chun cinn ar thoghcháin na hEorpa.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Ceaití Ní Bheildiúin;Saothar nua filíochta.

Ceaití Ní Bheildiúin;Saothar nua filíochta.

 
Beirní Feirtéar;Féile Cheoil an tSamhraidh

Beirní Feirtéar;Féile Cheoil an tSamhraidh

 
Micléinn ó Champus Phádraig

Micléinn ó Champus Phádraig

 
Ruadhán de Faoite,agus Sarah Beth Moylan;Scannán sa Rinn

Ruadhán de Faoite,agus Sarah Beth Moylan;Scannán sa Rinn

 
An Saol ó Dheas 24ú Bealtaine 2019

An Saol ó Dheas 24ú Bealtaine 2019

 
Eimear Ní Mhathún, Bainsiteoir Theach Solais Fhanada

Eimear Ní Mhathún, Bainsiteoir Theach Solais Fhanada

 
Eilín Peircín, Bainisteoir Chomhar Chuigéil

Eilín Peircín, Bainisteoir Chomhar Chuigéil

 
Patricia Uí Fhaltharta, Múinteoir Gairmtreorach

Patricia Uí Fhaltharta, Múinteoir Gairmtreorach

 
Caroline Kavanagh, Drogheda Independent

Caroline Kavanagh, Drogheda Independent

 
Conall Ó Móráin, Craoltóir & Saineolaí Airgeadais

Conall Ó Móráin, Craoltóir & Saineolaí Airgeadais

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta, Gaeltachta & Aimsir

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta, Gaeltachta & Aimsir

 
Liadán Ní Shlataire, Oifigeach Margaíochta Shlí Chorca Dhuibhne

Liadán Ní Shlataire, Oifigeach Margaíochta Shlí Chorca Dhuibhne

 
Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent, John Downing

Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent, John Downing

 
Scéalta Spóirt

Scéalta Spóirt

 
Na Nuachtáin

Na Nuachtáin

 
Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta, Gaeltachta & Aimsir

Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta, Gaeltachta & Aimsir

 
Emma Verling;Comóradh ar Dhiarmaid Ó Súilleabháin

Emma Verling;Comóradh ar Dhiarmaid Ó Súilleabháin

 
Darach Ó Murchú;An baol a bhaineann le Everest

Darach Ó Murchú;An baol a bhaineann le Everest

 
Micheál Ó Siochrú; ómós don bhfile Michael Hartnett

Micheál Ó Siochrú; ómós don bhfile Michael Hartnett

 
Cormac Levis;Féile na mbád i nDún na Séad

Cormac Levis;Féile na mbád i nDún na Séad

 
Dónal Ó Conaill;Gearaltaigh Cheann Eich

Dónal Ó Conaill;Gearaltaigh Cheann Eich

 
An Saol ó Dheas 23ú Bealtaine 2019

An Saol ó Dheas 23ú Bealtaine 2019

 
Josephine Uí Chnaimhsí

Josephine Uí Chnaimhsí

 
John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent

John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent

 
An Comhairleoir Toiréasa Ní Fhearíosa

An Comhairleoir Toiréasa Ní Fhearíosa

 
Pádraig Joe Joe Mac Con Iomaire, Iarrthóir Fhine Gael sna Toghcháin Áitiúil

Pádraig Joe Joe Mac Con Iomaire, Iarrthóir Fhine Gael sna Toghcháin Áitiúil

 
An Colúnaí & An Tráchtaire Eoin Ó Murchú

An Colúnaí & An Tráchtaire Eoin Ó Murchú

 
An Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta ,Gaeltachta & Aimsir

An Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta ,Gaeltachta & Aimsir

 
An Tráchtaire, Seán Ó Cadhain

An Tráchtaire, Seán Ó Cadhain

 
Gearóid Ó Muilleoir, Sunday World

Gearóid Ó Muilleoir, Sunday World

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Rónán Beo

Rónán Beo

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

Tús Áite

Tús Áite

Iris Aniar

Iris Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís