Nuacht an Tuaiscirt: Timpiste

Nuacht an Tuaiscirt: Timpiste

Timpiste

Tá Bealach an N15 idir Bealach Féith agus Baile Dhún na nGall druidte faoi láthair i gceantar an Bhearnais Mhóir mar gheall ar dhroch thaisme bóthar a tharla ansin aréir.  Feithicil amháin a bhí sa taisme a tharla i dtrátha an mheán oíche aréir.  Níl aon eolas maidir le gortaithe tugtha ag na Gardaí go fóill.  Tá an trácht a chur malairt slí sa cheantar fríd Dergline ach caithfidh leoraithe agus feithicil earraí troma a ghabháil bealach na nGleanntach.

Teorainn chrua

Tá imní léirithe ag Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána i nDún na nGall faoin tionchar a bheas ag teorann chruaidh ar na Gardaí i nDún na nGall, go háirithe agus easpa Gardaí sa chontae cheana féin.  Dúirt ball de Choiste Feidhmiúcháin an chumainn, an Garda Breandan O' Connor, nach bhfuil na hacmhainní cearta ar fáil i nDún na nGall agus go mbeidh brú ollmhór ar an Gharda Síochána má bhíonn teorann chruaidh i bhfeidhm i ndiaidh don Bhreatain Aontas na hEorpa a fhágáil.  Cháin an Garda O' Connor an easpa eolais ón Taoiseach agus ón Aire Dlí agus Cirt maidir leis na socruithe a mbeifear ag cur i bhfeidhm má bhíonn teorann chruaidh idir na sé chontae agus na sé chontae is fiche.  Níl sé sásúil gur admhaigh an Taoiseach nach bhfuil plean faoi leith leagtha amach má chuirtear teorann chruaidh i bhfeidhm.

Géarchéim tithíochta

Níl rud ar bith a dhéanamh ag Comhairle Contae Dhún na nGall le déileáil leis an ghéarchéim tithíochta i bparóiste Chloich Cheann Fhaola, a dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, An Comhairleoir Séamus Ó Domhnaill.  Níl tithe á dtógáil i nGort an Choirce nó ar an Fhál Carrach ag an Chomhairle, a dúirt sé, áit a bhfuil éileamh mór ar thithíocht sóisialta agus ar thithíocht príobháideach, agus de réir mar atá an Chomhairle ag ceannacht tithe a bhíodh ar cíos, tá níos mó daoine ag dul ar liostaí feithimh tithíochta.  Dúirt an Comhairleoir Ó Domhnaill go bhfuil an Chomhairle thar a bheith faichilleach i dtaca le tithe a thógáil, agus gur bhfearr daofa an próiseas sin a fhágáil ag conraitheoirí tógála.  Caithfear scéim tógála tithíochta a bheith dírithe ar Chloich Cheann Fhaola do 2019 a dúirt Séamus Ó Domhnaill.

Feabhsúchán bóthair

Tá tairiscintí a lorg faoi láthair le tabhairt faoin chuid dheireanach den togra feabhsúcháin bóthair ar bhealach an N56 idir na Gleanntaí agus an Clochán Liath.  Beidh cóiriú le déanamh ar phíosa 7.5km de bhealach faoin chonradh seo ón Chloch Bhuile i dtreo an Chlocháin Léith.  Dúirt an Comhairleoir Contae Éanna Ó Cnáimhsí go bhfuil obair mhaith déanta ar an bhealach idir na Gleanntaí agus an Clochán Liath le roinnt blianta.  Beidh an obair sin ag leanstan ar aghaidh, ón Chlochán Liath go dtí'n Ard Donn i nGaoth Dobhair nuair a bheas an togra reatha críochnaithe, a dúirt an Comhairleoir Ó Cnáimhsí.

Randox

Beidh lá gairme a reáchtáil ag comhlacht Randox ar an Chlochán Liath oíche Nollag.  Beidh an lá gairme seo dírithe ar chéimithe, ar mhic léinn agus ar lucht proifisiúnta sna hearnálacha bogearraí, innealtóireacht, agus déantúsaíocht.  Is ón 9.00 ar maidin go meán lae a bheas an lá eolais ar siúl in ionad chomhlacht Randox ar an Chlochán Liath oíche Nollag.  Tá comhlacht Randox ar an chomhlacht is mó maidir le diagnóisic cúram sláinte sa Bhreatain, agus baineann 370 milliún duine in 145 tír ar fud na cruinne úsáid as a dtáirgí leighis achan bhliain.

N15

Tá sé tugtha le fios ag Rannóg Bóthair Chomhairle Contae Dhún na nGall go mbeidh stop a chur le hoibreacha bóthair ar bhealach an N15 ag Droichead Blackburn i gceantar Bhealach Féich do shéasúr na Nollag.  Tá na hoibreacha bóthair ansin ag cur moill fhada ar ghluaiseacht na tráchta sa cheantar le roinnt mhaith seachtainí.  Cuirfear stop leis an obair ar an bhealach tráthnóna Dé hAoine seo, agus ní chuirfear tús leis an obair in athuair go dtí'n Luan an 7ú lá de mhí Eanáir.  Le linn an tréimhse seo beidh teora luais níos ísle i bhfeidhm ar an phíosa seo bealaigh.

Cumann sacair

Beidh dhá chruinniú eolais ag cumann sacair Chláirsigh na Finne an tseachtain seo.  Bhearfar eolas faoi shéasúr na bliana seo chugainn, pleananna dá bhfoirne i 2019, agus beidh físeán a thaispeáint faoin fhorbairt ar an staid úr nua atá le tógáil ag an chumann.  Beidh cruinniú tráthnóna inniu in Ostán an Radisson i Leitir Ceanainn ar a 8.00 agus beidh cruinniú i gclubtheach Chumann Naomh Caitríona sna Cealla Beaga ar an Déardaoin ar a 8.00.
 

Beo

Ceol Binn ó na Beanna

Ceol Binn ó na Beanna

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Rí-Rá ar RnaG

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Páidí Ó Lionáird; 7Lá á chraoladh ó Bhaile na nGall

Páidí Ó Lionáird; 7Lá á chraoladh ó Bhaile na nGall

 
Síle de Cléir; Feistears na nGael

Síle de Cléir; Feistears na nGael

 
Grett O Connor: Comhlucht nua bunaithe aici

Grett O Connor: Comhlucht nua bunaithe aici

 
Conn Ó Muineacháin;Leathanbhanda

Conn Ó Muineacháin;Leathanbhanda

 
Conal Ó Mairtín:Grúpa Chiarrai

Conal Ó Mairtín:Grúpa Chiarrai

 
An Saol ó Dheas 19ú Feabhra 2019

An Saol ó Dheas 19ú Feabhra 2019

 
Mairéad Leonard agus a mac Ethan as an gCaisleán Gearr & Cáit Ní Dhónaill, múinteoir rang a trí i Scoil Náisiúnta Iognáid.

Mairéad Leonard agus a mac Ethan as an gCaisleán Gearr & Cáit Ní Dhónaill, múinteoir rang a trí i Scoil Náisiúnta Iognáid.

 
An tOllamh Muiris Ó Suilleabháin, Scoil na Seandálaíochta i gColáiste Ollscoile, Bhaile Átha Cliath & Ball den Chomhairle Oidhreachta.

An tOllamh Muiris Ó Suilleabháin, Scoil na Seandálaíochta i gColáiste Ollscoile, Bhaile Átha Cliath & Ball den Chomhairle Oidhreachta.

 
Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Contae & Liam Ó Cualáin as an Spidéal.

Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Contae & Liam Ó Cualáin as an Spidéal.

 
Tríona Ní Shíocháin; Leabhar ar an bhfile Seán Ó Riordáin

Tríona Ní Shíocháin; Leabhar ar an bhfile Seán Ó Riordáin

 
Jacqui De Siún;Rian Glas na nDéise.

Jacqui De Siún;Rian Glas na nDéise.

 
Dónal Ó Liatháin agus Caitlín Breathnach;Forbairtí an Údaráis

Dónal Ó Liatháin agus Caitlín Breathnach;Forbairtí an Údaráis

 
Mairtín Ó Méalóid;Scéim funnimh Chléire

Mairtín Ó Méalóid;Scéim funnimh Chléire

 
Micheál Ó Muircheartaigh; Cluichí an deireadh seachtaine

Micheál Ó Muircheartaigh; Cluichí an deireadh seachtaine

 
An Saol ó Dheas 18ú Feabhra 2019

An Saol ó Dheas 18ú Feabhra 2019

 
Seán Breathnach, Peadar Breathnach, Tom Whelan, Éamonn Ó Suilleabháin & Paul Ó Cadhain ó Chumann Seid na bhFear, Corr na Móna.

Seán Breathnach, Peadar Breathnach, Tom Whelan, Éamonn Ó Suilleabháin & Paul Ó Cadhain ó Chumann Seid na bhFear, Corr na Móna.

 
Tomás Mac Síomóin, Scríbhneoir agus file agus duine de stiúrthóirí an chomhlachta 'Nuascéalta'.

Tomás Mac Síomóin, Scríbhneoir agus file agus duine de stiúrthóirí an chomhlachta 'Nuascéalta'.

 
John Coyle, Iar-Chathaoirleach Choiste Rásaí na Gaillimhe.

John Coyle, Iar-Chathaoirleach Choiste Rásaí na Gaillimhe.

 
Yvonne Finn, Cathaoirleach Choiste Geopháirce agus Locha an Iarthair.

Yvonne Finn, Cathaoirleach Choiste Geopháirce agus Locha an Iarthair.

 
Áine Ní Bhreisleáin, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Áine Ní Bhreisleáin, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Deirdre de Bhailís, bainisteoir Ionad Mol Teic an Daingin.

Deirdre de Bhailís, bainisteoir Ionad Mol Teic an Daingin.

 
Máire Ní Chionna, innealltóir sinsireach, Comhairle Condae na Gaillimhe.

Máire Ní Chionna, innealltóir sinsireach, Comhairle Condae na Gaillimhe.

 
Theresa Mhic Dhonncha, hoimeópat.

Theresa Mhic Dhonncha, hoimeópat.

 
Peter Rigney, Oifigeach Tionclaíoch, ICTU.

Peter Rigney, Oifigeach Tionclaíoch, ICTU.

 
Eoin Corrry, saineolaí taistil agus turasóireachta, Travel Extra.

Eoin Corrry, saineolaí taistil agus turasóireachta, Travel Extra.

 
John Maguire, France 24, Páras.

John Maguire, France 24, Páras.

 
An Tuairisc Spóirt

An Tuairisc Spóirt

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta  an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair

Príomhscéalta an Iarthair

 
Príomhscéalta  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Siúlach Scéalach - 170219

Siúlach Scéalach - 170219

 
Siúlach Scéalach - 170219

Siúlach Scéalach - 170219

 
Siúlach Scéalach 170219

Siúlach Scéalach 170219

 
Brian Eno - 77 milliún pictiúr

Brian Eno - 77 milliún pictiúr

 
Oíche éigse REIC

Oíche éigse REIC

 
Ord agus eagar ar do chuid éadaí

Ord agus eagar ar do chuid éadaí

 
Fiontar tiomsaithe airgid á sheoladh ag Club an Chonradh

Fiontar tiomsaithe airgid á sheoladh ag Club an Chonradh

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 15 Feabhra 2019.

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 15 Feabhra 2019.

 
Eoghan Ó Loideáin.

Eoghan Ó Loideáin.

 
An tAthair Clement Mac Mánuis.

An tAthair Clement Mac Mánuis.

 
Niamh Ní Chonaill, Oibrí Deonach leis an Eagraíocht Gaillimh 2020.

Niamh Ní Chonaill, Oibrí Deonach leis an Eagraíocht Gaillimh 2020.

 
Edel Ní Churraoin, Laurence Ó Conghaile, Róisín Ní Chatháin & Pádraig Ó hIarnáin.

Edel Ní Churraoin, Laurence Ó Conghaile, Róisín Ní Chatháin & Pádraig Ó hIarnáin.

 
Seán Ó Gabháin, ón gcomhlacht 'Seaspray' & Noel Ó Laoi ón gComhlacht 'Organic Seaweed Company'.

Seán Ó Gabháin, ón gcomhlacht 'Seaspray' & Noel Ó Laoi ón gComhlacht 'Organic Seaweed Company'.

 
Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Cormac Ó Murchú, An Spidéal.

Cormac Ó Murchú, An Spidéal.

 
Micheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Seán Ó Cuirreáin, iar-choimisinéir teanga.

Seán Ó Cuirreáin, iar-choimisinéir teanga.

 
Seán Pól Ó Conchúir, An Daingean.

Seán Pól Ó Conchúir, An Daingean.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, Sasana.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, Sasana.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Tús Áite

Tús Áite

Cuireadh Chun Ceoil

Cuireadh Chun Ceoil

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Barrscéalta

Barrscéalta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís