Nuacht an Tuaiscirt: Baile na Lorgan

Nuacht an Tuaiscirt: Baile na Lorgan

Baile na Lorgan

Is as Dún na nGall don Gharda a gortaíodh in eachtra a tharla i mBaile na Lorgan i Muineachán aréir. Maraíodh fear amháin agus gortaíodh Garda nuair a rinneadh iarracht carr den déanamh Audi A6 a stopadh ar an bhaile i dtrátha 11.30 aréir. Tharraing an carr, nár stop, Garda sna fichidí as Leitir Ceanainn, 500 meadar síos an bealach mór, sular bhuail an carr in éadan carr eile a bhí ar an phríomhshráid.  Maraíodh tiománaí an chairr a bhí ar an phríomhshráid. Tá comhair leighis a chur ar an Gharda san Otharlann i nDroichead Átha mar gheall ar ghortaithe a bhain dó sa chloigeann, san aghaidh agus sa chos.

Otharlann Leitir Ceanainn

Cuireadh an córas uasmhéid othair i bhfeidhm in Otharlann Leitir Ceanainn 266 lá as 305 ó thús na bliana go mí Dheireadh Fómhair, sin 87% den am, de réir eolais a tugadh ag cruinniú den Fhóram Sláinte Réigiúnach an tseachtain seo. Dúirt an Comhairleoir Contae Gerry Crawford a bhí i láthair ag an chruinniú gur ábhar mór imní na figiúirí seo agus go léiríonn sé an ghéarchéim maidir le plódú atá in Otharlann Leitir Ceanainn. Tá sé thar am ag an rialtas aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí móra atá le plódú in Otharlann Leitir Ceanainn ar bhun rialta anois, a dúirt an Comhairleoir Crawford. Dhéanfar plé ar na figiúirí seo ag cruinniú a bheas ag baill Dhún na nGall den Fhóram Sláinte le bainistíocht Otharlann Leitir Ceanainn an tseachtain seo chugainn.

Tralaithe

Tá Otharlann Leitir Ceanainn sa seachtú áit sa tír maidir le líon na n-othar a chaith tréimhsí ar thralaithe san Otharlann go dtí seo i mbliana. De réir figiúirí ó Chumann Altraí agus Ban chabhrach na hÉireann inniu bhí 2018 ar an bhliain a ba mheasa go dtí seo maidir le plódú in otharlanna na tíre áit ar chaith thar a 100,000 othair tréimhsí ar thralaithe. 4,779 othair a raibh orthu fanacht ar leapacha in Otharlann Leitir Ceanainn ón chéad lá de mhí Eanair go dtí'n lá inniu de réir na bhfigiúirí atá foilsithe, 1,468 acu sin ar thralaithe san Aonad Timpiste agus Éigeandála. Beirt is fiche atá ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn inniu agus iad ag fanacht ar leapacha.

Campas Oideachais
 
Caithfidh an rialtas freagracht a ghlacadh as an dóigh ar láimhseáil siad cás Champas Oideachais trí scoil i mBun Crannacha, a dúirt an Teachta Dála Charlie Mc Conalogue sa Dáil inniu. Dúirt sé gur aimsíodh suíomh don champas cúig bliana ó shin ach mar gheall ar an rialtas, níor dearnadh dul chun cinn ar bith agus anois tá an suíomh díolta agus caithfear tús a chur leis an phróiseas iomlán arís. Dhiúltaigh an tAire Oideachais Joe Mc Hugh labhairt faoi na hidirbheartaíochtaí atá ar siúl faoi láthair maidir leis an champas oideachais ach d'aontaigh sé leis an Teachta Mc Conalogue inniu sa Dáil.

Údarás na Gaeltachta

Thug Micheál Mac Giolla Easpaig, Bainisteoir Réigiúnach Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill le fios go bhfuil na socruithe  a ndéanamh faoi láthair maidir leis an úsáid is fearr a bhaint as an  €1.5m a ceadaíodh ar na mallaibh le síneadh a chur le moll dhigiteach Áislann Ghaoth Dobhair, an GTeic. Dúirt sé go bhfuil foireann deartha a earcú faoi láthair agus go bhfuil comhráití ar siúl fosta leis na comhlachtaí atá bunaithe cheana féin san Áislann. Dúirt Micheál Mac Giolla Easpaig, go bhfuil feachtas leanúnach margaíochta ar siúl acu leis an Diaspora agus go bhfuil ag éirigh go maith leis an fheachtas.

Tithíocht

Léirigh Comhairleoirí Contae as Ceantar Bardais na nGleanntach míshásamh ag Cruinniú de Choiste Straitéiseach Polasaí Tithíochta Dhún na nGall mar nach bhfuil ach 1.3% do na tithe atá á dtógáil faoi láthair sa chontae, lonnaithe sa Cheantar Bardais sin. 4 theach atá á ndearadh faoi láthair do Dhún Fionnachaidh as 298 teach atá á dtógáil nó á ndearadh i láthair na huaire ar fud Dhún na nGall. Léirigh na Comhairleoirí Séamus Ó Domhnaill, John Shéamuis Ó Fearraigh agus Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig imní ag an chruinniú tithíochta nach bhfuil go leor ar siúl faoi láthair ag an Chomhairle i gCeantar na nGleanntach le héileamh ar thithe a shásamh nó dhul i ngleic le na liostaí tithíochta ansin.

D'aontaigh an triúr ionadaí sin gur cheart plean tógála a chur ar bun dírithe ar cheantar na nGleanntach, ach thug an tInnealtóir Sinsearach John Gallagher le fios nach bhfuil sé ar chumas na Comhairle Condae faoi láthair scéimeanna móra tithíochta a thógáil agus gur ag díriú ar thithe a cheannacht atá siad faoi láthair, le dhul i ngleic le na liostaí feithimh.  Tugadh le fios gur tógadh 8 dteach in ard an Rátha anuraidh, ach ní leor sin le éileamh an phobail a shásamh a dúirt an Comhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh.  Cé go bhfuil 4 theach a ndearadh do bhaile Dhún Fionnachaidh ní dóiche go dtosófar a dtógáil go deireadh 2019 ar a luaithe agus níl tithíocht shóisialta a thógáil sna Gleanntaí mar ba cheart dar leis an Chomhairleoir Séamus Ó Domhnaill.  Tá an Coiste Tithíochta le castáil arís ar an mhí seo chugainn le géarchéim tithíochta na contae a phlé.
 

Cúram sláinte ar oileáin

Tá gá le seirbhísí leighis agus altranais á sholáthar ar oileáin Dhún na nGall le cinntiú nach mbíonn an brú céanna ar phobal na n-oileán sin taisteal go tír mór go rialta, sin de réir tuairisce úr ón Fheidhmeannacht Sláinte ar Sheirbhísí Cúraim Phríomhúil ar oileáin na tíre. Léirítear san tuairisc go bhfuil an leibhéal is airde dífhostaíochta ar oileán ar bith sa tír i dToraigh, áit a bhfuil an tríú cuid den phobal dífhostaithe agus 19.9 % den daonra faoi mhíchumas. Tá Toraigh ar cheann de dhá oileán a bhfuil scéim chéad fhreagróirí curtha ar bun acu, ach tugadh le fios go gcuireann drochaimsir as go mór d'othair fáil go tír mór nó don fhoireann sláinte taisteal go Toraigh le coir leighis a chuir ar dhaoine tinne. I dtaca le hOileán Árainn Mhór de, deirtear sa tuairisc gur seo an t-oileán is mó sa tír atá faoi mhíbhuntáiste, agus a bhfuil líon ard daoine ann a bhfuil cúram sláinte nó sainchúraim eile uathu. 18.7% de dhaonra an oileáin atá faoi mhíchumas.  Níl scéim chéad fhreagróirí acu ach tá dochtúir lonnaithe ar an oileán 5 lá sa tseachtain.  Níl seirbhísí altranais ar fáil i dToraigh nó ar Oileán Árainn Mhór le haire a thabhairt do na haosaigh, agus luann tuairisc na Feidhmeannachta go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh deis ag daoine aosta fanacht ar na hoileáin le bheith lena gcuid daoine muinteartha.

Stáisiúin Dóiteáin


Deir an Comhairleoir Contae Barry O'Neill go bhfuil géarghá tús a chur le tógáil Stáisiúin Dóiteáin úra i mBéal Átha Seanaidh agus i mBun Dobhráin. Dúirt sé go bhfuil Stáisiún Bhéal Átha Seanaidh ar an 4ú stáisiún is gnóthaí sa tír agus gur Bun Dobhráin an 7ú stáisiún is gnóthaí ach go bhfuil droch bhail ar na foirgnimh agus go gcaithfear dhá stáisiún dóiteáin ura a thógáil. Tá an Comhairleoir O'Neill ag iarraidh ar an Chomhairle Contae na pleananna agus na hullmhúcháin ar fad a réiteach agus maoiniú a lorg ón Roinn láithreach. Dhéanfaidh an Comhairleoir O' Neill an cheist a phlé leis an Aire Stáit Tithíochta agus Rialtas Aitiúil Damien English go luath.

Imní máthar

Léirigh máthair as Gaoth Dobhair imní nuair a cuireadh ar an eolas í le gairid go raibh pictiúr dá mac in úsáid ar na meáin shóisialta ag maíomh go raibh sé ar iarraidh i gceantar Ghlaschú. Bhí an feachtas ar líne ina raibh pictiúr dá mac ag iarraidh ar an phobal tacaíocht agus cuidiú a thabhairt leis an ghasúr a bhí ar iarraidh a aimsiú. Dúirt an leathanach bréige go raibh Caolán, sé bliana d'aois, ar iarraidh le roinnt laetha, agus nuair a chonacthas go deireanach é i Springpark i nGlaschú go raibh sé ag caitheamh an chóta chéanna sa phictiúr, geansaí peile Barcelona agus brístí. Rinneadh an pictiúir a roinnt thar a 4,000 iarraidh ar na meáin shóisialta idir Facebook, Twitter agus Snapchat. Dúirt Tricia Greene, máthar Callan, as Gaoth Dobhair, nach raibh a fhios aici aon rud faoin fheachtas go dtí go ndearna duine muintireach dá cuid i nGlaschú teagmháil léi. Dúirt sí nach dtuigeann sí cén fáth a ndéanfadh duine a leithid d'fheachtas bréige a chur ar bun ar líne agus pictiúr dá mac anseo i nGaoth Dobhair a úsáid agus d'iarr sí ar thuismitheoirí a bheith ar a n-airdeall.

Polasaí Tithíochta

Léirigh Comhairleoirí Contae as Ceantar Bardais na nGleanntach míshásamh ag Cruinniú de Choiste Straitéiseach Polasaí Tithíochta Dhún na nGall le gairid nach bhfuil ach 1.3% de na tithe atá á dtógáil faoi láthair sa chontae, lonnaithe sa Cheantar Bardais sin. 4 theach atá a ndearadh faoi láthair do Dhún Fionnachaidh as 298 teach atá á dtógáil nó á ndearadh i láthair na huaire ar fud Dhún na nGall. Léirigh na Comhairleoirí Séamus Ó Domhnaill, John Shéamuis Ó Fearraigh agus Micheál Cholm Mac Giolla Easpuig imní nach bhfuil go leor ar siúl ag an Chomhairle i gCeantar na nGleanntach le héileamh ar thithe a shásamh nó le dhul i ngleic leis na liostaí tithíochta ansin. D'aontaigh na Comhairleoirí sin gur cheart plean tógála a chur ar bun dírithe ar cheantar na nGleanntach, ach thug an tInnealtóir Sinsearach John Gallagher le fios nach bhfuil sé ar chumas na Comhairle Contae faoi láthair scéimeanna móra tithíochta a thógáil agus gur ag díriú ar thithe a cheannacht atá siad faoi láthair. Tá an Coiste Tithíochta le castáil arís ar an mhí seo chugainn le géarchéim tithíochta na contae a phlé.

€450,000 ceadaithe

Tá €450,000 ceadaithe do thrí thogra i nDún na nGall faoi Chiste Leader. Tá maoiniú ceadaithe le Páirc Astroturf a fhorbairt i gCill Mhic Neanáin, Ionad Campála a fhorbairt ar an Chraoslach agus seirbhísí seoltóireachta a chur ar fáil ag Ceann Mhálainne le cur le turasóireacht sa cheantar. Tá maoiniú ceadaithe do 97 togra ar fiú €4.3m do Dhún na nGall faoi Chlár Leader. Chuir an Comhairleoir Contae Martin Mc Dermott Cathaoirleach Choiste Forbairt Áitiúil Dhún na nGall fáilte roimh an mhaoiniú.

Scrúdaitheoir Tiomána

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre scrúdaitheoir tiomána breise a cheadú do Dhún na nGall. Thug an Comhairleoir Contae Nicholas Crossan le fios an tseachtain seo go bhfuil an liosta feithimh ag ionad scrúduithe tiomána Bhun Crannacha ar cheann dona liostaí feithimh is faide sa tír faoi láthair.  Ní raibh scrúdú tiomána amháin déanta i mBun Crannacha ar an mhí is a chuaigh thart. Dúirt sé go bhfuil scrúdaitheoirí úra beagnach réidh lena gcuid traenála agus go gcaithfear a chinntiú go dtabharfar tús áite do Dhún n na nGall agus ceantar Inis Eoghain ach go háirithe nuair atá na scrúdaitheoirí úra le lonnú ag ionaid éagsúla sa tír. 
 

Beo

Ceol Binn ó na Beanna

Ceol Binn ó na Beanna

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Rí-Rá ar RnaG

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Páidí Ó Lionáird; 7Lá á chraoladh ó Bhaile na nGall

Páidí Ó Lionáird; 7Lá á chraoladh ó Bhaile na nGall

 
Síle de Cléir; Feistears na nGael

Síle de Cléir; Feistears na nGael

 
Grett O Connor: Comhlucht nua bunaithe aici

Grett O Connor: Comhlucht nua bunaithe aici

 
Conn Ó Muineacháin;Leathanbhanda

Conn Ó Muineacháin;Leathanbhanda

 
Conal Ó Mairtín:Grúpa Chiarrai

Conal Ó Mairtín:Grúpa Chiarrai

 
An Saol ó Dheas 19ú Feabhra 2019

An Saol ó Dheas 19ú Feabhra 2019

 
Mairéad Leonard agus a mac Ethan as an gCaisleán Gearr & Cáit Ní Dhónaill, múinteoir rang a trí i Scoil Náisiúnta Iognáid.

Mairéad Leonard agus a mac Ethan as an gCaisleán Gearr & Cáit Ní Dhónaill, múinteoir rang a trí i Scoil Náisiúnta Iognáid.

 
An tOllamh Muiris Ó Suilleabháin, Scoil na Seandálaíochta i gColáiste Ollscoile, Bhaile Átha Cliath & Ball den Chomhairle Oidhreachta.

An tOllamh Muiris Ó Suilleabháin, Scoil na Seandálaíochta i gColáiste Ollscoile, Bhaile Átha Cliath & Ball den Chomhairle Oidhreachta.

 
Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Contae & Liam Ó Cualáin as an Spidéal.

Seosamh Ó Cualáin, Comhairleoir Contae & Liam Ó Cualáin as an Spidéal.

 
Tríona Ní Shíocháin; Leabhar ar an bhfile Seán Ó Riordáin

Tríona Ní Shíocháin; Leabhar ar an bhfile Seán Ó Riordáin

 
Jacqui De Siún;Rian Glas na nDéise.

Jacqui De Siún;Rian Glas na nDéise.

 
Dónal Ó Liatháin agus Caitlín Breathnach;Forbairtí an Údaráis

Dónal Ó Liatháin agus Caitlín Breathnach;Forbairtí an Údaráis

 
Mairtín Ó Méalóid;Scéim funnimh Chléire

Mairtín Ó Méalóid;Scéim funnimh Chléire

 
Micheál Ó Muircheartaigh; Cluichí an deireadh seachtaine

Micheál Ó Muircheartaigh; Cluichí an deireadh seachtaine

 
An Saol ó Dheas 18ú Feabhra 2019

An Saol ó Dheas 18ú Feabhra 2019

 
Seán Breathnach, Peadar Breathnach, Tom Whelan, Éamonn Ó Suilleabháin & Paul Ó Cadhain ó Chumann Seid na bhFear, Corr na Móna.

Seán Breathnach, Peadar Breathnach, Tom Whelan, Éamonn Ó Suilleabháin & Paul Ó Cadhain ó Chumann Seid na bhFear, Corr na Móna.

 
Tomás Mac Síomóin, Scríbhneoir agus file agus duine de stiúrthóirí an chomhlachta 'Nuascéalta'.

Tomás Mac Síomóin, Scríbhneoir agus file agus duine de stiúrthóirí an chomhlachta 'Nuascéalta'.

 
John Coyle, Iar-Chathaoirleach Choiste Rásaí na Gaillimhe.

John Coyle, Iar-Chathaoirleach Choiste Rásaí na Gaillimhe.

 
Yvonne Finn, Cathaoirleach Choiste Geopháirce agus Locha an Iarthair.

Yvonne Finn, Cathaoirleach Choiste Geopháirce agus Locha an Iarthair.

 
Áine Ní Bhreisleáin, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Áine Ní Bhreisleáin, RTE Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Deirdre de Bhailís, bainisteoir Ionad Mol Teic an Daingin.

Deirdre de Bhailís, bainisteoir Ionad Mol Teic an Daingin.

 
Máire Ní Chionna, innealltóir sinsireach, Comhairle Condae na Gaillimhe.

Máire Ní Chionna, innealltóir sinsireach, Comhairle Condae na Gaillimhe.

 
Theresa Mhic Dhonncha, hoimeópat.

Theresa Mhic Dhonncha, hoimeópat.

 
Peter Rigney, Oifigeach Tionclaíoch, ICTU.

Peter Rigney, Oifigeach Tionclaíoch, ICTU.

 
Eoin Corrry, saineolaí taistil agus turasóireachta, Travel Extra.

Eoin Corrry, saineolaí taistil agus turasóireachta, Travel Extra.

 
John Maguire, France 24, Páras.

John Maguire, France 24, Páras.

 
An Tuairisc Spóirt

An Tuairisc Spóirt

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta  an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair

Príomhscéalta an Iarthair

 
Príomhscéalta  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Siúlach Scéalach - 170219

Siúlach Scéalach - 170219

 
Siúlach Scéalach - 170219

Siúlach Scéalach - 170219

 
Siúlach Scéalach 170219

Siúlach Scéalach 170219

 
Brian Eno - 77 milliún pictiúr

Brian Eno - 77 milliún pictiúr

 
Oíche éigse REIC

Oíche éigse REIC

 
Ord agus eagar ar do chuid éadaí

Ord agus eagar ar do chuid éadaí

 
Fiontar tiomsaithe airgid á sheoladh ag Club an Chonradh

Fiontar tiomsaithe airgid á sheoladh ag Club an Chonradh

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 15 Feabhra 2019.

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 15 Feabhra 2019.

 
Eoghan Ó Loideáin.

Eoghan Ó Loideáin.

 
An tAthair Clement Mac Mánuis.

An tAthair Clement Mac Mánuis.

 
Niamh Ní Chonaill, Oibrí Deonach leis an Eagraíocht Gaillimh 2020.

Niamh Ní Chonaill, Oibrí Deonach leis an Eagraíocht Gaillimh 2020.

 
Edel Ní Churraoin, Laurence Ó Conghaile, Róisín Ní Chatháin & Pádraig Ó hIarnáin.

Edel Ní Churraoin, Laurence Ó Conghaile, Róisín Ní Chatháin & Pádraig Ó hIarnáin.

 
Seán Ó Gabháin, ón gcomhlacht 'Seaspray' & Noel Ó Laoi ón gComhlacht 'Organic Seaweed Company'.

Seán Ó Gabháin, ón gcomhlacht 'Seaspray' & Noel Ó Laoi ón gComhlacht 'Organic Seaweed Company'.

 
Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Cormac Ó Murchú, An Spidéal.

Cormac Ó Murchú, An Spidéal.

 
Micheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Seán Ó Cuirreáin, iar-choimisinéir teanga.

Seán Ó Cuirreáin, iar-choimisinéir teanga.

 
Seán Pól Ó Conchúir, An Daingean.

Seán Pól Ó Conchúir, An Daingean.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, Sasana.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, Sasana.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Tús Áite

Tús Áite

Cuireadh Chun Ceoil

Cuireadh Chun Ceoil

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Barrscéalta

Barrscéalta

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís