Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Nuacht an Tuaiscirt: Otharlann Leitir Ceanainn

Otharlann Leitir Ceanainn

Cúig mhíle dhéag, 420 duine atá ar liosta feithimh na nOthar Seachtrach in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair, de réir figiúirí atá eisithe ag an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála.  Deir an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh go bhfuil na figiúirí seo ag ardú go rialta agus go bhfuil sé dochreidte nach bhfuil faic déanta ag an rialtas le tabhairt faoi na liostaí feithimh fada seo.  Tá ardú 20% ar na figiúirí i gcomparáid leis an tréimhse céanna anuraidh.  Dúirt an Teachta Ó Dochartaigh gur cháin sé an rialtas roinnt seachtainí ó shin mar gheall ar na figiúirí a foilsíodh do mhí Lúnasa le gairid agus is léir leis an ardú ar na figiúirí do mhí Mheán Fómhair nach bhfuil faic déanta ag an rialtas le ghabháil i ngleic leis an liosta feithimh.  Tá ardú leanúnach mí i ndiaidh míosa ar líon na n-othar atá ag fanacht níos mó ná ocht mí dhéag nó níos mó le haghaidh coinne san  otharlann, áit a bhfuil 2,692 othair ar an liosta feithimh, agus níl seo sásúil ar chor ar bith, a dúirt an Teachta Ó Dochartaigh.

Laghdú ar dhaonra

Tháinig laghdú 5.6% ar dhaonra na Gaeltachta i dTír Chonaill idir 2011 agus 2016, do réir Próifíl Shoch-eacnamaíochta de na Seacht gCeantar Gaeltachta in Éirinn a seoladh ag an deireadh seachtaine.  Bhí laghdú daonra sna hocht gcinn de cheantair Ghaeltachta i dTír Chonaill do réir na tuarascála.  Bhí laghdú 4.4% sa Ghaeltacht Lár, laghdú 8.8% in Árainn Mhór, laghdú 7.2% i gceantar Chloich Cheann Fhaola, laghdú 1.1% i nGaeltacht Dheisceart Dhún na nGall, laghdú 6.3% i nGaoth Dobhair agus íochtar na Rosann, laghdú 21.2% i dToraigh agus laghdú 5.8% i nGaeltacht Thuaisceart Dhún na nGall.  Tá an ráta dífhostaíochta i measc an fhórsa saothair i nGaeltacht Thír Chonaill níos airde ná in aon cheantar Gaeltachta eile sa tír, áit a raibh 22% dífhostaithe i 2016.  Tá cónaí ar 23,346 duine i gceantair limistéar pleanála teanga i nDún na nGall, an mhórchuid acusan, 25% nó 5,895 duine i nGaoth Dobhair agus Rann na Feirste.  Bhí an céad chodán is airde i nGaeltachtaí na tíre a raibh daoine ag labhairt na Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais i dToraigh, áit a labhrann 85% Gaeilge go laethúil.  Tá 508 duine nó 6.9% de dhaonra na Rosa na Éireannaigh iad, do réir na tuarascála, an ráta is airde in aon cheantar Gaeltachta i dTír Chonaill.  Maidir le cúrsaí oideachais, tá oideachas tríú leibhéal ag 22% de phobal Ghaeltacht Thír Chonaill, sin 8% níos lú na an meán dona Gaeltachtaí ar fad sa tír.

Earcaíocht

Tá feachtas ar bun ag an chomhlacht earcaíochta FRS le daoine a mhealladh na bhaile as an Astráil le tabhairt faoi phostanna i nDún na nGall agus i bpáirteanna eile don tír.  Beidh ócáidí ar bun i Sydney, i Melbourne agus i Brisbane ag toiseacht Déardaoin áit a mbeifear ag cur eolais ar fáil do dhaoine as an tír seo atá thall faoi na deiseanna fostaíochta atá i nDún na nGall faoi láthair agus ar fud na tíre.  Tá an comhlacht sásta eitilt saor in aisce a chur ar fáil do dhaoine a mbeadh suim acu pilleadh na bhaile agus tabhairt faoi phostanna úra sa chontae, go háirithe san earnáil tógála, teicneolaíochta agus sláinte.  Dúirt Colin Donnery, Bainisteoir Ginearálta FRS, go bhfuil comhlachtaí i nDún na nGall agus ar fud na tíre ag streachailt le fostaithe oilte a aimsiú dá bhfolúntais agus go bhfuil sé tábhachtach daoine oilte a d'fhág an tír seo le linn an chúlú eacnamaíochta a mhealladh na bhaile arís.

FostaíochtBeidh cur síos a dhéanamh ar dheiseanna fostaíochta i nGaeltacht Thír Chonaill ag ócáid in Ostán an Waterfront ar an Chlochán Liath Déardaoin.  Tabharfar eolas ar dheiseanna fostaíochta, ar fholúntais reatha agus beidh eolas ginearálta ar thacaíochtaí atá ar fáil do dhaoine atá ar thóir oibre.  Ina measc siúd a bheas i láthair, beidh fostóirí in iarthar Dhún na nGall, An Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Forbairt Áitiúil Dhún na nGall, Lucht oideachais agus oiliúna i nDún na nGall agus grúpaí tacaíochta fostaíochta.  Is ón 2.00 go dtí'n 8.00 a bheas an ócáid seo ar siúl Déardaoin.

Tiomáint agus ól

Tá achainí déanta ag ceannasaí aonad tráchta an Gharda Síochána i nDún na nGall ar an phobal gan a bheith ag tiomáint agus ólachán glactha acu.  Dúirt an Cigire Michael Harrison gur ghabh Gardaí 37 tiománaí i nDún na nGall de bharr iad a bheith ag tiomáint faoi thionchar an óil ar an mhí s'chuaigh thart.  Dúirt sé fosta gur maraíodh naonúr ar bhóithre Dhún na nGall go dtí seo i mbliana, a dhúbailt ón am céanna anuraidh.  Cuireadh dlíthe úra maidir le tiomáint faoi thionchar an óil i bhfeidhm Déardaoin s'chuaigh thart, agus faoina rialacha úra cuirfear bac tiomána i bhfeidhm ar dhaoine a mbeirfear orthu agus iad ag tiomáint faoi thionchar an óil.  Dúirt an Cigire Michael Harrison go mbeidh Gardaí níos feiceálaí ar bhóithre agus aonaid seiceála ar bun acu idir seo agus an Nollaig, agus aird faoi leith a dhíriú acu ar thiomáint faoi thionchar an óil agus tiomáint ró ghasta agus tiomáint chontúirteach.

Comhlachtaí bus

Tá imní ar chomhlachtaí bus as Dún na nGall a thrasnaíonn an teorann achan lá, faoina himpleachtaí a bheadh ag teorann chrua ar a gcuid seirbhísí.  Deir na comhlachtaí bus go mbeidh moill ar sheirbhísí má thagann athraithe i bhfeidhm, agus go mbeidh scrúdaithe le déanamh acu ar na seirbhísí a bheas acu feasta agus athraithe i bhfeidhm.  Tá seirbhísí rialta ag busanna John McGinley go Baile Átha Cliath agus ag Patrick Gallagher go Béal Feirste, agus ag Bus Éireann go Béal Feirste agus go Baile Átha Claith, ag dul trasna na teorann.

Beo

Fógraí an Lae

Fógraí an Lae

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Cuireadh Chun Ceoil

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Seán Ó Callanáin;Dodging Bullett

Seán Ó Callanáin;Dodging Bullett

 
Tomás Ó Loingsigh;A Cúirliún

Tomás Ó Loingsigh;A Cúirliún

 
Pól Ó Conchúir; Cloch Chuimhneacháin 1916

Pól Ó Conchúir; Cloch Chuimhneacháin 1916

 
Micheál Ó Conchúir; Ride Dingle

Micheál Ó Conchúir; Ride Dingle

 
Pádraig Ó Sé;Iascach agus miongáin Aoine an Chéasta.

Pádraig Ó Sé;Iascach agus miongáin Aoine an Chéasta.

 
An t-athair Eoghan Ó Cadhla;Turas na Croise  go Cnoc Bréanainn

An t-athair Eoghan Ó Cadhla;Turas na Croise go Cnoc Bréanainn

 
An Saol ó Dheas 19ú Aibreán 2019

An Saol ó Dheas 19ú Aibreán 2019

 
Eoghan Ó Loideáin.

Eoghan Ó Loideáin.

 
Máirtín Ó Catháin, Iriseoir.

Máirtín Ó Catháin, Iriseoir.

 
Aonghus Darba Ó Flatharta agus John Darba Ó Flatharta, úinéirí an Bháid an 'Anna C'. John Darba Ó Flatharta, Bádóir.

Aonghus Darba Ó Flatharta agus John Darba Ó Flatharta, úinéirí an Bháid an 'Anna C'. John Darba Ó Flatharta, Bádóir.

 
Cóilín Ó hIarnáin, ó Bhádóirí an Chladaigh.

Cóilín Ó hIarnáin, ó Bhádóirí an Chladaigh.

 
Barry Ó Fátharta, ó Choiste Pobail Ros a Mhíl.

Barry Ó Fátharta, ó Choiste Pobail Ros a Mhíl.

 
Clár Iomlán

Clár Iomlán

 
Máirtín Ó Méalóid, Bainisteoir Oileán Chléire.

Máirtín Ó Méalóid, Bainisteoir Oileán Chléire.

 
Máire Ní Scanláin; Taispeántas ealaíne na Cásca.

Máire Ní Scanláin; Taispeántas ealaíne na Cásca.

 
Darach Ó Murchú, Feamnach.

Darach Ó Murchú, Feamnach.

 
Aoife Ní Dhéisigh, Aontas na Mac Léinn.

Aoife Ní Dhéisigh, Aontas na Mac Léinn.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 18 Aibreán 2019.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 18 Aibreán 2019.

 
Eibhlín Ní Chatháin, ár dtuairisceoir.

Eibhlín Ní Chatháin, ár dtuairisceoir.

 
Peadar Ó Lamhna, ó Shábháilteacht Uisce Éireann.

Peadar Ó Lamhna, ó Shábháilteacht Uisce Éireann.

 
Sinéad Ní Fhatharta, Bainisteoir Fiontraíocht agus Fostaíocht le Údarás na Gaeltachta.

Sinéad Ní Fhatharta, Bainisteoir Fiontraíocht agus Fostaíocht le Údarás na Gaeltachta.

 
Cormac Ó Comhraí, múinteoir agus staraí.

Cormac Ó Comhraí, múinteoir agus staraí.

 
Máirín Uí Fhearraigh, Comharchumann na nOileán Bheaga.

Máirín Uí Fhearraigh, Comharchumann na nOileán Bheaga.

 
Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta

 
Sean Kelly, Feisire, Parlaimint na hEorpa.

Sean Kelly, Feisire, Parlaimint na hEorpa.

 
Eoin Mac a Bhaird, Ceardchumann PNA.

Eoin Mac a Bhaird, Ceardchumann PNA.

 
Donncha Ó Laoghaire, T.D. Sinn Féin.

Donncha Ó Laoghaire, T.D. Sinn Féin.

 
Mícheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Séan Kyne, Aire Stáit agus Príomhaoire.

Séan Kyne, Aire Stáit agus Príomhaoire.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Mír na Meán

Mír na Meán

 
Léirmheas ar an leabhar “A Bright Future”.

Léirmheas ar an leabhar “A Bright Future”.

 
Scoláireacht ar leith Gaeilge Móháicise fógartha ag an Aire Stáit Kyne agus ag Ceann Fine na Móhácach Joseph Tokwiro Norton

Scoláireacht ar leith Gaeilge Móháicise fógartha ag an Aire Stáit Kyne agus ag Ceann Fine na Móhácach Joseph Tokwiro Norton

 
Notre Dame – An bhfuil sé indéanta é a athchóiriú roimh 2024 mar a d’fhógair An tUachtarán Macron? Deis ann anois feabhas a chur air?

Notre Dame – An bhfuil sé indéanta é a athchóiriú roimh 2024 mar a d’fhógair An tUachtarán Macron? Deis ann anois feabhas a chur air?

 
FAI – Cásanna dlí le tógáil?

FAI – Cásanna dlí le tógáil?

 
Polaitíocht an Lae

Polaitíocht an Lae

 
Clár Iomlán 17/04/2019

Clár Iomlán 17/04/2019

 
Mír na Cartlainne.

Mír na Cartlainne.

 
Paddy Mac Giollaphádraic(Paddy Fitz) agus Seán Ó Coisdealbha.

Paddy Mac Giollaphádraic(Paddy Fitz) agus Seán Ó Coisdealbha.

 
Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 17 Aibreán 2019.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 17 Aibreán 2019.

 
Joe Murphy;Drámaí i Liostuathail

Joe Murphy;Drámaí i Liostuathail

 
Dr. Criostóir Mac Carthaigh;Cnuasach Bheáloideas Éireann

Dr. Criostóir Mac Carthaigh;Cnuasach Bheáloideas Éireann

 
Micheál Ó Coileáin;Féile na Bealtaine

Micheál Ó Coileáin;Féile na Bealtaine

 
Breandán Ó Beaglaoi;Aistear ar an Ilen

Breandán Ó Beaglaoi;Aistear ar an Ilen

 
An Saol ó Dheas 17ú Aibreán 2019

An Saol ó Dheas 17ú Aibreán 2019

 
Cathal Ó Conchúir, Comhairleoir Cathrach.

Cathal Ó Conchúir, Comhairleoir Cathrach.

 
Stiofán Seoige, an t-aisteoir Andy i Ros na Rún. Marian Ní Loingsigh, léiritheoir sraithe Ros na Rún.

Stiofán Seoige, an t-aisteoir Andy i Ros na Rún. Marian Ní Loingsigh, léiritheoir sraithe Ros na Rún.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Tús Áite

Tús Áite

Rónán Beo

Rónán Beo

Barrscéalta

Barrscéalta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís