Nuacht an Tuaiscirt: Tine

Nuacht an Tuaiscirt: Tine

Tine

Tá fiosrúchán ar bun maidir le tine a tharla i gceantar an Mháigh maidin inné áit ar maraíodh dhá bheathach agus gortaíodh bean amháin. Thoisigh an tine i stáblaí an Léana Mhóir ar an Mháigh go gairid roimh an 6 a chlog maidin inné.  Bhí seirbhísí dóiteáin Dhoire agus Dhún na nGall ar an láthair agus rinne siad iarracht na beathaigh a bhí sáinnithe sna stáblaí a thabhairt slán.  Tugadh bean amháin chun na hotharlainne de bharr mionghortaithe a bhain di.  Rinneadh damáiste ollmhór do na stáblaí agus tá fiosrúchán ar bun ag Seirbhís Doiteáin Dhún na nGall agus ag an Gharda Síochána maidir leis an eachtra.

Éigeandálacha

Tá scrúdú a dhéanamh go fóill ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar mholtaí a d'eascair ó cheardlann a d'eagraigh siad i Leitir Ceanainn le gairid, i gcomhar leis na seirbhísí éigeandála agus tarrthála, ar dhóigheanna le déileáil le géarchéimeanna.  Rinne siad plé ar dhóigheanna le déileáil le tuillte, le fadhbanna a thagann chun cinn mar gheall ar dhroch aimsir, tinte, tragóidí mara, timpistí, agus go leor eile.  Cleachtadh Neptune a tugadh ar an chleachtadh seo.  Bhí ionadaithe ón Chomhairle Contae, na Gardaí, an tseirbhís otharcharr, An Garda Cósta, an tseirbhís dóiteáin, an tAirm, Cumann na Croise Deirge, Cumann Tarrthála Sléibhe ina measc siúd a bhí i láthair ag an ócáid.  Dúirt Stiúrthóir Rannóg Seirbhísí Uisce agus Comhshaoil na Comhairle Contae, Micheál Mac Gairbheith, gur fhoghlaim na dreamanna ar fad go leor ón chleachtadh, agus gur an rud is tábhachtaí nó comhoibriú idir na dreamanna ar fad i gcás timpiste nó eachtra mar seo.

Plean teanga

Cuirfear eolas ar fáil do phobal Gaeltachta Thuaisceart Dhún na nGall faoin staid reatha maidir le plean teanga don limistéar, ag cruinnithe an tseachtain seo.  Beidh cruinnithe eolais tráthnóna inniu in oifig Chéim Aniar sna Dúnaibh ar 7.15 agus in oifig Ghaeltacht Bheo Fhánada ar a 8.30 anocht.  Beidh cruinniú eolais eile san Chraoibhín ar an Tearmann ar a 8.00 oíche Chéadaoin.  Sé'n aidhm atá leis na cruinnithe seo ná leis an phobal a chur ar an eolas maidir leis an phlean teanga atá curtha le chéile do Ghaeltacht Ros Goill agus Thuaisceart Dhún na nGall.

Lána tráchta

Ba cheart go mbeadh an tríú lána tráchta curtha san áireamh san phíosa úr bealaigh atá a thógáil faoi láthair ar bhealach an N56 idir Cill Mhic Réanáin agus Leitir Ceanainn, a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.  Dúirt sé go bhfuil teagmháil déanta ag baill den phobal leis ag gearán cén fáth nach bhfuil ach dhá lána tráchta, agus gur cheart go mbeadh lána do thrácht a bhíonn ag gluaiseacht go mall.  Cé gur dul chun cinn mór an obair atá ar bun ar an phíosa sin bealaigh faoi láthair, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig, is mór an trua nár dearnadh an bealach úr níos leithne le deis a thabhairt do fheithicil a bhíonn ag taisteal níos moille fanacht i lána faoi leith.  Bíonn cuid mhór feithicil feirme ar an phíosa seo bealaigh, rud a chuireann moill ar chúrsaí tráchta, agus ní bheidh deis ar bith é sin a fheabhsú leis an bhealach úr, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig.

Billí leictreachais

Beidh brú mór ar dhaoine billí leictreachais a íoc an geimhreadh seo, de bharr méadaithe móra atá curtha i bhfeidhm ag comhlachtaí leictreachais, dar leis an Chomhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh. Caithfear scrúdú mar is ceart a dhéanamh ar an fáth go bhfuil praghsanna leictreachais na hÉireann chor a bheith dhá oiread praghsanna i dtíortha eile san Eoraip, a dúirt sé.  Cé go bhfuil méadú mór ar líon na dtuirbíní gaoithe atá a dtógáil ar fud na tíre seo, níl aon tionchar le tabhairt faoi deara aige sin ar bhillí custaiméirí, a dúirt an Comhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh.

Páirtí an Lucht Oibre

Glacadh d'aon ghuth le rún ó Chraobh na Rosann de Pháirtí an Lucht Oibre ag Comhdháil Náisiúnta an Pháirtí i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine go ndéanfaí polasaí faoi leith a leagan do cheantair tuaithe agus Gaeltachta.  Dúradh go bhfuil imní mhór faoi bhánú na tuaithe agus na ceantar Gaeltachta agus go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar seo láithreach agus na ceantracha seo a chosaint.  Rinneadh moladh ag an chomhdháil fosta ó Chraobh na Rosann gur cheart don chonradh maidir le seirbhís leathanbhanda a thabhairt don Bhord Soláthar Leictreachais, eagraíocht a bhí in ann seirbhís chumhachta a chur ar fáil do na mílte sna ceantair tuaithe blianta fada ó shin.  Fuair na rúin tacaíocht mhór ó chontaetha Shligigh, Liatroma agus Loch Garmán a raibh a mhacasamhail de mholtaí acu féin.  Pléadh fosta rún gur cheart go mbeadh Acht Teanga i bhfeidhm sna sé chontae.

Beo

An Taobh Tuathail

An Taobh Tuathail

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Scoth na Máirte

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Éanna Ó Cróinín, as Co. na Mí.

Éanna Ó Cróinín, as Co. na Mí.

 
Seosamh Ó Cuaig.

Seosamh Ó Cuaig.

 
Éilís Ní Chonchubhair, ó Shiopa Nioclás Ó Conchubhair.

Éilís Ní Chonchubhair, ó Shiopa Nioclás Ó Conchubhair.

 
Ardtráthnóna: Dé Máirt 13 Samhain 2018.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 13 Samhain 2018.

 
Mac Dara 'ac Dhonnchadha; Staid an Bhreathnaigh.

Mac Dara 'ac Dhonnchadha; Staid an Bhreathnaigh.

 
Michael Moynihan, Corcaigh ins na h-ochtóidí agus an teacht aniar a dheineadar.

Michael Moynihan, Corcaigh ins na h-ochtóidí agus an teacht aniar a dheineadar.

 
Feachtas phobal na Dromod ar mhaithe Oifig Poist a choimeád.

Feachtas phobal na Dromod ar mhaithe Oifig Poist a choimeád.

 
An Saol ó Dheas: Dé Máirt 13 Samhain 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 13 Samhain 2018.

 
Siobhán Ní Ghadhra, léiritheoir beochana.

Siobhán Ní Ghadhra, léiritheoir beochana.

 
An tOllamh Máire Ní Annracháin, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath.

An tOllamh Máire Ní Annracháin, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath.

 
Cathal Ó Conchúir, Comhairleoir Cathrach, Sinn Féin.

Cathal Ó Conchúir, Comhairleoir Cathrach, Sinn Féin.

 
Con Ó Dónaill, Bun na Phobail, Dún na nGall.

Con Ó Dónaill, Bun na Phobail, Dún na nGall.

 
Jarlath Burns, Ball de Bhuanchoiste an Chumainn Lúthchleas Gael.

Jarlath Burns, Ball de Bhuanchoiste an Chumainn Lúthchleas Gael.

 
Toiréasa Ní Fhearíosa, Comhairleoir Condae, Sinn Féin.

Toiréasa Ní Fhearíosa, Comhairleoir Condae, Sinn Féin.

 
Míchéal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Míchéal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nada Ní Churraoin, as Leitir Fraic.

Nada Ní Churraoin, as Leitir Fraic.

 
Ciara O'Connor, as Baile Loch a'Riach agus Zara Ní Chionnaigh, as cúl Bhóthar Thuaidh Cathair Luimnigh.

Ciara O'Connor, as Baile Loch a'Riach agus Zara Ní Chionnaigh, as cúl Bhóthar Thuaidh Cathair Luimnigh.

 
Ardtráthnóna: Dé Luain 12 Samhain 2018.

Ardtráthnóna: Dé Luain 12 Samhain 2018.

 
Máiréad Uí Dhomhnaill, Seoladh na Féile Filíochta i mBaile an Fheirtéaraigh.

Máiréad Uí Dhomhnaill, Seoladh na Féile Filíochta i mBaile an Fheirtéaraigh.

 
Caoimhín Ó Fearghaíl, Dluthchéirnín nua ar an margadh .

Caoimhín Ó Fearghaíl, Dluthchéirnín nua ar an margadh .

 
Tomás Mac a Tsaoir, Rothaíocht san Afraic.

Tomás Mac a Tsaoir, Rothaíocht san Afraic.

 
Criostóir Ó Faoláin, Cursaí tithíochta sna Déise.

Criostóir Ó Faoláin, Cursaí tithíochta sna Déise.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 12 Samhain 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 12 Samhain 2018.

 
Póilín Ní Chiaráin, tráchtaire Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tráchtaire Béal Feirste.

 
Morgan Ó Conchubhair, Bainisteoir, Comharchumann Shailearna.

Morgan Ó Conchubhair, Bainisteoir, Comharchumann Shailearna.

 
Aileen Loughrey, Oifigeach Gaeilge, comhairle Codnae Chorcaigh.

Aileen Loughrey, Oifigeach Gaeilge, comhairle Codnae Chorcaigh.

 
Bernie Ní Dhuibhir, ionadaí Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Bernie Ní Dhuibhir, ionadaí Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

 
Cormac Ó Murchú, saineolaí teilechumarsáide.

Cormac Ó Murchú, saineolaí teilechumarsáide.

 
Séan Ó Cadhain, Trachtáire, Newcastle-upon-Tyne.

Séan Ó Cadhain, Trachtáire, Newcastle-upon-Tyne.

 
Micheál Ó Leidhin , Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin , Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Siúlach Scéalach - An Taibhdhearc

Siúlach Scéalach - An Taibhdhearc

 
Siúlach Scéalach - An Taibhdhearc

Siúlach Scéalach - An Taibhdhearc

 
Siúlach Scéalach - An Taibhdhearc

Siúlach Scéalach - An Taibhdhearc

 
Siúlach Scéalach - Taibhdhearc na Gaillimhe

Siúlach Scéalach - Taibhdhearc na Gaillimhe

 
Siúlach Scéalach - Taibhdhearc na Gaillimhe

Siúlach Scéalach - Taibhdhearc na Gaillimhe

 
Siobhán O' Callaghan- ealaíontóir

Siobhán O' Callaghan- ealaíontóir

 
Maire Ní Dhuinín;Siorcas i dTráilí.

Maire Ní Dhuinín;Siorcas i dTráilí.

 
Máire Seó Breathnach, Imeachtaí diamhra i nDún Garbhán.

Máire Seó Breathnach, Imeachtaí diamhra i nDún Garbhán.

 
Díospóireacht Ghaelinn i dTráilí aréir

Díospóireacht Ghaelinn i dTráilí aréir

 
David Ruiséal, Lawerce Ó Cuarnáin agus Cathal Ó Muircheartaigh, Feachtas Movember i gCorca Dhuibhne.

David Ruiséal, Lawerce Ó Cuarnáin agus Cathal Ó Muircheartaigh, Feachtas Movember i gCorca Dhuibhne.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Barrscéalta

Barrscéalta

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís