Nuacht an Tuaiscirt: Scoil Leitir Ceanainn sabháilte

Nuacht an Tuaiscirt: Scoil Leitir Ceanainn sabháilte

Nuacht an Tuaiscirt: Scoil Leitir Ceanainn sabháilte

Níl deacracht ar bith le foirgneamh scoile Foghlaim le Chéile Leitir Ceanainn, de réir meastachán atá déanta ar struchtúr na scoile ag an Roinn Oideachais. 

Bhí an scoil i measc 42 scoil sa tír ar bh'éigean struchtúr agus sábháilteacht na scoile a scrúdú mar go raibh imní faoi chomh shábháilte nó chomh daingean agus a bhí na ballaí agus na struchtúir inti.

Tá scoil Leitir Ceanainn i measc aon scoil déag a bhfuil scrúdú déanta orthu agus nach bhfuil deacracht ar bith aimsithe.

Tá cead tugtha anois ag an Aire Oideachais Joe Mc Hugh don scoil fosclú mar a bhí beartaithe Dé Luain i ndiaidh saoire na Samhna.

Coiste Cróinéara curtha siar

Cuireadh an Coiste Cróinéara faoi bhás linbh as Dún na nGall siar inné le deis a thabhairt tuilleadh fianaise maidir le cúrsaí leighis a chluinstin ó fhinnéithe éagsúla. 

Fuair Cormac Lafferty, leanbh trí mhí d'aois, as Leifear bás ceithre lá i ndiaidh dá mháthair, Ann Marie Lafferty é a thabhairt go hOtharlann Chroimghlinne le freastal ar choinne dochtúra ar an seisiú lá de mhí Mheán Fómhair 2016. 

Bhí fadhbanna croí ag Cormac Lafferty agus léirigh an dochtúir imní faoina shláinte nuair a tháinig sé os a chomhair ag an choinne sin. 

Fuair Cormac, duine de chúpla, bás ceithre lá ina dhiaidh sin.  Cuireadh an coiste cróinéara ar athló inné agus tá dáta úr le socrú.

Teipthe ar Chomhairle Contae tithe a cheannach

Níl iarracht ar bith déanta le seacht mbliana ag Comhairle Contae Dhún na nGall tithe a cheannacht faoi ordú ceannaigh éigeantaigh, de réir tuairisce i nuachtán an Irish Independent. 

Tá sé de cheart ag Comhairlí Contae seilbh a ghlacadh ar thithe nó ar thalamh faoi ordú ceannaigh éigeantaigh má táthar a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail. 

De réir na tuairisce, níl mórán iarrachta déanta ag Comhairlí na tíre é seo a dhéanamh.

Níl iarracht ar bith déanta ag Comhairle Contae Dhún na nGall le seacht mbliana.

Gradam Réalta Óg bronnta ar Damien Ó Dónaill

Bronnadh Gradam Réalta Óg na Bliana ag ócáid bhronnta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais a bhí ar siúl i gCill Áirne ar Damien Ó Domhnaill, craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta san Doirí Beaga. 

Tá Damien ag obair le Raidió na Gaeltachta ó bhí 2014 ann agus bíonn sé le cloisteáil i mbun spóirt, i mbun nuachta agus i mbun cláracha faisnéise chomh maith le bheith ag léiriú an chláir Rónan Beo. 

D'éirigh le Caitlín Nic Aoidh as Cloich Cheann Fhaola an gradam do Phearsa Teilifíse na Bliana a bhaint ag an ócáid chéanna aréir. 

Bíonn Caitlín, atá mar ambassadóir i mbliana do Bhliain na Gaeilge ag obair mar láithreoir teilifíse agus aimsire le TG4.

Moill ar an tseirbhís héileacaptair go Toraigh

Ní bheidh tús a chur inniu le seirbhís seachtainiúil héileacaptar go hoileán Thoraigh do shéasúr an Gheimhridh, mar a bhíthear ag dréim. 

B'éigean an tseirbhís inniu a chur ar ceal de bharr fadhb teicniúil leis an héileacaptar. 

Meastar go gcuirfear tús leis an tseirbhís seachtain ón lá amárach, an 9ú lá de Shamhain. 

Beidh seirbhís héileacaptar go Toraigh achan tseachtain ón lá sin go mí Mhárta, sin méadú ar na seirbhísí a bhíodh ar fáil anuraidh, nuair a bhí seirbhís uair sa choicís. 

Tá sé socraithe go mbeidh seirbhísí breise héileacaptar go Toraigh don Nollaig. 

Bhí sé socraithe go mbeadh tús a chur le seirbhís an gheimhridh breis agus mí ó shin. 

D'iarr an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig, go gcuirfí síniú ama míosa leis an tseirbhís san Earrach, mar chúiteamh ar an mhoill.

Comhairleoir Contae ag gearán faoi bhóithre

"Tá go leor gearán faoin riocht ina bhfágtar bóithre i ndiaidh do Uisce Éireann a bheith i mbun oibre," a dúirt an Comhairleoir Contae Éanna Ó Cnáimhsí. 

Dúirt sé gur fágadh Bóthar na Céibhe ar an Chlochán Liath agus an bealach in aice le Scoil Chuimsitheach na nGleanntach i ndroch staid, de bharr oibreacha a bhí ar bun sna ceantair sin ag Uisce Éireann. 

Tá iarratas déanta ag Comhairleoirí  Contae Cheantar Bardais na nGleanntach ar chruinniú le toscaireacht ó Uisce Éireann leis an fhadhb seo a phlé leo ar bhonn práinne. 

"Ní thig le costais breise a bheith ar an Chomhairle Contae de bharr an dóigh ina bhfágtar bóithre agus oibreacha ar bun ag Uisce Éireann," a dúirt an Comhairleoir Éanna Ó Cnáimhsí.

Gradam All Star bronnta ar fhear Chill Chartha

Tá Gradam Réalt Peile All Star bainte ag peileadóir Chill Chartha Ryan McHugh, an t-aon pheileadóir as Dún na nGall a fuair gradam All Star i mbliana. 

Seo an dara gradam All Star bainte ag Ryan McHugh.

Bhain a athair, Martin, gradam All Star in 1983 agus 1992, agus bhain a dheartháir Mark, gradam All Star sa bhliain 2012.

Beo

Rónán Beo

Rónán Beo

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tús Áite

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Emma Verling;Comóradh ar Dhiarmaid Ó Súilleabháin

Emma Verling;Comóradh ar Dhiarmaid Ó Súilleabháin

 
Darach Ó Murchú;An baol a bhaineann le Everest

Darach Ó Murchú;An baol a bhaineann le Everest

 
Micheál Ó Siochrú; ómós don bhfile Michael Hartnett

Micheál Ó Siochrú; ómós don bhfile Michael Hartnett

 
Cormac Levis;Féile na mbád i nDún na Séad

Cormac Levis;Féile na mbád i nDún na Séad

 
Dónal Ó Conaill;Gearaltaigh Cheann Eich

Dónal Ó Conaill;Gearaltaigh Cheann Eich

 
An Saol ó Dheas 23ú Bealtaine 2019

An Saol ó Dheas 23ú Bealtaine 2019

 
Josephine Uí Chnaimhsí

Josephine Uí Chnaimhsí

 
John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent

John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent

 
An Comhairleoir Toiréasa Ní Fhearíosa

An Comhairleoir Toiréasa Ní Fhearíosa

 
Pádraig Joe Joe Mac Con Iomaire, Iarrthóir Fhine Gael sna Toghcháin Áitiúil

Pádraig Joe Joe Mac Con Iomaire, Iarrthóir Fhine Gael sna Toghcháin Áitiúil

 
An Colúnaí & An Tráchtaire Eoin Ó Murchú

An Colúnaí & An Tráchtaire Eoin Ó Murchú

 
An Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta ,Gaeltachta & Aimsir

An Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta ,Gaeltachta & Aimsir

 
An Tráchtaire, Seán Ó Cadhain

An Tráchtaire, Seán Ó Cadhain

 
Gearóid Ó Muilleoir, Sunday World

Gearóid Ó Muilleoir, Sunday World

 
Scéalta Spóirt na Maidine

Scéalta Spóirt na Maidine

 
Na Nuachtáin

Na Nuachtáin

 
An Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta ,Gaeltachta & Aimsir

An Nuacht Náisiúnta, Idirnáisiúnta ,Gaeltachta & Aimsir

 
An Saol ó Dheas 22ú Bealtaine 2019

An Saol ó Dheas 22ú Bealtaine 2019

 
Eimear Ní Fhrighil, iarrthóir, Fine Gael, Baile na nGallóglach.

Eimear Ní Fhrighil, iarrthóir, Fine Gael, Baile na nGallóglach.

 
Séamus Ó Tuathail, abhcóide sinsireach.

Séamus Ó Tuathail, abhcóide sinsireach.

 
Caoimhín Lally,  urlabhraí, An Comhaontas Glas.

Caoimhín Lally, urlabhraí, An Comhaontas Glas.

 
Mac Dara Mac Donnacha, tuairisceoir, An Rinn,

Mac Dara Mac Donnacha, tuairisceoir, An Rinn,

 
Micheál Ó Gliasáin, Comhairleoir Condae, Cill Áirne.

Micheál Ó Gliasáin, Comhairleoir Condae, Cill Áirne.

 
Marie Ní Chonchubhair, tráchtaire, cúrsaí sláinte.

Marie Ní Chonchubhair, tráchtaire, cúrsaí sláinte.

 
John Downing, Cofhreagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

John Downing, Cofhreagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt

Príomhscéalta an Deiscirt

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Toghcheantar Dhún Garbhán ins na Déise.

Toghcheantar Dhún Garbhán ins na Déise.

 
Tommy Jim Mac Gearailt;Páirc nua Ghallrois

Tommy Jim Mac Gearailt;Páirc nua Ghallrois

 
Art Hughes;ar thóir na gaolainne i gCorca Dhuibhne

Art Hughes;ar thóir na gaolainne i gCorca Dhuibhne

 
An Saol ó Dheas 21ú Bealtaine 2019

An Saol ó Dheas 21ú Bealtaine 2019

 
Mary O'Toole as Cill Chiaráin.

Mary O'Toole as Cill Chiaráin.

 
Caitlín Bn. Uí Oireachtaigh, as Béal an Mhuirthead.

Caitlín Bn. Uí Oireachtaigh, as Béal an Mhuirthead.

 
Ardtráthnóna: Dé Luain 20 Bealtaine 2019.

Ardtráthnóna: Dé Luain 20 Bealtaine 2019.

 
Brídín Ní Shíocháin;Scipeáil i mBaile an Easpaigh.

Brídín Ní Shíocháin;Scipeáil i mBaile an Easpaigh.

 
Ruairí Ó Cinnéide; Gaelcholáiste Chiarraí.

Ruairí Ó Cinnéide; Gaelcholáiste Chiarraí.

 
Micheál Ó Leidhin; Toghcheantar an Neidín

Micheál Ó Leidhin; Toghcheantar an Neidín

 
Micheál Ó Muircheartaigh, Cluichí.

Micheál Ó Muircheartaigh, Cluichí.

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 20 Bealtaine 2019.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 20 Bealtaine 2019.

 
Sorcha Ní Mhurchú, Teagascóir & Séamus Ó Súilleabháin, Macléinn,  Cúrsa TEG, Uíbh Ráthach.

Sorcha Ní Mhurchú, Teagascóir & Séamus Ó Súilleabháin, Macléinn, Cúrsa TEG, Uíbh Ráthach.

 
Éanna Ó Cnáimhsí, comhairleoir condae.

Éanna Ó Cnáimhsí, comhairleoir condae.

 
Dr. Illona Duffy, dochtúir teaghlaigh.

Dr. Illona Duffy, dochtúir teaghlaigh.

 
Cóilín Ó Neachtain, tuairisceoir, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Cóilín Ó Neachtain, tuairisceoir, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Sinéad Mercier, taighdeoir, An Comhaontas Glas.

Sinéad Mercier, taighdeoir, An Comhaontas Glas.

 
Liam Mac a' Mhaoir, tuairisceoir, Corcaigh.

Liam Mac a' Mhaoir, tuairisceoir, Corcaigh.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, An Bhreatain.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, An Bhreatain.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Rónán Beo

Rónán Beo

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Iris Aniar

Iris Aniar

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís