Nuacht an Tuaiscirt: 'Beidh sé réasúnta deacair ag Casey'

Nuacht an Tuaiscirt: 'Beidh sé réasúnta deacair ag Casey'

‘Beidh sé réasúnta deacair ag Casey’

"Beidh sé réasúnta deacair ag Peter Casey suíochán Dála a bhaint i nDún na nGall," dar leis an Leas Cheann Comhairle, An Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir. 

"Tá a gcinneadh déanta ag Fianna Fáil maidir lena n-iarrthóirí don olltoghchán ach is ceist don pháirtí Peter Casey a chur ar an ticéad sa chontae," a dúirt an Teachta Ó Gallachóir. 

"Fuair Peter Casey vóta ard i nDún na nGall mar gur é an t-aon iarrthóir sa toghchán Uachtaránachta le ceangal láidir le Dún na nGall, ach ní bheidh sé ábalta vóta chomh hard a fháil sa chontae in Olltoghchán," dar leis. 

Dúirt sé "go gcaithfidh Fianna Fáil an chreidiúint atá tuillte acu a fháil as an ionchur atá acu i bpolasaithe dearfacha atá a bhfógairt ag an Rialtas, rud nach bhfuil ag tarlú faoi láthair," dar leis.

Tá sé tugtha le fios ag Ceannaire an pháirtí Renua go mbeidh sé i dteagmháil le Peter Casey agus ag tabhairt cuireadh dó a bheith mar Cheannaire ar an pháirtí. 

Tá sé ráite ag an Chomhairleoir John Leahy, an t-aon ionadaí poiblí atá ag Renua, go mbeadh sé sásta seasacht siar mar Cheannaire an pháirtí agus deis a thabhairt do Pheter Casey a theacht chun tosaigh. 

700 ball atá ag Renua faoi láthair agus tá an páirtí ag bun an liosta ó thaobh na bpobalbhreitheanna. 

Dúirt an Comhairleoir Leahy go bhfuil cuid tuairimí Peter Casey mar an gcéanna le baill an pháirtí.

Gá le hathrú i bpolasaí Rialtais

"Tá gá le hathrú polasaí Rialtais agus Eorpach le go mairfidh pobail bheaga tuaithe," a dúirt an Comhairleoir Contae Liam Blaney. 

"Tá polasaithe an Rialtais agus na hEorpa ag cur le bánú na tuaithe, rud atá le tabhairt faoi deara go soiléir i gceantar Fhánada le roinnt blianta," a dúirt an Comhairleoir Blaney. 

Deir sé go bhfuil... "scoileanna sa cheantar ag streachailt de bharr laghdú an daonra sa cheantar."

Dúirt an Comhairleoir Blaney fosta nach fada ó bhí ocht n-oifig poist sa cheantar agus gan ach aon oifig poist amháin sa cheantar anois.

"Tá fadhb mór le heaspa soláthar leathanbhanda i bhFánaid agus go leor den phobal ansin ag brath go huile ar Scéim Náisiúnta Leathanbhanda agus cosúlacht gur fada go mbeidh a leithid ag feidhmiú," a dúirt an Comhairleoir Blaney.

Oifig Poist Ghort an Chóirce le druidim inniu

Druidfidh oifig poist Ghort an Chóirce don uair dheireanach inniu, nuair a bheas an máistir poist ag éirí as. 

Bhí aighneacht déanta ag Coiste Pobail Ghort an Choirce chuig An Post ag iarraidh an Oifig Poist a choinneáil foscailte, nó a bhogadh go gnó áitiúil ach ní bhfuair siad scéala oifigiúil ar ais ó An Post go fóill faoin aighneacht. 

Deir An Post go mbeidh pobal Ghort an Chóirce in ann seirbhísí poist a fháil in oifig poist an Fhál Carraigh as seo amach. 

Dúirt Cathaoirleach Choiste Pobail Ghort an Choirce, Séamus Ó Briain  "...go bhfuil neamart iomlán a dhéanamh ar pharóiste Gaeltachta agus ar chúrsaí teanga de bharr an cinneadh seo atá déanta ag An Post." 

Níor éirí le hiarratas a rinneadh le seirbhísí Oifig Poist Ghort an Chóirce a sholáthar in ionaid gnó sa cheantar. 

Dúirt Pat Mac Laifeartaigh ó Ollmhargadh Eurospar i nGort an Chóirce go ndearna siadsan iarratas chuig An Post chun na seirbhísí a sholáthar san ollmhargadh, ach go bhfuair siad deimhniú inné gur diúltaíodh dá n-iarratas. 

Dúirt sé go bhfuil níos mó nó 3,500 duine i gcónaí sa cheantar agus gur caill mhór a bhéas san Oifig Poist don phobal agus do lucht gnó.

 20 bliana sula mbeidh bóithre Dhún na nGall cóirithe

"Beidh sé thar 20 bliain sula mbeidh obair déanta ar na bóithre ar fad i nDún na nGall ar dearnadh iarratas ar mhaoiniú faoina gcoinne faoin scéim LIS, ag brath ar an mhaoiniú atá a cheadú ag an Rialtas don scéim," a dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig. 

Ceadaíodh €908,000 faoi scéim na mbóithre áise i nDún na nGall ar an tseachtain s'chuaigh thart, sin sa mhullach ar an €884,000 a ceadaíodh ag tús na bliana faoin scéim. 

Deir an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig go bhfuil "...luach €2.2m de thograí oibre aitheanta ag Comhairleoirí Cheantar Bardais na nGleanntach faoin scéim LIS agus gur seans go bhfuil corradh le €10m de thograí aitheanta sa chontae."

Tuairiscí go bhfuil seirbhís dóiteáin le dílárú

Léirigh an Comhairleoir Contae Marie Therese Ni Ghallchóir imní faoi thuairiscí go bhfuil sé beartaithe dílárú a dhéanamh ar an tseirbhís dóiteáin taobh istigh de 5 bliana. 

Dúirt sí nach mbeadh glacadh ar bith aici leis an mholadh seo i gceantar Bardais na nGleanntach, a shíneann ó Ard an Ratha go dtí'n Chraoslach, chomh maith leis na hoileáin. 

"Is ábhar mór imní dá dtarlódh sé seo agus caithfear a chinntiú nach dtarlóidh sé mar go mbeidh an tseirbhís níos boichte dá bharr," a dúirt an Comhairleoir Ní Ghallachóir.

Craoltóirí Dhún na nGall aimnithe do Ghradaim

Tá ainmniúcháin faighte ag beirt de chraoltóirí RTÉ Raidió na nGaeltachta sna Doirí Beaga ar ghearrliosta Ghradaim Chumarsáide an Oireachtais a bheas ar siúl i gCill Áirne anocht. 

Tá Rónán Mac Aodha Bhuí ainmnithe ar an ghearrliosta do ghradam Pearsa Raidió na Bliana agus tá Damien Ó Dónaill ainmhithe ar an ghearrliosta do Réalta Óg na Bliana. 

Tá beirt as Cloich Cheann Fhaola ainmnithe ar an ghearrliosta do ghradam Pearsa Teilifíse na Bliana;  Caitlín Nic Aoidh, láithreoir teilifíse agus aimsire le TG4 agus Máire Breathnach láithreoir teilifíse agus ráidió le BBC Thuaisceart Éireann, láitheoir ar an chlár teilifíse An Focal Scoir. 

Beidh ócáid bhronnta ghradaim chumarsáide an oireachtais ar siúl anocht in Óstán an Gleneagle i gCill Áirne ar a 8 a chlog.

Beo

Scoth na Seachtaine

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Marc Ó Sé, Fágaint slán le Cumann Peile na Gaeltachta.

Marc Ó Sé, Fágaint slán le Cumann Peile na Gaeltachta.

 
Seán Mac a'tSíthigh;Gaeil UK.

Seán Mac a'tSíthigh;Gaeil UK.

 
Naomh Gobnait i saol na muintire

Naomh Gobnait i saol na muintire

 
Cluiche ceannais sínsir Chiarraí Thiar 1978 agus 2018.

Cluiche ceannais sínsir Chiarraí Thiar 1978 agus 2018.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 15 Samhain 2018.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 15 Samhain 2018.

 
Caitlín Breathnach, bainisteoir Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthaigh.

Caitlín Breathnach, bainisteoir Comhchoiste Gaeltachta Uíbh Ráthaigh.

 
Mícheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

Mícheál Cholm Mac Giolla Easpaig, Comhairleoir Condae, Dún na nGall.

 
Frank Fahey, Comhairleoir, Cathair na Gaillimhe.

Frank Fahey, Comhairleoir, Cathair na Gaillimhe.

 
Colm Breathnach, léachtóir & tráchtaire, Albain.

Colm Breathnach, léachtóir & tráchtaire, Albain.

 
Malachy Ó Ruairc, tráchtaire, An Bhruiséil.

Malachy Ó Ruairc, tráchtaire, An Bhruiséil.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

 
Míchéal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Míchéal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Dr. Gillian Ní Cheallaigh, tráchtaire, Londain.

Dr. Gillian Ní Cheallaigh, tráchtaire, Londain.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Gradam TG4 do Nicky agus Ann McAuliffe.

Gradam TG4 do Nicky agus Ann McAuliffe.

 
Meadhbh Rawlee; Bánú na tuaithe i gCiarraí Thuaidh

Meadhbh Rawlee; Bánú na tuaithe i gCiarraí Thuaidh

 
Naoise Mac Gearailt: Turas go Strasburg.

Naoise Mac Gearailt: Turas go Strasburg.

 
An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 14 Samhain 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 14 Samhain 2018.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Susan Ní Churnáin, Comhaonú Turasóireachta Chorca Dhuibhe.

Susan Ní Churnáin, Comhaonú Turasóireachta Chorca Dhuibhe.

 
Aisling Ní Bheacháin, Ollscoil Mhaigh Nuad.

Aisling Ní Bheacháin, Ollscoil Mhaigh Nuad.

 
Dr. Ian Malcolm, tráchtaire, gnóthaí aondachtacha.

Dr. Ian Malcolm, tráchtaire, gnóthaí aondachtacha.

 
Seán Kyne, Teachta Dála agus Príomhaoire rialtais.

Seán Kyne, Teachta Dála agus Príomhaoire rialtais.

 
Mícheál Ó Conchúir, Coiste na Réigiún, An Bhruiséil.

Mícheál Ó Conchúir, Coiste na Réigiún, An Bhruiséil.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir Béal Feirste.

 
Míchéal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Míchéal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Léirmheas ar Asking For it le Ciara Ní É

Léirmheas ar Asking For it le Ciara Ní É

 
Éanna Ó Cróinín, as Co. na Mí.

Éanna Ó Cróinín, as Co. na Mí.

 
Seosamh Ó Cuaig.

Seosamh Ó Cuaig.

 
Éilís Ní Chonchubhair, ó Shiopa Nioclás Ó Conchubhair.

Éilís Ní Chonchubhair, ó Shiopa Nioclás Ó Conchubhair.

 
Ardtráthnóna: Dé Máirt 13 Samhain 2018.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 13 Samhain 2018.

 
Mac Dara 'ac Dhonnchadha; Staid an Bhreathnaigh.

Mac Dara 'ac Dhonnchadha; Staid an Bhreathnaigh.

 
Michael Moynihan, Corcaigh ins na h-ochtóidí agus an teacht aniar a dheineadar.

Michael Moynihan, Corcaigh ins na h-ochtóidí agus an teacht aniar a dheineadar.

 
Feachtas phobal na Dromod ar mhaithe Oifig Poist a choimeád.

Feachtas phobal na Dromod ar mhaithe Oifig Poist a choimeád.

 
An Saol ó Dheas: Dé Máirt 13 Samhain 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 13 Samhain 2018.

 
Siobhán Ní Ghadhra, léiritheoir beochana.

Siobhán Ní Ghadhra, léiritheoir beochana.

 
An tOllamh Máire Ní Annracháin, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath.

An tOllamh Máire Ní Annracháin, Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath.

 
Cathal Ó Conchúir, Comhairleoir Cathrach, Sinn Féin.

Cathal Ó Conchúir, Comhairleoir Cathrach, Sinn Féin.

 
Con Ó Dónaill, Bun na Phobail, Dún na nGall.

Con Ó Dónaill, Bun na Phobail, Dún na nGall.

 
Jarlath Burns, Ball de Bhuanchoiste an Chumainn Lúthchleas Gael.

Jarlath Burns, Ball de Bhuanchoiste an Chumainn Lúthchleas Gael.

 
Load More...
Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

PléScéal

PléScéal

Barrscéalta

Barrscéalta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Iris Aniar

Iris Aniar

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís