Nuacht an Tuaiscirt: Gabhla

Nuacht an Tuaiscirt: Gabhla

Gabhla

Is cásanna dlíthiúla iad na cásanna maidir le forbairtí neamhúdaraithe atá a bhfiosrú ar oileán Ghabhla faoi láthair, a dúirt oifigeach forfheidhmithe pleanála na Comhairle Contae, Carol Margey, ag cruinniú de Choiste Oileáin na Comhairle Contae inné. Is rialacha Aontas na hEorpa atá le cur i bhfeidhm ag Rannóg Pleanála na Comhairle Contae ar an oileán, de bharr an t-oileán a bheith i gceantar speisialta caomhnaithe, a dúirt sí.
Mhol sí do dhaoine atá ag iarraidh tabhairt faoi fhorbairtí ar na hoileáin, teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Pleanála roimh reidh, le comhairle a fháil. Thug Oifigigh Pleanála cuairt ar oileán Ghabhla i mí Iúil, le scrúdú a dhéanamh ar thuairiscí a fuair siad faoi fhorbairtí a dúradh nach raibh cead pleanála fána gcoinne.
Dúirt Máirín Uí Fhearraigh, Bainisteoir Chomharchumann na nOileán Beag,  go gcaithfear achan iarracht a dhéanamh an t-oileán a bhaint amach as limistéar speisialta caomhnaithe, má tá bacanna mar seo ar fhorbairtí dá bharr.

Cáin bhreisluacha


Beidh impleachtaí móra ag an ardú ata déanta ag an rialtas ar an ráta cháin bhreis luacha san earnáil asóireachta agus fáilteachais ar óstáin, bhialanna agus an earnáil fáilteachais ina iomláine i nDún na nGall, a dúirt an Leas Cheann Comhairle, an Teachta Dala Pat the Cope Ó Gallachóir. Dúirt sé go bhfuil earnáil na turasóireachta faoi bhrú mar gheall ar chúrsaí árachais agus rátaí míchothroma agus go gcuirfidh an t-ardú a fógraíodh inné sa cháinfhaisnéis tuilleadh brú ar an earnáil.  Tá Dún na nGall ag brath go mór ar earnáil na turasóireachta agus is léir nach dtuigeann an rialtas go gcuirfí an cinneadh seo isteach go mór ar cheantair tuaithe i nDún na nGall agus i réigiúin an iarthuaiscirt nach bhfuil chomh gnóthach céanna leis na cathracha agus na bailte mór a dúirt an Teacht Ó Gallachóir.

Tithe nua

Tá cead pleanála a lorg le 101 teach úr a thógáil i mbaile Leitir Ceanainn. Rinne Property Hold Teoranta iarratas chuig Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall ag tús na míosa seo don fhorbairt seo ag Killylastin i gceantar Ghleann Chartha i Leitir Ceanainn. Beidh an fhorbairt seo mar shíniú le eastát tithíochta atá ansin cheana féin, eastát tithíochta An Gleann Rua. Beidh cinneadh a dhéanamh ag an Rannóg Pleanála faoin iarratas seo roimh an 25ú lá de Shamhain.

Creimeadh cósta


Caithfear rud éigin a dhéanamh go luath faoi chúrsaí creimeadh cósta i Machaire Rabhartaigh, a dúirt an Comhairleoir Contae Séamus Ó Dónaill. Dúirt sé gur ábhar mór imní mar atá cúrsaí ansin faoi láthair, agus má thagann droch aimsir an Geimhreadh seo, d'fhéadfaí scrios mór tarlú ansin, a dúirt sé.  D'iarr sé ag cruinniú de choiste cheantar bardais na nGleanntach inné, go mbeidh ceardlann ag an Chomhairle faoi chreimeadh cósta go luath, lena seo a phlé.

Ionad fóillíochta

Is in ionad fóillíochta an Aura i Leitir Ceanainn a dhéanfar vótaí thoghchán na hUachtaránachta agus vótaí an reifrinn a chuntas i nDún na nGall. Cuirfear tús le cuntas na vótaí ar a 9.00 ar maidin Dé Sathairn, an 27ú Deireadh Fómhair. Is í Geraldine O'Connor a Ceann Comhraimh a bheas freagrach as cuntas na vótaí i nDún na nGall. Beidh botháin vótála oscailte ón 7.00 ar maidin go dtí'n 10.00 san oíche ar an Aoine an 26ú Deireadh Fómhair.

Beo

Rí-Rá ar RnaG

Rí-Rá ar RnaG

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Taobh Tuathail

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An mír deireanach de 2019/2020.

An mír deireanach de 2019/2020.

 
Anne Marie Baird, as Dhoibhlinn  in aice le páirc náisiúnta Ghleann Bheatha, i gContae Dhún na nGall.

Anne Marie Baird, as Dhoibhlinn in aice le páirc náisiúnta Ghleann Bheatha, i gContae Dhún na nGall.

 
Rísteard Hennessy, Síceolaí oideachais atá ina chónaí i Singapore.

Rísteard Hennessy, Síceolaí oideachais atá ina chónaí i Singapore.

 
Emma Ní Chearúil, ó Raidió na Life.

Emma Ní Chearúil, ó Raidió na Life.

 
Póilín Nic Geidigh, as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce.

Póilín Nic Geidigh, as an Ardaí Bheag, Gort a’ Choirce.

 
An Grúpa Ceoil The High Seas, Caitlín Nic Gabhainn, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Banjo Ó Cuirreáin.

An Grúpa Ceoil The High Seas, Caitlín Nic Gabhainn, Ciarán Ó Maonaigh agus Cathal Banjo Ó Cuirreáin.

 
Mary Aggie, as an Pholl Dóite, áit éigin i Rann na Feirste.

Mary Aggie, as an Pholl Dóite, áit éigin i Rann na Feirste.

 
Bladhaire, Clár iomlán, 290520.

Bladhaire, Clár iomlán, 290520.

 
Darach Ó Murchú;an mbeimíd ag ithe chnathacha fós agus an mbeimíd sásta díol astu?

Darach Ó Murchú;an mbeimíd ag ithe chnathacha fós agus an mbeimíd sásta díol astu?

 
Áine Ní Bheoláin;Bás Barry Clifford

Áine Ní Bheoláin;Bás Barry Clifford

 
Doireann Ní Dhubhda;duais liteartha buaite aici

Doireann Ní Dhubhda;duais liteartha buaite aici

 
Tacaíocht airgid do Choláistí Samhraidh ón Stát.

Tacaíocht airgid do Choláistí Samhraidh ón Stát.

 
An Dr. Síle Creedon; galair tógálacha

An Dr. Síle Creedon; galair tógálacha

 
An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

 
Caoimhe Ní Chathail.

Caoimhe Ní Chathail.

 
Tanya Nic Gairbheith.

Tanya Nic Gairbheith.

 
Edel Ní Chuireáin & Majella Nic Pháidín.

Edel Ní Chuireáin & Majella Nic Pháidín.

 
Séamus Ó Gallachóir & Mary O Brien.

Séamus Ó Gallachóir & Mary O Brien.

 
An tAire Joe Mc Hugh.

An tAire Joe Mc Hugh.

 
Frank Ó Maoláin. CONCUS.

Frank Ó Maoláin. CONCUS.

 
Michelle Nic Grianna.

Michelle Nic Grianna.

 
Barrscéalta Dé hAoine.

Barrscéalta Dé hAoine.

 
Niamh Ní Charra, Cartlannaí Tionscadail ar ábhar Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

Niamh Ní Charra, Cartlannaí Tionscadail ar ábhar Chonradh na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann i nGaillimh.

 
An t-ollamh Nollaig Mac Congáil. Aoi sa Chathaoir.

An t-ollamh Nollaig Mac Congáil. Aoi sa Chathaoir.

 
An cocaire Diarmuid Ó Mathúna, ó Mo Food Blog.

An cocaire Diarmuid Ó Mathúna, ó Mo Food Blog.

 
An Dr Ciaran Kearney, síceolaí spóirt as Béal Feirste.

An Dr Ciaran Kearney, síceolaí spóirt as Béal Feirste.

 
John O Ríordáin, as Cathair Chorcaigh.

John O Ríordáin, as Cathair Chorcaigh.

 
Bladhaire, Clár Iomlán 28/05/2020.

Bladhaire, Clár Iomlán 28/05/2020.

 
Clutharú; cé h-iad do thriúr?

Clutharú; cé h-iad do thriúr?

 
Séamus O Drisceoil; An saol i gCléire

Séamus O Drisceoil; An saol i gCléire

 
Seanachán Mac Carthaigh;Ceannasaí teicneolaíochta CIT

Seanachán Mac Carthaigh;Ceannasaí teicneolaíochta CIT

 
Cárthach Ó Faoláin,Muireann Ní Shé,agus Helen Ní Rócháin-

Cárthach Ó Faoláin,Muireann Ní Shé,agus Helen Ní Rócháin-

 
An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 28ú Bealtaine 2020

 
Deirdre Ní Bhraonáin.

Deirdre Ní Bhraonáin.

 
Máirtín Enwright. Cairde Éanlaith Éireann

Máirtín Enwright. Cairde Éanlaith Éireann

 
Máirín Nic Fhionghuin & Mairéad Nic Suibhne.

Máirín Nic Fhionghuin & Mairéad Nic Suibhne.

 
Manus Early,Anna Uí Ghallachóir & Caitlín

Manus Early,Anna Uí Ghallachóir & Caitlín

 
An Dr. Tony Delap.

An Dr. Tony Delap.

 
Maighréad Uí Annluain.

Maighréad Uí Annluain.

 
Barrscéalta Déardaoin 28-05-2020.

Barrscéalta Déardaoin 28-05-2020.

 
Cliodhna Mhic Giolla Choda;Meitheal Trá na Rinne.

Cliodhna Mhic Giolla Choda;Meitheal Trá na Rinne.

 
Bráthair Ben Cusack;Bráthair Críostaí

Bráthair Ben Cusack;Bráthair Críostaí

 
John Joe Mac Gearailt;Tóin titithe as phraghas olann

John Joe Mac Gearailt;Tóin titithe as phraghas olann

 
Dr. Barra Ó Conchúir;Có nascadh IT Chiarraí is Chorcaí

Dr. Barra Ó Conchúir;Có nascadh IT Chiarraí is Chorcaí

 
Micheál Ó Cinnéide;Bainisteoir Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne

Micheál Ó Cinnéide;Bainisteoir Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne

 
An Saol ó Dheas 27ú Bealtaine 2020

An Saol ó Dheas 27ú Bealtaine 2020

 
Ian Lee, RTÉ.

Ian Lee, RTÉ.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde.

Hughie Mac Giolla Bhríde.

 
Frances Nic Géadaigh.

Frances Nic Géadaigh.

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 27 Bealtaine 2020.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 27 Bealtaine 2020.

 
John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

John Downing, comhfhreagraí polaitíochta Irish Independent.

 
Cróna Ní Ghallchóir, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

Cróna Ní Ghallchóir, Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bladhaire

Bladhaire

An Cúinne Dána

An Cúinne Dána

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís