Nuacht an Tuaiscirt: Coimisinéirí Ioncaim

Nuacht an Tuaiscirt: Coimisinéirí Ioncaim

Coimisinéirí Ioncaim

Ghabh na Coimisinéirí Ioncam thar a trí mhíle dhéag toitín agus €7200 airgead tirim i dteach cónaithe i Leitir Ceanainn i ndiaidh daofa barántas cuardaithe a fháil don teach.  Ceistíodh fear sna tríochaidí as an Phólainn mar pháirt den fhiosrúchán.  Cheadaigh Cúirt Chuarda Leitir Ceanainn ordú coinneála airgid trí mhí inné d'oifigigh ó na Coimisinéirí Ioncam le deis a thabhairt daofa tuilleadh fiosrúchán a dhéanamh.

Campas oideachais Bhun Cranncha

Tá cruinniú a lorg ag baill Oireachtais Dhún na nGall leis an Aire Oideachais Richard Bruton, le plé a dhéanamh ar champas oideachais Bhun Cranncha.  Bhí cruinniú speisialta ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall i Leitir Ceanainn tráthnóna inné, ag eascairt ón scéala Dé Máirt seo caite, gur díoladh an suíomh i mBun Cranncha, a raibh comhráití ar bun le deich mbliana faoina cheannacht, le campas oideachais trí scoil a lonnú air.  Thug Cathaoirleach an Bhoird, An Comhairleoir Contae Rena Donaghey le fios go bhfuair an Bord comhfhreagras ón Roinn Oideachais inné, ag rá nach raibh eolas acu gur díoladh an suíomh, agus go raibh soiléiriú a lorg ag an Roinn faoi thuairiscí sna meáin gur díoladh an suíomh.  Dúirt sí go bhfuil imní uirthi go ndéanfaidh na scoileanna atá i gceist a bpleananna féin anois le foirgnimh úra a fháil, agus go mbeidh todhchaí an champas oideachais i mbaol, de bharr an faillí atá déanta ag an Roinn Oideachais an togra a bhogadh ar aghaidh níos gaiste.  Bhí an tAire Stát Joe McHugh, na Teachtaí Dála Pat the Cope Ó Gallachóir agus Charlie McConalogue agus an Seanadóir Pádraig Mac Lochlainn i láthair ag cruinniú speisialta an Bhoird tráthnóna inné.

Dumpáil mhídhleathach

Rinne Comhairle Contae Dhún na nGall dhá thonna d'éadach a rinneadh a dumpáil go mídhleathach ag suíomh cóngarach den teorann a thógáil ar shiúl.  Tá fiosrúchán ar bun ag an Chomhairle Contae faoin eachtra dumpála a tharla an tseachtain is a chuaigh thart ag suíomh i gCeann an Droichid cóngarach den teorann.  Dheimhnigh an Chomhairle gur éadach don mhórchuid a rinneadh a dumpáil.  Tá an Comhairleoir Contae Paul Canning ag impí ar an phobal teagmháil a dhéanamh le hionadaithe poiblí nó leis an Chomhairle Contae má fheiceann siad aon dumpáil mhídhleathach ag tarlú.

Sábháilteacht Bóthair

Beidh Seó Sábháilteacht Bóthair a eagrú inniu agus amárach ag Comhairle Contae Dhún na nGall san Aura i Leitir Ceanainn, dírithe ar dhaltaí meánscoile as Dún na nGall, Doire agus Tír Eoghain.  Dhéanfaidh níos mó ná 3,000 dalta meánscoile as 27 scoil i nDún na nGall freastal ar an ócáid dhá lá seo, le cois 800 dalta meánscoile as Doire agus Tír Eoghain.  Beidh dhá taispeántas inniu agus taispeántas amháin amárach, dírithe ar shábháilteacht bóthair, agus ag díriú ar mar a tharlaíonn timpistí, agus an tionchar a bhíonn ag timpistí bóthair ar theaghlaigh.  Beidh taispeántas ar shábháilteacht bóthair inniu ag a 11.00 agus ag 1.30 agus amárach ar a 11.00.  Maraíodh naonúr go dtí seo i mbliana ar bhóithre Dhún na nGall, sin méadú de cheathrar ón am céanna anuraidh.

Óstán ar díol

Tá Ostán Ghleann Bheatha agus Club Oíche an Dodge i nGaoth Dobhair fógraithe le díol ar ceant ar an idirlíon ar an Deardaoin an 25ú lá de Dheireadh Fómhair.  Treoir luach de €175,000 atá a lua leis an ostán, atá trí stór ar airde, agus ina bhfuil dhá sheomra comdhála, dhá chlub oíche agus tábhairne.  Sé comhlacht BRG Gibson Auctions Teoranta atá i mbun an díolacháin ar an idirlíon, ón mheán lae ar ar an 25ú Deireadh Fómhair.  Beidh 33 maoin ar fad a gcur ar ceant ag an chomhlacht ar an idirlíon ar an dáta sin. San áireamh fosta, beidh dhá theach i gCoill na gCuirdín, teach trí sheomra leapa ar an Chlochán Liath, teach ceithre sheomra leapa i Srath Buí sna Gleanntaí, árasán ar phríomh shráid Leitir Ceanainn, dhá theach dhá stór in eastát The Beeches i mBealach Féich agus foirgnimh tréigthe i Leifear agus i Leitir Ceanainn.

Otharlann Leitir Ceanainn

Dhéanfaidh an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh agus an Seanadóir Pádraig Mac Lochlainn síniúcháin a thabhairt ar lámh don Roinn Sláinte maidin inniu le brú a chur ar an rialtas airgead a cheadú láithreach leis an aonad gearrthréimhseach in Otharlann Leitir Ceanainn a athoscailt.  Tá suas le 5,600 síniúchán faighte ag an pháirtí mar pháirt dá bhfeachtas go ndéanfaí an t-aonad ina bhfuil naoi leaba dhéag a oscailt arís.  Dúirt an Seanadóir Mac Lochlainn gur chaith 4,889 othair tréimhsí ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn anuraidh mar gheall ar phlódú, sin naoi n-othar déag ar an mheán sa lá, in ainneoin go bhfuil aonad naoi leaba déag ina luí folamh ins an otharlann.  Agus an buiséad le fógairt inniu dúirt an Teachta Dála Piaras Ó Dochartaigh go mbeidh seisean ag cur ina luí ar an rialtas an tábhacht airgead a chaitheamh sa chóras sláinte ach go háirithe in Otharlann Leitir Ceanainn áit a bhfuil brú leanúnach mar gheall ar phlódú.

Damáiste

Rinneadh damáiste mhailíseach de sheanteach na Cúirte i Leifear ag an deireadh seachtaine.  Briseadh go leor fuinneoga ar an fhoirgneamh, agus rinneadh damáiste dena sean frámaí adhmaid atá ar na fuinneoga le blianta fada.  Caitheadh clocha agus brící tríd na fuinneoga ag an deireadh seachtaine.  Tá fiosrúchán curtha ag bun ag Gardaí i Leifear faoin eachtra seo.  Tógadh an foirgneamh seo mar phríosún idir na blianta 1746 - 1750. Tá na cillíní a bhí in úsáid sa phríosún ag an am sin, le feiceáil go fóill san fhoirgneamh.
 

Beo

Scoth na Seachtaine

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2018

 
Mícheál Ó Tonaigh, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.

Mícheál Ó Tonaigh, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.

 
Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Robert Brosnan, iarrthóir Shinn Féin, An Daingean.

Robert Brosnan, iarrthóir Shinn Féin, An Daingean.

 
Dara Calleary, leascheannaire Fhianna Fáil.

Dara Calleary, leascheannaire Fhianna Fáil.

 
Gearóid Mac Donncha, ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Gearóid Mac Donncha, ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Tom Ó Ceallaigh, saineolaí airgeadais, Londain.

Tom Ó Ceallaigh, saineolaí airgeadais, Londain.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagrai Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagrai Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Aoife Ní Chonchúir;Scannán beochanna Gráinne Mhaol.

Aoife Ní Chonchúir;Scannán beochanna Gráinne Mhaol.

 
Joe Ó Murchú;Liostuathail

Joe Ó Murchú;Liostuathail

 
Beirní Feirtéár;Cór nua an Daingin

Beirní Feirtéár;Cór nua an Daingin

 
Rosaí Nic Chárthaigh;Pleanála teanga Mhúscraí

Rosaí Nic Chárthaigh;Pleanála teanga Mhúscraí

 
Pádraig Feirtéár;Marglann an Daingin

Pádraig Feirtéár;Marglann an Daingin

 
An Saol ó Dheas 12ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 12ú Nollaig 2018

 
Elaine Scahill.

Elaine Scahill.

 
Geamaireacht' Balor na Súile Nimhneach'

Geamaireacht' Balor na Súile Nimhneach'

 
Caitríona Ní Bhaoill.

Caitríona Ní Bhaoill.

 
Rosa Glackin SVP.

Rosa Glackin SVP.

 
Séamus Mac Giolla Bhuí.

Séamus Mac Giolla Bhuí.

 
Frances Nic Géidigh .

Frances Nic Géidigh .

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 12 Nollag 2018.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 12 Nollag 2018.

 
Síle Ní Dhubhghaill, Pairtí Daonlathaigh Sóisialta & Conor McGuinness, Sinn Féin.

Síle Ní Dhubhghaill, Pairtí Daonlathaigh Sóisialta & Conor McGuinness, Sinn Féin.

 
Anne Mc Hugh, príomhfheidhmeannach Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall.

Anne Mc Hugh, príomhfheidhmeannach Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall.

 
Tomás Mac Pháidín, stiúrthóir scoileanna GRETB.

Tomás Mac Pháidín, stiúrthóir scoileanna GRETB.

 
Susan Folan, ateangaire, pairlimint na hEorpa agus an Feisire Eorpach Seán Kelly. .

Susan Folan, ateangaire, pairlimint na hEorpa agus an Feisire Eorpach Seán Kelly. .

 
Dr. Gillian Ní Cheallaigh, tráchtaire, Londain.

Dr. Gillian Ní Cheallaigh, tráchtaire, Londain.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Joe McHugh, Aire Oideachais agus Scileanna.

Joe McHugh, Aire Oideachais agus Scileanna.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Sally Uí Ghionnáin, as Tír an Fhia.

Sally Uí Ghionnáin, as Tír an Fhia.

 
Walter Mc Donagh, ó Chumann Stair Mhaigh Cuilinn.

Walter Mc Donagh, ó Chumann Stair Mhaigh Cuilinn.

 
Ardtráthnóna: Dé Máirt 11 Nollaig 2018.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 11 Nollaig 2018.

 
An Saol ó Dheas 11ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 11ú Nollaig 2018

 
Gobnait Ní Mhuineacháin. comhairleoir condae.

Gobnait Ní Mhuineacháin. comhairleoir condae.

 
Seán Mícheál Ó Domhnaill, cathaoirleach ceantar bardasach Fhine Gael.

Seán Mícheál Ó Domhnaill, cathaoirleach ceantar bardasach Fhine Gael.

 
Éamon Ó Cuív. T.D.

Éamon Ó Cuív. T.D.

 
Cormac Ó Comhraí, staraí.

Cormac Ó Comhraí, staraí.

 
Séamus Breathnach, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Séamus Breathnach, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

Seán Kelly, Feisire Eorpach.

 
Éamonn Mallie, iriseoir.

Éamonn Mallie, iriseoir.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Malairt Poirt le Muireann

Malairt Poirt le Muireann

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís