Nuacht an Tuaiscirt:Méadú beag ar luach tithe cónaithe

Nuacht an Tuaiscirt:Méadú beag ar luach tithe cónaithe

Méadú beag ar luach tithe cónaithe

Tháinig méadú beag ar luach tithe cónaithe i gCo.Dhún na nGall sa 3ú ráithe de 2018 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna i 2017.

Sin de réir na tuairisce is deireanaí ó daft.ie

Ba i gCo. Dhún na nGall a bhí an méadú ba lú sa tír le bliain ar luach tithe, méadú de 1.1%.

Ba é €144,000 an meánluach ar theach sa chontae le linn an tríú ráithe de 2018.

Tháinig méadú 4% ar luach tithe le 4 sheomra leapa sa chontae le bliain, go €177,000 ach tháinig laghdú de 4.7% ar luach tithe le 5 sheomra leapa go €189,000

Ospidéal i Leitir Ceannainn ar an 4ú ceann is measa ó thaobh plódaithe dhe i Meán Fómhair

Bhí Ospidéal Ginearálta Leitir Ceanainn ar an 4ú ospidéal sa tír ba mheasa ó thaobh plódaithe dhe i Meán Fómhair.

Sin de réir na bhfigiúirí ó Chumann Altraí agus Ban Chabhrach na hÉireann (INMO).

Díol imní anois é go rachaidh sé sin in olcas creidtear, nuair a bhuailfear daoine le fliú an Gheimhridh.

Éiginnteacht san earnáil turasóireachta toisc 'Brexit'

'Tá cuid mhór éiginnteachta san earnáil turasóireachta agus fáilteachais i láthair na huaire, de bharr na héiginnteachta a bhaineann leis an Bhreatimeacht agus imní faoi mhéadú ar rátaí cáin breis luacha sa cháinaisnéis', a dúirt Charlie Mac Laifeartaigh, úinéir Ostán na Trá na Dúnaibh.

'Tá na Dúnaibh ag brath go mór ar ghnóthaí sa Sé Chontae', a dúirt sé, áit a mbíonn corradh le 1,000 duine fostaithe in earnáil na turasóireachta i rith an tsamhraidh achan bhliain.

Deir sé go bhfuil imní air go n-athróidh sé sin nuair a fhágann an Bhreatain an tAontas Eorpach.

'Caithfear cás speisialta a dhéanamh do Dhún na nGall, de bharr an tionchair ollmhór a bheas ag imeacht na Breataine ón Aontas ar an chontae', a dúirt sé.

Seisiún eolais ag Uisce Éireann ar an Fhál Carrach

Beidh seisiún eolais ag Uisce Éireann in Ionad Acmhainne Bhaile an Átha, ar an Fhál Carrach tráthnóna inniu, áit a dtabharfar eolas ar scéim séarachais an Fháil Charraigh.

Mar chuid den scéim, tá sé beartaithe ag Uisce Éireann ionad úr cóireála fuíolluisce a thógáil.

Deir Uisce Éireann go rachaidh an t-ionad úr chun sochar don bhaile ó thaobh sláinte  agus timpeallachta de.

Tá cuireadh á thabhairt don phobal a bheith i láthair ag an ócáid eolais, a bheas ar siúl ón 5.30 go 7.30 i.n 

Comhaontú idir Leitir Ceanainn agus Rudolstadt

Síneofar comhaontú idir baile Leitir Ceanainn agus baile Rudolstadt sa Ghearmáin in Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn ar maidin inniu.

Tá 40 duine as an Ghearmáin ar thoscaireacht i Leitir Ceanainn faoi láthair.

Thug toscaireacht as Leitir Ceanainn cuairt ar Rudolstadt i mí Mhárta anuraidh.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Séamus Ó Domhnaill, go bhfuil siad ag iarraidh ceangail chultúrtha agus tráchtála idir an dá bhaile a fhorbairt.

Tá daonra de 22,500 ag baile Rudolstadt, macasamhail  le baile Leitir Ceanainn.

Píopaí uisce úra idir Mín a leice agus Rann na Feirste

Tá tús curtha inniu leis an obair chun píopaí uisce úra a chur faoi thalaimh ó Mhín a Leice go Rann na Feirste.

Tá 3 chiliméadar de phíopaí úra le cur faoin talamh.

Beidh an obair ar siúl ar feadh 8 seachtainí.

Cuirfear isteach ar an trácht a bhaineann úsáid as an phíosa bealaigh sin.

Bhí cruinniú ag an Chomhairleoir Contae, Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig le feidhmeannaigh ón Chomhairle Contae faoin togra seo.

Tá siad ag súil go mbeidh obair eile ar siúl i gceantair eile sna Rosann agus i nGaoth Dobhair gan mhoill.

Tá na tograí seo mar chuid de oibreacha atá a ndéanamh ar thart ar 40 ciliméadar sa Chontae faoi láthair ar chostas iomlán de €12m.

Beo

Scoth na Seachtaine

Scoth na Seachtaine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2018

 
Mícheál Ó Tonaigh, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.

Mícheál Ó Tonaigh, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.

 
Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Robert Brosnan, iarrthóir Shinn Féin, An Daingean.

Robert Brosnan, iarrthóir Shinn Féin, An Daingean.

 
Dara Calleary, leascheannaire Fhianna Fáil.

Dara Calleary, leascheannaire Fhianna Fáil.

 
Gearóid Mac Donncha, ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Gearóid Mac Donncha, ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Tom Ó Ceallaigh, saineolaí airgeadais, Londain.

Tom Ó Ceallaigh, saineolaí airgeadais, Londain.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagrai Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagrai Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Aoife Ní Chonchúir;Scannán beochanna Gráinne Mhaol.

Aoife Ní Chonchúir;Scannán beochanna Gráinne Mhaol.

 
Joe Ó Murchú;Liostuathail

Joe Ó Murchú;Liostuathail

 
Beirní Feirtéár;Cór nua an Daingin

Beirní Feirtéár;Cór nua an Daingin

 
Rosaí Nic Chárthaigh;Pleanála teanga Mhúscraí

Rosaí Nic Chárthaigh;Pleanála teanga Mhúscraí

 
Pádraig Feirtéár;Marglann an Daingin

Pádraig Feirtéár;Marglann an Daingin

 
An Saol ó Dheas 12ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 12ú Nollaig 2018

 
Elaine Scahill.

Elaine Scahill.

 
Geamaireacht' Balor na Súile Nimhneach'

Geamaireacht' Balor na Súile Nimhneach'

 
Caitríona Ní Bhaoill.

Caitríona Ní Bhaoill.

 
Rosa Glackin SVP.

Rosa Glackin SVP.

 
Séamus Mac Giolla Bhuí.

Séamus Mac Giolla Bhuí.

 
Frances Nic Géidigh .

Frances Nic Géidigh .

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 12 Nollag 2018.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 12 Nollag 2018.

 
Síle Ní Dhubhghaill, Pairtí Daonlathaigh Sóisialta & Conor McGuinness, Sinn Féin.

Síle Ní Dhubhghaill, Pairtí Daonlathaigh Sóisialta & Conor McGuinness, Sinn Féin.

 
Anne Mc Hugh, príomhfheidhmeannach Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall.

Anne Mc Hugh, príomhfheidhmeannach Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall.

 
Tomás Mac Pháidín, stiúrthóir scoileanna GRETB.

Tomás Mac Pháidín, stiúrthóir scoileanna GRETB.

 
Susan Folan, ateangaire, pairlimint na hEorpa agus an Feisire Eorpach Seán Kelly. .

Susan Folan, ateangaire, pairlimint na hEorpa agus an Feisire Eorpach Seán Kelly. .

 
Dr. Gillian Ní Cheallaigh, tráchtaire, Londain.

Dr. Gillian Ní Cheallaigh, tráchtaire, Londain.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Joe McHugh, Aire Oideachais agus Scileanna.

Joe McHugh, Aire Oideachais agus Scileanna.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Sally Uí Ghionnáin, as Tír an Fhia.

Sally Uí Ghionnáin, as Tír an Fhia.

 
Walter Mc Donagh, ó Chumann Stair Mhaigh Cuilinn.

Walter Mc Donagh, ó Chumann Stair Mhaigh Cuilinn.

 
Ardtráthnóna: Dé Máirt 11 Nollaig 2018.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 11 Nollaig 2018.

 
An Saol ó Dheas 11ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 11ú Nollaig 2018

 
Gobnait Ní Mhuineacháin. comhairleoir condae.

Gobnait Ní Mhuineacháin. comhairleoir condae.

 
Seán Mícheál Ó Domhnaill, cathaoirleach ceantar bardasach Fhine Gael.

Seán Mícheál Ó Domhnaill, cathaoirleach ceantar bardasach Fhine Gael.

 
Éamon Ó Cuív. T.D.

Éamon Ó Cuív. T.D.

 
Cormac Ó Comhraí, staraí.

Cormac Ó Comhraí, staraí.

 
Séamus Breathnach, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Séamus Breathnach, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

Seán Kelly, Feisire Eorpach.

 
Éamonn Mallie, iriseoir.

Éamonn Mallie, iriseoir.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Malairt Poirt le Muireann

Malairt Poirt le Muireann

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís