Nuacht an Tuaiscirt: Drioglann Shliabh Liag

Nuacht an Tuaiscirt: Drioglann Shliabh Liag

Drioglann Shliabh Liag

Tá ráiteas eisithe ag Comhairle Paróiste Chill Chartha ag cur a ndíomá in iúl maidir leis an scéala go bhféadfadh Drioglann Shliabh Liag a bheith ag aistriú go ceantar eile. Thug an Chomhairle Paróiste tacaíocht don togra ón tús, a dúirt siad,  mar gheall ar an fhostaíocht a chruthódh sé don cheantar, agus na turasóirí a mheallfadh sé go réigiúin an Iar Dheiscirt. Deir an Chomhairle Paróiste go bhfuil súil acu nach bhfuil sé ró-mhall an drioglann uisce beatha a bhí beartaithe don Chlochar, ar an Charraig a shábháil. Tá an pobal i gCill Chartha ag iarraidh an togra seo a choinneáil sa cheantar,  a dúirt urlabhraí an Chomhairle Paróiste , ar mhaithe le eacnamaíocht an cheantair.

Saoire tinnis

Bhí chomhair a bheith 500 ball foirne de chuid Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte i réigiún an iarthair,  ar shaoire tinnis de bharr strus le linn 2017. Cuireadh 487 ball foirne ar aghaidh chuig seirbhísí síciatrach agus teiripeoirí anuraidh sa réigiún. Bhain 254 cás acusan le fadhbanna ag an láthair oibre agus cúrsaí strus. Go dtí seo i mbliana, tá chor a bheith 100 ball foirne de chuid na Feidhmeannachta sa réigiún a bhfuil saoire tinnis glactha acu de bharr cúrsaí strus.

John Downey

Tá dáta socraithe anois san Ard Chúirt i Londain do chás sibhialta in éadan John Downey, as na hArdaí i nDún na nGall, maidir leis an ról a líomhnaítear a bhí aige i mbuamáil Hyde Park i Londain i 1982. Cuirfear tús leis an chás ar an Mháirt, an 30ú Deireadh Fómhair i Londain. Maraíodh ceathrar saighdiúir san ionsaí i mí Iúil 1982, agus gortaíodh 31 eile nuair a phléasc buama i Hyde Park. Tá teaghlaigh na mairbh ag glacadh cás sibhialta in éadan John Downey, 66 bliain d'aois, a cuireadh ar a thriail roimhe maidir leis an ionsaí seo roinnt blianta ó shin, ach thit an cás as a chéile. Bhí John Downey ar a sheachnadh ar feadh na mblianta agus chuir Rialtas na Breataine litir chuige i 2007 ag rá leis nach rabhthar a lorg don ionsaí níos mó. 

Rannóg Gaeilge

Tá Rannóg Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na Gall dóchasach go mbeidh suíomh idirlín Gaeilge na Comhairle ar chomh chéim leis an suíomh Béarla roimh Nollaig. Dúirt Séan Ó Daimhín, Oifigeach Forbartha Gaeilge na Comhairle go bhfuil  sé dóchasach go mbeidh seirbhís iomlán scríofa Gaeilge ar fáil in achan Rannóg sa Chomhairle  faoin Nollaig. D'admhaigh sé go bhfuil obair dhúshlánach idir lámha acu mar go mbíonn cúigear déag ag obair ar an suíomh Béarla ó am go ham, ach nach bhfuil ach beirt ag obair ar an suíomh Gaeilge. Dúirt sé go bhfuil sé dóchasach go mbeidh níos mo tarraingte ar an suíomh Gaeilge nuair a bhéas an obair ar fad críochnaithe ar an suíomh agus é suas chun dáta.

Comharthaí bóthair

Deir an Comhairleoir Contae John Shéamuis O Fearraigh go bhfuil  gearáin faighte aige faoi  chomharthaí bóthair i nGaoth Dobhair, ag taispeáint  go bhfuil Seirbhís Farantóireachta go hOileán Thoraigh  ag céibh an Bhun Bhig, rud nach bhfuil amhlaidh. Dúirt sé go bhfuil roinnt dena comharthaí seo in airde, ag cur daoine go céibh an Bhun Bhig le seirbhís farantóireachta a fháil go Toraigh, agus go bhfuil turasóirí a gcur ar strae, dá bharr.   Caithfear comharthaí cearta a chur in airde, agus turasóirí a chur i dtreo Mhachaire Rabhartaigh, áit a bhfuil an tseirbhís farantóireachta ag feidhmiú go hOileán Thoraigh, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh.

AWARE

Beidh ócáid phoiblí le haird a tharraingt ar chúrsaí meabhair shláinte i Leitir Ceanainn anocht, ócáid atá á reáchtáil ag an eagraíocht AWARE. Is in Óstán an Radisson a bhéas an cur i láthair, dar teideal 'Comhrá faoi ísle brí' idir a 7.00 agus a 9.00 agus bhéarfar eolas fosta faoin tacaíocht ar fad atá ar fáil do dhaoine atá in ísle brí. Sé bunaitheoir Aware, an Dr Pat McKeown a bhéarfaidh príomh chaint na hoíche,  agus beidh aíonna ann ó Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte i nDún na nGall.

Beo

Nead na Fuiseoige

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Adhmhaidin

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Cáit Verling agus Clíodhna Ní Cheallachain; Sláinte intinne i measc na nóg

Cáit Verling agus Clíodhna Ní Cheallachain; Sláinte intinne i measc na nóg

 
Ogie Ó Céilleachair;Lóistín nua i nDún Garbhán

Ogie Ó Céilleachair;Lóistín nua i nDún Garbhán

 
Nell Ní Chíobháin; Postanna i gCorcaigh

Nell Ní Chíobháin; Postanna i gCorcaigh

 
Brenda Ní Shúilleabháin; Féile Scannáin an Daingin

Brenda Ní Shúilleabháin; Féile Scannáin an Daingin

 
An Saol ó Dheas 18ú Meitheamh 2019

An Saol ó Dheas 18ú Meitheamh 2019

 
Jackie Mac Donncha, Údar.

Jackie Mac Donncha, Údar.

 
Stiúirthóirí Ceoil TG Lurgan agus Club Óige Lurgáin.

Stiúirthóirí Ceoil TG Lurgan agus Club Óige Lurgáin.

 
Máirtín Ó Catháin, Iriseoir.

Máirtín Ó Catháin, Iriseoir.

 
Máire Áine Gardiner, Fáilte Éireann.

Máire Áine Gardiner, Fáilte Éireann.

 
Sláine Ní Chathalláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Sláine Ní Chathalláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Dáithí Ó Cualáin, Comhairleoir Condae, Conamara.

Dáithí Ó Cualáin, Comhairleoir Condae, Conamara.

 
Cian Molloy, tráchtaire eaglasta.

Cian Molloy, tráchtaire eaglasta.

 
Pat the Cope Ó Gallchóir, T.D.

Pat the Cope Ó Gallchóir, T.D.

 
Séamus Martin, eagarthóir polaitíochta.

Séamus Martin, eagarthóir polaitíochta.

 
Tomás Ó Fátharta, feirmeoir, Dún an Uchta.

Tomás Ó Fátharta, feirmeoir, Dún an Uchta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Máire Mhic Suibhne agus Peadar Ó Riada.

Máire Mhic Suibhne agus Peadar Ó Riada.

 
Neasa Ní Mhathúna agus Lauren Nic Aonraoí.

Neasa Ní Mhathúna agus Lauren Nic Aonraoí.

 
Tomás Ó Loingsigh.

Tomás Ó Loingsigh.

 
Micheál Ó Muircheartaigh; CLG

Micheál Ó Muircheartaigh; CLG

 
An Saol ó Dheas: Dé Luain 17 Meitheamh 2019.

An Saol ó Dheas: Dé Luain 17 Meitheamh 2019.

 
Tommy Kelly ón Morning Star agus Micheál Bainnín Ó Cualáin an t-iomróir.

Tommy Kelly ón Morning Star agus Micheál Bainnín Ó Cualáin an t-iomróir.

 
Étáin agus Máire Ní Churraoin, as Rath Cairn.

Étáin agus Máire Ní Churraoin, as Rath Cairn.

 
Kate Fennell, Tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Kate Fennell, Tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Gearóid Ó Murchú, as Cor na Rón.

Gearóid Ó Murchú, as Cor na Rón.

 
Pádraic Mac Diarmada, Oifigeach Turasóireachta do Cheantar na nOileán.

Pádraic Mac Diarmada, Oifigeach Turasóireachta do Cheantar na nOileán.

 
Aoife Ní Shúilleabháin, SIPTU.

Aoife Ní Shúilleabháin, SIPTU.

 
Breandán Fitzgerald agus Fionnán Fitzgerald ,Cathaolrleach & leaschathaoirleach Cheantar Bardasach Chorca Dhuibhne & Oileán Chiarraí.

Breandán Fitzgerald agus Fionnán Fitzgerald ,Cathaolrleach & leaschathaoirleach Cheantar Bardasach Chorca Dhuibhne & Oileán Chiarraí.

 
Séamus Breathnach, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Séamus Breathnach, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Dr. Caitríona Dowd, Concern.

Dr. Caitríona Dowd, Concern.

 
Eithne Nic Lochlainn, Bainisteoir,  LárIonad Acmhainní Nádúrtha Chill Ulta.

Eithne Nic Lochlainn, Bainisteoir, LárIonad Acmhainní Nádúrtha Chill Ulta.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, polaitíocht na Breataine.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, polaitíocht na Breataine.

 
John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent.

John Downing, Comhfhreagraí Polaitíochta, Irish Independent.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Siúlach Scéalach  160619

Siúlach Scéalach 160619

 
Siúlach Scéalach   160619

Siúlach Scéalach 160619

 
Siúlach Scéalach  160619

Siúlach Scéalach 160619

 
Rónán Ó Suilleabháin, as Tigh Mhic Donagh.

Rónán Ó Suilleabháin, as Tigh Mhic Donagh.

 
Adam Cunningham, duine d'ambasadóirí Chruinniú na nÓg.

Adam Cunningham, duine d'ambasadóirí Chruinniú na nÓg.

 
Michael Frainc Ó Confhaola, as Muicineach idir dhá sháile.

Michael Frainc Ó Confhaola, as Muicineach idir dhá sháile.

 
Seosamh Ó Cúig, scéal Tobar Mhuire.

Seosamh Ó Cúig, scéal Tobar Mhuire.

 
Breada Moriarty, ó Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann.

Breada Moriarty, ó Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann.

 
Michael Frainc Ó Confhaola, as Muicineach idir dhá sháile.

Michael Frainc Ó Confhaola, as Muicineach idir dhá sháile.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

Rónán Beo

Rónán Beo

Barrscéalta

Barrscéalta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Meascra

Meascra

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís