Nuacht an Tuaiscirt: Drioglann Shliabh Liag

Nuacht an Tuaiscirt: Drioglann Shliabh Liag

Drioglann Shliabh Liag

Tá díomá ar phobail na Carraige, Ghleann Cholm Cille agus Chill Chartha faoin chinneadh cuid de Dhrioglann Shliabh Liag a bheith a athlonnú go hArd an Rátha. Beidh an Drioglann  Gin  "Dúlamán"  lonnaithe  ar an Charraig, áit a bhfuil naonúr fostaithe, ach beidh an drioglann atá a fhorbairt le uisce beatha a dhéanamh,  a aistriú go suíomh nua. Dúradh gur mar gheall ar fhadhbanna a bhaineann le cásanna cúirte fa theidil talamh, a glacadh an cinneadh seo. Ba úinéir Dhrioglann Shliabh Liag, James Doherty, a thug an méid sin le fios, ag cruinniú a bhí aige le Coiste Forbartha na Carraige an tseachtain seo.   Táthar ag lorg cead pleanála ar an suíomh 10 n-acra  in Ard an Rátha. Meastar go gcruthóidh an  togra úr in Ard an Ratha dhá scór post.

RA Pacáistí

Beidh an Comhalta ar Bhord Údarás na Gaeltachta, an Comhairleoir John Shéamuis Ó Fearraigh ag plé   deacrachtaí Chomhlacht RA Pacáistí ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair ag cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta inniu ar Oileán Chléire i gCorcaigh. D'fhógair SIPTU Dé hAoine s'chuaigh thart go mbeidh baill an cheardchumainn i RA Pacáistí  a dhul ar stailc  lae ar an 24ú lá den mhí seo,  agus deir an Comhairleoir Ó Fearraigh gur ábhar díomá gur bhéigean do sin tarlú,  agus go  bhfuil  tuilleadh stailceanna lae le heagrú, múna dtiocfar ar réiteach. Dúirt sé gur cheart do RA Pacáistí aird a thabhairt ar mholtaí na Cúirte Oibreachais agus aitheantas a thabhairt do cheardchumainn sa chomhlacht. Is dona ar fad an scéal go gcaithfidh oibrithe a dhul ar stailc lena gcearta bunúsacha a éilimh, a dúirt an Comhairleoir Ó Fearraigh.

Cuairt an Taoisigh


Bhí cuairt an Taoisigh go Dún na nGall inné dearfach mar gur tugadh deis d'ionadaithe poiblí labhairt leis faoina hábhair imní atá sa chontae, a dúirt Cathaoirleach na Comhairle Contae, an Comhairleoir Séamus Ó Domhnaill. Phlé an Comhairleoir Ó Domhnaill ceist na n-oifigí poist atá le druid i nDún na nGall  leis an Taoiseach agus leis an Aire Joe McHugh agus dúirt sé bhfuair sé éisteacht mhaith uathu beirt  agus go bhféadfadh seans a bheith ann go fóill roinnt de na hoifigí sin a choinneáil oscailte. Ba léir gur thuig an Taoiseach an imní a léirigh Cathaoirleach Chumann Tráchtála Leitir Ceanainn, Leonard Watson maidir leis an tionchar a bheadh ag teorainn chrua ar Dhún na nGall, a dúirt an Comhairleoir Ó Domhnaill, agus dar leis gur cheart  don Rialtas foinse airgid a chur ar fáil don Chomhairle Contae le dhul i ngleic le himeacht na Breataine ón Aontas.

Conspóid faoi phoipín

Tá cáineadh déanta ag an Chomhairleoir Contae Neamhspleách, Mícheál Cholm Mac Giolla Easpaig ar Sheanadóir de chuid Fhine Gael, a chuir poipín 'Gaelach' sa phost an tseachtain seo ag Comhairleoirí Contae ar fud na tíre. Fuair Comhairleoirí Contae litir ón Seanadóir Frank Feighan ag iarraidh go ndéanfaí comóradh ar Éireannaigh a fuair bás san chéad chogadh domhanda, agus poipín Éireannach sa chlúdach litreach.  Is siombail de chuid na Breataine an poípín, agus léiríonn dearcadh an tSeanadóra arís eile, go mbeadh sé níos compordaigh agus Éire faoi smacht na Banríona, a dúirt an Comhairleoir Mac Giolla Easpaig. D'iarr sé ar pháirtí Fhine Gael ráiteas a dhéanamh faoina ráitis agus na tuairimí atá a léiriú ag an Seanadóir Feighan, agus an ráitis phearsanta iad nó an ionann iad agus dearcadh Fhine Gael. Shoiléirigh an Seanadóir Feighan gur cuireadh comhfhreagras chuig achan Chomhairleoir Contae le cois poipín 'Gaelach',  agus d'iarr sé orthu comóradh a dhéanamh ar fhir agus mná ón tír seo a chaill a mbeatha san chéad chogadh mór, nuair a bheas comóradh ar siúl ar an 11ú Samhain.

Scéim na gCúntóirí Teanga

Tá socraithe riaracháin a ndéanamh go fóill ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le allúntas airgid don dá eagraíocht atá freagrach as riaradh Scéim na gCúntóirí Teanga, do réir an eolais a chur an  Roinn ar fáil don Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir. Lorg an Teachta Ó Gallachóir míniú ón Roinn faoin mhoill an €1.02m a fógraíodh i mí Mheitheamh, a cheadú do Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Dúirt an Roinn leis an Teachta Ó Gallachóir go mbeidh comhaontú sínithe le Muintearas ar an tseachtain seo chugainn, agus go mbeidh sé suas ag an eagraíocht sin ansin dáta a shocrú le go dtosóidh na cúntóirí ar ais i mbun a gcuid oibre i scoileanna Dhún na nGall, na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na Mí. In ainneoin tuairiscí dá mhalairt, deir an Roinn nach bhfuil an t-athbhreithniú ar Scéim na gCúntóirí Teagna críochnaithe go fóill. Deir siad i ráiteas go bhfuil súil leis an athbhreithniú sin a bheith críochnaithe agus tuarascáil ina leith foilsithe, roimh dheireadh na bliana.

Aonach an Fhómhair

Sé inniu lá mór an aonaigh sna Gleanntaí, imeacht atá mar pháirt de fhéile Aonach an Fhómhair atá ar siúl sna Gleanntaí faoi láthair.  Tá príomh shráid an bhaile druidte do thrácht inniu, agus tá trácht an chur malairt slí. Táthar ag dréim leis na mílte ar phríomh shráid na nGleanntach inniu áit a mbeidh cúpla céad seastán ag díol achan chineál earraí agus táirgí.

Beo

Spórt an Lae

Spórt an Lae

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nuacht a Sé

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 13ú Nollaig 2018

 
Mícheál Ó Tonaigh, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.

Mícheál Ó Tonaigh, Ceannasaí Oifig Fiontair Áitiúil Dhún na nGall.

 
Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Robert Brosnan, iarrthóir Shinn Féin, An Daingean.

Robert Brosnan, iarrthóir Shinn Féin, An Daingean.

 
Dara Calleary, leascheannaire Fhianna Fáil.

Dara Calleary, leascheannaire Fhianna Fáil.

 
Gearóid Mac Donncha, ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Gearóid Mac Donncha, ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Tom Ó Ceallaigh, saineolaí airgeadais, Londain.

Tom Ó Ceallaigh, saineolaí airgeadais, Londain.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagrai Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagrai Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Aoife Ní Chonchúir;Scannán beochanna Gráinne Mhaol.

Aoife Ní Chonchúir;Scannán beochanna Gráinne Mhaol.

 
Joe Ó Murchú;Liostuathail

Joe Ó Murchú;Liostuathail

 
Beirní Feirtéár;Cór nua an Daingin

Beirní Feirtéár;Cór nua an Daingin

 
Rosaí Nic Chárthaigh;Pleanála teanga Mhúscraí

Rosaí Nic Chárthaigh;Pleanála teanga Mhúscraí

 
Pádraig Feirtéár;Marglann an Daingin

Pádraig Feirtéár;Marglann an Daingin

 
An Saol ó Dheas 12ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 12ú Nollaig 2018

 
Elaine Scahill.

Elaine Scahill.

 
Geamaireacht' Balor na Súile Nimhneach'

Geamaireacht' Balor na Súile Nimhneach'

 
Caitríona Ní Bhaoill.

Caitríona Ní Bhaoill.

 
Rosa Glackin SVP.

Rosa Glackin SVP.

 
Séamus Mac Giolla Bhuí.

Séamus Mac Giolla Bhuí.

 
Frances Nic Géidigh .

Frances Nic Géidigh .

 
Barrscéalta: Dé Céadaoin 12 Nollag 2018.

Barrscéalta: Dé Céadaoin 12 Nollag 2018.

 
Síle Ní Dhubhghaill, Pairtí Daonlathaigh Sóisialta & Conor McGuinness, Sinn Féin.

Síle Ní Dhubhghaill, Pairtí Daonlathaigh Sóisialta & Conor McGuinness, Sinn Féin.

 
Anne Mc Hugh, príomhfheidhmeannach Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall.

Anne Mc Hugh, príomhfheidhmeannach Bord Oideachais & Oiliúna Dhún na nGall.

 
Tomás Mac Pháidín, stiúrthóir scoileanna GRETB.

Tomás Mac Pháidín, stiúrthóir scoileanna GRETB.

 
Susan Folan, ateangaire, pairlimint na hEorpa agus an Feisire Eorpach Seán Kelly. .

Susan Folan, ateangaire, pairlimint na hEorpa agus an Feisire Eorpach Seán Kelly. .

 
Dr. Gillian Ní Cheallaigh, tráchtaire, Londain.

Dr. Gillian Ní Cheallaigh, tráchtaire, Londain.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Joe McHugh, Aire Oideachais agus Scileanna.

Joe McHugh, Aire Oideachais agus Scileanna.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Sally Uí Ghionnáin, as Tír an Fhia.

Sally Uí Ghionnáin, as Tír an Fhia.

 
Walter Mc Donagh, ó Chumann Stair Mhaigh Cuilinn.

Walter Mc Donagh, ó Chumann Stair Mhaigh Cuilinn.

 
Ardtráthnóna: Dé Máirt 11 Nollaig 2018.

Ardtráthnóna: Dé Máirt 11 Nollaig 2018.

 
An Saol ó Dheas 11ú Nollaig 2018

An Saol ó Dheas 11ú Nollaig 2018

 
Gobnait Ní Mhuineacháin. comhairleoir condae.

Gobnait Ní Mhuineacháin. comhairleoir condae.

 
Seán Mícheál Ó Domhnaill, cathaoirleach ceantar bardasach Fhine Gael.

Seán Mícheál Ó Domhnaill, cathaoirleach ceantar bardasach Fhine Gael.

 
Éamon Ó Cuív. T.D.

Éamon Ó Cuív. T.D.

 
Cormac Ó Comhraí, staraí.

Cormac Ó Comhraí, staraí.

 
Séamus Breathnach, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Séamus Breathnach, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Seán Kelly, Feisire Eorpach.

Seán Kelly, Feisire Eorpach.

 
Éamonn Mallie, iriseoir.

Éamonn Mallie, iriseoir.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Malairt Poirt le Muireann

Malairt Poirt le Muireann

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís