Nuacht an Tuaiscirt: RA Pacáistí

Nuacht an Tuaiscirt: RA Pacáistí

RA Pacáistí

Tá sé fógraithe tráthnóna ag ceardchumann SIPTU go bhfuil oibrithe i gcomhlacht RA Pacáistí ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair le dhul ar stailc lae coicís Luan seo chugainn. Thug an ceardchumann le fios do bhainistíocht an chomhlachta tráthnóna go mbeidh baill an cheardchumainn ag dul i mbun stailce ar feadh sé huaire déag a chloig ón 7.00 ar maidin ar an Luan an 24ú Meán Fómhair. Baineann an aighneas seo le diúltú na bainistíochta aird a thabhairt ar rialú na Cúirte Oibreachais aitheantas a thabhairt do cheardchumainn sa chomhlacht agus athruithe a chuir i bhfeidhm maidir le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta agus coinniollacha oibre na foirne. Dhearbhaigh Eagraí Siptu, Declan Ó Fearraigh, go mbeidh picéid ar bun ag na hoibrithe taobh amuigh den mhonarcha agus gur tugadh le fios do RA Pacáistí inniu fosta go mbeidh an Siptu ag caint leo gan mhoill faoi tuilleadh stailceanna sa chomhlacht. Vótáil 97% de  bhaill Siptu sa chomhlacht ar an mhí seo caite , a dhul i mbun stailce.

Timpiste bóthair

Gortaíodh fear go dona i dtimpiste bóthair i nDroim Chaoin aréir, i dtráth an 8.00. Bhí timpiste idir dhá charr idir Droim Chaoin agus Leitir Ceanainn, ar phríomh bhealach an N13 i mbaile fearainn Dubh Bhealach. Tá an bealach druidte faoi láthair agus beidh go ham lóin, a deir na Gardaí ar maidin.

R.A Pacáistí

Caithfidh bainistíocht chomhlacht R.A Pacáistí ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair aitheantas iomlán a thabhairt do chearta oibrithe, a  bheith mar bhaill de cheardchumann , a dúirt an Teachta Dála Thomas Pringle. Tá sé leis an cheist a ardú sa Dáil go luath, a dúirt sé. Vótáil baill de cheardchumann SIPTU in R.A Pacáistí dhul i mbun aighneas thionsclaíoch le gairid.  Níl sé ceart nó cóir go mbeadh ar oibrithe  troid ar son cearta bunúsacha sa láthair oibre, dar leis an Teachta Pringle. Tá ag éirí go maith le R.A Pacáistí agus tá tacaíocht a fháil acu ó Údarás na Gaeltachta, agus ba cheart go mbeadh coinníollacha ina gconradh leis an Údarás, le haitheantas a thabhairt do cheardchumainn sa chomhlacht, dá bharr, a dúirt An Teachta Pringle.

Coiste Gaeilge

Tá sé beartaithe ag Coiste Gaeilge Chomhairle Contae Dhún na nGall  teagmháil a dhéanamh  leis an Taoiseach  Leo Varadkar agus  an tAire Stáit Gaeltachta Joe Mc Hugh lena n-imní a chur in iúl faoi Oifigí Poist Gaeltachta atá le  druid i nDún na nGall. Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Séamus Ó Domhnaill, a  mhol an rún ag cruinniú den Choiste inné,  go gcuirfidh an cinneadh seo isteach go mór ar an teanga agus ar shaol na ndaoine sa Ghaeltacht. Dúirt sé go mbeidh sé ag plé na ceiste leis an Taoiseach nuair a bhéarfaidh sé cuairt ar Dhún na nGall ar an tseachtain seo chugainn.

Dúnadh oifigí poist

Tá dhá chruinniú poiblí eagraithe ag na Comhairleoirí Contae Séamus Ó Domhnaill agus John Shéamuis Ó Fearraigh maidir le druid Oifigí poist i nDún Fionnachaidh agus Gort an Choirce. Beidh cruinniú in Óstán Loch Altan i nGort an Choirce ar an Luan an 17ú lá, agus in Ionad Ozanam i nDún Fionnachaidh ar an Aoine an 21ú lá. Beidh an dá chruinniú ar siúl ag toiseacht ar a 7.00 sa tráthnóna, agus dúirt na Comhairleoirí go bhfuil sé tábhachtach go dtroidfeadh an pobal go láidir le cinneadh an Post a chur ar ceal.

Báidh phléisiúrtha

Tiocfaidh cúig cinn de bhádaí pléisiúrtha  isteach go céibh na gCealla Beaga an mhí seo, as an Ghearmáin, An Fhrainc , Meiriceá agus Sasain. Tháinig an MS Ocean Majesty, as an Ghearmáin i dtír sna Cealla Beaga ar maidin inniu agus 782 duine ar bord, idir phaisinéirí agus criú. Tiocfaidh bád pléisiúrtha eile isteach Dé Luain seo chugainn, le bád eile  ar an 22ú, an  23ú agus an bád  deireanach den bhliain ar an Luan an 24ú lá den mhí seo. Sé cinn déag de bháid pléisiúrtha a bheas ag teacht i dtír sna Cealla Beaga i mbliana, le breis agus 20,000 duine ar bord.

Aonad ríomhaireachta

D'oscail aonad ríomhaireachta úr do dhaltaí Ardteiste an tseachtain seo i nGairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall. Ba comhlacht Pramerica i Leitir Ceanainn a rinne maoiniú ar an trealamh don aonad úr, ina bhfuil scór ríomhaire agus deich gcinn de ríomhairí glúine. Tá Gairmscoil na Mainistreach, scoil ar a bhfuil breis agus 900 dalta, i measc dhá scoil i nDún na nGall agus 40 scoil sa tír, a roghnaíodh le Ríomhaireacht a dhéanamh mar ábhar Ard Teiste. Tá 25 dalta ag toiseacht ag déanamh ríomhaireacht mar ábhar Ard Teiste i nGairmscoil na Mainistreach an tseachtain seo. Dúirt príomhoide na scoile, Geraldine Diver, go raibh éileamh iontach mór ar an ábhar úr Ardteiste. 
 

Beo

Nuacht a Sé

Nuacht a Sé

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Chéad Dáil 1919

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Susan Ní Laoire; Cathaoirleach Bhord Chiarrai Theas do CLG.

Susan Ní Laoire; Cathaoirleach Bhord Chiarrai Theas do CLG.

 
Rónán Ó Dubhghaill;Institiúid Bídh Ollscoil Chorcaí

Rónán Ó Dubhghaill;Institiúid Bídh Ollscoil Chorcaí

 
Micheál Ó Conchúir; Trácht ar an bhfeisire Eorpach Brian Crowley

Micheál Ó Conchúir; Trácht ar an bhfeisire Eorpach Brian Crowley

 
Liam Ó Rócháin; Cur síos ar obráid croi a bhí aige anuraidh.

Liam Ó Rócháin; Cur síos ar obráid croi a bhí aige anuraidh.

 
An Saol ó Dheas 18ú Eanair 2019

An Saol ó Dheas 18ú Eanair 2019

 
Eibhlín Ní Chatháin, as Inis Oírr.

Eibhlín Ní Chatháin, as Inis Oírr.

 
Mary John Tom, Fód Dubh, i gCo. Mhaigh Eo.

Mary John Tom, Fód Dubh, i gCo. Mhaigh Eo.

 
Ardtráthnóna: Déardaoin 17 Eanáir 2019.

Ardtráthnóna: Déardaoin 17 Eanáir 2019.

 
Pádraig Ó Mathúna; mír ón gCartlann.

Pádraig Ó Mathúna; mír ón gCartlann.

 
Jim Ó Donnabháin - Meitheal Mara Chorcaí.

Jim Ó Donnabháin - Meitheal Mara Chorcaí.

 
Daltaí Mheánscoil San Nioclás.

Daltaí Mheánscoil San Nioclás.

 
Eamonn Turraoin, Criostal na Rinne.

Eamonn Turraoin, Criostal na Rinne.

 
Risteard Mac Eoin, Coiste Pobail Liospóil.

Risteard Mac Eoin, Coiste Pobail Liospóil.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 17 Eanáir 2019.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 17 Eanáir 2019.

 
Barrscéalta Déardaoin  17-01-2019.

Barrscéalta Déardaoin 17-01-2019.

 
Aindriú De Paor, tuairisceoir Baile Átha Cliath.

Aindriú De Paor, tuairisceoir Baile Átha Cliath.

 
Cruinniú a reachtáil Peadar Tóibín i nGaillimh.

Cruinniú a reachtáil Peadar Tóibín i nGaillimh.

 
Máire Ní Fhearraigh, Oifigeach Turasóireachta Gaeltachta Dhún na nGall.

Máire Ní Fhearraigh, Oifigeach Turasóireachta Gaeltachta Dhún na nGall.

 
Páidí Ó Sé, Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

Páidí Ó Sé, Bainisteoir Chomharchumann Chorca Dhuibhne.

 
Alan Esslemont, Ard Stiúrthóir TG4.

Alan Esslemont, Ard Stiúrthóir TG4.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle-on-Tyne.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle-on-Tyne.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 16 Eanáir 2016.

Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 16 Eanáir 2016.

 
Liam Mac an Mhaoir, Oíche ómóis don dochtúir Con Ó Murchú.

Liam Mac an Mhaoir, Oíche ómóis don dochtúir Con Ó Murchú.

 
Róisín Ní Ghairbhí, An file Michael Hartnett.

Róisín Ní Ghairbhí, An file Michael Hartnett.

 
Cian Ó Ciobháin, Clubanna oíche.

Cian Ó Ciobháin, Clubanna oíche.

 
Pádraig Ó Sé, comórtas peile Pháidí Uí Shé 2019.

Pádraig Ó Sé, comórtas peile Pháidí Uí Shé 2019.

 
An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 16 Eanáir 2019.

An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 16 Eanáir 2019.

 
Paidí agus Sarah Mhic Aoidh.

Paidí agus Sarah Mhic Aoidh.

 
Éamonn Mac Aoidh.

Éamonn Mac Aoidh.

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
An TD Piaras Ó Dochartaigh.

An TD Piaras Ó Dochartaigh.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Barrscéalta Dé Céadaoin 16-01-2019

Barrscéalta Dé Céadaoin 16-01-2019

 
Síle Nic Chonaonaigh, John Chuimín Ó Flatharta, John Breathnach, Josie Ó Giobúin.

Síle Nic Chonaonaigh, John Chuimín Ó Flatharta, John Breathnach, Josie Ó Giobúin.

 
Mairéad Farrell, Comhairleoir Cathrach & Tomás Ó Dubhda - Cairde Choillte Mheirlinne.

Mairéad Farrell, Comhairleoir Cathrach & Tomás Ó Dubhda - Cairde Choillte Mheirlinne.

 
Siobhán Denvir, Gleann Mór Cuan Teoranta.

Siobhán Denvir, Gleann Mór Cuan Teoranta.

 
An Dr. Sinéad O'Beirn, Dochtúr Teaghlaigh.

An Dr. Sinéad O'Beirn, Dochtúr Teaghlaigh.

 
Gobnait Ní Mhuineacháin, comhairleoir condae, Magh Chromtha .

Gobnait Ní Mhuineacháin, comhairleoir condae, Magh Chromtha .

 
Bernie Whyte, bainisteeoir abhantracht aibhneacha faoi scáth chomhairle condae na Gaillimhe.

Bernie Whyte, bainisteeoir abhantracht aibhneacha faoi scáth chomhairle condae na Gaillimhe.

 
Séamus Ó Domhnaill, cathaoirleach Chomahirle Condae Dhún na nGall.

Séamus Ó Domhnaill, cathaoirleach Chomahirle Condae Dhún na nGall.

 
Seán Kyne, Príomhaoire agus Aire Stáit Gaeltachta.

Seán Kyne, Príomhaoire agus Aire Stáit Gaeltachta.

 
Dr. Ian Malcoolm., tráchtaire, aondachtóir.

Dr. Ian Malcoolm., tráchtaire, aondachtóir.

 
Mícheál Ó Conchubhair, Coiste na Réigiún

Mícheál Ó Conchubhair, Coiste na Réigiún

 
Mícheál Ó Leidhin, eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Load More...
Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Iris Aniar

Iris Aniar

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Beo ar Éigean

Beo ar Éigean

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

Tús Áite

Tús Áite

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís