Nuacht an Tuaiscirt: Gabhla

Nuacht an Tuaiscirt: Gabhla

Gabhla

Caithfidh Rannóg Pleanála Chomhairle Contae Dhún na nGall a bheith ciallmhar ina bhfiosrúcháin faoi chúrsaí pleanála ar oileán Ghabhla, a dúirt Cathaoirleach na Comhairle Contae, An Comhairleoir Séamus Ó Dónaill. Caithfear deis a thabhairt do dhaoine rudaí a chur ina gceart, má tá rialacha pleanála a mbriseadh, chomh fada agus is féidir, a dúirt sé. Beidh fadhb de bharr an t-oileán a bheith i gceantar SPA, sa mhéid agus nach féidir cead a thabhairt forbairtí atá mídhleathach a choinneáil, rud a chiallóidh go mbeadh na forbairtí sin le leagan, a dúirt an Comhairleoir Ó Dónaill. Beidh cruinniú ag an Chomhairleoir Ó Dónaill le feidhmeannaigh pleanála na Comhairle Contae i Leifear ar maidin inniu faoin chás.

Leoraithe

Tá imní ar lucht trucail agus leoraithe i nDún na nGall faoin chostas breise a bheas orthu ma chuirfear teorainn chrua i bhfeidhm. Tá ar an chuid is mo dena comhlachtaí iompar i nDún na nGall taisteal fríd na Sé Contae le dhul go Baile Átha Cliath nó go Sasana,  agus táille €10 a íoc achan am a thrasnaíonn siad an teorann. Dúirt Sabba Ó Cuireáin, tiománaí leoraí le Comhlacht Fáisc Miotail Teoranta ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair go gcuirfeadh an teorann chrua moill mhór orthu ina gcuid oibre chomh maith le costas breise . Dúirt sé nach bhfuil barúil ag lucht iompar ar caidé mar a bheas cúrsaí san earnáil, agus teorainn chrua i bhfeidhm.

Toraigh

Tá díomá ar Phríomhoide Choláiste Pobail Oileán Thoraigh Máire Clár Ní Mhathúna nár tugadh eolas ar bith go fóill ar na socruithe maidir Scéim na gCúntóirí Teanga. Fógraíodh ag tús mí Iúil go raibh €1.02 milliún ceadaithe don scéim le cuidiú le 32 scoil breise páirt a ghlacadh sa scéim,  ina measc Coláiste Pobail Thoraigh agus ocht  scoil eile i nDún na nGall.  Dúirt sí gur chuir sí fáilte mhór roimh an scéal ag an am, ach nach ndearna duine ar bith teagmháil leo ó shin. Dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach go bhfaigheadh siad eolas faoin scéim láithreach sa dóigh is  go dtig leo a dhul ar aghaidh lena gcuid socruithe.

Comhairleoir gairmthreorach

Tá comhairleoir gairmthreorach ceaptha anois ag Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall do Sheirbhís Oideachas Aosaigh an Bhoird. Beidh an comhairleoir gairm threorach seo ag déileáil le daoine fásta a bhfuil suim acu pilleadh ar chúrsaí oideachais i ndiaidh daofa a bheith gan obair ar feadh seal. Is in Ionad Tacaíochta Foghlaimeoirí an Bhoird ag McKendrick Place ar Bhóthar an phoirt a bheas Elena Gill ag feidhmiú mar chomhairleoir gairm threorach. Rinne 11,000 duine fásta cúrsaí do dhaoine fásta faoi Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall i 2017.

Coiste Bhailte Slachtmhara

Tá achainí déanta ag Coiste Bhailte Slachtmhara Bhun Crannacha ar an Taoiseach cuairt a thabhairt ar Pháirc na hEala i mBun Crannacha, a scriosadh i dtuile bliain ó shin. Beidh an Taoiseach, Leo Vradkar ar cuairt i nDún na nGall ar an Mháirt seo chugainn, agus d'iarr Paddy MacLaughlin ó Choiste Bhailte Slachtmhara Bhun Crannacha, ar an Taoiseach agus an tAire Stáit Joe McHugh, cuairt a thabhairt ar an láthair. Rinneadh luach €2.3m de dhamáiste den pháirc baile, agus níl maoiniú ar fáil faoi láthair leis an damáiste a chóiriú,  a dúirt Paddy McLaughlin. Bhí Páirc na hEala mar áis iontach turasóireachta, a mheall go leor go hInis Eoghain, a dúirt sé, agus caithfear an maoiniú a fháil ón Rialtas lena chóiriú, dar leis.

Oispís Dhún na nGall

Tá achainí a ndéanamh ag Oispís Dhún na nGall ar an phobal tacú le maidin chaife a bheas a reáchtáil le hairgead a bhailiú don oispís ar an 20ú lá den mhí seo. Deir siad go bhfuil an maidin chaife i measc na bpríomh fhoinsí maoinithe atá acu achan bhliain. Is é seo an 26ú bliain maidin chaife a bheith a reáchtáil le hairgead a bhailiú don oispís. Tá uasghrádú a dhéanamh ar an fhoirgneamh ina bhfuil an oispís faoi láthair. Le cois na seirbhísí a chuirtear ar fáil san oispís féin, tá seisear altraí pobail ag feidhmiú ón Oispís, ag tacú le teaghlaigh ar fud na contae.

Bus scoile

Fágadh roinnt páistí bunscoile gan seirbhís bus scoile i gceantar Inis Eoghain ar maidin inné, i ndiaidh fadhb cumarsáide idir Bus Éireann agus tiománaí bus. Is cosúil gur dearnadh athrú ar cheantar a mbeadh an bus scoile ag freastal air don scoil bhliain seo, ach go raibh easpa cumarsáide idir Bus Éireann agus tiománaí bus dá gcuid. Dá bharr fágadh páistí óga ar thaobh an bhealaigh, agus b'éigean dá dtuismitheoirí iad a thabhairt na scoile. Tharla sé seo do pháistí atá ag freastal ar Scoil Dhomhnaigh i gCarn Domhnach ar maidin inné. Deir Bus Éireann gur iadsan a rinne an botún, agus go mbeadh an tseirbhís ar fáil do dhaltaí na scoile sin ón lá inniu ar aghaidh.
 

Beo

Scoth na hAoine

Scoth na hAoine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Béal Maidine

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Fiontar tiomsaithe airgid á sheoladh ag Club an Chonradh

Fiontar tiomsaithe airgid á sheoladh ag Club an Chonradh

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 15 Feabhra 2019.

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 15 Feabhra 2019.

 
Eoghan Ó Loideáin.

Eoghan Ó Loideáin.

 
An tAthair Clement Mac Mánuis.

An tAthair Clement Mac Mánuis.

 
Niamh Ní Chonaill, Oibrí Deonach leis an Eagraíocht Gaillimh 2020.

Niamh Ní Chonaill, Oibrí Deonach leis an Eagraíocht Gaillimh 2020.

 
Edel Ní Churraoin, Laurence Ó Conghaile, Róisín Ní Chatháin & Pádraig Ó hIarnáin.

Edel Ní Churraoin, Laurence Ó Conghaile, Róisín Ní Chatháin & Pádraig Ó hIarnáin.

 
Seán Ó Gabháin, ón gcomhlacht 'Seaspray' & Noel Ó Laoi ón gComhlacht 'Organic Seaweed Company'.

Seán Ó Gabháin, ón gcomhlacht 'Seaspray' & Noel Ó Laoi ón gComhlacht 'Organic Seaweed Company'.

 
Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Áine Ní Bhreisleáin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Cormac Ó Murchú, An Spidéal.

Cormac Ó Murchú, An Spidéal.

 
Micheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Seán Ó Cuirreáin, iar-choimisinéir teanga.

Seán Ó Cuirreáin, iar-choimisinéir teanga.

 
Seán Pól Ó Conchúir, An Daingean.

Seán Pól Ó Conchúir, An Daingean.

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, Sasana.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle, Sasana.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta  an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta  an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta  an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Mír na Nuachtan Áitiúla

Mír na Nuachtan Áitiúla

 
Gradam Ghlór na nGael Bronnta ar an gCumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide don 5ú Bliain as a chéile

Gradam Ghlór na nGael Bronnta ar an gCumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide don 5ú Bliain as a chéile

 
Trí Ghlúin de Theaghlach Gaeilgeoirí Cathrach ag caint faoi tógáil pháistí le Gaeilge

Trí Ghlúin de Theaghlach Gaeilgeoirí Cathrach ag caint faoi tógáil pháistí le Gaeilge

 
Cad a shíleann cosmhuintir Fhianna Fáil faoin socrú le Fine Gael

Cad a shíleann cosmhuintir Fhianna Fáil faoin socrú le Fine Gael

 
Polaitíocht an Lae

Polaitíocht an Lae

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 14 Feabhra 2019.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 14 Feabhra 2019.

 
Eibhlín Ní Chatháin, ár dtuairisceoir.

Eibhlín Ní Chatháin, ár dtuairisceoir.

 
Anne Marie Ní Thuathail, Eagarthóir an chórais roghnúcháin ó lárionad Rós na Gaillimhe.

Anne Marie Ní Thuathail, Eagarthóir an chórais roghnúcháin ó lárionad Rós na Gaillimhe.

 
Colette Nic Aodha, File.

Colette Nic Aodha, File.

 
Edel Ní Bhraonáin, Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh.

Edel Ní Bhraonáin, Tascfhórsa Uíbh Ráthaigh.

 
Aindrias Ó Muineacháin, T.D. Fianna Fáil.

Aindrias Ó Muineacháin, T.D. Fianna Fáil.

 
Máirín Uí Fhearraigh, Comharchumann na nOileán Bheaga.

Máirín Uí Fhearraigh, Comharchumann na nOileán Bheaga.

 
Eithne Nic Dhonnchadha, Bord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin.

Eithne Nic Dhonnchadha, Bord Oideachais & Oiliúna na Gaillimhe & Ros Comáin.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Dr. Colm Henry,  Príomhoifigeach Cliniciúil , Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

Dr. Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil , Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta  an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Mír na Meán

Mír na Meán

 
Declan Rice le himirt ar son Shasana

Declan Rice le himirt ar son Shasana

 
Níl fórmór múinteoirí bunscoile ábalta comhrá a dhéanamh i nGaeilge a deir Éamon Ó Cuiv

Níl fórmór múinteoirí bunscoile ábalta comhrá a dhéanamh i nGaeilge a deir Éamon Ó Cuiv

 
Breatimeacht

Breatimeacht

 
Polaitíocht an Lae

Polaitíocht an Lae

 
Áine Ní Chearúil agus daltaí ó Choláiste Íde.

Áine Ní Chearúil agus daltaí ó Choláiste Íde.

 
Brian Ó Donnchadha agus Hannah Ní Shearcaigh; Cúrsa san aistriúchán i gCorcaigh.

Brian Ó Donnchadha agus Hannah Ní Shearcaigh; Cúrsa san aistriúchán i gCorcaigh.

 
Joe Ó Siochrú; Seamróga Bhaile an Sceilig.

Joe Ó Siochrú; Seamróga Bhaile an Sceilig.

 
Frances agus Seáinín Mac Eoin, Prátaí luatha.

Frances agus Seáinín Mac Eoin, Prátaí luatha.

 
An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 13 Feabhra 2019.

An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 13 Feabhra 2019.

 
Barry Ó Coisdealbha, Bainisteoir Cúnta Thearmann Éanna.

Barry Ó Coisdealbha, Bainisteoir Cúnta Thearmann Éanna.

 
Load More...
Tús Áite

Tús Áite

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Iris Aniar

Iris Aniar

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Cuireadh Chun Ceoil

Cuireadh Chun Ceoil

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Barrscéalta

Barrscéalta

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís