Nuacht an Tuaiscirt: Oifigí Poist á ndúnadh

Nuacht an Tuaiscirt: Oifigí Poist á ndúnadh

Buille eile do phobail tuaithe an scéala go bhféadfadh suas le 13 oifig poist i nDún na nGall dúnadh a deir an Seanadóir Pádraig Mac Lochlainn.

Tá muintir na tuaithe á mbualadh arís a deir an seanadóir Mac Lochlainn agus seirbhísí riachtanacha á gcailleadh.

Ba cheart seans a thabhairt do ghnónna nó do dhaoine sa bpobal oifig poist a ghlacadh ar láimh a deir sé.

Tá dualgas ar an Aire Denis Naughten a chinntiú nach ndúntar oifigí poist sa chondae a deir an Seanadóir agus mhol sé don phobal scríobh chuig rannóg athbhreithnithe An Post i mBaile Átha Cliath.

Plean Teanga na Comhairle Condae

Tá súil ag Oifigeach Forbartha Gaeilge Chomhairle Condae Dhún na nGall Seán Ó Daimhín plean teanga na Comhairle Condae a sheoladh ag ócáid oifigiúl sa bhFómhar.

Tá sé beartaithe ag Rannóg Gaeilge na Comhairle lámhleabhar bheag nó cártaí eolais a dhearadh don phobal, le eolas a thabhairt dóibh faoina gcearta teangan agus faoina dualgais atá ar an gComhairle Condae.

Caithfear an pobal a chur ar an eolas faoi na seirbhísí agus na freagrachtaí atá ar an tÚdarás áitiúil i leith na Gaeilge a deir Séan Ó Daimhín.

Thug sé le fios freisin go bhfuil Oifig an Choimisinéara Teanga i mbun scrúdaithe ar shuíomh idirlíne na Comhairle Condae le cinntiú go bhfuil an suíomh ag cloí le na dualgais teangan atá leagtha síos don Chomhairle.

Easpa cúraim siceolaíoch don aos óg

Tá 75 duine óg, faoi 18 bliain, i nDún na nGall ag fanacht breis agus bliain le cúram siceolaíoch a fháil.

De bharr liostaí feithimh do na seirbhísí meabhairshláinte do dhaoine óga a bheith chomh fada bíonn gá in amanna páistí a chuir chuig aonaid a thugann cúram do dhaoine fásta, ceal siceolaithe ar leith d’ógánaigh.

Dúirt an Teachta Dála Sarah Jane Henelly ó Pháirtí na nDaonlaithe Sóisialta, - a fuair na figiúirí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, - go bhfuil géarchéim i seirbhísí meabhairshláinte do dhaoine óga agus go gcaithfear breis leapacha a chur ar fáil.

Supermacs i nDún na nGall

Inniu a osclófar bialann úr Supermacs i mBaile Dhún na nGall.

Tá bialanna Supermacs agus Papa Johns lonnaithe i bhfoirgneamh dhá stór ag Droim Lonachair ar imeall an bhaile agus tá siopa ar an láthair chomh maith le hionad breosla.

Cruthófar 60 post. Is é an chéad ionad ag Supermacs sa chondae é.

Tosaíodh ar an obair thógála i bhfómhar na bliana anuraidh.

Miss Universe

Bean as Inis Eoghain a bhuaigh comórtas áilleachta Miss Universe na hÉireann ag ócaid i mBaile Átha Cliath aréir.

23 atá Gráinne Gallanagh.

Is as Bun Cranncha di agus is altra i Londain í.

Is uirthi a bronnadh an gradam sa gcomórtas i dTeach an Ardmhéara aréir.

Rachaidh sí ar aghaidh anois ina h-ionadaí ar Éirinn i gcomórtas domhnada Miss Universe.

Bhí Gráinne agus beirt bhan eile as an chondae, Emma Ní Rabhrtaigh as Dun Lúiche agus Niamh Frain as Leitir Ceanainn, sa gcoimhlint náisiúnta aréir.

Beo

Príomhscéalta na Nuachta

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

An Saol ó Dheas

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Colm O Muircheartaigh;Pip na Máirte

Colm O Muircheartaigh;Pip na Máirte

 
Angela Bourke;The Burning of Bridget Cleary.

Angela Bourke;The Burning of Bridget Cleary.

 
Micheál Ó Cinnéide;Rothaíocht abhaile

Micheál Ó Cinnéide;Rothaíocht abhaile

 
An t-Athair Eoin Ó Cadhla;Coirmcheoil an Pharóiste.

An t-Athair Eoin Ó Cadhla;Coirmcheoil an Pharóiste.

 
Edel Ní Loibhéad;Trácht ar Bhóthar Chínn Sléibhe.

Edel Ní Loibhéad;Trácht ar Bhóthar Chínn Sléibhe.

 
An Saol ó Dheas 14ú Lúnasa 2018

An Saol ó Dheas 14ú Lúnasa 2018

 
Colm Ó Maolmhuire, Institiúd Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir.

Colm Ó Maolmhuire, Institiúd Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir.

 
Áine Ní Bhreisleáin.

Áine Ní Bhreisleáin.

 
An Comh. Séamus Cosaí MacGearailt, Fine GAel.,

An Comh. Séamus Cosaí MacGearailt, Fine GAel.,

 
Dr. Seán Ó Riain, Ollscoil Mhá Nuad.

Dr. Seán Ó Riain, Ollscoil Mhá Nuad.

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Eoghan Ó Néill, iriseoir le Raidió Fáilte.

Eoghan Ó Néill, iriseoir le Raidió Fáilte.

 
Séamus Breathnach, Bord Iascaigh Mara.

Séamus Breathnach, Bord Iascaigh Mara.

 
Áine Ní Chiaráin, tráchtaire polaitíochta.

Áine Ní Chiaráin, tráchtaire polaitíochta.

 
Pádraig Ó Gríofa.

Pádraig Ó Gríofa.

 
Máirin Ní Ghadhra.

Máirin Ní Ghadhra.

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Edel Ní Loibhéad ag raiseanna an Daingin

Edel Ní Loibhéad ag raiseanna an Daingin

 
Séamus Ó Laoithe;Ráiseanna Bhéal Bán

Séamus Ó Laoithe;Ráiseanna Bhéal Bán

 
Micheál Ó Drisleáin;Daonscoil na Mumhan

Micheál Ó Drisleáin;Daonscoil na Mumhan

 
Micheál Ó Muircheartaigh;cluichí leathcheannais peile na h-Eireann

Micheál Ó Muircheartaigh;cluichí leathcheannais peile na h-Eireann

 
An Saol ó Dheas 13ú Lúnasa 2018

An Saol ó Dheas 13ú Lúnasa 2018

 
Mícheál Seán Ó Mathúna.

Mícheál Seán Ó Mathúna.

 
Ailish Bhreathnach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Ailish Bhreathnach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe

 
Comh. Norma Moriarty, Fianna Fáil.

Comh. Norma Moriarty, Fianna Fáil.

 
Paul MacSweeney, FÓRSA.

Paul MacSweeney, FÓRSA.

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Comhairleoir Mairéad Farrell, Sinn Féin.

Comhairleoir Mairéad Farrell, Sinn Féin.

 
Máire Uí Cheallaigh, Forbairt Eachla.

Máire Uí Cheallaigh, Forbairt Eachla.

 
Virginia O'Mahoney.

Virginia O'Mahoney.

 
MacDara MacDonncha.

MacDara MacDonncha.

 
Máirín Ní Ghadhra.

Máirín Ní Ghadhra.

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Tommy Peoples

Tommy Peoples

 
Murach gur Tharla - Clár 10

Murach gur Tharla - Clár 10

 
An Saol ó Dheas 10ú Lúnasa 2018

An Saol ó Dheas 10ú Lúnasa 2018

 
Dara Ó Cinnéide, Raidió na Gaeltachta.

Dara Ó Cinnéide, Raidió na Gaeltachta.

 
Maidhc Ó Finneadha, Raidió na Gaeltachta.

Maidhc Ó Finneadha, Raidió na Gaeltachta.

 
Liam Stone.

Liam Stone.

 
Eoghan Corry, Travel Extra.

Eoghan Corry, Travel Extra.

 
Séan Ó Cinnéide, Comharchumann Dhún Chaoin.

Séan Ó Cinnéide, Comharchumann Dhún Chaoin.

 
Oilibhéar Mac Dáibhéid, Fine Gael.

Oilibhéar Mac Dáibhéid, Fine Gael.

 
Áine Ní Chiaráin, iriseoir polaitíochta.

Áine Ní Chiaráin, iriseoir polaitíochta.

 
Pádraig Ó Gríofa.

Pádraig Ó Gríofa.

 
Máirín Ní Ghadhra

Máirín Ní Ghadhra

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

 
Caitríona agus Máiréad Ni Luasa;An Screathan

Caitríona agus Máiréad Ni Luasa;An Screathan

 
Declan Mangan;Aonach an Phoic

Declan Mangan;Aonach an Phoic

 
Micheál Ó Sé;Feachtas bailithe airgid ar mhaithe le Croí Uibh Ráthaigh

Micheál Ó Sé;Feachtas bailithe airgid ar mhaithe le Croí Uibh Ráthaigh

 
Micheál Ó Conchúir;Coiste na Réigiún sa Chomhphobal

Micheál Ó Conchúir;Coiste na Réigiún sa Chomhphobal

 
An Saol o Dheas 9ú Lúnasa 2018

An Saol o Dheas 9ú Lúnasa 2018

 
Load More...
Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Murach Gur Tharla

Murach Gur Tharla

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Cuireadh Chun Ceoil

Cuireadh Chun Ceoil

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

PléScéal

PléScéal

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís