Nuacht an Deiscirt: Rúidbhealach
Rúidbhealach
Tá iarratas déanta ag bord Aerfort Réigiúnach Phort Láirge ar an Comhairle Contae, chun cur le rúidbhealach an aerfoirt. Tá sé beartaithe 470 méadar a chur leis an rúidbhealach, agus é a leathnú ó 30 méadar go 45 méadar. Chuirfeadh na forbairtí seo ar chumas scairdeitleán an aerfort a úsáid, agus d'fhéadfaí níos mó bealaí aeir idirnáisiúnta a chur ar fáil as Aerfort Réigiúnach Phort Láirge. Níl aon seirbhísí aeir ag feidhmiú as aerfort réigiúnach Phort Láirge ó lár na bliana 2016. Tá cead á lorg 205 spás breise a chur leis an gcarrchlós ag an aerfort chomh maith.
Cúil Aodha
Deir an fear gnó áitiúil i gCúil Aodha, Peadar Ó Lionáird, ná fuil sé sásúil in aon chor, an luas a bhíonn ag leoraithe an chomhlachta ESBI ag gabháil trí shráidbhaile Chúil Aodha. Tuigtear do Pheadar go mbeidh suas le 2,000 leoraí ag úsáid an bhóthair sin i mí Eanair seo chugainn, ach deir sé go bhfuil an baol ann go dtarlóidh tionóisc mura moillíonn na leoraithe. 50 ciliméadar san uair, an teorainn luais atá sa tsráidbhaile faoi láthair ach níl aon dabht ann a deir Peadar, go mbíonn na tiománaithe á shárú san. Dúirt ESBI i ráiteas a chuireadar ar fáil do Nuacht an Deiscirt, go bhfuil foláireamh tugtha acu dá gcuid oibrithe, go mbrisfear as a phost aon tiománaí a sháraíonn an teorainn luais as seo amach.
Wi-fi
Tá sé molta ag an gComhairleoir Gobnait Ní Mhuimhneacháin ó Chúil Aodha, go mbeadh cruinniú ag an gComhairle Contae le lucht gnó Mhaigh Chromtha sara fada chun a chur in iúl dóibh go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le wi-fi saor in aisce a bheith ar fáil ar an mbaile. Tá cheithre bhaile roghnaithe ag Comhairle Contae Chorcaí mar bhailte píolótacha chun an wi-fi saor in aisce a thriailt iontu agus tá Maigh Chromtha ar cheann acu san. Dar le Gobnait, go n-éireodh níos fearr le hionaid gnó sa bhaile dá mbeadh an tseirbhís seo le fáil iontu. Mhol an Comhairleoir Des O Grady, Sinn Féin, go gceart go ndéanfaí an tseirbhís wifi a fhógairt ar an seachbhóthar nua atá le tógaint idir Baile Mhúirne agus Mhaigh Chromtha, chun cuairteoirí a mhealladh isteach an bhaile. Pléadh an méid seo ag cruinniú don gceantar bardasach le deanaí.
Gradam Ghlór na nGael Bronnta ar an gCumann Gaelach, Coláiste na Tríonóide don 5ú Bliain as a chéile