Nuacht an Tuaiscirt:Costas breise le rialacha GDPR

Nuacht an Tuaiscirt:Costas breise le rialacha GDPR

Costas breise le rialacha GDPR

Tá costas breise agus ualach breise oibre ar Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall, le cloí le rialacha nua cosaint sonraí GDPR.

Rialacha iad seo a cuireadh i bhfeidhm le gairid.

Tá Oifigeach Sonraí ceaptha ag an Bhord ar bhonn sealadach, Brenda Ní Bhaoill.

Tá súil ag an mBord go mbeidh maoiniú ón Roinn Oideachais le híoc as an phost seo ar bhonn buan.

Dúirt Príomhfheidhmeannach an Bhoird, Anne McHugh gur obair leanúnach atá i gceist leis an dlí nua seo ar chosaint sonraí.

'Tá obair mhór leis na rialacha ar fad a chomhlíonadh', a dúirt sí.

Is polasaí lárnach ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na hÉireann a chuir an Bord i bhfeidhm ag a gcruinniú le gairid.

Drioglann uisce beatha le bunú i gCroithlí

Tá cead pleanála tugtha do Dhrioglann Thír Chonaill Teoranta le mion dhrioglann uisce beatha agus ionad do chuairteoirí a bhunú i sean mhonarcha Chroithlí.

Tá sé choinníoll curtha leis an chead pleanála.

Dúradh nach mbeadh sé ceadaithe ligean d'uisce sileadh ón láthair amach ar an phríomh bhealach ar mhaithe le baol tuillte a sheachaint.

Má bhíonn comharthaíocht le cur in airde ar an fhoirgnimh dúradh go gcaithfeadh sin a bheith pléite leis an Chomhairle Contae agus iad sin a bheith i nGaeilge.

Méadú ar chéatadáin na rátaí gnó

Tháinig méadú ar chéatadáin na rátaí gnó a bhailigh Comhairle Contae Dhún na nGall idir 2015 agus 2017, do réir an eolais atá curtha ar fáil ag Rannóg Airgeadais na Comhairle Contae don Chomhairleoir Contae Patrick McGowan.

I 2015, bailíodh 63% de rátaí gnó sa chontae, bailíodh 68% dena rátaí gnó i 2016 agus anuraidh bailíodh 74% de rátaí gnó na contae.

Bhí luach €14.6m de rátaí gnó nár éirí leis an Chomhairle a bhailiú i nDún na nGall anuraidh.

10 gcinn de thograí forbartha curtha ag meánscoileanna chuig an Roinn

Tá iarratais do deich gcinn de thograí forbartha ag meánscoileanna de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall déanta chuig an Roinn Oideachais faoi láthair.

San  áireamh tá iarratas le aonad uathachais a chur ar fáil ag Ghairmscoil na Mainistreach i mBaile Dhún na nGall, le cois sé cinn de sheomraí réamhthógtha a chur ar fáil don scoil.

Tá aonad uathachais agus seomra úr miotalóireachta a lorg do Coláiste Deele i Rath Bhotha,  agus seomra ranga breise agus aonad uathchais ag Coláiste na Maoil Ruaidhe i mBaile na nGallóglach.

Obair ar an phríomhbhealach i gCroithlí i nGaoth Dobhair

Cuirfear tús inniu le obair ar an phíomh bhealach i gCroithlí i nGaoth Dobhair, agus beidh conraitheoirí Northstone i mbun oibre ar 1.96Km bealaigh ansin ar feadh tréimhse seacht seachtainí.

Rinne roinnt de lucht gnó na háite achainí ar Rannóg Bóthair na Comhairle Contae an obair seo a chur ar athló go dtí go mbeadh deireadh le séasúr an tsamhraidh, de bharr an oiread imeachtaí agus féilte a bheas sa cheantar agus an obair seo ar siúl.

Deir an Comhairleoir Contae John Shéamuis Ó Fearraigh go bhfuil infheistíocht fhiúntach a dhéanamh i ndromchla úr nua a chur ar an bhealach i gCroithlí, rud a bhí ag teastáil go géar, a dúirt sé.

Cruinniú eolais faoi shuirbhé i dtaca le Earagal a dhreapadh

Beidh cruinniú eolais ar siúl i nDún Lúiche tráthnóna inniu,  maidir le suirbhé a bheas ar bun ag Comhairle Contae Dhún na nGall ar na daoine a dhéanann an Earagail a dhreapadh.

Beidh an Chomhairle Contae ag tabhairt faoin suirbhé seo i mí Iúil agus i mí Lúnasa, mar pháirt de thogra Ascent, atá bunaithe le forbairt agus caomhnú a dhéanamh ar an Earagail.

Tá meitheal daoine a lorg le cuidiú an suirbhé seo a dhéanamh, ar bhonn deonach, thar tréimhse dhá mhí sa tSamhradh.

Is in Ionad Pobail Dhún Lúiche a bheas an cruinniú eolais tráthnóna inniu, ag toiseacht ar a 7.00. 

Beo

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Seoda Cartlainne

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol o Dheas: Dé hAoine 15 Meitheamh 2018.

An Saol o Dheas: Dé hAoine 15 Meitheamh 2018.

 
Ciarán Hoare, Cartlannaí Leabharlann James Hardiman.

Ciarán Hoare, Cartlannaí Leabharlann James Hardiman.

 
Mícheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Dr. Attracta O’ Halpin, Cláraitheoir, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Dr. Attracta O’ Halpin, Cláraitheoir, Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

 
Máire Uí Mhaoláin, Bainisteoir Comhar Chaomháin, Inis Oírr.

Máire Uí Mhaoláin, Bainisteoir Comhar Chaomháin, Inis Oírr.

 
Mícheál S. Mac Donncha, Cathaoirleach nua Bord RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál S. Mac Donncha, Cathaoirleach nua Bord RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Séamus Ó Domhnaill, Cathaoirleach, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Mícheal Ó Gliasáin, Comhairleoir Condae, Cill Áirne.

Mícheal Ó Gliasáin, Comhairleoir Condae, Cill Áirne.

 
Aoife Ní Mhurchú, altra le Médicins Sans Frontieres.

Aoife Ní Mhurchú, altra le Médicins Sans Frontieres.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Muireann Nic Giolla Ruaidh.

Muireann Nic Giolla Ruaidh.

 
Caitlín Ní Mhuircheartaigh,Ben Ó Loingse, Cathy Uí Chorduibh, Beitsí Ní Shuibhne, Micheál Ó Ceallacháin, Mícheál Ó Sé agus Áine Uí Bheoláin.

Caitlín Ní Mhuircheartaigh,Ben Ó Loingse, Cathy Uí Chorduibh, Beitsí Ní Shuibhne, Micheál Ó Ceallacháin, Mícheál Ó Sé agus Áine Uí Bheoláin.

 
Diarmaid Ó Ceallaigh, Anála Inis Faithleann.

Diarmaid Ó Ceallaigh, Anála Inis Faithleann.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 14 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 14 Meitheamh 2018.

 
Peadar Tóibín, T.D. Sinn Féin.

Peadar Tóibín, T.D. Sinn Féin.

 
Conall Ó Cíobháin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Conall Ó Cíobháin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Lochlainn Ó Tuairisg, An Crann Taca/ITT Indreabhán.

Lochlainn Ó Tuairisg, An Crann Taca/ITT Indreabhán.

 
Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle-upon-Tyne.

Seán Ó Cadhain, tráchtaire, Newcastle-upon-Tyne.

 
Ger Canning, tráchtaire spóirt, RTÉ.

Ger Canning, tráchtaire spóirt, RTÉ.

 
Cathal Mac Suibhne, Innealtóir Mara, Comhairle Condae Dhún na nGall.

Cathal Mac Suibhne, Innealtóir Mara, Comhairle Condae Dhún na nGall.

 
Cian Molloy, tráchtaire, cúrsaí eaglasta.

Cian Molloy, tráchtaire, cúrsaí eaglasta.

 
An Tuairisc  Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Áine Moynihan.

Áine Moynihan.

 
Tomás Rua Ó Cadhla.

Tomás Rua Ó Cadhla.

 
Máire Ní Chinnéide.

Máire Ní Chinnéide.

 
Seáinín Mac Eoin, Féile an Phráta.

Seáinín Mac Eoin, Féile an Phráta.

 
Peigí Uí Mhathúna.

Peigí Uí Mhathúna.

 
An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 13 Meitheamh 2018.

An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 13 Meitheamh 2018.

 
Joe Mag Raollaigh, RTÉ.

Joe Mag Raollaigh, RTÉ.

 
Load More...
Adhmhaidin

Adhmhaidin

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Rónán Beo

Rónán Beo

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Barrscéalta

Barrscéalta

PléScéal

PléScéal

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís