Nuacht an Tuaiscirt: Ionad nua

Nuacht an Tuaiscirt: Ionad nua

Ionad nua

Tá sé tugtha le fios ag an Teachta Dála agus Leas Cheann Comhairle Pat the Cope Ó Gallachóir go bhfuil maoiniú €2.1m a ceadaithe inniu le leabharlann, ionad foróige agus ionad acmhainní teaghlaigh a fhorbairt i mBaile Dhún na nGall.  Tá sé beartaithe an t-ionad úr a fhorbairt ar shuíomh i lár an bhaile.  Dúirt an Teachta Ó Gallachóir gur deascéala é seo go háirithe do bhaile nach raibh seirbhísí leabharlainne ann le deich mbliana.  Dúirt sé go mbeidh sé ag brú anois ar an chomhairle contae agus na heagraisí cuí cead pleanála a lorg láithreach leis an togra bhrú ar aghaidh. 

Meabhairshláinte

Tá méadú mór ar líon na bpáistí i gceantar an iar thuaiscirt atá ag fanacht le coinne a fháil ón tseirbhís meabhair shláinte do pháistí agus do dhaoine óga.  Bhí 239 páiste agus daoine óga sa réigiún ar liosta feithimh ag deireadh mí Mhárta, méadú ó 195 a bhí ar an liosta an mhí roimhe sin.  Tá 2,700 páiste agus daoine óga ar fud na tíre ar liostaí feithimh le seirbhísí meabhair shláinte a fháil i láthair na huaire, agus tá 386 acusan ag fanacht le níos mó ná bliain le coinne a fháil.

Otharlann Leitir Ceanainn

Tá 15,000 othar seachtrach ag fanacht le coinne in Otharlann Leitir Ceanainn faoi láthair.  Lena chois sin léiríonn na figiúirí is deireanaí go bhfuil 2,275 othar cónaitheach ag fanacht le coinne a fháil san otharlann.  Tháinig méadú de 1,600 le bliain ar líon na ndaoine ag fanacht le coinne mar othar seachtrach san otharlann, méadú ó thrí mhíle dhéag, 669 anuraidh go cúig mhíle dhéag, 289 i mbliana.  De réir na bhfigiúirí atá eisithe ag an Chiste Náisiúnta um Cheannach Cóireála, tá 4,727 dona hothair atá ar an liosta faoi láthair ag fanacht le coinne le níos mó ná bliain.  Is do choinne a bhaineann le rannóg ENT is mó atá daoine ar liosta feithimh, liosta ar a bhfuil 3,129 duine air faoi láthair.  Léiríonn na figiúirí seo fosta go bhfuil 2,101 othar ag fanacht le breis agus ocht mí dhéag le coinne in Otharlann Leitir Ceanainn.

Lárionad Acmhainní Nádúrtha

Tá athbhreithniú déanta ar mhúnla oibre Lárionad Acmhainní Nádúrtha Teoranta i gCill Ulta i gCloich Cheann Fhaola agus réimsí eile aitheanta acu ar a mbeidh siad ag díriú amach anseo.  Ba ag plé le cúrsaí curaíochta ina dtithe gloine amháin a bhíodh LAN Teoranta go dtí seo, ach tá réimsí eile aitheanta acu anois le haird a dhíriú orthu.  Ina measc tá fuinneamh inathnuaite, cúrsaí oiliúna agus oideachais agus cúrsaí turasóireachta.  Dúirt Bainisteoir LAN Teoranta, Eithne Nic Lochlainn go bhfuil siad ag plé le cúrsaí fuinnimh in athnuaite le dhá bhliain, agus go bhfuil siad anois ag obair ar mhór phlean fuinnimh ceantair a chur i gcrích. Tá obair ar bun acu chun tacú le grúpaí pobail maidir le fuinnimh inathnuaite de, agus tá súil acu cur leis an obair sin amach anseo.  Lena chois sin tá sé i gceist cúrsaí oiliúna agus oideachais a reáchtáil agus díriú ar thurasóireacht a bheadh bainteach le cúrsaí bia.  Tá LAN Teo ag plé le roinnt foinsí maoinithe faoi láthair agus deir Eithne Nic Lochlainn go bhfuil siad dóchasach go mbeidh siad ábalta tacaíocht a fháil dá bpleananna forbartha.

Obair shábháilteachta

Tá obair shábháilteachta ar bun ag foireann oibre de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall ar roinnt oileáin an tseachtain seo.  Thosaigh an Chomhairle ag obair in Inis Meáin inné, agus beidh obair a dhéanamh in Inis Oirthear agus in Inis Bó Finne inniu agus amárach.  Obair shábháilteachta ag na céanna atá ar bun ag an Chomhairle, le go mbeidh sé sábháilte bádaí a thabhairt i dtír ansin.  Dúirt an Comhairleoir Contae Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig go bhfuil an obair seo riachtanach, agus go raibh éilimh lena dhéanamh le tamall fada.

Iascaireacht

Ba cheart do phobal iascaireachta Dhún na nGall páirt a ghlacadh i bpróiseas chomhairleach ar chúrsaí iascaireachta san chrios farraige sé mhíle amach ón chósta, a dúirt an Teachta Dála Thomas Pringle.  Tá srianta ar bháid áirithe a bheith ag iascaireacht trí mhí, sé mhíle agus dhá mhíle dhéag ó chósta na tíre, a dúirt sé.  Deir sé go bhfuil báid mhóra ag iascaireacht taobh istigh den chrios sé mhíle, rud atá ag cur isteach go mór ar iascairí beaga cois cósta.  Tá an próiseas chomhairleach seo curtha ar bun aois de bharr brú ón Teachta Pringle agus Teachtaí eile, a dúirt sé, le cuidiú le hiascairí beaga cois cósta.  Deir sé go bhfuil súil aige go dtabharfaidh Roinn na Mara cluas le héisteacht dona hiascairí beaga, agus ag cuidiú stoc éisc a chaomhnú ag an am céanna.

Beo

Béal Maidine

Béal Maidine

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Gníomh na Polaitíochta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Edel Ní Loibhéád.

Edel Ní Loibhéád.

 
Micheál Ó Lionáird.

Micheál Ó Lionáird.

 
Muireann Nic Amhlaoibh.

Muireann Nic Amhlaoibh.

 
Cormac Ó Beaglaoich, Ceol agus seiceolaíocht.

Cormac Ó Beaglaoich, Ceol agus seiceolaíocht.

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 21 Meán Fómhair 2018.

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 21 Meán Fómhair 2018.

 
Muireann Ní Dhroighneáin, Ealaín na Gaeltachta.  & Ray Yeates, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

Muireann Ní Dhroighneáin, Ealaín na Gaeltachta. & Ray Yeates, Comhairle Cathrach na Gaillimhe.

 
Gret O' Connor, Comharchumann Forbartha Mhúscraí.

Gret O' Connor, Comharchumann Forbartha Mhúscraí.

 
Cróna Ní Ghallachóir, Gort a Choirce.

Cróna Ní Ghallachóir, Gort a Choirce.

 
Catherine Connolly, T.D, Gaillimh Thiar.

Catherine Connolly, T.D, Gaillimh Thiar.

 
Tarlach de Blácam, Coiste Cosanta Seirbhís Aeir Árann.

Tarlach de Blácam, Coiste Cosanta Seirbhís Aeir Árann.

 
Rónán Mac an Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Rónán Mac an Iomaire, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Iriseoireacht chlóite na Gaeilge

Iriseoireacht chlóite na Gaeilge

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Gerry Motherway, An Mai san Everyman.

Gerry Motherway, An Mai san Everyman.

 
Pádraig Ó Súilleabháin, Dánscoil Shliabh Luachra.

Pádraig Ó Súilleabháin, Dánscoil Shliabh Luachra.

 
Peadar Ó Riada, Oíche Chultúir.

Peadar Ó Riada, Oíche Chultúir.

 
Rachel Ni Fhearaíosa, Féile Bídh an Daingin.

Rachel Ni Fhearaíosa, Féile Bídh an Daingin.

 
Séamus Ó Lúing.

Séamus Ó Lúing.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 20 Meán Fómhair 2018.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 20 Meán Fómhair 2018.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Eoin Ó Catháin, tráchtaire, An Bhruiséil.

Eoin Ó Catháin, tráchtaire, An Bhruiséil.

 
Mícheál Ó Gliasáin, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

Mícheál Ó Gliasáin, Comhairleoir Condae, Ciarraí.

 
Pearse Ó Dochartaigh, T.D. Sinn Féin.

Pearse Ó Dochartaigh, T.D. Sinn Féin.

 
An t-Aire stáit Seán Kyne, T.D.

An t-Aire stáit Seán Kyne, T.D.

 
Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Mícheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Donncha Ó Conaill, An Coimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn.

Donncha Ó Conaill, An Coimisiún um Thodhchaí na Póilíneachta in Éirinn.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Load More...
An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

PléScéal

PléScéal

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Ar an mBóthar

Ar an mBóthar

Gníomh na Polaitíochta

Gníomh na Polaitíochta

Iris Aniar

Iris Aniar

Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

Reacaireacht an Tráthnóna

Reacaireacht an Tráthnóna

Murach Gur Tharla

Murach Gur Tharla

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís