Nuacht an  Tuaiscirt. Fógra scoil comhairleora

Nuacht an Tuaiscirt. Fógra scoil comhairleora

Fógra scoir

Tá sé fógraithe inniu ag an Chomhairleoir Contae John Ryan ó Fine Gael go bhfuil sé ag éirí as mar Chomhairleoir Contae. Tá naoi mbliana caite ag an Chomhairleoir Ryan ar Chomhairle Contae Dhún na nGall. Deir sé gur de bharr dualgais oibre atá sé ag éirí as a ról mar Chomhairleoir Contae. Dúirt sé go bhfuil deis anois ag an pháirtí duine a chur chun tosaigh le bheith reidh don chéad toghchán eile.

Ardchúirt

Thug an fear gnó Jim Ferry é féin ar lámh don Ard Chúirt inniu. Bhí barántas gabhála eisithe fána choinne ag an Ard Chúirt ó mí Lúnasa anuraidh, de bharr nár chomhlíon sé orduithe cúirte, ionad dumpála mídhleathach dá chuid i Leitir Ceanainn a ghlanadh. Cuireadh siar an cás go dtí'n dara lá déag de Mheitheamh. Níor labhair Jim Ferry sa chúirt inniu.

Seirbhís do dhaoine in ísle brí

Caithfear níos mó seirbhísí tacaíochta agus chomhairleoireachta a chur ar fáil do dhaoine atá in ísle brí, a dúirt Caitlín Uí Shearcaigh as na Rossa agus oileán Thoraigh ó dhúchas, a chaill mac agus deartháir mar gheall ar féin mharú. Fuair a mac James bás dhá bhliain ó shin agus a deartháir Antoin cúig bliana ó shin, nuair a chuir siad beirt lámh ina mbás féin. Dúirt sí ar Bharrscéalta inniu gur cheart grúpa nó eagraíocht a bhunú sa cheantar le tacaíocht a thabhairt do dhaoine in ísle brí.

Lá vótála na nOileán

Is ar an Déardaoin an 24ú lá den mhí seo a bheas vótáil ar oileáin Dhún an nGall sa reifreann ar an 8ú leasú. Beidh vótáil ar chúig oileán. Oileán Árainn Mhór, Toraigh, Gabhla, Inis Bo Finne agus  Inis Fraoich.  Tá 745 duine cláraithe le vóta a chaitheamh ar oileáin Dhún na nGall san reifreann. Dhéanfar bhotaí   an Reifrinn   i ndáilcheantar Dhún na nGall  a chuntas in Ionad Fóillíochta an Aura i Leitir Ceanainn ar an tSathairn an 26ú Bealtaine.

Dearadh Bhád Thoraí

Beidh tairiscintí a lorg ag Roinn na Gaeltachta go luath don dearadh do bhád farantóireachta úr d'oileán Thoraigh. Beidh ról lárnach ag pobal oileán Thoraigh san dearadh agus leagan amach ar an bhád úr, agus beidh cruinnithe ag an chomhlacht a roghnófar lena dearadh le pobal an oileáin.

Slí bheatha an Ailtire áítiúil i mbaol

Deir Ailtire as Leitir Ceanainn Tarlach Mac Gabhann go bhfuil an baol ann go mbeidh ar  Ailtirí, innealtóirí agus conraitheoirí obair a lorg taobh amuigh de Dhún na nGall muna n-athrófar rialacha de chuid Aontas na hEorpa. Deir sé go bhfuil sé dodhéanta ag comhlachtaí beaga rialacha Eorpach a chomhlíonadh, le gur féidir leo cur isteach ar thairiscintí,    agus go bhfuil an baol ann go mbeidh air féin an t-ionad atá aige i Leitir Ceanainn a dhruid, dá bharr.


 

Beo

Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Tuairisc Spóirt

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Hannah Ní Bhaoill.

Hannah Ní Bhaoill.

 
An Dlíodóir Antoin Delap.

An Dlíodóir Antoin Delap.

 
Barbara Uí Chathail

Barbara Uí Chathail

 
Dónal Mac Daibhéad. 2.

Dónal Mac Daibhéad. 2.

 
Dónal Mac Daibhéad  1.

Dónal Mac Daibhéad 1.

 
Andy Caomhanach.

Andy Caomhanach.

 
Áine Ní Bhreasláin.

Áine Ní Bhreasláin.

 
Barrscealta Dé Céadaoin  23-05-2018.

Barrscealta Dé Céadaoin 23-05-2018.

 
Alicja Mankowska-Léachtóir Gaeilge sa Pholainn

Alicja Mankowska-Léachtóir Gaeilge sa Pholainn

 
Dessie Mone   agus  Mark Harte.

Dessie Mone agus Mark Harte.

 
Hughie Rua Ó Gallachóir.

Hughie Rua Ó Gallachóir.

 
Dinny Mc Cullough.

Dinny Mc Cullough.

 
Séamus Ó hOireachtaigh.

Séamus Ó hOireachtaigh.

 
Frances Nic Géidigh.

Frances Nic Géidigh.

 
Barrscealta Dé Luain 21-05-2018.

Barrscealta Dé Luain 21-05-2018.

 
Dr. Ríona Ní Fhríghil, urlabhraí, Cearta Oideachais.

Dr. Ríona Ní Fhríghil, urlabhraí, Cearta Oideachais.

 
Tuairisc ó Chóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta

Tuairisc ó Chóilín Ó Neachtain, RTE Raidió na Gaeltachta

 
Aoife Ní Shúilleabháin, Gaeil ar Son Rogha & Niamh Uí Bhriain, Feachtas in aghaidh an hAisghairme.

Aoife Ní Shúilleabháin, Gaeil ar Son Rogha & Niamh Uí Bhriain, Feachtas in aghaidh an hAisghairme.

 
Máire Áine Gardiner, Fáilte Éireann.

Máire Áine Gardiner, Fáilte Éireann.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde, Cathaoirleach Chumann Tionscail agus Tráchtála Ghaoth Dobhair

Hughie Mac Giolla Bhríde, Cathaoirleach Chumann Tionscail agus Tráchtála Ghaoth Dobhair

 
Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTE Raidió na Gaeltachta.

 
Sláine Ní Chathalláin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Sláine Ní Chathalláin, RTE Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair

Nuacht an Iarthair

 
Nuacht  Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta & Idirnáisiúnta.

 
Diarmuid Ó Donnabháin

Diarmuid Ó Donnabháin

 
Breandán Ó Cróinín

Breandán Ó Cróinín

 
Nell Ní Chróinín

Nell Ní Chróinín

 
Tadhg Ó Riordáin

Tadhg Ó Riordáin

 
An Saol Ó Dheas, Dé hAoine 18 Bealtaine '18

An Saol Ó Dheas, Dé hAoine 18 Bealtaine '18

 
Síle Uí Ghallachóir.

Síle Uí Ghallachóir.

 
Edel Ní Chuireáin.

Edel Ní Chuireáin.

 
Deirdre Nic Suibhne.

Deirdre Nic Suibhne.

 
Máire Uí Chomhaill.

Máire Uí Chomhaill.

 
Madge Uí Ghradaigh.

Madge Uí Ghradaigh.

 
An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

An Cllr. Micheál Cholm Mac Giolla Easpaig.

 
Treasa Ní Ghallachóir.

Treasa Ní Ghallachóir.

 
Áine Ní Bhreasláin.

Áine Ní Bhreasláin.

 
Barrscealta Dé hAoine.18-05-2018.

Barrscealta Dé hAoine.18-05-2018.

 
Díospóireacht ar an 8ú leasú

Díospóireacht ar an 8ú leasú

 
Breanndán Ó Beaglaoich, Heidi Talbot, Paul Meehan

Breanndán Ó Beaglaoich, Heidi Talbot, Paul Meehan

 
Togra Geofisiciúil ar Theampall Mhóire

Togra Geofisiciúil ar Theampall Mhóire

 
Dónal Ó Súilleabháin ó Ghaelcholáiste Daibhéid i gCorcaigh

Dónal Ó Súilleabháin ó Ghaelcholáiste Daibhéid i gCorcaigh

 
Cailíní an Chamino

Cailíní an Chamino

 
An Saol Ó Dheas, Déardaoin 17 Bealtaine '18

An Saol Ó Dheas, Déardaoin 17 Bealtaine '18

 
Noel Ó Dubhgáin.

Noel Ó Dubhgáin.

 
Sinéad Gibson & Colm Breathnach.

Sinéad Gibson & Colm Breathnach.

 
Karen Campbell.

Karen Campbell.

 
Hughie Mac Giolla Bhríde.

Hughie Mac Giolla Bhríde.

 
Load More...
Cormac ag a Cúig

Cormac ag a Cúig

Barrscéalta

Barrscéalta

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Rónán Beo

Rónán Beo

Iris Aniar

Iris Aniar

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís