Nuacht an Tuaiscirt: Gá le tascfhórsa Gaeltachta

Nuacht an Tuaiscirt: Gá le tascfhórsa Gaeltachta

Gá le tascfhórsa Gaeltachta

Tá gá le tascfhórsa Gaeltachta do Ghaeltacht Thír Chonaill ar fad, a dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallachóir.

Tá sé tábhachtach comhoibriú a bheith  idir an Chomhairle Contae agus Údarás na Gaeltachta, agus dreamanna eile mar Roinn na Gaeltachta, le Tasc Fhórsa úr a bhunú a bheadh dírithe ar Ghaeltacht Dhún na nGall ina iomláine, a dúirt sí.

Dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach go dtiocfadh na dreamanna sin uilig lena chéile le plean cuimsitheach a ullmhú agus go ndéanfaí iarratas ansin ar mhaoiniú. 

Síneadh 3 mhí seirbhíse héileacaptair á h-éileamh

Tá comhráití tosaithe le síneadh trí mhí a chur leis an tréimhse ama go mbeidh seirbhísí helicopter ar fáil go hoileán Thoraí, a dhearbhaigh Aire Stát na Gaeltachta, Joe McHugh.

Tá tús curtha ag Roinn na Gaeltachta le cainteanna le Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte síniú ama a chur le tréimhse reáchtála an helicopter, ó lár na Samhna go lár Mhárta, go mí Meán Fómhair go Aibreán feasta.

Bhí moladh déanta síniú ama a chur le tréimhse reáchtála an helicopter sna moltaí a rinneadh i dtuairisc an eadránaí neamhspleách san aighneas a bhain le conradh farantóireachta an oileáin i mí Mhárta.

Dúirt an tAire Stáit McHugh nach bhfuil anseo ach gné amháin atá a Roinn ag obair air le forbairt a dhéanamh ar bhonneagair an oileáin, agus go bhfuil próiseas chomhairleach curtha ar bun maidir le bád farantóireachta úr nua don oileán, rud atá luaite i bPlean Náisiúnta Forbartha an Rialtais, agus a chuirfear ar fáil, a dúirt sé. 

Comhoibriú idir Co Co & ÚnaG luachmhar - Clr Mac Giolla Easpaig

Tá tairbhe faoi leith ag baint leis na cruinnithe idir Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Contae Dhún na nGall, a deir Oifigeach Réigiún Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill, Micheál Mac Giolla Easpaig.

Bhí cruinniú idir Údarás na Gaeltachta agus an Chomhairle Contae ar an tseachtain s'chuaigh thart, agus dúirt Micheál Mac Giolla Easpaig gur deis luachmhar atá ann castáil le feidhmeannaigh na Comhairle agus na baill tofa.

Dúirt Micheál Mac Giolla Easpaig go bhfuil cuid mhór tograí ina bhfuil an Chomhairle Contae agus Údarás na Gaeltachta páirteach iontu, mar Áislann Ghaoth Dobhair agus roinnt mhaith tograí turasóireachta, mar Sliabh Liag, Teach Solais Fhánada agus Togra Iarnróid Dhún na nGall.

Dúirt sé go dtreisíonn na cruinnithe a bhíonn acu, deiseanna forbartha sa Ghaeltacht.

Tá sé tábhachtach comhoibriú a bheith idir an Chomhairle Contae agus Údarás na Gaeltachta, agus dreamanna eile mar Roinn na Gaeltachta, le Tasc Fhórsa úr a bhunú a bheadh dírithe ar Ghaeltacht Dhún na nGall ina iomláine, a dúirt an Comhairleoir Contae Marie Therese Ní Ghallachóir.

Dúirt sí go bhfuil sé tábhachtach go dtiocfadh na dreamanna sin uilig lena chéile le plean cuimsitheach a ullmhú agus go ndéanfaí iarratas ansin ar mhaoiniú.

Lua sí an infheistíocht a rinneadh i Luimneach faoin Chlár Athghiniúna,  áit ar cuireadh €100m ar fáil do cheantar Mhaigh Rois, agus dúirt sí gur cheart plean mar an gcéanna a chur le chéile do Ghaeltacht Thír Chonaill. Beidh cruinniú eile go luath idir na heagrais éagsúla leis an ábhar a phlé.

Oifeagach Pleanála Teanga le h-earcú

Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga a thairiscint ag Pobal Eascarrach ar an Fhál Carrach faoi láthair.

Sé Pobal Eascarrach i gcomhair le Coiste Pleanáil Teanga Chloich Cheann Fhaola atá freagrach as an Phlean Teanga do Limistéar Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola a chur i bhfeidhm.

Is plean seacht mbliana atá i gceist, a bhfuil d'aidhm aige cur leis an líon cainteoirí Gaeilge sa cheantar. Beidh an té a cheapfar lonnaithe in Oifigí Phobal Eascarrach.

Tá post mar Oifigeach Pleanála Teanga fógraithe cheanna féin do Limistéar Pleanála Teanga Iar Thuaiscirt Dhún na nGall, a chlúdaíodh Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch na Iúir. 

Freagracht Co Co do shean-fhoirgnimh 

Cuireann sean-fhoirgnimh tréigthe droch chuma ar cheantair agus ba cheart don Chomhairle Contae freagracht a ghlacadh ar na sean fhoirgnimh seo, a dúirt an Comhairleoir Contae Séamus Ó Domhnaill.

Dúirt sé gur cheart don Chomhairle Condae duine a fhostú a mbeadh cúram na bhfoirgnimh seo orthu, mar go minic go mbíonn graifití ar na foirgnimh seo, a chuireann cuma níos measa orthu.  

Thagair sé do fhoirgnimh tréigthe atá ar an bhealach idir an Fál Carrach agus Dún Fionnchaidh, ar bhealach an Atlantaigh Fhiáin.

Dúirt sé nach dea comhartha na cineáil seo foirgnimh seo do cheantar ar bith agus gur cheart don Chomhairle Contae cúram a ghlacadh orthu. 

Bainis Bréige Ríoga ar ceal

Deirtear gur chuir Ostán in Inis Eoghain a bpleananna maidir le bainis bhréige le téama ríoga ar ceal ina n-ostán, de bharr go leor gearáin ó bhaill den phobal faoi.

Bhí sé i gceist ag Ostán Inishowen Gateway bainis bhréige le téama ríoga a reáchtáil ar an 19ú Bealtaine, an lá céanna a mbeadh Prionsa Harry ag pósadh Meghan Markle sa Bhreatain.

Níl míniú tugtha ag an ostán cén fáth ar cuireadh an ócáid ar ceal, ach deir David Ramsey, Comhairleoir ón DUP, gur de bharr imeaglú ó Phoblachtanaithe a cuireadh an ócáid ar ceal.

Cruinniú ar son na beatha

Beidh cruinniú poiblí Ar Son na Beatha a reáchtáil in Ostán Clanree i Leitir Ceanainn anocht.

Tá an cruinniú a eagrú ag coiste Dháilcheantar Fhianna Fáil.

Beidh painéal cainteoirí i láthair le heolas a thabhairt ar an seasamh atá a ghlacadh ag an ghrúpa Ar Son na Beatha.

I measc na gcainteoirí a bheas i láthair beidh an t-iriseoir John Waters agus  an síciatraí an tOllamh Patricia Casey. Cuirfear tús leis an chruinniú poiblí ar a 8.00 anocht.
 

Beo

Scoth na Máirte

Scoth na Máirte

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Nead na Fuiseoige

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Colm O Muircheartaigh;Pip na Máirte

Colm O Muircheartaigh;Pip na Máirte

 
Angela Bourke;The Burning of Bridget Cleary.

Angela Bourke;The Burning of Bridget Cleary.

 
Micheál Ó Cinnéide;Rothaíocht abhaile

Micheál Ó Cinnéide;Rothaíocht abhaile

 
An t-Athair Eoin Ó Cadhla;Coirmcheoil an Pharóiste.

An t-Athair Eoin Ó Cadhla;Coirmcheoil an Pharóiste.

 
Edel Ní Loibhéad;Trácht ar Bhóthar Chínn Sléibhe.

Edel Ní Loibhéad;Trácht ar Bhóthar Chínn Sléibhe.

 
An Saol ó Dheas 14ú Lúnasa 2018

An Saol ó Dheas 14ú Lúnasa 2018

 
Colm Ó Maolmhuire, Institiúd Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir.

Colm Ó Maolmhuire, Institiúd Teicneolaíochta Bhaile Bhlainséir.

 
Áine Ní Bhreisleáin.

Áine Ní Bhreisleáin.

 
An Comh. Séamus Cosaí MacGearailt, Fine GAel.,

An Comh. Séamus Cosaí MacGearailt, Fine GAel.,

 
Dr. Seán Ó Riain, Ollscoil Mhá Nuad.

Dr. Seán Ó Riain, Ollscoil Mhá Nuad.

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Eoghan Ó Néill, iriseoir le Raidió Fáilte.

Eoghan Ó Néill, iriseoir le Raidió Fáilte.

 
Séamus Breathnach, Bord Iascaigh Mara.

Séamus Breathnach, Bord Iascaigh Mara.

 
Áine Ní Chiaráin, tráchtaire polaitíochta.

Áine Ní Chiaráin, tráchtaire polaitíochta.

 
Pádraig Ó Gríofa.

Pádraig Ó Gríofa.

 
Máirin Ní Ghadhra.

Máirin Ní Ghadhra.

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Edel Ní Loibhéad ag raiseanna an Daingin

Edel Ní Loibhéad ag raiseanna an Daingin

 
Séamus Ó Laoithe;Ráiseanna Bhéal Bán

Séamus Ó Laoithe;Ráiseanna Bhéal Bán

 
Micheál Ó Drisleáin;Daonscoil na Mumhan

Micheál Ó Drisleáin;Daonscoil na Mumhan

 
Micheál Ó Muircheartaigh;cluichí leathcheannais peile na h-Eireann

Micheál Ó Muircheartaigh;cluichí leathcheannais peile na h-Eireann

 
An Saol ó Dheas 13ú Lúnasa 2018

An Saol ó Dheas 13ú Lúnasa 2018

 
Mícheál Seán Ó Mathúna.

Mícheál Seán Ó Mathúna.

 
Ailish Bhreathnach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe

Ailish Bhreathnach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe

 
Comh. Norma Moriarty, Fianna Fáil.

Comh. Norma Moriarty, Fianna Fáil.

 
Paul MacSweeney, FÓRSA.

Paul MacSweeney, FÓRSA.

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Comhairleoir Mairéad Farrell, Sinn Féin.

Comhairleoir Mairéad Farrell, Sinn Féin.

 
Máire Uí Cheallaigh, Forbairt Eachla.

Máire Uí Cheallaigh, Forbairt Eachla.

 
Virginia O'Mahoney.

Virginia O'Mahoney.

 
MacDara MacDonncha.

MacDara MacDonncha.

 
Máirín Ní Ghadhra.

Máirín Ní Ghadhra.

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Tommy Peoples

Tommy Peoples

 
Murach gur Tharla - Clár 10

Murach gur Tharla - Clár 10

 
An Saol ó Dheas 10ú Lúnasa 2018

An Saol ó Dheas 10ú Lúnasa 2018

 
Dara Ó Cinnéide, Raidió na Gaeltachta.

Dara Ó Cinnéide, Raidió na Gaeltachta.

 
Maidhc Ó Finneadha, Raidió na Gaeltachta.

Maidhc Ó Finneadha, Raidió na Gaeltachta.

 
Liam Stone.

Liam Stone.

 
Eoghan Corry, Travel Extra.

Eoghan Corry, Travel Extra.

 
Séan Ó Cinnéide, Comharchumann Dhún Chaoin.

Séan Ó Cinnéide, Comharchumann Dhún Chaoin.

 
Oilibhéar Mac Dáibhéid, Fine Gael.

Oilibhéar Mac Dáibhéid, Fine Gael.

 
Áine Ní Chiaráin, iriseoir polaitíochta.

Áine Ní Chiaráin, iriseoir polaitíochta.

 
Pádraig Ó Gríofa.

Pádraig Ó Gríofa.

 
Máirín Ní Ghadhra

Máirín Ní Ghadhra

 
An Meitheal Nuachta.

An Meitheal Nuachta.

 
Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

 
Caitríona agus Máiréad Ni Luasa;An Screathan

Caitríona agus Máiréad Ni Luasa;An Screathan

 
Declan Mangan;Aonach an Phoic

Declan Mangan;Aonach an Phoic

 
Micheál Ó Sé;Feachtas bailithe airgid ar mhaithe le Croí Uibh Ráthaigh

Micheál Ó Sé;Feachtas bailithe airgid ar mhaithe le Croí Uibh Ráthaigh

 
Micheál Ó Conchúir;Coiste na Réigiún sa Chomhphobal

Micheál Ó Conchúir;Coiste na Réigiún sa Chomhphobal

 
An Saol o Dheas 9ú Lúnasa 2018

An Saol o Dheas 9ú Lúnasa 2018

 
Load More...
Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

PléScéal

PléScéal

Cuireadh Chun Ceoil

Cuireadh Chun Ceoil

Murach Gur Tharla

Murach Gur Tharla

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís