Nuacht an Tuaiscirt: Tuairisc tascfhórsa

Nuacht an Tuaiscirt: Tuairisc tascfhórsa

Tuairisc tascfhórsa

Foilseofar tuairisc thascfhórsa Údarás na Gaeltachta, a seoladh i Márta 2015 agus é mar sprioc 300 post úr a chruthú i nGaoth Dobhair  ag deireadh na míosa seo. Cuireadh an tascfhórsa seo ar bun i ndiaidh do chomhlacht Bia Ghaoth Dobhair deireadh a chur lena ngnó ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair i Márta 2014, agus 146 post caillte dá bharr.  Dúirt Oifigeach Réigiúnach Údarás na Gaeltachta i dTír Chonaill, Micheál Mac Giolla Easpaig go bhfuil sé dóchasach go n-éireoidh leo an sprioc fostaíochta de 300 post a bhaint amach. San áireamh i bplean gníomhaíochta an tasc fhórsa bhí clár athchóirithe a chur le chéile do líon aitheanta d'ionaid ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair thar thréimhse trí bliana ar chostas measta €1.7 milliún. 

Dochtúirí teaghlaigh

Tá litir atá sínithe ag naonúr déag dochtúir teaghlaigh i nDún na nGall, ag míniú cén fáth go bhfuil siad i gcoinne athrú a dhéanamh ar an 8ú leasú ar an Bhunreacht. Deir na dochtúirí go dtabharfar ar shiúl achan cheart bunreachtúil atá ag linbh sa bhunreacht má dhéantar aisghairm ar an 8ú leasú. Deir siad go bhfuil an 8ú leasú soiléir le cois treoirlínte An Chomhairle Leighis, sin go gcaithfear tosaíocht a thabhairt do shláinte an mháthair agus a beatha a chosaint. Is ceart bunúsach ar fad atá i gceist a bhaint as an Bhunreacht, deireadh a chur le beatha linbh, a deir na dochtúirí san ráiteas atá eisithe acu inniu.

Póstaeir


Tá achainí déanta ag an Teachta Dála Thomas Pringle ar an Taoiseach gníomhú maidir le póstaeir atá curtha in airde i nDún na nGall maidir leis an Reifreann. Tá eolas atá bréagach agus staitisticí nach bhfuil cruinn ar phóstaeir taobh amuigh de scoileanna, tithe pobail agus otharlanna, rud atá dímheasúil do mháithreacha agus do theaghlaigh, a dúirt an Teachta Pringle. D'iarr sé ar an Taoiseach rialacháin níos déine a chur i bhfeidhm le dul i ngleic lena leithid seo. Thagair sé den bhac a chur Facebook agus Google ar fhógraíocht maidir leis an Reifreann, ach dúirt an Teachta Pringle nach bhfuil rud ar bith a dhéanamh ag an Rialtas le déileáil le heolas míchruinn atá ag scaipeadh imní agus eagla i measc an phobail.

Bille

Thacaigh Seanadóirí Fhianna Fáil, Shinn Féin agus Seanadóirí Neamhspleách leis an bhille a chuir an Seanadóir Brian Ó Domhnaill os comhair Seanad Éireann tráthnóna inné. Glacadh leis an bhille aréir, bille atá ag iarraidh go mbeadh eolas ar fáil ag baill tofa sna húdaráis áitiúla ó bhainistíocht agus ó fheidhmeannaigh, níos fusa ná mar atá,  16 in aghaidh a 14 le cuid Seanadóirí Fhine Gael ag vótáil ina choinne. Dúirt an Seanadóir Brian Ó Domhnaill go bhfuil lúcháir air gur éirí lena bhille dul go dtí'n chéad chéim eile, agus deir sé gur buntáiste ollmhór a bheas ann do Chomhairleoirí Contae agus Baile, agus don phobal, go mbeidh dualgais reachtúil ar údaráis áitiúil a bheith níos freagraí dá bpobal.

Turasmara

Tuigtear go bhfuil comhráití ar siúl ag dream as Maigh Eo le comhlacht Turasmara Teoranta le bád farantóireachta an Tor Mór a cheannacht. Tá an Tor Mór sna Cealla Beaga faoi láthair, i ndiaidh obair chothabhála agus péinteáil a bheith déanta ag comhlacht Mooney Boats ar an bhád. Cuireadh dath dearg ar an bhád, seachas an dath gorm a bhíodh uirthi. Bhí an Tor Mór i mbun seirbhís farantóireachta oileán Thoraigh le 26 bliain go dtí'n Cháisc i mbliana, nuair a bronnadh an conradh ar Réalt na Maidne agus an bád Queen of Aran.

Ceadúnas cladaigh

Tá sé dearbhaithe ar maidin ag Roinn na Gaeltachta nach bhfuair siad aon iarratas ar mhaoiniú ó Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an 22ú Feabhra le haghaidh ceadúnas cladaigh do chéibh an Rannaigh, mar a lua an Teachta Dála Pat the Cope Ó Gallachóir sa Dáil tráthnóna inné. Dúirt siad gur cuireadh comhfhreagras ar an dáta sin, ach nach iarratas a bhí ann ar cheadúnas cladaigh agus nach iarratas a bhí ann ar mhaoiniú.
Dúradh ar maidin gur cóip de shean tuairiscí comhshaoiil agus seandálaíochta ón bhliain 2016 a cuireadh chuig an Roinn ar an dáta sin. Sa Dáil inné, dúirt an Teachta Pat the Cope Ó Gallachóir leis an Aire Stáit Gaeltachta Joe McHugh go ndearna an Chomhairle Contae iarratas ar an 22ú Feabhra, agus go gcaithfear a fhiosrú cén fáth nach raibh Roinn na Gaeltachta eolach faoin iarratas seo. Dúirt sé go dteastaíonn €80,000 don cheadúnas cladaigh, agus gur sin an t-iarratas a rinne an Chomhairle Contae chuig Roinn na Gaeltachta ar an 22ú Feabhra. Tá géar ghá le céibh úr a thógáil ag an Rannaigh, mar ní thig le bádaí a theacht i dtír ansin faoi láthair, a dúirt an Teachta Ó Gallachóir.

Tráthnóna eolais

Beidh tráthnóna eolais ag Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn ina gcampas i Leitir Ceanainn agus sna Cealla Beaga inniu ón 3.00 go dtí'n 7.00. Beidh sé seo dírithe ar mhic léinn atá chun freastal ar institiúidí chúrsaí oideachais tríú leibhéal an Fómhar seo, agus ar dhaoine ar mian leo cur lena gcuid oideachais, agus beidh eolas a thabhairt ar an réimse cúrsaí atá a dtairiscint ag an institiúid. Tabharfar eolas fosta faoi chúrsaí Springboard  agus faoi chúrsaí iarchéime atá ar fáil ansin. Thig le daoine freastal ar champas na hinstitiúide i Leitir Ceanainn nó sna Cealla Beaga le heolas a fháil faoina cúrsaí atá ar fáil.

Beo

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Ardtráthnóna

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Seosamh Ó Cúlain, Comhairleoir Condae, Conamara.

Seosamh Ó Cúlain, Comhairleoir Condae, Conamara.

 
David Carr, bunaitheoir Comharchumann Tithíochta Chorca Dhuibhne.

David Carr, bunaitheoir Comharchumann Tithíochta Chorca Dhuibhne.

 
Mícheál Mac Giolla Easpaig, Údarás na Gaeltachta.

Mícheál Mac Giolla Easpaig, Údarás na Gaeltachta.

 
Dominic Ó Brolacháin, Iarbhall cothionóil, SDLP.

Dominic Ó Brolacháin, Iarbhall cothionóil, SDLP.

 
Pat The Cope Ó Gallachóir.

Pat The Cope Ó Gallachóir.

 
Fergus O’ Dowd, T.D., Cathaoirleach ar Choiste Iompair an Oireachtais.

Fergus O’ Dowd, T.D., Cathaoirleach ar Choiste Iompair an Oireachtais.

 
Micheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheal Ó Leidhin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Seán Óg Ó Duinín, Ranganna oíche.

Seán Óg Ó Duinín, Ranganna oíche.

 
Siobhán Ní Dhuinín; Rínceoir cónaitheach.

Siobhán Ní Dhuinín; Rínceoir cónaitheach.

 
Louise Ní Mhaolchatha, Píobairí.

Louise Ní Mhaolchatha, Píobairí.

 
Joan Maguire, Féile na Bealtaine.

Joan Maguire, Féile na Bealtaine.

 
Máire Seó Breathnach.

Máire Seó Breathnach.

 
An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 23 Eanair 2019.

An Saol ó Dheas: Dé Céadaoin 23 Eanair 2019.

 
Aodh Máirtín Ó Fearraigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Aodh Máirtín Ó Fearraigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Seán Ó Tuairisg, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

Seán Ó Tuairisg, Comhairleoir Condae, Gaillimh.

 
Caoimhe Nic Cába, Pavee Point.

Caoimhe Nic Cába, Pavee Point.

 
Catherine Connolly. T.D Gaillimh Thiar.

Catherine Connolly. T.D Gaillimh Thiar.

 
Sláine Ní Chathalláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Sláine Ní Chathalláin, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Póilín Ní Chiaráin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Póilín Ní Chiaráin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
Micheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Micheál Ó Leidhin, RTÉ Raidió na Gaeltachta.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

Príomhscéalta na bPáipéar Nuachta.

 
Príomhscéalta an Iarthair.

Príomhscéalta an Iarthair.

 
Príomhscéalta  an Tuaiscirt.

Príomhscéalta an Tuaiscirt.

 
Príomhscéalta an Deiscirt.

Príomhscéalta an Deiscirt.

 
Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Príomhscéalta Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An bhfuil teorainn chrua romhainn?

An bhfuil teorainn chrua romhainn?

 
Mír na Leabhar- Áine Ní Ghlinn

Mír na Leabhar- Áine Ní Ghlinn

 
Máirtín Ó Méalóid, Sa Bhruiséal.

Máirtín Ó Méalóid, Sa Bhruiséal.

 
Mac Dara Mac Donnchadha;Tionól Nioclás Tóibín

Mac Dara Mac Donnchadha;Tionól Nioclás Tóibín

 
Noel Ó Murchú;Leabhar ar chogadh na saoirse

Noel Ó Murchú;Leabhar ar chogadh na saoirse

 
Ciara Ryan;Trácht ar Sheán Ó Súilleabháin Bhéarra

Ciara Ryan;Trácht ar Sheán Ó Súilleabháin Bhéarra

 
Darach Ó Scolaí;'Fonn a níos fiach' foillsithe arís.

Darach Ó Scolaí;'Fonn a níos fiach' foillsithe arís.

 
An Saol ó Dheas: Dé Máirt 22 Eanáir 2019.

An Saol ó Dheas: Dé Máirt 22 Eanáir 2019.

 
Tony MacMahon, ceoltóir.

Tony MacMahon, ceoltóir.

 
Máirtín Ó Mainnín, maor pobail le Comhairle Contae na Gaillimhe.

Máirtín Ó Mainnín, maor pobail le Comhairle Contae na Gaillimhe.

 
Ardtráthnóna: Dé Luain 21 Eanáir 2019.

Ardtráthnóna: Dé Luain 21 Eanáir 2019.

 
Mac Dara Mac Donnchadha;Trácht ar thimpist bóthair ina maraíodh Michael Wright aréir

Mac Dara Mac Donnchadha;Trácht ar thimpist bóthair ina maraíodh Michael Wright aréir

 
Seán Ó Conchúir; Teacht le chéile d'iarr dhaltaí Choláiste Iosagáin

Seán Ó Conchúir; Teacht le chéile d'iarr dhaltaí Choláiste Iosagáin

 
Dr. Neill Buttimer;An Chéad Dáil. Dáithí de Mordha;Piaras Béaslaí.

Dr. Neill Buttimer;An Chéad Dáil. Dáithí de Mordha;Piaras Béaslaí.

 
Conal Mac Gearailt,Pól Ó Cuinn agus peileadóirí 14 na Gaeltachta

Conal Mac Gearailt,Pól Ó Cuinn agus peileadóirí 14 na Gaeltachta

 
An Saol o Dheas 21ú Eanair 2019

An Saol o Dheas 21ú Eanair 2019

 
Jeaicí Mac Gearailt, tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

Jeaicí Mac Gearailt, tuairisceoir RTÉ Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall.

 
Peadar Ó Scanaill, tréadlia.

Peadar Ó Scanaill, tréadlia.

 
Anna Heussaff, Cairde na Cruinne.

Anna Heussaff, Cairde na Cruinne.

 
Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Sorcha Ní Chéilleachair, ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta.

 
Load More...
Bláthnaid libh

Bláthnaid libh

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Tús Áite

Tús Áite

Barrscéalta

Barrscéalta

Beo ar Éigean

Beo ar Éigean

Ardtráthnóna

Ardtráthnóna

Iris Aniar

Iris Aniar

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

An tSeachtain le Máirín Ní Ghadhra

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís