Nuacht an Tuaiscirt: pléadálann pinsinéir ciontach in ionsaithe

Nuacht an Tuaiscirt: pléadálann pinsinéir ciontach in ionsaithe

Fear sna 80daí ciontach in ionsaithe mígheanasacha

Phléadáil fear sna hochtóidí ciontach as trí chúis d'ionsaithe mígheanasacha a dhéanamh ar bhean sna 1970 i gCúirt Chuarda Bhaile Dhún na nGall inniu.

Phléadáil Con Cunningham, as Bóthar an Ghleanna, an Charraig, atá 82 bliain d'aois, ciontach as dhá chúis d'ionsaithe mígheanasacha ar bhean ag láthair i nDún na nGall  idir an chéad lá d'Eanáir 1976 agus an lá deireanach de mhí na Nollaig 1976.

Phléadáil sé ciontach fosta as cúis eile d'ionsaí ar an bhean idir Eanáir 1976 agus Meitheamh 1977, ag láthair éigin idir Dún na nGall agus Baile Átha Cliath. Ligeadh Con Cunningham amach ar bannaí agus táthar le tuairisc phromhaidh a ullmhú.

26 ar thralaithe

Bhí seisear agus fiche ar thralaithe in Otharlann Leitir Ceanainn inniu.

Seisear a bhí ar thralaithe san Aonad Timpiste agus Éigeandála san otharlann agus scór a bhí ar thralaithe i bhardaí san otharlann.

Seachtar déag a bhí ar thralaithe níos luaithe inniu in Otharlann Shligigh.

3 gortaithe i dtionóisc bhóthair

Gortaíodh triúr i dtimpiste bóthair idir dhá charr ag an charrchlós ag bun na hEaragla ar 10.15 ar maidin inniu.

Tugadh an triúr a gortaíodh go hOtharlann Leitir Ceanainn le haghaidh comhar leighis. Tuigtear nach bhfuil siad gortaithe ró dhona.

B'éigean an bealach a druid ar feadh corradh le dhá uair a chloig fhad agus a bhí Gardaí i mbun scrúdaithe ag an láthair.

4 mol digiteach eile do Dhún na nGall - Ó hÉanaigh ÚnaG

D'fhéadfadh go mbeadh ceithre cinn eile de mhoil dhigiteacha ar fáil i nDún na nGall go luath, a deir Príomh Fheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Micheál Ó hÉanaigh.

Rinneadh an Mol Digiteach GTeic in Áislann Ghaoth Dobhair a oscailt go hoifigiúil inné, agus dúirt Micheál Ó hÉanaigh go bhfuil sé beartaithe moill dhigiteacha a chur ar fáil i gCill Chartha, Árainn Mhór, An Clochán Liath agus Ros Goill.

Dúirt sé go gcuirfear mol digiteach ar fáil in Áislann Chill Chartha agus go bhfuil comhráití ar siúl faoi láthair maidir le hionaid dona ceantracha eile.

Bainisteoir ceaptha ar Aislann Ghaoth Dobhair

Tá Micheál Ó Duibhir as Baile Lár i nGaoth Dobhair ceaptha mar Bhainisteoir ar Áislann Ghaoth Dobhair.

Chuaigh sé i mbun a chuid dualgais ar na maillibh agus dúirt sé go mbeidh sé mar sprioc aige oiread fostaíochta agus is féidir a chur ar fáil san Áislann.  

Dúirt sé go bhfuil achan chuidiú ar fáil do chomhlachtaí le lonnú san Áislann agus gur mhaith leis pobal teicneolaíochta a bhunú ansin, áit a bhféadfadh na comhlachtaí smaointe a mhalartú agus a bheith ag obair le chéile.

Ráta teip NCT is airde i nDún na nGall

Tá an ráta teip is airde do teastas NCT i nDún na nGall san ionad i nDoirí Beaga, le 54% de ghluaisteáin ag teip an teastas a fháil ansin.

Rinneadh scrúdú NCT ar 5,413 carr in ionad Dhoirí Beaga anuraidh, agus léiríonn na figiúirí is deireanaí gur theip ar 2,917 dena carranna sin.

Bhí sé cinn de charranna acusan a theip orthu a dúradh a bhí iontach contúirteach de bharr an riocht ina raibh siad. Theip ar 48% in ionad Charn Domhnach, 52% in ionad Bhaile Dhún na nGall agus 51% i Leitir Ceanainn.

Rinneadh scrúdú NCT ar 43,294 carr i nDún na nGall anuraidh. Ba in ionad Leitir Ceanainn a ba mhó a rinneadh tástálacha, áit ar dearnadh tástáil ar 20,445 carr anuraidh.

10% tacsaithe oiriúnach do chathaoir rotha   

Léiríonn figiúirí a foilsíodh an tseachtain seo nach bhfuil ach 10% de taxis i nDún na nGall atá áisiúil do dhaoine i gcathaoir rotha.

Tá 357 tacsaí, hackney agus limisín cláraithe i nDún na nGall i láthair na  huaire. Do réir an tÚdarás Náisiúnta Iompair tá 145 tacsaí, 142 hackney agus 36 limisín cláraithe i nDún na nGall.

Níl ach 17 tacsaí agus 16 hackney sa chontae atá áisiúil do dhaoine i gcathaoir rotha.

Tá gearáin le tamall ag lucht tacsaí i Leitir Ceanainn faoin mhéadú mór ar chostais lena ngnó a reáchtáil, agus bagairt déanta acu go gcaithfear deireadh a chur roimh i bhfad leis an táille €5 do sheirbhís tacsaí sa bhaile.

Deir siad go bhfuil costas de €10,000 le tacsaí a choinneáil ar an bhealach sa bhliain, agus gur deacair é sin a dhéanamh i Leitir Ceanainn agus gan ach táille €5 a bhaint dá gcustaiméirí.

Árasáin IT Leitir Ceanainn

Tá obair tosaithe ar athchóiriú a dhéanamh ar bhloc árasáin do mhic léinn in aice le Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.

Cheannaigh fear gnó as Baile Átha Cliath trí bhloc árasáin i 2016, agus ba le roinnt seachtainí a cuireadh tús leis an obair, agus súil na hárasáin a bheith ar fáil do mhic léinn san Fhómhar.

Thóg an fear gnó Willie McCafferty an bloc árasáin "Port Road Student Village" i 2005. Tá sé cinn déag de árasáin in achan bhloc árasáin acu seo.

Bóithre Dhún na nGall

Beidh an chéad deis á thabhairt inniu ag Comhairle Contae Dhún na nGall don phobal a dtuairimí a thabhairt maidir le trí mhór thogra bóthair atá beartaithe i nDún na nGall.

Is iad sin bealach an N15/N13 ag Bealach Féich agus Srath an Urláir, Bealach N56/N13 ó Leitir Ceanainn go Mainéar Uí Chuinneagáin agus Bealach N14 ó Mhainéar Uí  Chuinneagáin go Leifear.

Beidh cruinniú poiblí in Ostán an Radisson i Leitir Ceanainn inniu, amárach i gCeannáras na Comhairle Contae i Leifear, agus Déardaoin in Ostán Jackson, Bealach Féich. Seo tograí bóthair faoi scéim gréasáin TEN-T, a bheas a mhaoiniú ag Bonneagair Iompair Éireann.

Tacaíocht d'fheirmeoirí - rúin os comhair na Dála

Beidh rúin a gcur os comhar na Dála agus an Seanad ag Fianna Fáil an tseachtain seo ag iarraidh ar an Rialtas níos mó tacaíochta a thabhairt do fheirmeoirí, a dúirt an Teachta Dála Charlie McConalogue.

Tá géarchéim ollmhór anois leis an ghanntanas fodair, agus níor thug an Rialtas aird ar achainí Fhianna Fáil ó mhí Mheán Fómhair anuraidh,  díriú ar an cheist seo, a dúirt sé.

Tá rudaí chomh holc agus go bhfuil tionchair aige ar mheabhair shláinte na bhfeirmeoirí, gan trácht ar bheatha na n-ainmhithe, a dúirt an Teachta McConalogue.

D'iarr sé go mbeidh Fianna Fáil ag iarraidh scéim dearbháin bídh ar fáil dona feirmeoirí a bhfuil ganntanas fodair orthu, agus fosta go n-íocfaidh cibé airgid atá le híoc le feirmeoirí go fóill faoin scéim GLAS.
 

Beo

Draíocht an Chonsairtín

Draíocht an Chonsairtín

Féach suíomh

RnaG Beo

An chéad chlár eile

plaeholder alt text

Príomhscéalta na Nuachta

Féach suíomh

Nua ar Líne

Scéal is mó Suim

Load More...
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Breandán Pháid Ó Muircheartaigh; saor chloiche

Breandán Pháid Ó Muircheartaigh; saor chloiche

 
Seaghan Mac an tSionnaigh; Teagasc in Uppsala

Seaghan Mac an tSionnaigh; Teagasc in Uppsala

 
Peadar Ó Riada; Féile na Laoch

Peadar Ó Riada; Féile na Laoch

 
Micheál Ó Muircheartaigh; cluichí clg.

Micheál Ó Muircheartaigh; cluichí clg.

 
An Saol ó Dheas 23ú Iúil 2018

An Saol ó Dheas 23ú Iúil 2018

 
Liam Mac an Mhaoir, iriseoir spóirt.

Liam Mac an Mhaoir, iriseoir spóirt.

 
Victor Bayda, léachtóir Ollscoil Mhoscó.

Victor Bayda, léachtóir Ollscoil Mhoscó.

 
Cathal Groenell, Iasc Mara, Ros-a-Mhíl.

Cathal Groenell, Iasc Mara, Ros-a-Mhíl.

 
Déaglán de Bréadún, Irish News.

Déaglán de Bréadún, Irish News.

 
Mícheál Mac Giolla Easpaig, Údarás na Gaeltachta.

Mícheál Mac Giolla Easpaig, Údarás na Gaeltachta.

 
Phil Ní Shéághdha, Ardrúnaí, INMO.

Phil Ní Shéághdha, Ardrúnaí, INMO.

 
Eoin Ó Catháin, tráchtaire, An Bhruiséil.

Eoin Ó Catháin, tráchtaire, An Bhruiséil.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas: Dé hAoine 20 Iúil 2018.

An Saol ó Dheas: Dé hAoine 20 Iúil 2018.

 
Eoin Corry, Travel Extra.

Eoin Corry, Travel Extra.

 
Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

Mícheál Ó hÉanaigh, príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta.

 
Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg.

Pádraig Ó Tiarnaigh, An Dream Dearg.

 
Declan Kearney, cathaoirleach Shinn Féin.

Declan Kearney, cathaoirleach Shinn Féin.

 
Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

Frances Nic Géadaigh, RTÉ Raidió na Gaeltachta, Doirí Beaga.

 
Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil.

 
John Downing, Irish Independent.

John Downing, Irish Independent.

 
An Tuairisc Spóirt.

An Tuairisc Spóirt.

 
Príomhscéalta na Nuachtán.

Príomhscéalta na Nuachtán.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht  Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
Darach Ó Scolaí agus Liam Mac Amhlaigh faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge

Darach Ó Scolaí agus Liam Mac Amhlaigh faoi fhoilsitheoireacht na Gaeilge

 
Seán Ó Coinn ar na dúshláin roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge

Seán Ó Coinn ar na dúshláin roimh fhoilsitheoireacht na Gaeilge

 
Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

 
Nuacht an Deiscirt.

Nuacht an Deiscirt.

 
Nuacht an Iarthair.

Nuacht an Iarthair.

 
Nuacht an Tuaiscirt.

Nuacht an Tuaiscirt.

 
Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

Nuacht Náisiúnta agus Idirnáisiúnta.

 
An Saol ó Dheas: Déardaoin 19 Iúil 2018.

An Saol ó Dheas: Déardaoin 19 Iúil 2018.

 
Conn Ó Muineacháin, Black Knight Solutions.

Conn Ó Muineacháin, Black Knight Solutions.

 
Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

Póilín Ní Chiaráin, tuairisceoir, Béal Feirste.

 
Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna.

Tomás Mac Pháidín, Bord Oideachais agus Oiliúna.

 
Caitríona Ní Chuinneagáin, Cóstaí Glana na nÉireann.

Caitríona Ní Chuinneagáin, Cóstaí Glana na nÉireann.

 
Load More...
PléScéal

PléScéal

An Saol ó Dheas

An Saol ó Dheas

Nuacht a hAon

Nuacht a hAon

Adhmhaidin

Adhmhaidin

Filí Chorca Dhuibhne

Filí Chorca Dhuibhne

Iris Aniar

Iris Aniar

Barrscéalta

Barrscéalta

Siúlach Scéalach

Siúlach Scéalach

Murach Gur Tharla

Murach Gur Tharla

Sceideal

Bealaí gur féidir éisteacht

Radio
Fón Póca
Idirlíon
Seinnteoir Raidió
Podchraoltaí
Teilifís